Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015PC0496

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar an úsáideoir deiridh tionsclaíoch a fheabhsú

COM/2015/0496 final - 2015/0239 (COD)

No longer in force, Date of end of validity: 26/10/2016

An Bhruiséil,18.11.2015

COM(2015) 496 final

2015/0239(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar an úsáideoir deiridh tionsclaíoch a fheabhsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Bailíonn an Coimisiún (Eurostat) sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais le haghaidh úsáideoirí deiridh tionsclaíocha (custaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh). Tá praghsanna le haghaidh úsáideoirí deiridh tionsclaíocha faoi rialú reachtaíochta ó 1990 amach, agus tá siad faoi láthair faoi rialú Threoir 2008/92/CE, lena naisghairtear Treoir 90/377/CEE. Bailíonn na húdaráis náisiúnta sonraí i dtaobh praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh ar bhonn comhaontú deonach. Chuir na húdaráis náisiúnta in iúl don Choimisiún go bhfuil roinnt soláthróirí sonraí (cuideachtaí gáis nádúrtha agus leictreachais), i ngeall ar laincisí atá orthu ó thaobh airgeadais agus acmhainní daonna de, ag ceistiú ar chóir leanúint de bheith ag bailiú na sonraí sin.

Ag an gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 maidir le fuinneamh agus cánachas, dúirt na cinn stáit agus rialtais gur chóir beartais fuinnimh an Aontais Eorpaigh a bheith dírithe ar fhuinneamh inacmhainne ar phraghas iomaíoch a sholáthar do theaghlaigh agus do chuideachtaí ar bhealach slán inbhuanaithe. Dá bhrí sin, iarradh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar 'chomhdhéanamh agus ar thiomántóirí praghsanna agus costais fuinnimh sna Ballstáit'. Bhí an anailís ceaptha díriú ar leibhéal amháin ar thionchar praghsanna fuinnimh ar theaghlaigh, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar thionscail dianúsáide fuinnimh agus, ar leibhéal níos cuimsithí, bhí sí ceaptha cumas iomaíochta an Aontais Eorpaigh a mheas i gcomparáid lena gcontrapháirteanna eacnamaíocha ar fud an domhain.

Bhailigh an Coimisiún, tar éis go bhfaca sé go raibh breis sonraí mionsonraithe maidir le praghsanna ag teastáil don anailís seo, bhailigh sé an fhaisnéis ba ghá ó na 28 mBallstát ar bhonn comhaontú deonach. I mí Eanáir 2014, cuireadh faoi bhráid na Comhairle tuarascáil ina raibh anailís mhionsonraithe ar chomhpháirteanna praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais.

In 2014, rinne lucht déanta beartas iarratais cúpla uair ar staidreamh oifigiúil níos mionsonraithe i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais. Ag cruinniú a thionól an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh an 13 Meitheamh 2014, d'aithin an Chomhairle sin go raibh tionchar diúltach ag praghsanna agus costais fuinnimh atá ard cheana féin agus ag praghsanna agus costais atá ag ardú ar chumas iomaíochta na hEorpa ar fud an domhain agus ar chaighdeán maireachtála na gcustaiméirí aonair. Ar an ábhar sin, d'iarr an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar phraghsanna agus costais fuinnimh agus ar chustaiméirí faoi 2016.

Ghlac an Coimisiún Eorpach Pacáiste an Aontais Fuinnimh an 25 Feabhra 2015. I gceann de bhearta Phacáiste an Aontais Fuinnimh sa chaibidil a bhaineann leis an margadh inmheánach, leagtar amach go mbeidh anailís ar phraghsanna agus costais fuinnimh le déanamh in 2016 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Tá tacar breise fo-chomhpháirteanna de chánacha agus tobhaigh agus de phraghsanna gréasán a bhaineann le gás nádúrtha agus leictreachais tarraingthe suas a léiríonn spriocanna Phacáiste an Aontais Fuinnimh agus, go háirithe, díríonn siad ar an ngá atá le trédhearcacht níos mó i ndáil le costais agus praghsanna fuinnimh dá dtagraítear i bpointe gníomhaíochta 8 den Phacáiste.

Comhsheasmhacht le beartas atá ann cheana féin sa réimse seo

Ag an gComhairle Eorpach i Meitheamh 2014 athdhearbhaíodh an gá atá le margadh aonair an Aontais Eorpaigh a neartú, le hiomaíochas agus trédhearcacht ar an margadh gáis a fheabhsú agus le comhtháthú mhargadh fuinnimh na hEorpa a chur i gcrích. D'iarr an Chomhairle freisin tuilleadh anailíse a dhéanamh ar chomhtháthú an mhargaidh ó thaobh éifeachtúlachta agus slándála fuinnimh de.

Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais Eorpaigh

Ghlac an Coimisiún Pacáiste an Aontais Fuinnimh an 25 Feabhra 2015. Mar thoradh air sin, soláthróidh an Coimisiún, ó 2016 amach, sonraí i dtaobh praghsanna agus costais fuinnimh (cánacha agus fóirdheontais san áireamh). Beidh an miondealú sin ar phraghsanna agus costais fuinnimh ina chuidiú don Choimisiún le faireachán a dhéanamh ar an margadh fuinnimh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás freagrachtaí nach freagrachtaí eisiacha iad)

Úsáideann an Coimisiún (Eurostat) modheolaíocht ar leith chun sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a bhailiú i ngach Ballstát ar modheolaíocht í is féidir a úsáid chun praghsanna a chur i gcomparáid idir na Ballstáit. Is gá na sonraí sin i dtaobh praghsanna a bhailiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go bhfuil na sonraí iontaofa agus inchomparáide sna Ballstáit ar fad, agus chun sonraí an Aontais agus an limistéir euro a chur le chéile. Ar leibhéal na mBallstát, is iad na húdaráis náisiúnta ábhartha a bhailíonn na sonraí i dtaobh praghsanna agus is é Eurostat a scaipeann ina dhiaidh sin iad.

Comhréireacht

Cumhdóidh an gníomh dlí atá beartaithe bailiú sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais don earnáil teaghlaigh agus don earnáil neamhtheaghlaigh. Go dtí seo bailíodh sonraí i dtaobh praghsanna don earnáil thionsclaíoch i gcomhréir le Treoir 2008/92/CE, ach bailíodh sonraí i dtaobh praghsanna don earnáil teaghlaigh ar bhonn comhaontú deonach. I ngeall ar a chasta agus atá an margadh fuinnimh inmheánach anois, tá sé ag éirí níos deacra sonraí iontaofa cothrom le dáta a fháil i dtaobh praghsanna gáis agus leictreachais in éagmais oibleagáidí atá ceangailteach ó taobh dlí a bheith i bhfeidhm i dtaobh na sonraí sin a sholáthar, go háirithe i gcás na hearnála teaghlaigh. Is é an difríocht idir an gníomh dlí atá beartaithe agus an méid atá i dTreoir 2008/92/CE ná go gcumhdófar freisin na sonraí atá á mbailiú ar bhonn deonach faoi láthair. Ní théann sin thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

An ionstraim dlí atá roghnaithe

Más é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim dlí a roghnaítear, beidh an cur chun feidhme pras, rianúil agus comhchuibhithe ar fud an Aontais Eorpaigh.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Ní chumhdaíonn an reachtaíocht is infheidhme atá ann cheana (Treoir 2008/92/CE) ach bailiú sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais don earnáil thionsclaíoch. An mhodheolaíocht atá in úsáid (a tugadh isteach in 2007) chun na sonraí i dtaobh phraghsanna a bhailiú, bhí sí éifeachtach go dtí seo.

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Chuaigh Eurostat i gcomhairle le comhaltaí den Ghrúpa Oibre um Staidreamh Eorpach i scríbhinn in Eanáir 2015. Cuireadh a dtráchtaí agus a moltaí san áireamh. I ngeall ar an gcomhairliúchán sin i scríbhinn leis an nGrúpa Oibre um Staidreamh Eorpach tháinig laghdú ar an líon fo-chomhpháirteanna de chánacha agus tobhaigh a bhí ann (ó 11 go 6 fhochomhpháirt) agus tháinig laghdú suntasach ar an líon sonraí i dtaobh praghsanna gréasán gáis nádúrtha agus leictreachais a bhí le tuairisciú. Chuathas i gcomhairle i scríbhinn le baill den ghrúpa Stiúrthóirí Staidrimh agus Cuntas Earnála agus Comhshaoil i mBealtaine agus Meitheamh 2015, agus a bhuí leis an gcomhairliúcháin sin, cuireadh síneadh leis an spriocdháta le maolú a iarraidh ar thuairisciú sonraí i dtaobh comhpháirteanna agus/nó fo-chomhpháirteanna praghsanna. I gcás praghsanna gáis nádúrtha san earnáil teaghlaigh, bunaíodh tairseach chun go bhféadfaí tíortha ina bhfuil tomhaltas teaghlaigh gáis nádúrtha íseal a dhíolmhú. Tíolacadh an dréacht leasaithe ag cruinniú grúpa de na Stiúrthóirí Staidrimh agus Cuntas Earnála agus Comhshaoil an 11 Meitheamh 2015 agus ag cruinniú den Ghrúpa Oibre um Staidreamh Eorpach an 24 Meitheamh 2015.

Comhairle saineolaithe a bhailiú agus a úsáid

Chuaigh Eurostat i gcomhairle le Eurogas agus Eurelectric, dhá chomhlachas atá gníomhach sna hearnálacha gáis agus leictreachais, i dtaobh a indéanta agus atá sé sonraí a bhailiú. Cuireadh san áireamh na moltaí a rinne siad maidir le faisnéis a bheith ar fáil faoi fhochomhpháirteanna praghsanna na ngréasán gáis nádúrtha agus leictreachais.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní thiocfaidh méadú suntasach ar an ualach riaracháin do na húdaráis tuairiscithe ná don Choimisiún mar cheana féin déantar formhór na sonraí i dtaobh praghsanna a thuairisciú ar bhonn deonach. Cé gur cuireadh roinnt fo-chomhpháirteanna de chánacha agus praghsanna gréasán leis an liosta de na sonraí atá le bailiú, níltear ach á mbailiú uair gach trí bliana anois seachas a bheith á mbailiú gach bliain. Is dócha nach dtiocfaidh athrú ar an ualach riaracháin foriomlán dá bhrí sin.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair don togra seo toisc nach ndéanfaidh sé aon athrú suntasach ar ghníomhaíochtaí na núdarás tuairiscithe ná an Choimisiúin. Leagtar amach na cúiseanna mionsonraithe gan measúnú tionchair a dhéanamh i dtreochlár an Choimisiúin atá foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/planned_ia/docs/2014_estat_001_roadmap_electricityprices.pdf.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais. Ós rud é nach dtiocfaidh aon mhéadú suntasach ar na gníomhaíochtaí, ní bheidh aon chostais bhreise ann.

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl ann dóibh.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Foinse thábhachtach faisnéise do lucht déanta beartas san Eoraip iad sonraí staidrimh atá iontaofa tráthúil iomlán i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais. Toisc go ndéantar sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais don earnáil teaghlaigh a bhailiú ar bhonn deonach, d'fhéadfadh sé go gcinnfidh soláthróirí sonraí aonair (cuideachtaí leictreachais nó gáis) gan leanúint leis sin a thuilleadh. Toisc go mbeidh bailiú sonraí cumhdaithe faoi chreat dlí, cinnteofar go leanfar den tuairisciú.

Chun anailís a dhéanamh ar na príomhthiomántóirí praghsanna do leictreachas agus do ghás nádúrtha, ní leor breathnú ar phraghsanna deiridh gáis agus leictreachais agus ar phraghsanna gréasán, cánacha agus táirgí amháin. Chun na tiomántóirí praghsanna a aithint, is gá tacar athróg (fo-chomhpháirteanna) a chur leis na sonraí a bhailítear agus beifear in ann, dá bharr sin, anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear ar bhonn modheolaíocht comhchuibhithe.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, LEE a chuimsiú ann.

2015/0239 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena naisghairtear Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar an úsáideoir deiridh tionsclaíoch a fheabhsú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 1 ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is iad cumas iomaíochta, inbhuanaitheacht agus slándáil fuinnimh na spriocanna uileghabhálacha atá ag teastáil le haghaidh Aontas Fuinnimh athléimneach a chuireann beartas réamhbhreathnaitheach um athrú aeráide i bhfeidhm.

(2)Is gá an fhaisnéis faoi na praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh a bheith ar ardcháilíocht, inchomparáide, cothrom le dáta, iontaofa agus comhchuibhithe chun beartais an Aontais Fuinnimh a dhréachtú agus chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh na mBallstát.

(3)Féachtar leis an Rialachán seo staidreamh Eorpach a sholáthar ar a mbeidh beartais fuinnimh bunaithe, go háirithe ar mhaithe le margadh fuinnimh a bheidh comhtháite ina iomláine a cheapadh do chustaiméirí. Chun comhtháthú an mhargaidh a fheabhsú, tá níos mó trédhearcachta ag teastáil i dtaobh costais agus praghsanna fuinnimh, agus i dtaobh leibhéal na tacaíochta poiblí.

(4)Go dtí seo, bhí creat coiteann ann faoi Threoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 chun staidreamh inchomparáide i ndáil le praghsanna miondíola gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí tionsclaíocha san Aontas a tháirgeadh, a tharchur agus a scaipeadh.

(5)Go nuige seo, bailíodh na sonraí i dtaobh na bpraghsanna miondíola gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh san earnáil teaghlaigh ar bhonn comhaontú deonach.

(6)I ngeall ar a chasta agus atá an margadh fuinnimh inmheánach anois, tá sé ag éirí níos deacra sonraí iontaofa cothrom le dáta a fháil i dtaobh praghsanna gáis agus leictreachais in éagmais oibleagáidí atá ceangailteach ó taobh dlí a bheith i bhfeidhm na sonraí sin a sholáthar, go háirithe i gcás na hearnála teaghlaigh.

(7)Chun ardcháilíocht sonraí i dtaobh praghsanna a áirithiú don earnáil teaghlaigh agus don earnáil neamhtheaghlaigh, ba cheart bailiú an dá chineál sonraí sin a chumhdach faoi ghníomh dlí.

(8)I bhformhór na dtíortha, is iad rialtóirí fuinnimh a chuireann sonraí i dtaobh córais tarchuir ar fáil. Mar sin féin, tá líon i bhfad níos mó tiomsaitheoirí sonraí i gceist chun costais dáileacháin a fhiosrú agus meastar gur dúshlánaí an tuairisciú sonraí i mBallstáit áirithe. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá costais dáileacháin agus an gá atá le trédhearcacht sa chás seo, ní foláir modheolaíocht fhónta a úsáid chun an córas bailithe sonraí a chomhchuibhiú.

(9)Ba cheart an margadh a bheith trédhearcach agus sonraí neamhrúnda i dtaobh praghsanna a bheith á scaipeadh go forleathan de bharr an chórais um bandaí tomhaltais atá in úsáid ag an gCoimisiún (Eurostat) ina bhfoilseacháin maidir le praghsanna, agus ba cheart go mbeifí in ann praghsanna comhiomlána a ríomh ar an gcaoi sin freisin.

(10)Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 go ndéanfar bailiú staidrimh i gcomhréir leis na prionsabail seo: neamhchlaontacht, trédhearcacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas gairmiúil agus éifeachtúlacht costas, agus go ndéanfar rúndacht an staidrimh a chosaint ag an am céanna.

(11)Ba cheart a bheith in ann comparáidí a dhéanamh le praghsanna tráchtearraí fuinnimh eile a bhuí leis an bhfaisnéis faoi na praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha agus leictreachais.

(12)Ba cheart faisnéis faoi bhailiú sonraí i dtaobh praghsanna agus cáilíochta a chur ar fáil mar chuid de nós imeachta tuairiscithe caighdeánach.

(13)Is cuid riachtanach de staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais iad mionsonraí i dtaobh miondealú bandaí tomhaltais agus a sciaranna den mhargadh.

(14)Ní féidir anailís a dhéanamh ar phraghsanna ach amháin má tá staidreamh oifigiúil ar ardcháilíocht ar fáil ó na Ballstáit i dtaca leis na comhpháirteanna agus na fochomhpháirteanna éagsúla de phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais. Beifear in ann anailís a dhéanamh ar thionchar na ngnéithe éagsúla ar na praghsanna deiridh a bhuí le modheolaíocht athbhreithnithe lena ndéantar miondealú mionsonraithe ar chomhpháirteanna agus fo-chomhpháirteanna éagsúla praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh.

(15)Ba cheart an fhaisnéis chuí a bheith ag an gCoimisiún (Eurostat), a bhuí leis na sonraí a chuirtear ar fáil dóibh i dtaobh praghsanna agus coinníollacha díola le haghaidh custaiméirí deiridh agus an miondealú a dhéantar ar an líon custaiméirí deiridh de réir tomhaltais i ngach banda tomhaltais, le bearta nó tograí cuí a chinneadh i dtaca le beartais fuinnimh.

(16)Is gá tuiscint mhaith ar na cánacha agus ar na muirir i ngach Ballstát chun trédhearcacht praghsanna a áirithiú. Tuigtear a thábhachtaí agus atá sé na sonraí a mhiondealú de réir na gcatagóirí seo a leanas: costais ghréasán, muirir, cánacha, tobhaigh agus táillí.

(17)Ba cheart na Ballstáit ina bhfuil tomhaltas gáis nádúrtha ina chéatadán íseal de thomhaltas fuinnimh deiridh na dteaghlach, ba cheart iad a dhíolmhú ón gceanglas sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh deiridh a sholáthar.

(18)Chun iontaofacht sonraí a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, an mhodheolaíocht chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil a mheas, agus a fheabhsú más gá, ar bhealach beacht, agus é a thabhairt i gcomhréir leis an gcreat rialachais maidir le staidreamh. Ba cheart tuarascálacha cáilíochta a ullmhú agus cáilíocht na sonraí i dtaobh praghsanna a mheas go minic, dá bhrí sin.

(19)Ar bhonn iarraidh ó Bhallstát a bhfuil údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le ceanglais áirithe i gcás ina dteastódh coigeartuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus nuair is dócha go mbeadh ualach suntasach breise ar fhreagróirí dá bhrí sin.

(20)Chun ardcháilíocht na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit a chaomhnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún, d'fhonn na tairseacha a bhféadfadh feidhm a bheith leo i ndáil leis an margadh gáis nádúrtha a choigeartú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(21)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach riaracháin breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(22)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhformáid agus na socruithe i dtaca leis na sonraí a tharchur, na ceanglais do na tuarascálacha cáilíochta, struchtúr agus inchomparáideacht na dtuarascálacha sin agus i dtaca le maoluithe a thabhairt. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(23)Déantar Treoir 2008/92/CE a aisghairm.

(24)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann chun staidreamh inchomparáideach Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus custaiméirí neamhtheaghlaigh deiridh san Aontas Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)beidh an chiall chéanna le 'teaghlach', 'tomhaltas deiridh fuinnimh' agus 'uaththáirgeoirí' agus atá ag na téarmaí sin in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 ;

(2)beidh an chiall chéanna le 'custaiméir', 'custaiméir deiridh', 'custaiméir teaghlaigh', 'custaiméir neamhtheaghlaigh', 'tarchur', 'dáileadh' agus 'soláthar' i ndáil le leictreachas agus atá ag na téarmaí sin i dTreoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , nuair a úsáidtear i gcomhthéacs an leictreachais iad;

(3)beidh an chiall chéanna le 'custaiméir', 'custaiméir deiridh', 'custaiméir teaghlaigh', 'custaiméir neamhtheaghlaigh', 'tarchur', 'dáileadh' agus 'soláthar' i ndáil le gás nádúrtha agus atá ag na téarmaí sin i dTreoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , nuair a úsáidtear i gcomhthéacs an gháis nádúrtha iad;

(4)ciallaíonn 'comhpháirt an ghréasáin' costais ghréasáin dáileacháin agus tarchuir le chéile, mar a luaitear i bpointe 6 d'Iarscríbhinn I agus i bpointe 5 d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Foinsí sonraí

Agus an prionsabal maidir leis an ualach ar fhreagróirí a laghdú agus prionsabal an tsimplithe riaracháin á chur i bhfeidhm acu, tiomsóidh na Ballstáit sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, agus a bhfo-chomhpháirteanna, de chostais agus cánacha gréasán, agus na tobhaigh, táillí agus na muirir dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, agus i dtaobh méideanna tomhaltais agus bainfidh siad úsáid as na foinsí seo thíos chun tuarascáil cáilíochta a tharraingt suas:

(a)suirbhéanna sonracha staidrimh a bhaineann le praghsanna miondíola gáis nádúrtha agus leictreachais atá dírithe ar tháirgeoirí nó ar thrádálaithe, ar oibreoirí córas tarchuir agus dáileacháin, ar allmhaireoirí nó onnmhaireoirí táirgí fuinnimh, agus ar ghnóthais soláthair;

(b)suirbhéanna staidrimh eile atá dírithe ar chustaiméirí san earnáil teaghlaigh agus custaiméirí deiridh san earnáil neamhtheaghlaigh;

(c)foinsí riaracháin, amhail na foinsí atá ag rialtóirí náisiúnta na margaí gáis nádúrtha agus leictreachais;

(d)foinsí eile a chuireann i bhfeidhm nósanna imeachta fónta maidir le meastachán ar staidreamh.

Airteagal 4

Cumhdach

(1)Áiritheoidh na Ballstáit gur córas ionadaíoch an córas um shonraí a bhailiú agus a thiomsú.

(2)Ní bheidh de cheangal ar na Ballstáit sonraí i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha le haghaidh custaiméirí teaghlaigh a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) má tá tomhaltas gáis nádúrtha san earnáil teaghlaigh faoi bhun thairseach 1 % den tomhaltas iomlán náisiúnta fuinnimh san earnáil teaghlaigh. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) athbhreithniú rialta, gach trí bliana ar a laghad, ar cé na Ballstáit atá díolmhaithe ón gceangal sonraí a tharchur de réir tomhaltas gáis nádúrtha in earnáil teaghlaigh a dtíre.

(3)Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10, agus treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla á gcur san áireamh, maidir le coigeartú na tairsí.

Airteagal 5

Sonraí a tharchur

(4)Cuirfidh na Ballstáit na sonraí mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II ar fáil don Choimisiún (Eurostat).

(1)Bunóidh agus glacfaidh an Coimisiún (trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme) an fhormáid agus na socruithe chun na sonraí atá leagtha amach sna hIarscríbhinní a tharchur. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 6

Tréimhse tagartha agus minicíocht tarchuir

(1)Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí ar fad atá sonraithe in Iarscríbhinní an Rialacháin seo ó thús na bliana féilire tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, agus cuirfidh siad sonraí ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cheann trí mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha.

(2)Déanfar an tarchur:

(a)    ar bhonn bliantúil (Eanáir go Nollaig) i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointe 6(a) agus i bpointe 7 d'Iarscríbhinn I agus i bpointe 5(a) agus i bpointe 6 d'Iarscríbhinn II;

(b)dhá uair sa bhliain (Eanáir go Meitheamh agus Iúil go Nollaig) i gcás na sonraí dá dtagraítear i bpointe 6(b) d'Iarscríbhinn I agus i bpointe 5(b) d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Measúnú cáilíochta agus tuarascálacha cáilíochta

(1)Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí i gcomhréir leis na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(2)Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, gan mhoill, faoi aon athruithe sa mhodheolaíocht nó faoi aon athruithe eile a d'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, agus ar aon chor, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an tathrú sin a dhéanamh.

(3)Gach trí bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil cáilíochta ar na sonraí faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) agus léireofar ann an chaoi a ríomhtar na sonraí sin. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoi raon feidhme agus bailiú na sonraí, na critéir ríomha, an mhodheolaíocht agus na foinsí sonraí a úsáideadh, agus aon athrú ar na foinsí nó ar an modheolaíocht.

(4)Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí tarchurtha agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sna tuarascálacha cáilíochta a mheas, agus ullmhóidh sé tuarascáil achoimre ar an measúnú cáilíochta, agus scaipfidh sé an tuarascáil sin.

(5)I gcás ina naithníonn an Coimisiún (Eurostat) aimhrialtachtaí atá tábhachtach ó thaobh staidrimh de, nó neamhrialtachtaí sna sonraí a chuirtear ar fáil, féadfaidh sé miondealú cuí ar na sonraí a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta chomh maith le heolas faoi na modhanna ríomha nó meastóireachta ar a bhfuil na sonraí a cuireadh ar fáil bunaithe d'fhonn na sonraí a mheas agus, más gá, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann aon sonraí nó aon fhaisnéis a mheastar atá míchruinn a leasú agus a chur isteach arís.

(6)Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais do na tuarascálacha cáilíochta agus struchtúr agus inchomparáideacht na dtuarascálacha sin, dá dtagraítear i mír 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 8

Scaipeadh

Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais cúig mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach tréimhse tagartha.

Airteagal 9

Maoluithe

(1)Féadfar maoluithe a thabhairt trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i ndáil le ceanglais áirithe i gcás ina dteastódh coigeartuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus nuair is dócha go mbeadh ualach suntasach breise ar fhreagróirí dá bhrí sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán seo tráth nach déanaí ná an [xx-xx-xxx].

(2)Chun críche mhír 1, tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann iarratas a bhfuil údar cuí leis don Choimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(3)Beidh na maoluithe i bhfeidhm ar feadh na tréimhse is giorra is féidir, tréimhse nach faide ná trí bliana ar a mhéad in aon chás.

(4)Ballstát dá dtugadh maolú i gcomhréir le mír 1, leanfaidh sé d'fhorálacha ábhartha Threoir 2008/92/CE a chur i bhfeidhm ar feadh thréimhse an mhaolaithe.

Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

(1)Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

(2)Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón [xx-xx-xxx] amach.

(3)Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

(4)A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

(5)Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

(1)Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 7 .

(2)I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Treoir 2008/92/CE a aisghairm

(1)Déantar Treoir 2008/92/CE a aisghairm.

(2)Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an…
(2) Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar an úsáideoir deiridh tionsclaíoch a fheabhsú (IO L 298, 7.11.2008, lch. 9).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach., Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 6-11).
(5) Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena naisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).
(6) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena naisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Top

An Bhruiséil,18.11.2015

COM(2015) 496 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar an úsáideoir deiridh tionsclaíoch a fheabhsú


IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN I — PRAGHSANNA GÁIS NÁDÚRTHA

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun sonraí staidrimh i dtaobh praghsanna gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh agus neamhtheaghlaigh a bhailiú agus a thiomsú.

1. Praghsanna

Is iad na praghsanna atá le tuairisciú na praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh teaghlaigh agus neamhtheaghlaigh a cheannaíonn gás nádúrtha chun a núsáide féin, ar gás é a scaiptear tríd na príomhghréasáin.

2. Gás nádúrtha

Is éard is gás nádúrtha ann gás nádúrtha agus breoslaí gásacha eile, amhail bithghás, a mheasctar le gás nádúrtha sa ghréasán tarchuir agus dáileacháin. Ní áirítear breoslaí gásacha eile a scaiptear trí ghréasáin atá tiomnaithe dó sin gan iad a mheascadh le gás nádúrtha (e.g. gás oibreacha gáis, gás soirn cóic, gás fornéise soinneáin agus bithghás).

3. Aonaid tuairiscithe

Ní foláir sonraí gach uile custaiméara deiridh teaghlaigh agus neamhtheaghlaigh a úsáideann gás nádúrtha a áireamh, ach ní áirítear custaiméirí nach núsáideann gás ach chun na gcríoch seo:

giniúint leictreachais i stáisiúin cumhachta nó i stáisiúin cumhachta agus teasa in éineacht; nó

chun críoch neamhfhuinnimh (e.g. lena úsáid i dtionscal na gceimiceán).

4. Aonaid tomhais

Is iad na praghsanna atá le tuairisciú na meánphraghsanna náisiúnta a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh.

Sloinntear praghsanna san airgeadra náisiúnta in aghaidh an ghigigiúil (GJ). Tomhaistear an taonad fuinnimh atá le húsáid ar bhonn an ollluacha chalraigh (GCV).

Déantar praghsanna a ualú de réir an sciar den mhargadh atá ag gnóthais soláthair gáis nádúrtha i ngach banda tomhaltais. Mura bhfuil sé indéanta na meánphraghsanna ualaithe a ríomh, is féidir meánphraghsanna uimhríochtúla a sholáthar. Sa dá chás, áfach, caithfear sciar ionadaíoch den mhargadh náisiúnta a chumhdach sna sonraí.

5. Bandaí tomhaltais

Ní foláir na praghsanna atá le tuairisciú a bhunú ar chóras de bhandaí tomhaltais chaighdeánacha bhliantúla le haghaidh gás nádúrtha.

(a) I gcás custaiméirí teaghlaigh, cuirtear na bandaí seo thíos i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil gáis nádúrtha (GJ)

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda D1

< 20

Banda D2

≥20

<200

Banda D3

≥200

(b)    I gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh, cuirtear na bandaí seo thíos i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil gáis nádúrtha (GJ)

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda I1

< 1 000

Banda I2

≥1 000

<10 000

Banda I3

≥10 000

<100 000

Banda I4

≥100 000

<1 000 000

Banda I5

≥1 000 000

<4 000 000

Banda I6

≥4 000 000

6. Leibhéal an mhionsonraithe    

Áireofar sna praghsanna i dtrácht na táillí ar fad a bheidh le híoc: táillí gréasáin móide an fuinneamh a ídítear, lúide aon lacáistí nó préimheanna, móide aon táillí eile (e.g. táillí cíosa do mhéadair, táillí seasta). Níl táillí ceangail tosaigh le cur san áireamh.

Ní foláir sonraí mionsonraithe a sholáthar mar a luaitear thíos.

(a)    Leibhéal an mhionsonraithe is gá do chomhpháirteanna agus fochomhpháirteanna

Tá na praghsanna a chuirtear ar fáil le foroinnt i dtrí phríomhchomhpháirt agus i bhfochomhpháirteanna ar leithligh.

Is é an praghas don chustaiméir deiridh le haghaidh gás nádúrtha, de réir an bhanda tomhaltais, suim na dtrí phríomhchomhpháirt: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.

Comhpháirt agus

Fochomhpháirt

Tuairisc

Fuinneamh agus soláthar

Ní foláir a áireamh sa chomhpháirt seo an praghas tráchtearraí a íocann an soláthróir ar ghás nádúrtha nó praghas gáis nádúrtha ag an bpointe a thagann sé isteach sa chóras tarchuir lena náirítear, más infheidhme, costais stórais móide costais a bhaineann le gás nádúrtha a dhíol le custaiméirí deiridh.

gréasán

Ní foláir na costais seo a leanas a áireamh sa phraghas gréasáin: taraifí tarchuir agus dáileacháin, caillteanais tarchuir agus dáileacháin, costais gréasán, costais seirbhíse iardhíola, costais seirbhíse córas agus costais cíosa le haghaidh méadar agus méadrú.

Fochomhpháirt

Ní foláir comhpháirt an ghréasáin a fhoroinnt idir costais tarchuir agus costais dáileacháin gréasáin, mar seo a leanas:

1. Meánsciar uilíoch choibhneasta na gcostas tarchuir (arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin ar bhonn na mbandaí tomhaltais atá sainithe i bpointe 5).

2. Meánsciar uilíoch choibhneasta na gcostas dáileacháin (arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin ar bhonn na mbandaí tomhaltais atá sainithe i bpointe 5).

cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir 

Is ionann an chomhpháirt seo agus suim na bhfochomhpháirteanna (cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir) ar fad atá liostaithe thíos.

Fochomhpháirteanna

Ní foláir na fochomhpháirteanna seo a leanas a thuairisciú mar ítimí aonair i gcás gach banda tomhaltais atá sainithe i bpointe 5.

1. Cáin bhreisluacha mar atá sainithe i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle 1 , maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha.

2. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí inathnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint cumhachta agus teasa in éineacht a chur chun cinn.

3. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le stocchairn straitéiseacha, íocaíochtaí inniúlachta agus slándáil fuinnimh; cánacha ar dháileadh gáis; costas tréigthe agus tobhaigh ar údaráis rialála fuinnimh nó ar oibreoirí margaidh a mhaoiniú.

4. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le cáilíocht aeir agus leis an gcomhshaol; cánacha ar astaíochtaí CO2 nó gáis cheaptha teasa eile.

5. Na cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir uile nach gcumhdaítear faoi aon cheann de na ceithre chatagóir a luadh roimhe seo: tacaíocht do théamh ceantair; táillí fioscacha áitiúla nó réigiúnacha; cúiteamh oileáin; táillí lamháltais a bhaineann le ceadúnais agus táillí i gcás gréasán nó gléasraí eile a chur isteach ar thalamh nó ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach.

(b)    Leibhéal an mhionsonraithe ar bhonn cánachais

Déantar na sonraí i dtaobh praghsanna a mhiondealú ina dtrí leibhéal:

Leibhéal

Tuairisc

praghsanna gan chánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo níl ach comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair agus comhpháirt an ghréasáin san áireamh.

praghsanna gan cáin bhreisluacha (CBL) agus cánacha eile inaisghabhála a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo tá comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a mheastar atá inaisghabhála i gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh san áireamh. I gcás custaiméirí teaghlaigh, ar an leibhéal praghsanna seo tá comhpháirteanna an fhuinnimh agus an ghréasáin, agus cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir san áireamh, ach níl CBL.

praghsanna agus gach cineál cánach san áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo tá comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir uile atá inaisghabhála san áireamh.

7. Méideanna tomhaltais

Ní foláir do na Ballstáit faisnéis a tharchur faoin sciar choibhneasta de ghás nádúrtha atá i ngach banda tomhaltais ar bhonn na méide iomláine dá dtagraíonn na praghsanna.

Tuairiscítear na méideanna tomhaltais bliantúla do gach banda tomhaltais uair amháin in aghaidh na bliana ag an am céanna de réir mar a thuairiscítear na sonraí i dtaobh praghsanna don dara seimeastar.

Ní bheidh na sonraí níos sine ná dhá bhliain.



IARSCRÍBHINN II — PRAGHSANNA LEICTREACHAIS

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht chun sonraí staidrimh i dtaobh praghsanna leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus neamhtheaghlaigh a bhailiú agus a thiomsú.

1. Praghsanna

Is iad na praghsanna atá le tuairisciú na praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh teaghlaigh agus neamhtheaghlaigh a cheannaíonn leictreachas chun a núsáide féin.

2. Aonaid tuairiscithe

Ní foláir sonraí gach uile custaiméara deiridh teaghlaigh agus neamhtheaghlaigh a úsáideann leictreachas a áireamh, ach ní airítear leictreachas a ghineann agus a ídíonn uaththáirgeoirí sa cheanglas tuairiscithe.

3. Aonaid tomhais

Is iad na praghsanna atá le tuairisciú na meánphraghsanna náisiúnta a ghearrtar ar chustaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh.    
   
Sloinntear praghsanna san airgeadra náisiúnta in aghaidh na cileavatuaire (kWh).

Déantar praghsanna a ualú de réir an sciar den mhargadh atá ag ghnóthais soláthair leictreachais i ngach banda tomhaltais. Mura bhfuil sé indéanta na meánphraghsanna ualaithe a ríomh, is féidir meánphraghsanna uimhríochtúla a sholáthar. Sa dá chás, áfach, caithfear sciar ionadaíoch den mhargadh náisiúnta a chumhdach sna sonraí.

4. Bandaí tomhaltais

Ní foláir na praghsanna atá le tuairisciú a bhunú ar chóras de bhandaí tomhaltais chaighdeánacha bhliantúla le haghaidh leictreachas.

(a)    I gcás custaiméirí teaghlaigh, cuirtear na bandaí seo thíos i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil leictreachais (kWh)

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda DA

<1 000

Banda DB

≥1 000

<2 500

Banda DC

≥2 500

<5 000

Banda DD

≥5 000

<15 000

Banda DE

≥15 000

(b)    I gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh, cuirtear na bandaí seo thíos i bhfeidhm:

Banda tomhaltais

Tomhaltas bliantúil leictreachais (MWh)

Íosmhéid

Uasmhéid

Banda IA

<20

Banda IB

≥20

<500

Banda IC

≥500

<2 000

Banda ID

≥2 000

<20 000

Banda IE

≥20 000

<70 000

Banda IF

≥70 000

<150 000

Banda IG

≥150 000

5. Leibhéal an mhionsonraithe    

Áireofar sna praghsanna i dtrácht na táillí ar fad a bheidh le híoc: táillí gréasáin móide an fuinneamh a ídítear, lúide aon lacáistí nó préimheanna, móide táillí eile (e.g. táillí cíosa do mhéadair, táillí seasta). Níl táillí ceangail tosaigh le cur san áireamh.

Soláthraítear sonraí mionsonraithe mar a luaitear thíos.

(a)    Leibhéal an mhionsonraithe is gá do chomhpháirteanna agus fochomhpháirteanna

Tá na praghsanna a chuirtear ar fáil le foroinnt i dtrí phríomhchomhpháirt agus i bhfochomhpháirteanna ar leithligh.

Is é an praghas don chustaiméir deiridh le haghaidh leictreachais, de réir an bhanda tomhaltais, suim na dtrí phríomhchomhpháirt: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.

Comhpháirt agus

Fochomhpháirt

Tuairisc

fuinneamh agus soláthar

Ní foláir na costais seo a leanas a áireamh sa chomhpháirt seo: giniúint, comhiomlánú, fuinneamh cothromaithe, costais fuinnimh arna soláthar, seirbhísí custaiméara, bainistiú iardhíola agus costais soláthair eile.

gréasán

Ní foláir na costais seo a leanas a áireamh sa phraghas gréasáin: taraifí tarchuir agus dáileacháin, caillteanais tarchuir agus dáileacháin, costais gréasán, costais seirbhísí iardhíola, costais seirbhíse córas agus costais cíosa le haghaidh méadar agus méadrú.

Fochomhpháirt

Ní foláir comhpháirt an ghréasáin a fhoroinnt idir costais tarchuir agus costais dáileacháin gréasáin, mar seo a leanas:

1. Meánsciar uilíoch choibhneasta na gcostas tarchur (arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin ar bhonn na mbandaí tomhaltais atá sainithe i bpointe 4).

2. Meánsciar uilíoch choibhneasta na gcostas dáileacháin (arna sloinneadh mar chéatadán de na costais iomlána gréasáin ar bhonn na mbandaí tomhaltais atá sainithe i bpointe 4).

cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir 

Is ionann an chomhpháirt seo agus suimna bhfochomhpháirteanna – mar atá cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir – ar fad atá liostaithe thíos.

Fochomhpháirt

Ní foláir na fochomhpháirteanna seo a leanas a thuairisciú mar ítimí aonair i gcás gach banda tomhaltais atá sainithe i bpointe 4.

1. Cáin bhreisluacha mar atá sainithe i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha.

2. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí inathnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint cumhachta agus teasa in éineacht a chur chun cinn.

3. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le híocaíochtaí inniúlachta, slándáil fuinnimh agus cumas leordhóthanach giniúna; cánacha ar athstruchtúrú thionscal an ghuail cánacha ar dháileadh leictreachais; costas tréigthe agus tobhaigh ar údaráis rialála fuinnimh nó ar oibreoirí margaidh a mhaoiniú.

4. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le cáilíocht aeir nó a ghearrtar chun críocha an chomhshaoil, nó a bhaineann le CO2 nó cánacha eile ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

5. Cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann leis an earnáil núicléach, lena náirítear díchoimisiúnú núicléach, cigireachtaí agus táillí ar shuiteálacha núicléacha.

6. Na cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir uile nach gcumhdaítear faoi aon cheann de na cúig chatagóir a luadh roimhe seo: tacaíocht do théamh ceantair; táillí fioscacha áitiúla nó réigiúnacha; cúiteamh oileáin; táillí lamháltais a bhaineann le ceadúnais agus táillí i gcás gréasán nó gléasraí eile a chur isteach ar thalamh nó ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach.

(b)    Leibhéal an mhionsonraithe ar bhonn cánachais

Déantar na sonraí i dtaobh praghsanna a mhiondealú ina dtrí leibhéal:

Leibhéal

Tuairisc

praghsanna gan chánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo níl ach comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair agus comhpháirt an ghréasáin san áireamh.

praghsanna gan cáin bhreisluacha (CBL) agus cánacha eile inaisghabhála a áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo tá comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir a mheastar atá inaisghabhála i gcás custaiméirí deiridh neamhtheaghlaigh san áireamh. I gcás custaiméirí teaghlaigh, ar an leibhéal praghsanna seo tá comhpháirteanna an fhuinnimh agus an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir san áireamh, ach níl CBL.

praghsanna agus gach cineál cánach san áireamh

Ar an leibhéal praghsanna seo tá comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin, agus na cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir uile atá inaisghabhála san áireamh.

6. Méideanna tomhaltais

Ní foláir do na Ballstáit faisnéis a tharchur faoin sciar choibhneasta de leictreachas atá i ngach banda tomhaltais ar bhonn na méide iomláine dá dtagraíonn na praghsanna.

Tuairiscítear na méideanna tomhaltais bliantúla do gach banda tomhaltais uair amháin in aghaidh na bliana ag an am céanna de réir mar a thuairiscítear na sonraí i dtaobh praghsanna don dara seimeastar.

Ní bheidh na sonraí níos sine ná dhá bhliain.

(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347/1, 1.11.12, 2006 lch 1).
Top