EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0343
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on additional customs duties on imports of certain products originating in the United States of America (codification)
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on additional customs duties on imports of certain products originating in the United States of America (codification)
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on additional customs duties on imports of certain products originating in the United States of America (codification)
/* COM/2014/0343 final - 2014/0175 (COD)*/
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on additional customs duties on imports of certain products originating in the United States of America (codification) /* COM/2014/0343 final - 2014/ () */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine,
cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an
Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh
agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a
bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu. Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá
líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a
bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn
gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh
agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí
sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór
ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a
shainaithint. Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar
rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach. 2. Chinn an Coimisiún, ar an 1 Aibreán
1987[1], treoir a thabhairt dá
fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar
a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur
cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na
téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá
iontu soiléir agus sothuigthe. 3. Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí
Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992)[2] agus cuireadh i bhfios
an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí
is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith. Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le
glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn
an códú á dhéanamh. Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar
shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú
idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe
a ghlacadh go mear. 4. Is é is cuspóir don togra seo códú a
dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an
25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar
allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá[3]. Glacfaidh an Rialachán
nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile
agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní
dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin
amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh. 5. Rinneadh an togra códúcháin a
tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, in 22 teanga
oifigiúil, ar Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 agus ar na hionstraimí lena leasaítear
é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras
próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail,
taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá
leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán códaithe. ê 673/2005
(oiriúnaithe) 2014/0175 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE Ö maidir le Õ dleachtanna custaim
breise ar allmhairí táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (códú) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe Airteagal Ö 207(2) Õ de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[5],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: ê (1) Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 673/2005[6] a leasú go substaintiúil
roinnt uaireanta[7].
Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú. ê 673/2005
aithris 1 (2) An 27 Eanáir 2003,
ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála leis an
tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc[8]
agus an tuarascáil ón bPainéal[9],
arna dhearbhú sa tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, ina bhfuarthas nach raibh
an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh (the
Continued Dumping and Subsidy Offset Act) (CDSOA) i gcomhréir le hoibleagáidí Stáit
Aontaithe Mheiriceá faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála. ê 673/2005
aithris 2 (oiriúnaithe) (3) Ós rud é gur theip ar na
Stáit Aontaithe a reachtaíocht a thabhairt Ö i Õ gcomhréir leis na
comhaontuithe cumhdaithe, d'iarr an Comhphobal ar an gComhlacht um Réiteach
Díospóide Ö an t-údarás Õ a thabhairt dó cur
i bhfeidhm na lamháltas taraife agus na n-oibleagáidí lena mbaineann faoin
gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a chur ar
fionraí i leith na Stát Aontaithe[10].
Chuir na Stáit Aontaithe in aghaidh leibhéal fionraí na lámháltas taraife agus
na n‑oibleagáidí lena mbaineann, agus cuireadh an
cheist chun eadrána. ê 673/2005
aithris 3 (oiriúnaithe) (4) Chinn an tEadránaí, an 31 Lúnasa 2004,
gurbh ionann an leibhéal neamhnithe nó lagaithe a bhain don Chomhphobal gach
bliain agus 72 % de mhéid eisíocaíochtaí an CDSOA a bhaineann le
dleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón
gComhphobal i leith na bliana is déanaí a Ö raibh Õ sonraí ina leith ar
fáil an tráth sin, arna bhfoilsiú ag údaráis na Stát Aontaithe. Maidir le
lamháltais nó oibleagáidí eile a chuir an Comhphobal ar fionraí i bhfoirm
forchur dleachta breise allmhairiúcháin de bhreis ar dhleachtanna custaim
ceangailte ar liosta táirgí de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, nach mó a
méid trádala bliantúil ná an méid neamhnithe nó lagaithe, ba é tátal an
tEadránaí go mbeadh an fhionraí sin i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta
Domhanda Trádála. An 26 Samhain 2004, thug an Comhlacht um Réiteach
Díospóide an t-údarú cur i bhfeidhm na lamháltas taraife agus na n-oibleagáidí
lena mbaineann faoi CGTT 1994 a chur ar fionraí i leith na Stát Aontaithe
i gcomhréir le cinneadh an Eadránaí. ê 673/2005
aithris 4 (oiriúnaithe) (5) Baineann eisíocaíochtaí an
CDSOA don bhliain is déanaí a Ö raibh Õ sonraí ina leith ar
fáil Ö an tráth sin Õ le dáileadh na
ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na Bliana
Fioscaí 2004 (1 Deireadh Fómhair 2003 go 30 Meán Fómhair 2004). Ar bhonn na
sonraí a d'fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe, 27,81 milliún dollar na Stát Aontaithe an leibhéal neamhnithe nó
lagaithe a bhain don Chomhphobal. Ö Tugadh údarú Õ don Chomhphobal, mar
sin, méid comhionann dá lamháltais taraife ar na Stáit Aontaithe a chur ar
fionraí. Ö B'ionann Õ an éifeacht a bhí ag
dleacht bhreise allmhairiúcháin 15 % ad valorem
ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I de thionscnamh na
Stát Aontaithe, thar aon bhliain amháin, agus luach trádála Ö nach Õ mó ná 27,81 milliún dollar na Stát Aontaithe. Maidir leis na táirgí Ö sin, chuir Õ an Comhphobal Ö ar fionraí Õ cur i bhfeidhm a
lamháltas taraife ar na Stáit Aontaithe ón 1 Bealtaine 2005 ar
aghaidh. ê 673/2005 aithris
5 (oiriúnaithe) (6) I gcás ina leanfar de gan
rialú agus moladh an Chomhlachta um Réiteach Díospóide a chur chun feidhme, ba
cheart don Choimisiún an leibhéal fionraí a thabhairt i gcomhréir gach bliain
leis an leibhéal neamhnithe nó lagaithe a bhaineann don Ö Aontas Õ an tráth sin de
dheasca an CDSOA. Ba cheart don Choimisiún an liosta atá in Iarscríbhinn I
nó ráta na dleachta breise allmhairiúcháin a leasú ionas go léiríonn éifeacht
na dleachta breise ar allmhairí na dtáirgí roghnaithe ó na Stáit Aontaithe,
thar aon bhliain amháin, luach trádála nach mó ná méid an neamhnithe nó an
lagaithe. ê 673/2005
aithris 6 (oiriúnaithe) (7) Ba cheart don Choimisiún na
critéir a leanas a urramú: (a) ba cheart don Choimisiún
ráta na dleachta breise allmhairiúcháin a leasú i gcás nach féidir an leibhéal
fionraí a chur i gcomhréir le leibhéal an neamhnithe nó lagaithe nuair atá
táirgí á gcur ar an liosta atá in Iarscríbhinn I, nó á mbaint de; ina
éagmais sin, ba cheart don Choimisiún táirgí a chur leis an liosta atá in
Iarscríbhinn I má thagann ardú ar an leibhéal fionraí, nó táirgí a bhaint den
liosta Ö sin Õ má thagann laghdú ar
an leibhéal fionraí; (b) má chuirtear táirgí
leis an liosta, ba cheart don Choimisiún na táirgí a roghnú go huathoibríoch ón
liosta atá in Iarscríbhinn II de réir an oird ina liostaítear na táirgí; mar
thoradh ar sin, ba cheart don Choimisiún an liosta atá in Iarscríbhinn II
a leasú chomh maith trí na táirgí a cuireadh leis an liosta atá in Iarscríbhinn I
a bhaint de; (c) má aistarraingítear
táirgí, ba cheart don Choimisiún, i dtús báire, na táirgí a cuireadh leis an
liosta atá in Iarscríbhinn I Ö tar éis 1 Bealtaine 2005 Õ a bhaint de; ina dhiaidh
sin, ba cheart don Choimisiún táirgí Ö a bhí Õ ar an liosta atá in
Iarscríbhinn I Ö an 1 Bealtaine 2005 Õ a bhaint de réir ord
an liosta sin. ê 38/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn .4 (oiriúnaithe) (8) Chun na coigeartuithe is gá a
dhéanamh ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Ö seo Õ, ba cheart an
chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar ráta
na dleachta breise nó ar na liostaí atá in Iarscríbhinn I agus in
Iarscríbhinn II faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán Ö seo Õ Tá sé tábhachtach,
go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a
chuid oibre ullmhúcháin, ar leibhéal saineolaithe chomh maith. Ba cheart don
Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige,
a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go
tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ê 673/2005 (oiriúnaithe) TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Tá lamháltais taraife agus oibleagáidí
gaolmhara an Ö Aontais Õ faoi CGTT 1994
curtha ar fionraí i leith táirgí de thionscnamh Stáit Aontaithe a liostaítear
in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. ê 303/2014
Airteagal 1(1) Airteagal 2 Forchuirfear dleacht ad valorem 0,35 % de bhreis ar an dleacht chustaim is
infheidhme faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle[11]
ar na táirgí de thionscnamh Stáit Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I
a ghabhann leis an Rialachán seo. ê 673/2005
(oiriúnaithe) Airteagal 3 1. Tabharfaidh an Coimisiún an leibhéal
fionraí i gcomhréir go bliantúil leis an leibhéal neamhnithe nó lagaithe atá
san Ö Aontas Õ an tráth sin mar
thoradh ar an Acht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas de chuid Stáit
Aontaithe (CDSOA). Leasóidh an Coimisiún ráta na dleachta breise nó an liosta
atá in Iarscríbhinn I de réir na gcoinníollacha a leanas: (a) beidh an
leibhéal neamhnithe nó lagaithe ionann le 72 % de mhéid na n‑eisíocaíochtaí faoi CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála nó
frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón Ö Aontas Õ i leith na bliana is
déanaí a bhfuil sonraí ina leith ar fáil an tráth sin, mar atá foilsithe ag
údaráis na Stát Aontaithe; (b) déanfar an
leasú sa chaoi go mbeidh éifeacht na dleachta breise allmhairiúcháin ar
allmhairí na dtáirgí roghnaithe de thionscnamh na Stát Aontaithe, thar aon
bhliain amháin, ionann le luach trádála nach mó ná an leibhéal neamhnithe nó
lagaithe; (c) seachas sna
cúinsí a leagtar amach i bpointe (e), i gcás ina dtagann ardú ar an
leibhéal fionraí, cuirfidh an Coimisiún táirgí leis an liosta atá in
Iarscríbhinn I; roghnófar na tairgí Ö sin Õ ón liosta atá in
Iarscríbhinn II de réir ord an liosta sin; (d) seachas sna
cúinsí a leagtar amach i bpointe (e), i gcás ina dtagann laghdú ar an
leibhéal fionraí, bainfear táirgí den liosta atá in Iarscríbhinn I; déanfaidh
an Coimisiún, i dtús báire, na tairgí a Ö bhí Õ ar an liosta atá in
Iarscríbhinn II Ö an 1 Bealtaine
2005 Õ agus a cuireadh leis
an liosta in Iarscríbhinn I ag tráth níos déanaí a bhaint de; ina dhiaidh sin,
déanfaidh an Coimisiún táirgí a Ö bhí Õ ar an liosta atá in
Iarscríbhinn I Ö an 1 Bealtaine
2005 Õ a bhaint de réir ord
an liosta sin; (e) leasóidh an
Coimisiún ráta na dleachta breise i gcás nach féidir an leibhéal fionraí a
thabhairt i gcomhréir leis an leibhéal neamhnithe nó lagaithe trí tháirgí a
chur leis an liosta atá in Iarscríbhinn I, nó iad a bhaint de. 2. I gcás ina gcuirtear táirgí leis an liosta
atá in Iarscríbhinn I, leasóidh an Coimisiún, ag an am céanna, an liosta
atá in Iarscríbhinn II trí na táirgí sin a bhaint den liosta atá in Iarscríbhinn II.
Ní dhéanfar aon athrú ar ord na dtáirgí atá fós ar an liosta atá in Iarscríbhinn II. ê 38/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn .4(1) 3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun coigeartuithe agus
leasuithe a dhéanamh faoin Airteagal seo. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir le méid na
n-eisíocaíochtaí a rinne na Stáit Aontaithe curtha ar fáil go déanach sa
bhliain, ionas nach féidir spriocanna na hEagraíochta Domhanda Trádála agus
spriocanna reachtúla a bhaint amach trí leas a bhaint as an nós imeachta dá
bhforáiltear in Airteagal 4 agus, i gcás coigeartuithe agus leasuithe ar
na hIarscríbhinní, agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna
práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5
maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre. ê 38/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn .4(2) Airteagal 4 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a thabhairt don
Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí
roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le
tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe
go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh
dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a
chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a
chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh
éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar
de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha
in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de
thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin,
go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl
don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú
dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. ê 38/2014
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn .4(3) Airteagal 5 1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar
faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll
nach léirítear aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a
bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe
a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós
imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5). Sa chás sin, déanfaidh an
Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na
hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an
gcinneadh chun agóid a dhéanamh. ê 673/2005
(oiriúnaithe) Airteagal 6 Cinnfear tionscnamh aon táirge a bhfuil feidhm
ag an Rialachán seo maidir leis i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92. Airteagal 7 1. Táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I
ar eisíodh ceadúnas allmhairiúcháin ina leith roimh Ö 30 Aibreán 2005 Õ a raibh díolúine nó
laghdú dleachta ag gabháil leis an gceadúnas sin, ní bheidh na táirgí sin faoi
réir na dleachta breise. 2. Táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I
a ligtear isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009[12] ón gComhairle, ní bheidh na táirgí sin faoi réir na dleachta breise. 3. Is féidir táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I
a chur faoin nós imeachta custaim 'Próiseáil faoi Rialú Custaim' i gcomhréir
leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 551(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93
ón gCoimisiún[13]
i gcás inar ndearnadh scrúdú ar na dálaí eacnamaíocha i gCoiste an Chóid
Custaim, agus sa chás sin amháin, ach amháin má tá na táirgí agus na
hoibríochtaí luaite i gCuid A d'Iarscríbhinn 76 a ghabhann leis an Rialachán
sin. ê Airteagal 8 Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 673/2005. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV. ê 673/2005
(oiriúnaithe) Airteagal 9 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Ö fichiú Õ lá Ö tar éis lá Õ a fhoilsithe in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] COM(87) 868 miontuairiscí. [2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na
Conclúidí. [3] Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014. [4] Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra seo. [5] IO C […], […], lch. […]. [6] Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25
Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí
áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 110, 30.4.2005, lch.
1). [7] Féach Iarscríbhinn III. [8] United States — Offset Act (Byrd Amendment),
Appellate Body report (Na Stáit Aontaithe — An tAcht um Fhritháireamh
(Leasú Byrd), tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc (WT/DS217/AB/R, WT/DS234/AB/R,
16 Eanáir 2003)). [9] United States — Offset Act (Byrd Amendment), Panel
report (Na Stáit Aontaithe — An tAcht um Fhritháireamh (Leasú Byrd),
tuarascáil ón bPainéal (WT/DS217/R, WT/DS234/R, 16 Meán Fómhair 2002)). [10] United States — Offset Act (Byrd Amendment), Recourse
by the European Communities to Article 22(2) of the DSU (Na Stáit Aontaithe
— An tAcht um Fhritháireamh (Leasú Byrd), Leas á bhaint as Airteagal 22(2)
an Chomhaontaithe um Réiteach Díospóidí ag na Comhphobail Eorpacha
(WT/DS217/22, 16 Eanáir 2004)). [11] Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle
an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim
an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1). [12] Rialachán (CE) Uimh 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas faoiseamh de chuid an Chomhphobail ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23). [13] Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1). ê 303/2014 Airteagal
1(2) agsu Iarscríbhinn IARSCRÍBHINN I Sainaithnítear na táirgí a mbeidh feidhm ag
dleachtanna breise orthu trína gcód AC ocht n‑uimhir.
Is féidir tuairisc ar na táirgí a rangaítear faoi na cóid seo a fháil in Iarscríbhinn I
a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle[1] arna leasú le Rialachán
(CE) Uimh 1810/2004 ón gCoimisiún [2]. 0710 40 00 9003 19 30 8705 10 00 6204 62 31 _____________ ê 349/2013
Airteagal 2 agus Iarscríbhinn II IARSCRÍBHINN II Sainaithnítear na táirgí san Iarscríbhinn seo
trína gcód AC ocht n-uimhir. Is féidir tuairisc ar na táirgí a rangaítear faoi
na cóid seo a fháil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gCoimisiún. _____________ é IARSCRÍBHINN III An
Rialachán aisghairthe le liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle (IO L 110, 30.4.2005, lch. 1) || || || Rialachán (CE) Uimh. 632/2006 ón gCoimisiún (IO L 111, 25.4.2006, lch. 5) Rialachán (CE) Uimh. 409/2007 ón gCoimisiún (IO L 100, 17.4.2007, lch. 16) Rialachán (CE) Uimh. 283/2008 ón gCoimisiún (IO L 86, 28.3.2008, lch. 19) Rialachán (CE) Uimh. 317/2009 ón gCoimisiún (IO L 100, 18.4.2009, lch. 6) Rialachán (AE) Uimh. 305/2010 ón gCoimisiún (IO L 94, 15.4.2010, lch. 15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 311/2011 ón gCoimisiún (IO L 86, 1.4.2011, lch. 51) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2013 ón gCoimisiún (IO L 108, 18.4.2013, lch. 6) || || Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1) || Pointe 11 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin || Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 52) || Pointe 4 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin || Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 303/2014 ón gCoimisiún (IO L 90, 26.3.2014, lch. 6) || _____________ IARSCRÍBHINN IV An
Tábla Comhghaoil Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 || An Rialachán seo Airteagail 1 go 4 || Airteagail 1 go 4 Airteagal 4 a || Airteagal 5 Airteagal 5 || Airteagal 6 Airteagal 6(1) || Airteagal 7(1) Airteagal 6(2) || - Airteagal 6(3) || Airteagal 7(2) Airteagal 6(4) || Airteagal 7(3) - || Airteagal 8 Airteagal 8 || Airteagal 9 Iarscríbhinn I || Iarscríbhinn I Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn II - || Iarscríbhinn III - || Iarscríbhinn IV _____________ [1] Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.). [2] Rialachán (CE) Uimh 1810/2004 ón gCoimisiún an 7 Meán
Fómhair 2004 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán
(CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus
staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 327, 30.10.2004, lch. 1.)