Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0446

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

/* COIM/2011/0446 leagan deireanach - 2011/0193 (COD) */

52011PC0446

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) /* COIM/2011/0446 leagan deireanach - 2011/0193 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Cúlra

An Íoslainn agus Montainéagró

I gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010 tugadh d'aird go gcomhlíonann an Íoslainn na critéir pholaitiúla a leag Comhairle Eorpach Chóbanhávan síos i 1993 agus fáiltíodh roimh thuairim an Choimisiúin maidir le hiarratas na hÍoslainne a bheith ina comhalta den AE. Ar an bhforas sin, chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíochtaí leis an Íoslainn. Tír is iarrthóir is ea an Íoslainn dá bhrí sin.

D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 16-17 Nollaig 2010 conclúidí na Comhairle ón 14 Nollaig 2010 maidir le méadú, agus chomhaontaigh sí stádas tíre is iarrthóir a thabhairt do Mhontainéagró.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don Chomhairle agus don Pharlaimint Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) a leasú d'fhonn an Íoslainn agus Montainéagró a aistriú ó liosta na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha (Iarscríbhinn II) go liosta na dtíortha is iarrthóirí (Iarscríbhinn I).

Airteagal 19

Molann an Coimisiún don Chomhairle agus don Pharlaimint leasú a dhéanamh ar Airteagal 19 "Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus áit tionscnaimh, incháilitheacht le haghaidh deontas" de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 lena mbunaítear an IPA, chun na forálacha ann a ailíniú le forálacha Airteagal 21 "Rannpháirtíocht i dtairiscintí agus i gconarthaí" de Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (ENPI).

Téann an leasú sin i ngleic leis an imní atá curtha in iúl ag Ballstáit de chuid an AE atá páirteach i gcláir chomhair thrasteorann (CCT) an IPA, maidir le rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí. D'iarr Ballstáit nach bhféadfadh ach iarratasóirí ó thíortha atá páirteach sa chlár CCT ábhartha den IPA páirt a ghlacadh i nglaonna ar thograí, de réir mar atá i gcás chláir CCT an ENPI. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún réiteach ionchasach a mholadh a luaithe ab fhéidir.

Rinne an Coimisiún measúnú ar na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le hathbhreithniú ar Airteagal 19, go háirithe maidir le comhsheasmhacht le hionstraimí cúnaimh sheachtraigh eile, agus leis an ENPI, ina bhfuil comhchuid CCT freisin, go sonrach. Tá sé molta ag an gCoimisiún dá bhrí sin gur cheart Airteagal 19 a ailíniú le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 (Rialachán an ENPI), trí mhír 9 nua a chur isteach, mír lena gceadófaí, i bhfianaise chineál áitiúil na gclár CCT, rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí a theorannú do ghníomhairí áitiúla.

Cúnamh do chomhphobal na gCipireach Turcach agus coiste bainistíochta an IPA

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Rialachán an IPA a leasú chun ligean do choiste Phare leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún le bainistiú an chúnaimh airgeadais a thugtar do chomhphobal na gCipireach Turcach, mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 maidir le cúnamh a thabhairt do chomhphobal na gCipireach Turcach.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Rialachán (AE) Uimh. 540/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)[1].

Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2007 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)[2].

Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle an 5 Nollaig 2000 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú[3].

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Rinne an Coimisiún measúnú ar dhá ghné de na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le hathbhreithniú ar Airteagal 19:

1) Measúnú ar chomhsheasmhacht le Rialachán Uimh. 2112/2005 (ar a dtugtar an "Rialachán dícheangailteach")

2) Comhsheasmhacht le hionstraimí cúnaimh sheachtraigh eile.

Baineadh de thátal as an measúnú gur cheart Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 (Rialachán an IPA) a ailíniú le hAirteagal 21 "Rannpháirtíocht i dtairiscintí agus i gconarthaí" de Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 (Rialachán an ENPI) trí mhír 9 nua a chur isteach i Rialachán an IPA.

2. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus saineolas a bhailiú agus a úsáid

Rinne an Coimisiún comhairliúchán inmheánach. Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

Measúnú iarmharta

Neamhbhainteach.

3. Eilimintí dlíthiúla an togra

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe: trí cinn de leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).

I.            Déanfar an Íoslainn agus Montainéagró a aistriú ó liosta na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha (Iarscríbhinn II) go liosta na dtíortha is iarrthóirí (Iarscríbhinn I), tar éis chinneadh na Comhairle Eorpaí.

II.           Cuirfear mír 9 nua isteach in Airteagal 19.

III.          I mír 1 d'Airteagal 25, modhnaítear an dara fomhír.

Bunús dlí

Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Prionsabal na coimhdeachta

Neamhbhainteach.

Prionsabal na comhréireachta

Neamhbhainteach.

Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an Rialachán ón gComhairle. Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4. Impleachtaí buiséadacha

Ní bhaineann aon chaiteachas breise leis an mbeart seo.

5. Faisnéis bhreise

Simpliú

Neamhbhainteach.

2011/0193 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[4],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) I Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006[5] lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, déantar foráil maidir le cúnamh do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus iad á n‑ailíniú de réir a chéile le caighdeáin agus le beartais an Aontais, lena n‑áirítear acquis an AE más iomchuí, d'fhonn comhaltas a bhaint amach.

(2) Déantar idirdhealú follasach i Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 idir tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha.

(3) Sa Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010, fáiltíodh roimh thuairim an Choimisiúin maidir le hiarratas na hÍoslainne a bheith ina comhalta den Aontas, tugadh d'aird go gcomhlíonann an Íoslainn na critéir pholaitiúla a leag Comhairle Eorpach Chóbanhávan síos i 1993 agus cinneadh tús a chur le caibidlíochtaí aontachais leis an Íoslainn. Tír is iarrthóir is ea an Íoslainn dá bhrí sin.

(4) D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 17 Nollaig 2010 conclúidí na Comhairle ó mhí na Nollag 2010 maidir le méadú agus chomhaontaigh sí stádas tíre is iarrthóir a dheonú do Mhontainéagró.

(5) D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún leasú a mholadh ar Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle d'fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí deontais arna maoiniú faoi chomhchuid an chomhair thrasteorann den IPA agus d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú le hionstraimí cúnaimh sheachtraigh eile agus go háirithe leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht.

(6) I Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch Chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú[6], ainmnítear an coiste dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89 an 18 Nollaig 1989[7] ("coiste Phare") chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún le bainistiú an chúnaimh a thugtar do Chomhphobal na gCipireach Turcach. I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, aisghaireadh Rialachán (CEE) Uimh. 3906/89, ach leanann sé d'fheidhm a bheith aige maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais lena gcuirtear buiséid na mblianta roimh 2007 chun feidhme. Ós rud é go leanann Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 de bheith ar an ngníomh bunúsach le haghaidh tacaíochta airgeadais do Chomhphobal na gCipireach Turcach i ndiaidh na mblianta buiséid sin, ba cheart leanúint le coiste Phare chun na críche sin.

(7) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 leis seo mar a leanas:

(1) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 19:

"9. Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do rannpháirtíocht catagóirí d'eagraíochtaí atá incháilithe, de réir a gcineáil nó de réir a láithreach, maidir le cuspóirí an ghnímh."

(2) I mír 1 d'Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Leanfaidh na Rialacháin seo, chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 2666/2000, d'fheidhm a bheith acu maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais lena gcuirtear buiséid na mblianta roimh 2007 chun feidhme, maidir le cur chun feidhme Airteagal 31 den Ghníomh i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine agus oiriúnuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe(*) agus maidir le cur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006(**) ón gComhairle.

______________________________

*IO L 157, 21.6.2005, lch. 203.

**IO L 65, 7.3.2006, lch. 5."

(3) In Iarscríbhinn I, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála maidir leis an gCróit:

"— an Íoslainn

— Montainéagró".

(4) In Iarscríbhinn II, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

"— an Íoslainn

— Montainéagró".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

([1])            IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.

([2])            IO L 170, 29.6.2007, lch. 1.

([3])            IO L 65, 7.3.2006, lch. 5.

([4])            IO C , , lch. .

([5])            IO L 210, 31.7.2006, lch. 82

([6])            IO L 65, 7.3.2006, lch. 5

([7])            IO L375, 23.12.1989, lch 11.

Top