EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0323

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (athmhúnlú)

/* COM/2014/0323 final - 2014/0168 (COD) */

52014PC0323

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (athmhúnlú) /* COM/2014/0323 final - 2014/0168 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu .

Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.           Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987[1], treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.           Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) [2] agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

4.           Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena sainmhínítear comhrialacha maidir le honnmhairí ó thríú tíortha áirithe[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú. Ag an am céanna, is iomchuí freisin tríú tíortha áirithe a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, chun earráid atá sa ghníomh a leasaigh an Rialachán sin a cheartú agus chun Rialachán (CE) Uimh. 427/2003.a aisghairm. Dá bhrí sin, tá an togra á chur i láthair mar athmhúnlú.

5.           Rinneadh an togra athmhúnlúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, in 22 teanga oifigiúil, ar Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán athmhúnlaithe.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

2014/0168 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ , agus go háirithe Airteagal Ö 207(2) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

ò nua

(1)       Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 625/2009[6] ón gComhairle a leasú go substaintiúil[7]. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléire.

ê 625/2009 aithris 2

            Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

ê 625/2009 aithris 3

(2)       Ba cheart aonfhoirmeacht a áirithiú sna rialacha maidir le hallmhairí trí fhorálacha a leagan síos, a mhéid agus is féidir i bhfianaise gnéithe sainiúla an chórais eacnamaíoch sna tríú tíortha atá i gceist, atá cosúil leis na forálacha sin a chuirtear i bhfeidhm faoi na comhrialacha maidir le tríú tíortha eile.

ê 625/2009 aithris 6

(3)       Na comhrialacha is infheidhme maidir le hallmhairí, tá feidhm acu freisin maidir le táirgí guail agus cruach, gan dochar d'aon bhearta lena gcuirtear comhaontú chun feidhme a bhaineann go sonrach le táirgí den sórt sin.

ê 625/2009 aithris 7 (oiriúnaithe)

(4)       Dá bhrí sin, ba cheart léirscaoileadh allmhairithe, is é sin gan aon srianta cainníochtúla a bheith orthu, a bheith ar phointe tosaigh le haghaidh rialacha an Ö Aontais Õ .

ê 625/2009 aithris 8

(5)       I gcás roinnt táirgí, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar théarmaí agus ar choinníollacha an allmhairiúcháin, treochtaí in allmhairiú, gnéithe éagsúla na staide eacnamaíche agus tráchtála, agus na bearta, más ann dóibh, atá le glacadh.

ê 625/2009 aithris 9 (oiriúnaithe)

(6)       I gcás na dtáirgí sin, d'fhéadfadh sé teacht chun solais gur cheart don Ö Aontas Õ faireachas a dhéanamh ar roinnt áirithe de na hallmhairí sin.

ê 625/2009 aithris 10 (oiriúnaithe)

(7)       Is faoin gCoimisiún atá sé na bearta cosanta a ghlacadh Ö is gá Õ chun leasa an Ö Aontais Õ agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana.

ê 625/2009 aithris 11 (oiriúnaithe)

(8)       D'fhéadfadh sé gurbh oiriúnaí bearta faireachais nó cosanta atá teoranta do réigiún amháin nó níos mó den Ö Aontas Õ ná bearta a mbeadh feidhm acu maidir leis an Ö Aontas Õ ina iomláine. Níor cheart bearta den sórt sin a údarú ach go heisceachtúil áfach, agus i gcás nach ann d'aon rogha mhalartach. Is gá a áirithiú go bhfuil bearta den sórt sin sealadach agus go ndéanann siad a laghad suaite is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

ê 625/2009 aithris 12 (oiriúnaithe)

(9)       I gcás ina gcuirfear réamhfhaireachas an Ö Aontais Õ i bhfeidhm, is faoi réir doiciméad faireachais a thíolacadh a chomhlíonann critéir aonfhoirmeacha ba cheart na táirgí lena mbaineann a scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart d'údaráis na mBallstát an doiciméad sin a eisiúint laistigh de thréimhse áirithe, ar iarratas simplí an allmhaireora, ach gan an t‑allmhaireoir aon cheart allmhairiúcháin a fháil tríd sin. Dá bhrí sin, níor cheart an doiciméad faireachais a bheith bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a bhfanfaidh na rialacha allmhairiúcháin gan athrú.

ê 625/2009 aithris 13 (oiriúnaithe)

(10)     Ar mhaithe le dea‑bhainistíocht riaracháin agus chun cabhrú le hoibreoirí an Ö Aontais Õ , ba cheart ábhar agus leagan amach an doiciméid faireachais a ailíniú chomh fada agus is féidir leis na comhfhoirmeacha ceadúnais allmhairithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 738/94[8], Rialachán (CE) Uimh. 3168/94[9], agus Rialachán (CE) Uimh. 3169/94[10], agus saintréithe teicniúla an doiciméid faireachais á gcur san áireamh.

ê 625/2009 aithris 14 (oiriúnaithe)

(11)     Tá sé chun leasa an Ö Aontais Õ gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún malartú faisnéise chomh hiomlán agus is féidir a eascraíonn as faireachas an Aontais a dhéanamh. an fhaisnéis a thiocfaidh as faireachas an Ö Aontais Õ a mhalartú is iomláine is féidir.

ê 625/2009 aithris 15

(12)     Is gá critéir bheachta a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil fhéideartha agus chun imscrúdú a thabhairt isteach ach a ligean don Choimisiún fós bearta iomchuí a thabhairt isteach i gcásanna práinneacha.

ê 625/2009 aithris 16 (oiriúnaithe)

(13)     Chun na críche sin, ba cheart forálacha mionsonraithe a Ö leagan síos Õ maidir le himscrúduithe a thosú, maidir leis na seiceálacha agus na cigireachtaí is gá, maidir le héisteacht a thabhairt do na daoine lena mbaineann, maidir le cóireáil na faisnéise a fhaightear agus maidir leis na critéir chun díobháil a mheasúnú.

ê 625/2009 aithris 17 (oiriúnaithe)

(14)     Tá na forálacha maidir le himscrúduitheatá Ö leagtha síos Õ sa Rialachán seo Ö gan Õ dochar do rialacha an Ö Aontais Õ ná do rialacha náisiúnta a bhaineann le rúndacht ghairmiúil.

ê 625/2009 aithris 18

(15)     Ní mór freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha atá lena mbaineann.

ê 625/2009 aithris 19 (oiriúnaithe)

(16)     Ar mhaithe le haonfhoirmeacht i rialacha d'allmhairí, ba cheart do na foirmiúlachtaí atá le déanamh ag allmhaireoirí a bheith Ö simplí Õ agus comhionann beag beann ar an áit ina dtéann na hearraí trí chustaim. Is inmhianaithe dá bhrí sin a fhoráil gur cheart aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as foirmeacha a fhreagraíonn don eiseamal atá i gceangal leis an Rialachán seo.

ê 625/2009 aithris 20 (oiriúnaithe)

(17)     Doiciméid faireachais arna n‑eisiúint i dtaca le bearta faireachais an Ö Aontais Õ , ba cheart dóibh a bheith bailí ar fud an Ö Aontais Õ , is cuma cén Ballstát a d'eisigh iad.

ê 625/2009 aithris 21 (oiriúnaithe)

(18)     Na táirgí teicstíle a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 517/94[11], tá siad faoi réir cóireála sonraí ar leibhéal an Ö Aontais Õ agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme an Rialacháin seo.

ò nua

(19)     An chumhacht chun an liosta de thríú tíortha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 a leasú, cuireadh san áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 427/2003[12] í. Ós rud é go ndeachaigh forálacha Theideal I de Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 maidir leis meicníocht chosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de in éag an 11 Nollaig 2013, agus go bhfuil forálacha Theideal II den Rialachán sin imithe i léig, is iomchuí, ar mhaithe le comhleanúnachas, soiléire agus le réasúntacht, Airteagal 14a agus Airteagal 14b den Rialachán sin a thabhairt isteach sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 a aisghairm.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 9 (oiriúnaithe)

(20)     Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh d'fhonn Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Ö seo Õ a leasú, chun tíortha a bhaint den liosta de thríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh dóibh a bheith ina gcomhaltaí den Ö Eagraíocht Dhomhanda Trádála Õ (EDT).

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20 (oiriúnaithe)

(21)     Chun an Rialachán Ö seo Õ a chur chun feidhme, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13].

(22)     Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart dochar ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

ò nua

(23)     Nuair a leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, rinneadh an dara fomhír d'Airteagal 18(2) a scriosadh go hearráideach. Ba cheart an fhoráil sin a chur isteach arís.

(24)     Toisc go bhfuil an Airméin, an Rúis, An Táidsíceastáin agus Vítneam ina gcomhaltaí den EDT anois, ní mór na tíortha sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 trí ghníomh tarmligthe de chuid an Choimisiúin. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, scriosadh a n‑ainmneacha ó Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo,

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 1

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhairiú táirgí de thionscnamh na dtríú tíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, cé is moite de tháirgí teicstíle a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 517/94.

2. Déanfar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú isteach san Ö Aontas Õ faoi shaoirse, agus ní bheidh siad faoi réir aon srianta cainníochtúla, gan dochar do na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoi Chaibidil V.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN Ö AONTAIS Õ

Airteagal 2

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas más cosúil ó threochtaí in allmhairiú gur gá bearta faireachais nó cosanta. Beidh san eolas sin an fhianaise atá ar fáil ar bhonn na gcritéar arna leagan síos in Airteagal 6. Cuirfidh an Coimisiún an t‑eolas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit uile láithreach bonn.

CAIBIDIL III

NÓS IMEACHTA AN Ö AONTAIS Õ UM IMSCRÚDÚ

Airteagal 3

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(3)

1. I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun bonn cirt a bheith le himscrúdú, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar na nithe seo a leanas san fhógra sin:

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

(a)          achoimreofar an fhaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis Ö nach mór Õ gach faisnéis ábhartha a chur chuig an gCoimisiún;

(b)          luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

(c)          luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le mír 4.

Cuirfidh an Coimisiún tús leis an imscrúdú, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(3)

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an bhfaisnéis de ghnáth laistigh de 21 lá ón dáta ar a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún.

2. Iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus, má mheasann sé gurb iomchuí é, féachfaidh sé chuige an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

Déanfaidh foireann ón mBallstát a mbeidh na seiceálacha á ndéanamh ina chríoch cúnamh a thabhairt don Choimisiún sa tasc seo, ar choinníoll Ö gur Õ mian leis an mBallstát é sin.

Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1, chomh maith le hionadaithe na tíre onnmhairithe, féadfaidh siad iniúchadh a dhéanamh ar gach faisnéis a chuirtear ar fáil don Choimisiún laistigh de chreat an imscrúdaithe, seachas doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Ö Aontais Õ nó a Bhallstáit, ar choinníoll é a bheith ábhartha do chosaint a leasanna agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 5 agus go bhfuil sé in úsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Chun na críche sin, seolfaidh siad iarratas i scríbhinn chuig an gCoimisiún, a léiríonn an fhaisnéis atá ag teastáil.

3. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus nósanna imeachta a leag sé síos á leanúint acu, an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi chora i margadh an táirge atá á imscrúdú.

4. Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Ní mór éisteacht a thabhairt do na páirtithe sin má bhíonn iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léireofar gur dócha go n‑imreoidh toradh na n‑imscrúduithe tionchar orthu agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht ó bhéal a bheith acu.

5. I gcás nach gcuirtear faisnéis ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an Rialachán seo nó ag an gCoimisiún Ö de bhun Õ an Rialacháin seo, nó go bhfuil bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar na torthaí a chinneadh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur thug páirtí leasmhar nó tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá le fáil.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(3)

6. I gcás inar cosúil don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na Ballstáit laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

è1 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(4)

Airteagal 4

1. Ag deireadh an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choiste.

è1 2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná aon bhearta cosanta a dhéanamh, foirceannfar an t‑imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t‑imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2). ç Foilseofar an cinneadh an t‑imscrúdú a fhoirceannadh, agus príomhchonclúidí an imscrúdaithe luaite ann chomh maithe le hachoimre ar na cúiseanna leo sin, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3. Má mheasann an Coimisiún gur gá bearta faireachais nó cosanta an Ö Aontais Õ , glacfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil IV agus V, tráth nach déanaí ná naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfar an teorainn ama sin a shíneadh ar feadh tréimhse uasta breise dhá mhí. Ansin foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leagfar amach fad an tsínte agus achoimre ar na fáthanna atá leis.

4. Ní choiscfidh forálacha na Caibidle seo, aon tráth, bearta faireachais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 go hAirteagal 12 ná, i gcás staid chriticiúil a éilíonn idirghabháil láithreach agus ina mbeadh aon mhoill ina cúis le díobháil ba dheacair a leigheas, bearta cosanta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 13, 14 agus 15.

Déanfaidh an Coimisiún gan mhoill na bearta imscrúdaithe a mheasfaidh sé a bheith riachtanach fós. Déanfar torthaí an imscrúdaithe a úsáid chun athscrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh.

Airteagal 5

1. Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear Ö de bhun Õ an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(5)

2. Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n‑áirítear a gcuid oifigeach araon, aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis a gheofar ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

3. I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda.

Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh di.

4. Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.

5. Ní choiscfidh mír 1 go mír 4 ar údaráis an Ö Aontais Õ tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar ar bunaíodh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, Ö cuirfidh Õ na húdaráis sin san áireamh leasanna dlisteanacha na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 6

1. Scrúdú ar an treocht in allmhairiú, ar na dálaí ina ndéantar é agus ar an mórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Ö Aontais Õ a d'fhéadfadh teacht ó allmhairí den sórt sin, déanfaidh sé na tosca seo a leanas, go háirithe, a chumhdach:

(a)          méid na n‑allmhairithe, go háirithe nuair a bhí méadú suntasach ann, bíodh sé sin mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeacht nó le tomhaltas san Ö Aontas Õ ;

(b)          praghas na n‑allmhairí, go háirithe i gcás inar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghasanna i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil san Ö Aontas Õ ;

(c)          an tionchar atá aige ar tháirgeoirí an Ö Aontais Õ a tháirgeann táirgí comhchosúla nó iomaíocha, mar atá léirithe ag treochtaí i gcúinsí eacnamaíocha áirithe amhail:

– táirgeacht,

– úsáid an chumais táirgthe,

– stoic,

– díolacháin,

– sciar den mhargadh,

– praghsanna (i.e. ísliú ar phraghsanna nó cosc ar mhéaduithe praghsanna a bheadh tar éis tarlú de ghnáth),

– brabúis,

– toradh ar chaipiteal arna úsáid,

– sreabhadh airgid,

– fostaíocht.

2. Agus é i mbun an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh córas eacnamaíoch sonrach na dtíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

3. I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt mórdhíobhála, déanfaidh an Coimisiún scrúdú freisin an bhfuil sé intuartha go soiléir gur dócha go dtiocfaidh díobháil iarbhír as staid ar leith. Maidir leis sin, is féidir tosca mar seo a leanas a chur san áireamh:

(a)          ráta méadaithe na n‑onnmhairithe chuig an Ö Aontas Õ ;

(b)          an cumas onnmhairithe sa tír thionscnaimh nó sa tír onnmhairithe, ar cumas é atá ann cheana féin nó a bheidh ag feidhmiú cuibheasach luath amach anseo, agus an dóchúlacht gur chuig an Ö Aontas Õ a rachaidh na honnmhairí a bheidh mar thoradh air sin.

CAIBIDIL IV

FAIREACHAIS

Airteagal 7

1. Más gá é ar mhaithe le leasanna an Ö Aontais Õ , féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin:

(a)          cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Ö Aontais Õ a thabhairt isteach ar allmhairithe áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta a leag an Coimisiún síos;

(b)          cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachán a dhéanamh ar threocht na n‑allmhairithe sin, allmhairithe áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais an Ö Aontais Õ , i gcomhréir le hAirteagal 8.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(6)

2. Maidir le cinntí a ghlactar de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

3. Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag na bearta faireachais. Mura Ö bhforáiltear Õ a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na sé mhí inar tugadh na bearta isteach.

Airteagal 8

1. Ní fhéadfar táirgí atá faoi réamhfhaireachas an Ö Aontais Õ a chur i saorchúrsaíocht gan doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t‑údarás inniúil arna ainmniú ag na Ballstáit an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Ö Aontais Õ , is cuma cén áit ghnó san Ö Aontas Õ atá aige. Measfar go bhfuair an t‑údarás inniúil náisiúnta an t‑iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, ach amháin má chruthaítear a mhalairt.

2. Déanfar an doiciméad faireachais ar fhoirm a fhreagraíonn don mhúnla in Iarscríbhinn II.

Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt leis an gcinneadh faireachas a fhorchur, ní bheidh in iarratas an allmhaireora le haghaidh doiciméid faireachais ach an méid seo a leanas:

(a)          ainm iomlán agus seoladh an iarratasóra (lena n‑áirítear uimhreacha teileafóin agus facs agus aon uimhir lena sainaithníonn an t‑údarás inniúil náisiúnta an t‑iarratasóir), móide uimhir chláraithe CBL an iarratasóra má tá sé faoi dhliteanas i leith CBL;

(b)          más iomchuí, ainm iomlán agus seoladh an dearbhóra nó aon ionadaí arna cheapadh ag an iarratasóir (lena n‑áirítear uimhreacha teileafóin agus facs);

(c)          tuairisc ar na hearraí lena dtabharfar:

– an t‑ainm trádála,

– an cód ainmníochta comhcheangailte,

– an áit tionscnaimh agus an áit choinsínithe,

(d)          an chainníocht arna dearbhú, i gcileagraim agus, más iomchuí, aon aonaid bhreise eile (péirí, míreanna, etc.);

(e)          luach na n‑earraí, CAL ag teorainn an Ö Aontais Õ , in euro;

(f)          an ráiteas seo a leanas, dátaithe agus sínithe ag an iarratasóir, agus ainm an iarratasóra litrithe i gceannlitreacha:

'Déanaimse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha fíor agus go bhfuilim á tabhairt de mheon macánta, agus go bhfuilim bunaithe san Ö Aontas Õ .'

3. Beidh an doiciméad faireachais bailí ar fud an Ö Aontais Õ , beag beann ar Bhallstáit a eisiúna.

4. I gcás cinnidh go sáraíonn an praghas aonaid ag a ndéantar an t‑idirbheart an praghas a léirítear sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 % nó gur mó luach iomlán nó cainníocht na dtáirgí a thíolactar le haghaidh allmhairiú ná an luach nó an chainníocht a thugtar sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, ní choiscfidh an cinneadh sin scaoileadh an táirge atá i gceist le haghaidh saorchúrsaíochta . Féadfaidh an Coimisiún, tar éis éisteacht a thabhairt do na tuairimí a thug an Coiste agus ag cur san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile de chuid na n‑idirbheart lena mbaineann, céatadán difriúil a shocrú, nár cheart a bheith níos mó ná 10 % de ghnáth.

5. Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe chun léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n‑idirbheart lena mbaineann. Ní fhéadfar doiciméid faireachais Ö den sórt sin Õ a úsáid i gcás ar bith thar an tréimhse dhul in éag a bheidh leagtha síos ag an am céanna agus trí bhíthin an nós imeachta céanna lenar forchuireadh faireachas, agus cuirfidh siad san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile na n‑idirbheart.

6. Nuair a éilíonn an cinneadh a glacadh faoi Airteagal 7 é sin, ní mór áit tionscnaimh na dtáirgí atá faoi fhaireachas an Ö Aontais Õ a chruthú le deimhniú tionscnaimh. Ní dhéanfaidh an mhír seo dochar d'fhorálacha eile a bhaineann le haon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird.

7. I gcás ina bhfuil an táirge atá faoi fhaireachas an Ö Aontais Õ faoi réir beart cosanta réigiúnach i mBallstát, féadfar an t‑údarú ar allmhairiú a dheonaigh an Ballstát sin a chur in ionad an doiciméid faireachais.

8. Déanfar foirmeacha doiciméid faireachais agus sleachta astu a tharraingt i ndúblach, cóip amháin, í marcáilte 'Cóip an tsealbhóra' agus a mbeidh an uimhir 1 uirthi, le heisiúint chuig an iarratasóir, agus an chóip eile, í marcáilte 'Cóip don údarás inniúil' agus a mbeidh an uimhir 2 uirthi, lena choimeád ag an údarás a d'eisigh an doiciméad. Chun críocha riaracháin féadfaidh an t‑údarás inniúil cóipeanna breise a chur le foirm 2.

9. Déanfar foirmeacha a phriontáil ar pháipéar bán a bheidh saor ó laíon meicniúil, cóirithe don scríobh agus a mheánn idir 55 agus 65 gram in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Is é 210 × 297 mm an mhéid a bheidh iontu. Is é 4,24 mm a bheidh mar spás idir na línte (an séú cuid d'orlach). Beidh leagan amach na bhfoirmeacha le leanúint go beacht. Ar an dá thaobh de chóip Uimh. 1, is é sin an doiciméad faireachais féin, beidh de bhreis cúlra patrúin giolóise clóite buí chun aon fhalsú trí mheán meicniúil nó ceimiceach a nochtadh.

10. Beidh na Ballstáit freagrach as na foirmeacha a chur á gcló. Is féidir na foirmeacha a phriontáil freisin ag clódóirí arna cheapadh ag an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe. Sa chás deireanach sin, caithfear tagairt don cheapachán ag an mBallstát a bheith le feiceáil ar gach foirm. Ar gach foirm beidh léiriú ar ainm agus seoladh an chlódóra nó marc chun an clódóir a aithint.

Airteagal 9

Nuair a éilíonn leasanna an Ö Aontais Õ é, féadfaidh an Coimisiún an méid a leanas a dhéanamh, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, más dócha go dtiocfaidh an cás dá dtagraítear in Airteagal 13(1) chun cinn:

– teorainn a chur le tréimhse bhailíochta aon doiciméid faireachais a bheidh ag teastáil,

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(7)

– eisiúint an doiciméid sin a chur faoi réir coinníollacha áirithe agus, mar bheart eisceachtúil, faoi réir clásal cúlghairme a chur isteach.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(8)

Airteagal 10

I gcás nach mbeidh allmhairiú táirge curtha faoi réir fhaireachas an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2) agus i gcomhréir le hAirteagal 15, faireachas a thabhairt isteach i gcás allmhairiú isteach i réigiún amháin nó i níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais, agus sa chás sin amháin.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

Airteagal 11

1. Ní féidir táirgí atá faoi fhaireachas réigiúnach a chur i saorchúrsaíocht sa réigiún lena mbaineann ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t‑údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann Ö an sórtsin Õ doiciméad a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh d'uasmhéid cúig lá oibre tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Ö Aontais Õ , beag beann ar a áit ghnó san Ö Aontas Õ . Measfar go bhfuair an t‑údarás inniúil náisiúnta an t‑iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt. Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe d'allmhairí léirscaoilte i leith na n‑idirbheart lena mbaineann.

2. Beidh feidhm ag Airteagal 8(2).

Airteagal 12

1. Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún laistigh de na chéad deich lá de gach mí i gcás fhaireachas an Ö Aontais Õ nó faireachais réigiúnaigh:

(a)          i gcás réamhfhaireachais, sonraí maidir le suimeanna airgid (arna ríomh ar bhonn na bpraghsanna CAL) agus cainníochtaí na n‑earraí ar ina leith a eisíodh cáipéisí faireachais le linn na tréimhse roimhe sin;

(b)          i ngach cás, sonraí na n‑allmhairí i rith na tréimhse roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

Miondealófar an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit de réir táirge agus de réir tíre.

Féadfar forálacha éagsúla a leagan síos ag an am céanna agus leis an nós imeachta céanna leis na socruithe faireachais.

2. Má éilíonn cineál na dtáirgí nó imthosca speisialta sin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an tráthchláir do chur isteach na faisnéise a leasú.

3. Cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas ina thaobh.

CAIBIDIL V

BEARTA COSANTA

Airteagal 13

1. I gcás táirge a allmhairítear isteach san Ö Aontas Õ i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu nó faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Ö Aontais Õ a dhéanann táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leis, féadfaidh an Coimisiún, chun leasanna an Ö Aontais Õ a chosaint, ag gníomhú dó arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na rialacha allmhairithe don táirge sin a athrú trína fhoráil nach bhféadfar é a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le húdarú allmhairithe a thaispeáint, agus beidh deonú an údaraithe sin faoi rialú na bhforálacha agus faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ag an gCoimisiún.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(9)

2. Cuirfear na bearta a ghlacfar in iúl do na Ballstáit gan mhoill agus gabhfaidh éifeacht leo sin láithreach.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

3. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. I gcomhréir le hAirteagal 15, féadfaidh siad a bheith teoranta do réigiún amháin nó níos mó de chuid an Ö Aontais Õ .

Mar sin féin, ní choiscfidh bearta den sórt sin scaoileadh táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta má tá na táirgí cheana féin ar a mbealach chuig an Ö Aontas Õ ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú agus go bhfuil, i gcás na dtáirgí sin nach bhféadtar , faoi Airteagal 8 agus Airteagal 11, iad a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird, an doiciméad sin ag gabháil leo dáiríre.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(9)

4. I gcás ina n‑iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), nó i gcás éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 22(4), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón iarraidh sin a fháil.

ê 625/2009

Airteagal 14

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(10)

1. Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe sa chás dá dtagraítear in Airteagal 13(1), bearta iomchuí cosanta a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

2. Beidh feidhm ag Airteagal 13(3).

Airteagal 15

Más rud é, go háirithe, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6, gur léir go bhfuil na coinníollachaatá leagtha síos chun bearta a ghlacadh faoi Chaibidil IV agus Airteagal 13 á gcomhlíonadh i réigiúin amháin nó níos mó de chuid an Ö Aontais Õ , féadfaidh an Coimisiún, tar éis réitigh mhalartacha a scrúdú, cur i bhfeidhm beart faireachais nó cosanta a bheidh teoranta don réigiún/do na réigiúin lena mbaineann a údarú go heisceachtúil má mheasann sé gurb oiriúnaí bearta den sórt sin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an leibhéal sin ná bearta a bheith á gcur i bhfeidhm ar fud an Ö Aontais Õ .

Ní mór na bearta sin a bheith sealadach agus a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 agus Airteagal 13 faoi seach.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(11)

Airteagal 16

1. Fad a bheidh aon bheart faireachais nó cosanta a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus le Caibidil V, i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)          éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

(b)          déanamh amach an bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin fós riachtanach.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart faireachais nó cosanta dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé an beart a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

ò nua

Nuair a bhaineann cinneadh den sórt sin le bearta faireachais réigiúnaigh, beidh feidhm aige ón séú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

1. Ní choiscfidh an Rialachán seo comhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as rialacha speisialta atá i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an Ö tAontas Õ agus tríú tíortha.

2. Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Ö Aontais Õ , ní choiscfidh an Rialachán seo glacadh nó cur i bhfeidhm an méid seo a leanas ag na Ballstáit:

(a)          toirmisc, srianta cainníochtúla ná bearta faireachais ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí, le cosaint sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí, le cosaint seod náisiúnta ina bhfuil luach ealaíne, staire nó seandálaíoch, nó maoin tionscail agus tráchtála a chosaint;

(b)          foirmiúlachtaí speisialta a bhaineann le malairt eachtrach;

(c)          foirmiúlachtaí a tugadh isteach de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gConradh.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta nó na foirmiúlachtaí atá le tabhairt isteach nó le leasú i gcomhréir leis an Ö gcéad fhomhír Õ .

I gcás fíorphráinne, cuirfear na bearta nó na foirmiúlachtaí náisiúnta atá i gceist in iúl don Choimisiún gan mhoill tar éis a nglactha.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(12)

Airteagal 18

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009[14] ón gComhairle.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

Airteagal 19

1. Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n‑ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta ná d'fheidhmiú forálacha riaracháin Ö Aontais Õ nó náisiúnta a dhíorthaítear astu ná d'fheidhmiú na n‑ionstraimí sonracha arna nglacadh faoi Airteagal Ö 352 Õ den Chonradh is infheidhme maidir le hearraí ar toradh próiseála táirgí talmhaíochta iad. Beidh sé ag feidhmiú mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

2. I gcás táirgí atá cumhdaithe ag na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 go hAirteagal 12 ná ag Airteagal 16 maidir leis táirgí sin a gceanglaítear ina leith i rialacha an Ö Aontais Õ maidir le trádáil le tríú tíortha ceadúnas nó doiciméad allmhairithe eile a thabhairt ar aird.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 13, 15 agus 16 maidir leis na táirgí sin a bhforálann rialacha den sórt sin go gcuirfí srianta cainníochtúla ar allmhairiú i bhfeidhm ina leith.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 9(7)

Airteagal 20

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn I, chun tíortha a bhaint den liosta de thríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh dóibh a bheith ina gcomhaltaí den EDT.

Airteagal 21

1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 20(2)

Airteagal 22

1. Déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. […/…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

ê 625/2009 (oiriúnaithe)

Airteagal 23

Ö Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 Õ .

Déanfar tagairtí do na Ö Rialacháin Õ aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus Ö léifear Õ iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 24

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Ö fichiú Õ lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               COM(87) 868 miontuairiscí.

[2]               Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.

[3]               Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014.

[4]               Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra seo.

[5]               IO L […], […], lch […].

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

[7]               Féach Iarscríbhinn III.

[8]               Rialachán (CE) Uimh. 738/94 ón gCoimisiún an 30 Márta 1994 ina leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 520/94 lena mbunaítear nós imeachta Comhphobail chun cuótaí cainníochta a riaradh (IO L 87, 31.3.1994, lch. 47).

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 3168/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 ag bunú ceadúnas Comhphobail allmhairíochta i raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil folaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 335, 23.12.1994, lch. 23).

[10]             Rialachán (CE) Uimh. 3169/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig, 1994 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha agus ag bunú ceadúnas allmhairithe Comhphobail i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin (IO L 335, 23.12.1994, lch. 33).

[11]             Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil folaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

[12]             Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le meicníocht chosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 519/94 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).

[13]             Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[14]             Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

[15]             Rialachán (AE) Uimh [... / ...] an [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L […], […], lch […]).

ê 625/2009 (nua)

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA dTRÍÚ TÍORTHA

An Airméin

An Asarbaiseáin

An Bhealarúis

An Chasacstáin

An Chóiré Thuaidh

An Rúis

An Táidsíceastáin

An Tuircméanastáin

An Úisbéiceastáin

Vitneam

IARSCRÍBHINN II

AN tAONTAS EORPACH

DOICIMÉAD FAIREACHAIS

Cóip an tsealbhóra || 1. An coinsíní (ainm, seoladh iomlán, tír, uimhir CBL) || 2. Uimhir eisiúna

3. An áit agus an dáta allmhairithe atá beartaithe

4. An t-údarás atá freagrach as an eisiúint (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

5. An dearbhóir/an t-ionadaí de réir mar is infheidhme (ainm agus seoladh iomlán) || 6. An tír thionscnaimh (agus cód geo-ainmníochta)

7. Tír an choinsínithe (agus cód geo-ainmníochta)

8. Lá deiridh bailíochta

|| 9. Tuairisc ar na hearraí || 10.       Cód AC agus catagóir 11. Cainníocht i gcileagraim (glanmhais) nó i sraitheanna breise 12. Luach in euro, cal ag teorainn an Aontais

13. Barúlacha breise

14. Formhuiniú an údaráis inniúil Dáta:........................................................... Síniú:........................................................... (Stampa)

15. SANNADH Léirigh an chainníocht atá ar fáil i gcuid 1 de cholún 17 agus an chainníocht atá sannta i gcuid 2 de

16. Cainníocht ghlan (an ghlanmhais nó aonad eile tomhais agus an t-aonad á lua) || 19. Doiciméad custaim (foirm agus uimhir) nó Uimh. sleachta agus dáta an tsannta || 20. Ainm, Ballstát, stampa agus síniú an údaráis a shann

17. I bhfigiúirí || 18. I bhfocail don chainníocht a sannadh

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

Leathanaigh bhreise lena gcur i gceangal leis seo.

AN tAONTAS EORPACH

DOICIMÉAD FAIREACHAIS

^ Cóip don údarás inniúil ^ || 1. An coinsíní (ainm, seoladh iomlán, tír, uimhir CBL) || 2. Uimhir eisiúna

3. An áit agus an dáta allmhairithe atá beartaithe

4. An t-údarás atá freagrach as an eisiúint (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

5. An dearbhóir/an t-ionadaí de réir mar is infheidhme (ainm agus seoladh iomlán) || 6. An tír thionscnaimh (agus cód geo-ainmníochta)

7. Tír an choinsínithe (agus cód geo-ainmníochta)

8. Lá deiridh bailíochta

|| 9. Tuairisc ar na hearraí || 10.       Cód AC agus catagóir 11. Cainníocht i gcileagraim (glanmhais) nó i sraitheanna breise 12. Luach in euro, cal ag teorainn an Aontais

13. Barúlacha breise

14. Formhuiniú an údaráis inniúil Dáta:........................................................... Síniú:........................................................... (Stampa)

15. SANNADH Léirigh an chainníocht atá ar fáil i gcuid 1 de cholún 17 agus an chainníocht atá sannta i gcuid 2 de

16. Cainníocht ghlan (an ghlanmhais nó aonad eile tomhais agus an t-aonad á lua) || 19. Doiciméad custaim (foirm agus uimhir) nó Uimh. sleachta agus dáta an tsannta || 20. Ainm, Ballstát, stampa agus síniú an údaráis a shann

17. I bhfigiúirí || 18. I bhfocail don chainníocht a sannadh

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

1. || || ||

2.

Leathanaigh bhreise lena gcur i gceangal leis seo.

_____________________________

é

IARSCRÍBHINN III

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1). || ||

|| Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1). || Pointe 9(7) agus pointe 20 den Iarscríbhinn amháin

_____________

IARSCRÍBHINN IV

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 || Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || || Airteagal 1

Airteagal 2 || || Airteagal 2

Airteagal 4 || || Airteagal 22

Airteagal 5 || || Airteagal 3

Airteagal 6 || || Airteagal 4

Airteagal 7 || || Airteagal 5

Airteagal 8 || || Airteagal 6

Airteagal 9(1) || || Airteagal 7(1)

Airteagal 9(1a) || || Airteagal 7(2)

Airteagal 9(2) || || Airteagal 7(3)

Airteagal 10 || || Airteagal 8

Airteagal 11 || || Airteagal 9

Airteagal 12 || || Airteagal 10

Airteagal 13 || || Airteagal 11

Airteagal 14 || || Airteagal 12

Airteagal 15 || || Airteagal 13

Airteagal 16 || || Airteagal 14

Airteagal 17 || || Airteagal 15

Airteagal 18 || || Airteagal 16

Airteagal 19 || || Airteagal 17

Airteagal 19 a || || Airteagal 18

Airteagal 20 || || Airteagal 19

|| Airteagail 1 go 14 || -

|| Airteagal 14 a || Airteagal 20

|| Airteagal 14b || Airteagal 21

|| Airteagail 15 go 24 || -

Airteagal 21 || || Airteagal 23

Airteagal 22 || || Airteagal 24

Iarscríbhinn I || || Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II || || Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III || || Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV || || Iarscríbhinn IV

|| Iarscríbhinn I || -

|| Iarscríbhinn II || -

_____________________

Top