EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0457
OPINION OF THE COMMISSION pursuant to Article 294(7)(c) of the Treaty on the Functioning of the European Union, on the European Parliament amendment to the Council position regarding the proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL concerning a European rail network for competitive freight
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasú Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasú Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch
/* COIM/2010/0457 leagan deireanach - COD 2008/0247 */
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasú Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 30.8.2010 COIM(2010) 457 leagan deireanach 2008/0247 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasú Pharla imint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch LENA LEASAÍTEAR AN TOGRA ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 2008/0247 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasú Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch 1. Cúlra An dáta ar glacadh an togra agus ar seoladh é chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle: 11 Nollaig 2008 Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (an chéad léamh) : 23 Aibreán 2009 Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta: 15 Iúil 2009 Tuairim ó Choiste na Réigiún: 7 Deireadh Fómhair 2009 An dáta ar glacadh an seasamh ón gComhairle d'aon toil: 22 Feabhra 2010 Comhaontú Coreper ar an gcomhréiteach ag an dara léamh: 7 Meitheamh 2010 Seasamh Pharlaimint na hEorpa (an dara léamh): 15 Meitheamh 2010 2. Cuspóir an togra - Is é cuspóir an togra le haghaidh Rialacháin na Ballstáit, agus go háirithe bainisteoirí an bhonneagair iarnróid, a spreagadh le gréasán iarnróid Eorpach "d'iompar lasta iomaíoch" a fhorbairt. Beidh sé comhdhéanta de chonairí idirnáisiúnta iarnróid d'iompar lasta. - Ba cheart do na conairí sin an deis a thabhairt do na traenacha lasta leas a bhaint as línte iarnróid d'ardcháilíocht chun go mbeidh siad in ann leibhéal cáilíochta seirbhíse (poncúlacht, amanna turais) atá níos airde ná an leibhéal faoi láthair a bhaint amach, rud a bhfuil fíorghá leis chun cliaint san iompar lasta a mhealladh. Cheadódh na conairí seo freisin acmhainní breise don iompar lasta d'iarnród a scaoileadh saor mar go bhfuil fás ag teacht ar an modh iompair sin le blianta beaga anuas (fiú le héifeachtaí na géarchéime eacnamaíche is dóchúla go leanfaidh an claonadh sin ar aghaidh sna blianta amach romhainn). - Tá ceithre threoirlíne phríomha beartaithe ag an gCoimisiún chun na conairí sin a chruthú: - Comhar agus comhchuibhiú breise idir bhainisteoirí an bhonneagair iarnróid i dtaca le bainistíocht oibríochtúil na mbonneagar agus leis na hinfheistíochtaí. Cuirfear an méid sin i gcrích go háirithe trí struchtúr rialachais a bhunú le haghaidh gach conaire. - Iontaofacht agus toilleadh na n-acmhainní bonneagair atá ar fáil don iompar lasta d'iarnród i gconairí idirnáisiúnta atá dírithe ar lasta a mhéadú. - Breis comhordaithe idir an gréasán iarnróid agus na críochfoirt earraí (calafoirt mhuirí agus intíre, clóis eagraithe, etc.). - Conairí eiseamláireacha maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach do na hoibreoirí agus trédhearcacht na gcoinníollacha rochtana, go háirithe trí rialacha agus faisnéis ábhartha a fhoilsiú. 3. Tuairim ón g COIMISIÚN AR LEASÚ PHARLAIMINT NA h EORPA Is toradh é seasamh Pharlaimint na hEorpa, a glacadh an 15 Meitheamh 2010, ar an gcomhréiteach a fuarthas sna comhráite deireanacha idir na trí pháirtí, go háirithe maidir le rochtain ar na conairí, trí ionad uileghnó ('One Stop Shop') a bhunú agus trí línte a chur in áirithe do ghnólachtaí nach comhlachtaí iarnróid iad ('iarratasóirí údaraithe'). Dhaingnigh an Chomhairle an comhréiteach sin i mí an Mheithimh, faoi réir dréachtráitis ón gCoimisiún (féach thíos). 4. Conclúid De bhun Airteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an Coimisiún sásta an togra a mhodhnú mar atá tugtha le fios thuas. Tá an ráiteas seo a leanas á dhéanamh ag an gCoimisiún freisin (bunleagan Béarla): "The Commission underlines that the one-stop-shop is a joint body set up or designated by the management board of each corridor; its function is that of a coordination tool. It may be a technical body within the corridor management structure or one of the infrastructure managers concerned"[1]. [1] Meabhraíonn an Coimisiún gur comhchomhlacht atá san ionad uileghnó a bhunóidh nó a cheapfaidh bord bainistíochta gach conaire; is uirlis atá ann ar mhaithe le comhordú. Féadfaidh sé a bheith ina chomhlacht teicniúil laistigh de struchtúr bainistíochta na conaire nó a bheith ar cheann de na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann.