EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0167

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

/* COM/2012/0167 final - 2012/0084 (COD) */

52012PC0167

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach /* COM/2012/0167 final - 2012/0084 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

De réir a chéile, is mó an gá atá le staidreamh iontaofa chun go mbeidh lucht ceaptha beartais, gnóthais agus saoránaigh in ann cinntí leormhaithe atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh. Dá bhrí sin, is é an rud is tábhachtaí do gach údarás staidrimh a áirithiú gur sonraí ar ardchaighdeán iad na sonraí a tháirgtear. Aontaíodh Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach[1] in 2005, agus in 2009 tugadh cothrom le dáta an creat bunúsach dlí a rialaíonn forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh arna dhéanamh ag an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE) trí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach a ghlacadh[2].

Léiríonn forbairtí eacnamaíocha a tharla le déanaí arís gur gá inchreidteacht staidrimh a neartú tuilleadh. Níos mó ná riamh, tá meon na margaí domhanda airgeadais agus na straitéisí a d'úsáid na daoine a raibh baint acu leis na margaí sin tar éis tionchar a imirt ar ionstraimí beartais eacnamaíoch agus ar thorthaí. Tá inchreidteacht an staidrimh ag brath ar dhearcadh an phobail, go háirithe na margaí airgeadais, ina leith. Ní mór sonraí staidrimh a bheith iontaofa i dtéarmaí critéar teicniúil maidir le measúnú cáilíochta chun a áirithiú go mbeidh muinín ag úsáideoirí astu. Tá inchreidteacht na n‑institiúidí a tháirgeann staidreamh gach pioc chomh tábhachtach freisin. Sa chomhthéacs sin, ní mór aird ar leith a thabhairt ar neamhspleáchas gairmiúil údarás staidrimh agus ní mór an neamhspleáchas sin a ráthú sa dlí.

D'aithin an Coimisiún an méid sin agus ina Theachtaireacht ‘I dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach’ (‘Towards robust quality management for European Statistics’)[3] chuir sé in iúl gur gá rialachas an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) a neartú trí chur i bhfeidhm gan choinníoll prionsabal neamhspleáchas gairmiúil Institiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) a dhaingniú, trína ról comhordaithe sna córais staidrimh náisiúnta a shoiléiriú agus trí úsáid sonraí riaracháin chun críoch staidrimh a fheabhsú. Thairis sin, moladh go mbunófaí Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh (CoC – Commitments of Confidence) chun go mbeadh rialtais náisiúnta ar an eolas faoina ról in inchreidteacht staidrimh oifigiúil a áirithiú trí neamhspleáchas INSanna a urramú, agus faoina gcomhfhreagracht as an méid sin. De réir an Choimisiúin, ba cheart na bearta sin ar fad a thabhairt isteach trí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú. Thairis sin, ba cheart an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach a athbhreithniú dá réir sin[4].

Thacaigh Comhairle ECOFIN (an 3100ú cruinniú an 20 Meitheamh 2011) leis an anailís a rinneadh sa Teachtaireacht thuasluaite agus leis na bearta feabhsaithe a moladh. Rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ábharthacht lárnach prionsabal neamhspleáchas gairmiúil INSanna a aithint go sainráite freisin sa phacáiste reachtach ina raibh sé phíosa reachtaíochta maidir le rialachas airgeadais feabhsaithe, pacáiste a tháinig i bhfeidhm i Nollaig 2011. Sonraíodh ann go n‑éilíonn neamhspleáchas gairmiúil údarás náisiúnta staidrimh, inter alia, earcaíocht thrédhearcach agus próisis scoir atá bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin[5]. Thairis sin, an 13 Márta 2012 ghlac Parlaimint na hEorpa rún inar iarr sí ar an gCoimisiún bearta a chur chun feidhme go gasta chun bainistíocht cáilíochta agus rialachas i ndáil le Staidreamh Eorpach a fheabhsú.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Sa togra déantar forbairt den chuid is mó ar chonclúidí deiridh agus ar mholtaí Thascfhórsa an CSE maidir le hathbhreithniú Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus maidir le Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh, tascfhórsa a tháinig le chéile roinnt uaireanta idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair 2011. Sa Tascfhórsa bhí ionadaithe ó 14 tír agus pléadh ceithre phríomh‑shaincheist a leagadh amach sa Teachtaireacht ‘I dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach’ i ndáil le rialachas ar an gCóras Staidrimh Eorpaigh a neartú: neamhspleáchas INSanna, a ról comhordaithe i gcórais staidrimh náisiúnta, úsáid agus bainistíocht sonraí riaracháin agus Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh.

Thairis sin, chuathas i gcomhairle leis an gCoiste CSE i ndáil leis an dréacht‑togra. Is é misean an Choiste treoir ghairmiúil a chur ar fáil don CSE maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir le prionsabail staidrimh.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Sa togra moltar athbhreithniú ar an gcreat bunúsach dlí atá ann faoi láthair don Staidreamh Eorpach, trína oiriúnú chun na riachtanais bheartais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin don Staidreamh Eorpach a d'éirigh as forbairtí a tharla le déanaí ar an ngeilleagar domhanda. Is é an príomhchuspóir rialachas sa Chóras Staidrimh Eorpach a neartú tuilleadh chun a inchreidteacht ard a chosaint agus chun freastal go leordhóthanach ar riachtanais sonraí a thig as an gcomhordú feabhsaithe i leith beartais eacnamaíoch san Aontas Eorpach.

Go háirithe, tá neamhspleáchas gairmiúil údarás náisiúnta staidrimh fíor‑ábhartha sa chomhthéacs seo. Sa togra seo, déantar tagairt shainráite do Chinn INSanna mar dhaoine ar réamhchoinníoll é a neamhspleáchas agus a ndualgais á gcur i gcrích acu chun neamhspleáchas na n‑institiúidí lena mbaineann a áirithiú. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an tsaoirse ag Cinn INSanna cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú eisiúintí agus foilseachán staidrimh don Staidreamh Eorpach ar fad. Ní mór freisin cosc a chur orthu treoracha a lorg ó rialtais náisiúnta agus ó institiúidí eile, agus iad a chosaint ó na treoracha sin a fháil. Thairis sin, ba cheart cuid mhaith neamhspleáchais a thabhairt do Chinn INSanna agus cinntí á ndéanamh acu faoi bhainistíocht inmheánach na hoifige staidrimh agus ba cheart cead a thabhairt dóibh labhairt go poiblí ar an mbuiséad arna leithdháileadh don INS i gcomhthéacs cúraimí staidrimh atá le cur i gcrích. Ina theannta sin, ní mór rialacha trédhearcacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a bheith ann maidir le ceapadh, le haistriú agus le scor Ceann INSanna, agus iad bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin.

Ní hamháin, áfach, gur cheart a lán neamhspleáchais a bheith ag Cinn INSanna, ba cheart freisin iad a bheith freagrach as na torthaí a sholáthraíonn na INSanna i dtéarmaí aschuir staidrimh agus chur i bhfeidhm an bhuiséid araon. Dá réir sin, ba cheart dóibh tuarascáil bhliantúil a thíolacadh faoi ghníomhaíochtaí staidrimh agus faoi staid airgeadais an údaráis lena mbaineann.

Mar a shonraigh an Coimisiún ina Theachtaireacht ‘I dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach’, áirítear bunú Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh freisin sa togra maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Na dearbhuithe urraime sin maidir leis an gCód Cleachtais don Staidreamh Eorpach, agus go háirithe maidir le prionsabal neamhspleáchas INSanna, féachann siad le rialachas staidrimh san AE a neartú agus le hinchreidteacht Staidrimh Eorpaigh a chosaint. De réir an togra, ba cheart do rialtas gach Ballstáit iad a shíniú agus ba cheart don Choimisiún iad a chomhshíniú, agus sin ag an leibhéal is airde is gá sa dá chás. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh gach Ballstát féin na Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh a dhréachtú agus go mbeidh ann bearta feabhsaithe a bhaineann go sonrach leis an tír i gceist. Is é Eurostat a dhéanfadh faireachán ar chur chun feidhme na mbeart sin mar chuid den mheasúnú a dhéantar go rialta cheana féin ar a mhéid a chomhlíonann Ballstáit an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach.

Déanann an togra maidir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú ról comhordaithe INSanna sna córais staidrimh náisiúnta a shoiléiriú. Táthar tar éis tagairtí sainráite d'institiúidí agus d'fheidhmeanna atá le comhordú a chur isteach.

Leasú eile lena soiléirítear ról na INSanna is ea an tAirteagal 17a nua maidir le rochtain ar thaifid riaracháin, agus úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin. Glacann an tAirteagal sin ionad Airteagal 24 a bhí ann roimhe. Is é a phríomhaidhm creat dlí a bhunú chun úsáid níos leithne a bhaint as foinsí sonraí riaracháin chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh gan an t‑ualach ar fhreagróirí, ar INSanna agus ar údaráis náisiúnta eile a mhéadú. De réir an togra, ba cheart páirt a bheith ag INSanna, a mhéid is gá, i gcinntí maidir le ceapadh, le forbairt agus le scor taifead riaracháin a d'fhéadfaí a úsáid i dtáirgeadh sonraí staidrimh. Ba cheart dóibh freisin gníomhaíochtaí ábhartha caighdeánaithe a chomhordú agus meiteashonraí a fháil maidir le sonraí riaracháin a asbhaineadh chun críoch staidrimh. Ba cheart rochtain thráthúil saor in aisce ar thaifid riaracháin a thabhairt do INSanna, d'údaráis náisiúnta eile agus do Eurostat, laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin agus laistigh de sin amháin, agus a mhéid is gá chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Leis an leasú ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 corpraítear an gá le seasamh neamhspleách Eurostat a dhaingniú go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais sa tslí chéanna is atá beartaithe i gcás INSanna ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé fíorthábhachtach amhlaidh a dhéanamh ar mhaithe le hinchreidteacht an Chórais Staidrimh Eorpaigh iomláin, agus chuir tromlach mór na mBallstát béim mhór ar an méid sin sa chomhairliúchán leis na geallsealbhóirí a tharla roimhe sin.

Thairis sin, chun pleanáil bhuiséadach do ghníomhaíochtaí staidrimh a shimpliú agus chun í a dhéanamh níos cobhsaí, rinneadh tréimhse chláraithe an Chláir Staidrimh Eorpaigh a chur i gcomhréir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais.

Ar deireadh, leis an leasú atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cuirtear san áireamh na coigeartuithe is gá ar Chonradh Liospóin maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níltear ag súil go mbeidh tionchar ag an togra ar acmhainní laistigh den CSE. A mhalairt atá fíor: tá sé ceaptha chun comhordú agus comhoibriú laistigh den chóras a shimpliú agus a fheabhsú, agus ar an gcuma sin chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhealach níos éifeachtúla agus chun an t‑ualach ar fhreagróirí a laghdú.

Is é foireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an ghnímh reachtaigh lena mbaineann sannta dóibh cheana agus/nó a ath‑imlonnaíodh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht a chuirfidh na hacmhainní daonna is gá ar fáil.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Tada.

2012/0084 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)(1)   Den chuid is mó, tá éirithe leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE), mar chomhpháirtíocht, a ghníomhaíochtaí a chomhdhlúthú chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh ar ardchaighdeán a áirithiú, lena n‑áirítear trí rialachas ar an gcóras a fheabhsú.

(2)(2)   Aithníodh roinnt laigí le déanaí, áfach, go háirithe maidir leis an gcreat chun cáilíocht staidrimh a bhainistiú.

(3)(3)   Mhol an Coimisiún beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin ina Theachtaireacht an 15 Aibreán 2011 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘I dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach’[6]. Go háirithe, mhol sé leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach[7].

(4)(4)   Ina conclúidí an 20 Meitheamh 2011, d'fháiltigh Comhairle ECOFIN roimh thionscnamh an Choimisiúin agus chuir sí béim ar an tábhacht a bhaineann le rialachas agus éifeachtúlacht an CSE a fheabhsú an t‑am ar fad.

(5)(5)   Ina theannta sin, ba cheart tionchar forbairtí a tharla le déanaí, i gcomhthéacs chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ar réimse an staidrimh a chur san áireamh, go háirithe gnéithe a bhaineann le neamhspleáchas staidrimh, amhail próisis thrédhearcacha earcaíochta agus scoir, leithdháiltí buiséid agus féilirí réamheisiúna, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[8], chomh maith leis na gnéithe sin a bhaineann leis an gceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmeach a bheith ag comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme rialacha náisiúnta fioscacha, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n‑áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú.

(6)(6)   Níor cheart go mbeadh na gnéithe sin teoranta don staidreamh a tháirgtear chun críocha an chórais um fhaireachas fioscach agus an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach ach ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an staidreamh Eorpach uile arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh ag an CSE.

(7)(7)   Thairis sin, is coinníoll riachtanach é do neamhspleáchas gairmiúil údarás staidrimh leordhóthanacht na n‑acmhainní a shanntar ar bhonn bliantúil nó ilbhliantúil agus atá ar fáil chun riachtanais staidrimh a chomhlíonadh.

(8)(8)   Chuige sin, ba cheart neamhspleáchas gairmiúil na n‑údarás staidrimh a neartú agus ba cheart íoschaighdeáin a fhorghníomhú, go háirithe i gcás Ceann Institiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna), ar cheart ráthaíochtaí sonracha a sholáthar dóibh i dtaobh cur i gcrích tascanna staidrimh, bainstíochta eagraíochta agus leithdháileadh acmhainní.

(9)(9)   Thairis sin, ba cheart an ról comhordaithe atá sannta cheana do na INSanna a shoiléiriú maidir lena raon feidhme, chun comhordú níos éifeachtúla gníomhaíochtaí staidrimh ar leibhéal náisiúnta a bhaint amach, lena n‑áirítear bainistíocht cáilíochta.

(10)(10)           Chun an t‑ualach ar údaráis staidrimh agus ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart go mbeadh na INSanna agus údaráis náisiúnta eile in ann rochtain a fháil ar thaifid riaracháin agus iad a úsáid, lena n‑áirítear na cinn a líontar isteach go leictreonach, an méid sin a dhéanamh go pras agus saor in aisce, agus na taifid sin a chomhtháthú le staidreamh.

(11)(11)           Ba cheart freisin dul i gcomhairle leis na INSanna go luath faoi dhearadh taifead nua riaracháin a d'fhéadfadh sonraí chun críoch staidrimh a sholáthar agus faoi athruithe atá beartaithe ar acmhainní riaracháin atá ann cheana nó faoi dheireadh a chur leis na hacmhainní sin. Ba cheart go bhfaigheadh siad freisin meiteashonraí ábhartha ó úinéirí sonraí riaracháin agus ba cheart dóibh gníomhaíochtaí caighdeánaithe a chomhordú maidir le taifid riaracháin atá ábhartha do tháirgeadh sonraí staidrimh.

(12)(12)           Ba cheart rúndacht sonraí a fhaightear ó thaifid riaracháin a chosaint faoi na prionsabail choiteanna agus na treoirlínte coiteanna is infheidhme maidir leis na sonraí rúnda ar fad a úsáidtear chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ba cheart creataí measúnaithe cáilíochta a mbeadh feidhm acu maidir leis na sonraí sin a bhunú freisin.

(13)(13)           D'fhéadfaí cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a neartú agus muinín úsáideoirí a threisiú, trí fhreagracht a chur ar na rialtais náisiúnta an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach a chur i bhfeidhm. Chuige sin, ba cheart ‘Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh’ a bhunú i ngach Ballstát agus ba cheart go dtabharfadh an rialtas gealltanais shonracha go gcuirfidh sé an Cód agus na creataí náisiúnta dearbhaithe cáilíochta chun feidhme, lena n‑áirítear féinmheasúnuithe agus gníomhaíochtaí feabhsaithe.

(14)(14)           Toisc nach mór táirgeadh Staidrimh Eorpaigh a bheith bunaithe ar phleanáil fhadtéarmach oibríochtúil agus airgeadais chun leibhéal ard neamhspleáchais a áirithiú, ba cheart don Chlár Staidrimh Eorpach an tréimhse chéanna leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a chumhdach.

(15)(15)           Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ón gComhairle tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme; mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoin Rialachán sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh.

(16)(16)           Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a fhorlíonadh nó a leasú chun ceanglais cháilíochta a shonrú, amhail spriocluachanna agus íoschaighdeáin don táirgeadh staidrimh, i gcás nach ndéantar foráil i reachtaíocht staidrimh earnálach maidir leo sin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuireann na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach riaracháin breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(17)(17)           Tá tábhacht ar leith ag baint leis go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(18)(18)           Tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun rochtain ar shonraí rúnda chun críoch eolaíoch a chur chun feidhme. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn na socruithe, rialacha agus coinníollacha a rialaíonn an rochtain sin ar leibhéal an Aontais a bhunú, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin atá leagtha síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[9].

(19)(19)           Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(20)(20)           Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 2(1):

‘(a)       ‘neamhspleáchas gairmiúil’, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neamhspleách, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a bheidh le húsáid, agus uainiú agus inneachar i leith na bhfoirmeacha uile maidir le scaipeadh a dhéanamh, atá saor ó aon bhrú ó ghrúpaí polaitiúla, ó ghrúpaí sainleasa, ó údaráis náisiúnta nó ó údaráis an Aontais;’

(2) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Gníomhóidh an t‑údarás náisiúnta staidrimh a ainmneoidh gach Ballstát mar an comhlacht a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile ar an leibhéal náisiúnta maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh (an INS) mar an t‑aon phointe teagmhála don Choimisiún (Eurostat) maidir le hábhair staidrimh.

Cumhdófar le freagracht chomhordúchain an INS gach údarás náisiúnta eile atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Beidh an INS freagrach ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe, as clárú agus tuairisciú staidrimh, faireachán ar cháilíocht, modheolaíocht, tarchur sonraí agus cumarsáid faoi bhearta staidrimh an CSE.’

(3) Cuirtear an tAirteagal 5a a leanas isteach:

‘Airteagal 5a Cinn INSanna

1.         Laistigh dá gcóras staidrimh náisiúnta féin, is ar Chinn INSanna, agus orthu sin amháin, a bheidh an fhreagracht as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n‑eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán a bhaineann leis an Staidreamh Eorpach ar fad. Tabharfar de chumhacht dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar a bhaineann le bainistíocht inmheánach an INS. Comhordóidh siad gníomhaíochtaí staidrimh gach údaráis náisiúnta a rannchuidíonn le forbairt, le táirgeadh agus le scaipeadh Staidrimh Eorpaigh. Agus na cúraimí sin á gcur i gcrích acu, gníomhóidh Cinn INSanna ar shlí neamhspleách; ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas nó institiúid, comhlacht, oifig nó eintiteas eile; staonfaidh siad ó aon bheart nach luíonn le cur i gcrích na gcúraimí sin.

2.         Beidh na nósanna imeachta chun cinn INSanna a earcú, a aistriú agus a scor trédhearcach agus is ar chritéir ghairmiúla amháin a bheidh siad bunaithe.

3.         Beidh Cinn INSanna freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh agus as cur i bhfeidhm bhuiséad an INS; foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil agus féadfaidh siad barúlacha a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid i ndáil le gníomhaíochtaí staidrimh an INS.

4.         Déanfaidh Cinn INSanna ionadaíocht thar ceann a gcóras staidrimh náisiúnta laistigh den CSE.’

(4) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.        Ag gníomhú dó go neamhspleách, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), ar leibhéal an Aontais, go dtáirgfear Staidreamh Eorpach de réir na rialacha agus na bprionsabal staidrimh atá socraithe. Chuige sin, is ar an gCoimisiún (Eurostat) amháin a bheidh an fhreagracht as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n‑eisiúintí staidrimh.’

(5) In Airteagal 11, cuirtear mír 3 seo a leanas isteach:

‘3.        Déanfaidh Ballstáit na bearta uile is gá chun an Cód Cleachtais a chur chun feidhme chun muinín as a gcuid staidrimh a chothabháil. Chuige sin, déanfaidh gach Ballstát, agus a rialtas ag feidhmiú ar a shon, Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh a shíniú agus a chur chun feidhme, ina ndéantar gealltanais shonracha beartais an Cód a chur chun feidhme agus creat náisiúnta dearbhaithe cáilíochta a bhunú, lena n‑áirítear féinmheasúnuithe agus bearta feabhsaithe. Comhshíneoidh an Coimisiún an Gealltanas.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar na gealltanais sin ar bhonn tuarascálacha bliantúla a chuirfidh na Ballstáit faoina bhráid. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chur chun feidhme na ngealltanas sin laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.’

(6) In Airteagal 12(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar ceanglais shonracha cáilíochta, amhail spriocluachanna agus íoschaighdeáin do tháirgeadh staidrimh a leagan síos sa reachtaíocht earnálach. I gcás nach bhforáiltear amhlaidh leis an reachtaíocht earnálach, féadfaidh an Coimisiún na ceanglais shonracha cáilíochta sin a ghlacadh, trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 26a.’

(7) In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.        Leis an gClár Staidrimh Eorpach soláthrófar an creat chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus leagfar amach ann príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chinnfidh an Clár. Déanfar a thionchar agus a éifeachtacht costais a mheasúnú agus leas á bhaint as ionchur saineolaithe neamhspleácha.’

(8) Cuirtear an tAirteagal 17a a leanas isteach:

‘Airteagal 17a

Rochtain ar thaifid riaracháin, úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin

‘1.        Chun an t‑ualach ar fhreagróirí a laghdú, beidh sé de cheart ag INSanna, ag údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 4 agus ag an gCoimisiún (Eurostat) rochtain a fháil ar gach taifead riaracháin agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

2.         Rachfar i gcomhairle leis na INSanna agus leis an gCoimisiún (Eurostat) faoi cheapadh tosaigh taifead riaracháin, faoina bhforbairt ina dhiaidh sin agus faoi scor na dtaifead, ar taifid iad a d'fhorbair agus a chothabháil comhlachtaí eile, agus a éascóidh tuilleadh úsáide na dtaifead sin chun críoch staidrimh agus beidh na INSanna agus an Coimisiún páirteach sa mhéid sin. Beidh sé de cheart acu gníomhaíochtaí caighdeánaithe a chomhordú i ndáil le taifid riaracháin atá ábhartha do tháirgeadh sonraí staidrimh.

3.         Beidh rochtain de chuid na INSanna, údarás náisiúnta eile agus an Choimisiúin (Eurostat) agus a rannpháirtíocht de bhun mhír 1 agus mhír 2 teoranta do rochtain ar thaifid riaracháin laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin.

4.         Gheobhaidh na INSanna meiteashonraí ábhartha ó úinéirí taifead riaracháin a úsáidtear chun críoch staidrimh.

5.         Déanfaidh na INSanna agus úinéirí taifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú.’

(9) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Déanfar na socruithe, na rialacha agus na coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).’

(10) Scriostar Airteagal 24.

(11) Cuirtear an tAirteagal 26a a leanas isteach:

‘Airteagal 26a Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1.         Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.         Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.         Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chúlghairm am ar bith.

Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.         A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.         Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27 Coiste

1.         Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.         I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17.4.2012

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Moladh ón gCoimisiún maidir le neamhspleáchas, sláine agus cuntasacht na n‑údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail (Recommendation of the Commission on the independence, integrity and accountability of the national and Community statistical authorities), COM(2005) 217 críochnaitheach, 25.5.2005.

[2]               IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

[3]               COM(2011) 211 críochnaitheach, 15.4.2011.

[4]               D'fhormheas an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach athbhreithniú ar an gCód Cleachtais don Staidreamh Eorpach an 28 Meán Fómhair 2011.

[5]               Airteagal 1(14) de Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú; IO L 306, 23.11.2011, lch. 12.

[6]               COM(2011) 211 críochnaitheach.

[7]               IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

[8]               IO L 306, 23.11.2011, lch. 12.

[9]               IO L 55, 28. 2.2011, lch. 13.

Top