Accept Refuse

EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013SC0236

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

/* SWD/2013/0236 final */

52013SC0236

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 /* SWD/2013/0236 final */


DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

A ghabhann leis an doiciméad

togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

1.           SAINIÚ NA FAIDHBE

Tá an AE tiomanta go láidir cuspóir na haeráide a bhaint amach is é sin teorainn a chur leis an méadú ar an meánteocht domhanda go dtí níos lú ná 2 chéim Celsius os cionn na leibhéil a bhí ann sa ré réamhthionsclaíoch. Chuige sin, ar cheann de na príomhspriocanna sa Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach[1] tá laghdú 20 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 nó iad a laghdú 30 %, faoi na dálaí cearta[2]. De réir reachtaíocht an AE maidir le haeráid agus fuinneamh[3], ba cheart do gach earnáil den gheilleagar, lena n‑áirítear loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta, cuidiú chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Tá an loingseoireacht idirnáisiúnta ar an t‑aon earnáil agus modh iompair nach bhfuil cumhdaithe go dtí seo ar leibhéal an AE ag an sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú.

In ainneoin an fheabhais atá déanta ar éifeachtúlacht fuinnimh long, lena n‑áirítear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh a tugadh isteach le cur chun feidhme an Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI)[4], meastar go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an AE ó mhuiriompar amach anseo. Meastar go sroichfidh na hastaíochtaí CO2 a bhaineann le gníomhaíochtaí muiriompair san Eoraip (lena n‑áirítear bealaí intíre san AE, turais isteach san AE agus turais amach as an AE) 210 Mt CO2 in 2020 (+8 % i gcomparáid le 2005), 223 Mt CO2 in 2030 (+15 % i gcomparáid le 2005) agus 271 Mt CO2 in 2050 (+39 % i gcomparáid le 2005)[5].

Tá baint dhíreach ag astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar le hídiú breosla agus meastar gurb é an breosla suas le 33 %  go 63 % de chostais oibriúcháin loinge[6]. Dá réir sin, mar gheall ar an méadú leanúnach atá tagtha ar phraghsanna breosla le blianta beaga anuas ba cheart go mbeadh glactha le modhanna teicneolaíochta chun éifeachtúlacht fuinnimh long a mhéadú agus chun laghdú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa seachas a bhfuil déanta i bhfírinne, is é sin rudaí a fhágáil mar atá.

Mar sin féin, sainaithníodh i dtaighde a rinneadh le gairid[7] bearta chun CO2 a laghdú in earnáil an mhuiriompair nach bhfuil á gcur chun feidhme. Tá an costas iomlán a bhaineann le cuid mhaith de na bearta sin diúltach – i.e. sábháiltear níos mó airgid ar bhreosla ná na costais infheistíochta atá de dhith chun iad a chur i bhfeidhm. Cúis amháin nach gcuirtear chun feidhme iad is ea mar gheall ar bhacainní margaidh. Is iad na príomhbhacainní a aithnítear ná (i) easpa faisnéise, (ii) dreasachtaí scoilte agus (iii) rochtain ar mhaoiniú. Dá bharr sin, fiú amháin más príomh-thiománaí é praghas breosla chun laghduithe astaíochtaí a spreagadh, ní féidir leis an acmhainneacht iomlán atá san earnáil loingseoireachta maidir le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach. Ag an am céanna, aon bheartas a spreagann laghduithe ar astaíochtaí CO2 spreagann sé coigiltis thábhachtacha ar bhreosla.

Fiú má fhaightear réidh le bacainní margaidh, meastar go dtiocfaidh fás ar astaíochtaí CO2 ón AE i gcúrsaí muiriompair. Go deimhin, is é an príomh cúis atá leis an méadú ar astaíochtaí CO2 ná an fás ar thrádáil dhomhanda.

2.           Cuspóirí

Táthar ag súil go gcuideoidh earnáil an mhuiriompar idirnáisiúnta leis an gcuspóir atá leagtha amach sa Straitéis Eoraip 2020 agus ina tionscnaimh shuaitheanta. Níos beaichte ná sin, ba cheart don mhuiriompar idirnáisiúnta an sprioc shonrach atá sa Pháipéar Bán ar Iompar ón gCoimisiúin a chomhlíonadh, is é sin laghdú 40 % (50 % más féidir) ar astaíochtaí CO2 an AE ó bhreoslaí umair muirí a bhaint amach faoin mbliain 2050 i gcomparáid le leibhéil 2005.

Ina theannta sin, faoi chuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 d’aithin an Chomhairle Eorpach[8] go dtiocfaidh deiseanna fáis agus fostaíochta le bearta i gcoinne athraithe aeráide trí shaineolas a fhorbairt i leith teicneolaíochtaí éicea-éifeachtúla. Dá bhrí sin, cuirtear forbairt theicneolaíoch chun cinn sna cuspóirí beartais, ag tacú le nuálaíocht leanúnach i dtionscail an AE a bhaineann le cúrsaí muirí.

Ina theannta sin, i ngeall ar an ngné dhomhanda a bhaineann leis an earnáil mhuirí, bíonn rialáil idirnáisiúnta i gcónaí ar an rogha is fearr. Dá bhrí sin, cuspóir sonrach eile don AE is ea beartais réigiúnacha a fhorbairt atá in ann tacú le próiseas na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta nó/agus atá in ann bearta a chur chun cinn chun astaíochtaí muirí a laghdú laistigh den AE agus ar bhonn domhanda.

3.           Anailís na coimhdeachta

D’fhéadfadh beart ar leibhéal an AE astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar domhanda a laghdú go suntasach. B'ionann astaíochtaí CO2 ó thurais go dtí calafoirt an AE agus uathu agus180 Mt CO2 in 2010, i.e. thart ar 1/5 cuid de na hastaíochtaí muirí domhanda[9]. Áirítear leis sin turais laistigh den AE, turais ó chalafoirt san AE chuig an gcéad chalafort cuarda eile lasmuigh den AE agus turais ón gcalafort cuarda deireanach lasmuigh den AE chuig an gcéad chalafort san AE.

Beidh sé níos éifeachtúla gníomhú ar leibhéal an AE seachas gníomhú ar leibhéal na mBallstát mar gheall ar ghné Eorpach na loingseoireachta agus i bhfianaise gurb ionann longa atá ag teacht ó chalafort atá lonnaithe i mBallstát eile nó atá ag dul chuig Ballstát eile agus 90 % de na longa a thagann isteach i gcalafoirt i mBallstáit an AE. Ina theannta sin, trí ghníomhú ar leibhéal an AE d’fhéadfaí saobhadh iomaíochta a sheachaint sa mhargadh inmheánach trína áirithiú go mbeidh na bacainní comhshaoil chéanna ar longa a thiocfaidh isteach i gcalafoirt an AE.

Trí ghníomhú ar leibhéal an AE, áiritheofar freisin go mbeidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa comhchuibhithe ar leibhéal an AE, rud a chuideoidh chun fáil réidh leis an mbacainn atá ar an margadh maidir le heaspa faisnéise.

4.           Roghanna beartas

4.1.        Rogha roghanna beartas

Toisc go bhfuil sé mar aidhm ag togra ón AE a bheith mar réamhtheachtaí ag rialachán idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach cur le roghanna beartas a cuireadh i láthair cheana féin i bhfóraim idirnáisiúnta. Tá na roghanna beartas arna measúnú bunaithe, dá bhrí sin, ar thogra atá cheana féin ag an IMO.

I bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus cé go bhféachtar ar raon beart san anailís seo lena n‑áirítear MBManna, d’fhógair an Leas-Uachtarán Kallas agus Coimisinéir Hedegaard an 1 Deireadh Fómhair 2012 cur chuige céimnithe maidir le bearta an AE a chur chun feidhme. Sa chéad chéim déanfar faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar idirnáisiúnta. Dá réir sin, measadh tionchar an fhaireacháin agus an tuairiscithe ar astaíochtaí CO2 mar bheart beartais neamhspleách, in ainneoin gur réamhriachtanas é scéim den sórt sin maidir le haon rogha beartas.

4.2.        Cur síos ar na roghanna beartais a bhfuil measúnú déanta orthu

4.2.1.     Rogha 1: An cás bunlíne

Ní dhéanann an rogha seo ach beartais agus ionstraimí dlí atá ann cheana a mheas. Dá bharr sin, níltear ag súil go bhfaighfear réidh le haon bhacainní margaidh leis an rogha seo. Ní chuirtear san áireamh leis an rogha seo an fhéidearthacht atá ann faoi láthair do na Ballstáit gníomhaíochtaí nó suiteálacha (i.e. longa nó calafoirt) a áireamh san EU-ETS, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2003/87/CE. Níor bhain aon cheann de na Ballstáit leas as an rogha sin go dtí seo.

4.2.2.     Rogha 2: Faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí bunaithe ar ídiú breosla

Áiritheofar le faireachán, tuairisciú agus fíorú (MRV) a dhéanamh ar astaíochtaí bunaithe ar ídiú breosla go mbeidh faisnéis bheacht ann maidir le feidhmíocht astaíochtaí CO2 loinge. Dá bhrí sin, rachaidh sé i ngleic leis an mbacainn margaidh a bhaineann le heaspa faisnéise. Mar sin féin, ní rachaidh sé i ngleic leis na teipeanna sa mhargadh a bhaineann le dreasachtaí scoilte agus an rochtain ar mhaoiniú. Faoin rogha seo, déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú, bunaithe ar a n‑ídiú breosla. Cuirtear an t-eolas faoi na hastaíochtaí CO2 ar fáil go poiblí d’fhonn feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh.

4.2.3.     Rogha 3: Tobhach ar astaíochtaí

4.2.3.1.  Fo-rogha 3a: Tobhach ar dhíolachán breosla umair

Tá an rogha seo bunaithe ar an bhfaireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéantar cheana féin ar astaíochtaí bunaithe ar dhíolacháin breosla[10]. Leagtar síos an bac carbóin trí ranníocaíocht a dhéanamh le ciste (in €/tCO2). Bheadh aon athchúrsáil ar fháltais faoi chúram na mBallstát a bheadh ag bailiú an tobhaigh. Más amhlaidh atá, d’fhéadfaí na fáltais sin a úsáid go teoiriciúil chun fáil réidh leis an mbacainn margaidh a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú.

4.2.3.2.  Fo-rogha 3b: Cáin ar astaíochtaí ó bhreosla ídithe

Rachadh an rogha seo i ngleic le dhá bhacainn margaidh: easpa faisnéise agus dreasachtaí scoilte. I bprionsabal, téann na fáltais a ghintear isteach sa bhuiséad náisiúnta. Mar sin féin, d’fhéadfadh na Ballstáit ionstraimí/idirghabhálacha eile a leagan amach go teoiriciúil d’fhonn fáil réidh leis na bacainní margaidh chomh fada is a bhaineann sé le rochtain ar mhaoiniú. Sa chás sin amháin, d’fhéadfadh an rogha seo dul i ngleic leis na bacainní margadh go léir. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2). Leagtar síos an bac carbón trí cháin a íoc atá dlite ar gach tona CO2 a astaítear d’fhonn laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh.

4.2.3.3.  Fo-rogha 3c: Ciste cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí

Rachadh an rogha seo i ngleic leis na bacainní margaidh go léir. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2). Leagtar síos an bac carbóin trí ranníocaíocht dheonach sheasta a íoc (in €/tCO2) d’fhonn laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh. Is gnáthchleachtas é san earnáil mhuirí cistí a bhunú chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil. D’fhéadfaí ciste uile-AE a bhunú agus é a bheith de chúram air ranníocaíocht a bhailiú agus fáltas a athchúrsáil. Is réamhriachtanas é ionstraim chomhlántach (e.g. teorainneacha luais, etc.) a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeifear rannpháirteach sa chiste cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí mar an ionstraim is fearr le haghaidh long[11].

4.2.4.     Rogha 4: An Scéim i ndáil le Trádáil Astaíochtaí Muirí (ETS)

Rachadh na fo-roghanna go léir a mheastar faoin ETS i ngleic le bacainní margaidh a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise agus dreasachtaí scoilte. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ETS le ceantáil dul i ngleic freisin leis an mbacainn margaidh a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú, má bhunaítear ionstraimí/idirghabhálacha leordhóthanacha chun fáil réidh leis na bacainní margaidh sin. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2). Leagtar síos an bac carbóin trí sprioc laghdaithe astaíochtaí CO2 a leagan síos.

Nuair is liúntais nua amháin iad na liúntais atá údaraithe le tabhairt suas a chruthaítear don earnáil mhuirí, tugtar córas iata ar an gcóras. Murach sin, meastar gur córas oscailte é. Is féidir liúntais a thabhairt freisin in aisce nó ar ceant. Meastar na fo-roghanna difriúla seo chun críocha an mheasúnaithe tionchair seo.

4.2.5.     Rogha 5: Ciste cúitimh spriocbhunaithe

Rachadh an rogha seo i ngleic leis na bacainní margaidh go léir. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2). Ní mór don chabhlach iomlán cloí leis an sprioc laghdaithe astaíochtaí. Ar mhaithe leis an measúnú tionchair seo, glactar leis go leagtar síos an sprioc ar an leibhéal céanna le córas trádála astaíochtaí muirí (rogha 4). Áirithítear go mbeidh comhlíontacht ann le hoibleagáid maidir le "ciste cúitimh" a bhunú, a bhaineann leis an gcabhlach iomlán, d'fhonn fritháirimh a thabhairt suas d'údarás inniúil de réir astaíochtaí na hearnála muiriompair a tuairiscíodh don bhliain roimhe sin. Tá an "ciste cúitimh" sin freagrach as astaíochtaí na long ar fad a théann isteach i gcalafoirt an AE. Ní mór do gach long a théann isteach i gcalafort de chuid an AE a bheith mar bhall den chiste seo.

5.           Measúnú tionchair

Fiú má shocraítear an sprioc suas go dtí 2050, tá an measúnú eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta déanta suas go dtí 2030 i ngeall ar éiginnte an gheilleagair dhomhanda go fadtéarmach.

5.1.        Tionchair chomhshaoil

Soláthróidh na roghanna uile a bhfuil anailís déanta orthu, seachas an rogha bunlíne, laghduithe ar astaíochtaí (Tábla 1 thíos).

Tábla 1: Laghdú ar astaíochtaí faoi 2030

|| Astaíochtaí faoi 2030 (Mt CO2) || I gcomparáid leis an mbunlíne || Laghduithe astaíochtaí carntha suas go 2030 (Mt CO2)

Rogha 1 – Bunlíne || 223.0 || - || -

Rogha 2 – Faireachán bunaithe ar ídiú breosla || 218.5 || -2 % || 55.9

Rogha 3 – Tobhach ar astaíochtaí || || ||

3a - Tobhach ar dhíolachán breosla umair || 217.0 || -3 % || 40.1

3b - Cáin ar astaíochtaí ó bhreosla ídithe || 186.8 || -16 % || 335.4

3c - Ciste cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí || 186.8 || -16 % || 335.4

Rogha 4 – ETS Muirí || || ||

ETS iata || 175.7 || -21 % || 377.1

ETS oscailte le leithdháileadh saor || 186.7 || -16 % || 333.8

ETS oscailte le ceantáil iomlán || 186.8 || -16 % || 336.3

Rogha 5 – Ciste cúitimh spriocbhunaithe || 186.8 || -16 % || 336.3

Foinse: AEA Technology agus eile, 2012

Tá an laghdú ar astaíochtaí a bhainfí amach leis an ETS iata (rogha 4a) comhsheasmhach le sprioc an Choimisiúin sa Pháipéar Bán ar Iompar. D'fhéadfadh an laghdú ar astaíochtaí a bhainfí amach le roghanna oscailte ETS (4b agus 4c) agus an ciste cúitimh spriocbhunaithe (rogha 5) a bheith comhsheasmhach freisin le sprioc an Choimisiúin sa Pháipéar Bán ar Iompar, má tá úinéirí long agus oibreoirí long ag ceannach laghduithe ar astaíochtaí lasmuigh den earnáil a sholáthraítear ó chóras trádála astaíochtaí ina bhfuil caidhp ar na hastaíochtaí. Níl aon rogha eile in ann laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach atá comhsheasmhach le sprioc an Choimisiúin sa Pháipéar Bán ar Iompar.

5.2.        Tionchair eacnamaíocha

Cuirfear coigiltí breosla tábhachtacha ar fáil le gach ceann de na roghanna beartas a ndearnadh anailís orthu seachas an rogha bunlíne. Ar leataobh ón  bhfaireachán bunaithe ar an mbreosla a ídítear, bheadh costais bheaga chaipitil agus oibriúcháin bhreise mar thoradh ar na roghanna beartais. Cé is moite den tobhach ar dhíolachán breosla umair, cúitítear na costais bhreise sin trí chostais níos ísle ar bhreosla rud a bhféadfadh glanchoigilteas iomlán suntasach de suas le EUR 52 billiún a bheith mar thoradh air don earnáil go dtí 2030[12].

Tábla 2: Costais bhreise na roghanna beartais i gcomparáid leis an mbunlíne, go dtí 2030, ráta lascaine príobháideach (10 %), figiúir dhiúltacha a léiríonn coigiltis costais

Costais bhreise i gcomparáid leis an mbunlíne suas go dtí 2030 || Costais chaipitil || Costais oibriúcháin (cé is moite de chostais bhreosla) || Costais bhreosla || Costais charbóin || Costais iomlána

Faireachán bunaithe ar ídiú breosla || Luach (€bn) || - || +0.6 || -9.4 || - || -8.8

Céatadán || - || +0.3 % || -2.0 % || - || -0.6 %

Tobhach ar dhíolachán breosla umair || Luach (€bn) || +2.5 || +1.6 || -4.8 || +66.7 || +66.0

Céatadán || +0.4 % || +0.5 % || -0.8 % || - || +4.5 %

Cáin ar astaíochtaí || Luach (€bn) || +2.9 || +0.03 || -55.9 || +26.1 || -26.9

Céatadán || +0.5 % || +0.01 % || -9.6 % || - || -1.8 %

Ciste cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí || Luach (€bn) || +2.9 || +0.03 || -55.9 || +26.1 || -26.9

Céatadán || +0.5 % || +0.01 % || -9.6 % || - || -1.8 %

ETS iata || Luach (€bn) || +8.4 || +0.07 || -55.8 || - || -47.3

Céatadán || +1.4 % || +0.02 % || -9.6 % || - || -3.3 %

ETS oscailte le leithdháiltí saora || Luach (€bn) || +2.8 || +0.12 || -55.6 || +0.7 || -52.0

Céatadán || +0.4 % || +0.04 % || -9.5 % || - || -3.6 %

ETS oscailte le ceantáil iomlán || Luach (€bn) || +3.0 || +0.01 || -56.0 || +30.4 || -22.6

Céatadán || +0.5 % || +0.003 % || -9.6 % || - || -1.5 %

Ciste cúitimh spriocbhunaithe || Luach (€bn) || +3.0 || +0.01 || -56.0 || +30.4 || -22.6

Céatadán || +0.5 % || +0.003 % || -9.6 % || - || -1.5 %

Foinse: AEA Technology agus dreamanna eile 2012

Tá an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí long agus ar úinéirí long an‑íseal (níos lú ná 1 % de na costais oibriúcháin bhliantúla) agus é neamhspleách ar an rogha a ndearnadh anailís uirthi.

Ní dóigh go mbeidh aon tionchar aige ar saorghluaiseacht earraí. Taispeántar leis an samhaltú nach mbeadh laghdú ar mhéid na n‑earraí a thrádáiltear laistigh agus lasmuigh den AE mar thoradh ar aon rogha beartas. Ní dóigh go dtiocfadh méadú ar rátaí lasta, ach d'fhéadfadh sé tarlú ar bhealaí áirithe. Mar sin féin, taispeántar i measúnú a rinneadh ar aon tráchtearra ionadaíocha dhéag (arb ionann agus 58 % d'allmhairí an AE 2010 i bhfoirm luacha) nach mbíonn tionchar ag an méadú a d'fhéadfadh teacht ar rátaí lasta ar a gcuid praghsanna. Dá bhrí sin, níltear ag súil go mbeidh aon tionchar suntasach aige ar gheilleagar an AE.

Táthar ag súil go mbeidh na costais riaracháin ar údaráis phoiblí sách íseal (faoi bhun EUR 8 milliún in aghaidh na bliana i gcás an 27 Ballstát). D'fhéadfaí na costais sin a laghdú má bhíonn údarás inniúil lárnach as an AE i gceannas agus mura gcumhdaítear sa rialachán ach longa os cionn 5000 GT.

5.3.        Tionchair shóisialta

Níltear ag súil leis an bhfaireachán bunaithe ar bhreosla a ídítear (rogha 2) go mbeidh tionchair shóisialta bhreise ar chás an bhunlíne, ach d'fhéadfadh roinnt soláthraithe breosla umair san AE a dhúnadh mar gheall ar an tobhach ar dhíolachán breosla umair (rogha 3a), toisc go bhféadfaí na díolacháin a laghdú suas le 90 %. Ní chaillfí aon phoist mar gheall ar na roghanna eile go léir, ach thiocfadh méadú nó laghdú beag ar fhostaíocht i gcoibhneas leis an mbunlíne.

Toisc go mbeadh laghduithe ar thomhaltas breosla umair agus dá bharr sin laghduithe ar OX, SOX agus PM i gceist le gach rogha, beifear ag súil go mbeidh tionchar an‑dearfach ar chúrsaí sláinte.

6.           Comparáid idir na roghanna

Ag glacadh le treoirlínte an mheasúnaithe tionchair agus 9 bprionsabal an IMO chun bearta atá margadhbhunaithe a cheapadh, forbraíodh na critéir seo a leanas chun comparáid a dhéanamh idir na roghanna: an cumas fáil réidh le bacainní margaidh, éifeachtacht chomhshaoil, leochaileacht (neamhchosaint/baol imghabhála), infhorghníomhaitheacht, iomaíochas loingseoireachta, iomaíochas an AE, gníomhaíochtaí á spreagadh ag comhlachtaí eile, lena n‑áirítear an IMO, agus comhsheasmhacht le beartais ghaolmhara an AE.

Mar fhocal scoir agus i gcomhréir leis an gcur chuige céimnithe arna bheartú ag an Leas‑Uachtarán Kallas agus ag Coimisinéir Hedegaard, ba cheart faireachán ar bhreosla a ídítear (rogha 2) a mheas mar an rogha a bheadh mar chéad chéim riachtanach le haghaidh roghanna beartas eile a mbeadh buntáistí níos substaintiúla mar thoradh orthu i dtéarmaí tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta.

I gcás na gcéad chéimeanna eile i ndiaidh chur chun feidhme an fhaireacháin agus an tuairiscithe, is léir nach bhfuil tobhach ar díolachán breosla umair (rogha 3a) oiriúnach mar bheart réigiúnach i ngeall ar na costais mhóra a bhaineann leis, an tionchar sóisialta a bheadh aige agus an baol imghabhála. Téann na roghanna beartas eile i ngleic le tiománaithe fadhbanna[13] agus baintear amach an cuspóir comhshaoil leo, cé go bhfuil sé difriúil. Ba cheart aon chinneadh a dhéanfar sa deireadh thiar maidir le bearta bunaithe ar an margadh a ailíniú leis an rogha a thiocfaidh chun cinn ó na breithniúcháin iomchuí a dhéanfar ag an IMO.

7.           Faireachán agus Meastóireacht

Tá na príomhtháscairí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú ó mhuiriompar bainteach le hastaíochtaí CO2 ó mhuiriompar. Measfar táscairí eile freisin d'fhonn tionchar foriomlán na reachtaíochta AE a mheas.

[1]               COM(2011) 21, féach: http://ec.europa.eu/resource-efficient‑europe

[2]               COM(2010)2020, 3.3.2010

[3]               Cinneadh maidir le comhroinnt díchill Uimh 406/2009/CE aithris 2 agus Treoir ETS an AE 2009/29/CE aithris 3

[4]               Leagann an EEDI arna nglacadh ag an IMO i mí Iúil 2011, na caighdeáin theicniúla amach chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i gcás catagóirí áirithe long nua.

[5]               Ricardo-AEA Technology agus  eile, 2013

[6]               Ricardo-AEA Technology agus eile, 2013

[7]               An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) 2009, CE Delft 2009, Det Norske Veritas (DNV) 2010

[8]               Conclúid na Comhairle Eorpaí (17 Meitheamh 2010), EUCO 13/10

[9]               Bunaithe ar fhigiúirí 2007.

[10]             Is iad soláthraithe breosla umair a thuairiscíonn díolachán breosla umair chun críocha cánachais.

[11]             Ba cheart an sásra seo a dhearadh ar bhealach ar leith ionas go bhfanann an ciste bunaithe ar ranníocaíochtaí ar an bpríomh-ionstraim i gcleachtas.

[12]             Ricardo-AEA agus eile, 2013

[13]             Don cháin ar astaíochtaí (rogha 2), ní bhainfí na bacainní margaidh ach amháin i gcás ina mbeadh na Ballstáit le hionstraimí a bhunú a bhainfeadh an bacainn margaidh i ndáil le rochtain ar mhaoiniú.

Top