EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52007PC0530
Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing an Agency for the Cooperation of Energy Regulators {SEC(2007) 1179} {SEC(2007) 1180}
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag bunú Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007) 1179} {SEC(2007) 1180}
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag bunú Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007) 1179} {SEC(2007) 1180}
/* COIM/2007/0530 leagan deireanach - COD 2007/0197 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil19.9.2007 COIM(2007) 530 leagan deireanach 2007/0197 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ag bunú Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007) 1179}{SEC(2007) 1180} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN Tá ról lárnach ag an leictreachas agus ag an ngás i ndea-chaighdeán saoil na hEorpa. Gan margadh Eorpach atá iomaíoch agus éifeachtach sa leictreachas agus sa ghás, beidh ar shaoránaigh na hEorpa praghsanna iomarcacha a íoc ar cheann de na riachtanais is bunúsaí atá acu. Tá an margadh sa leictreachas agus sa ghás ríthábhachtach d'iomaíochas na hEorpa ós rud gur ionchur tábhachtach is ea fuinneamh do thionscal na hEorpa. Thairis sin, tá margadh iomaíoch agus éifeachtach sa leictreachas agus sa ghás ina réamhchoinníoll chun dul i ngleic le hathrú aeráide. Ní fhéadfar, gan margadh atá ag feidhmiú go rianúil, meicníocht éifeachtúil do thrádáil astaíochtaí agus tionscal fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt chun an cuspóir uaillmhianach a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach a bhaint amach, is sin gur ó fhoinsí in-athnuaite a fhaightear 20% de mheascán fuinnimh an AE faoi 2020. Ar deireadh, tá margadh iomaíoch uile-AE sa leictreachas agus sa ghás ríthábhachtach chun cinnteacht soláthair fuinnimh na hEorpa a áirithiú, mar gur trí mhargadh iomaíoch uile-Eorpach amháin a chruthófar na comharthaí infheistíochta cuí agus a thabharfar rochtain chothrom ar an líonra do na hinfheisteoirí féideartha go léir, agus a chuirfidh dreasachtaí réadacha agus éifeachtúla ar fáil do na hoibreoirí líonraí agus do na gineadóirí araon chun go n-infheisteoidh siad na billiúin Euro is gá san AE thar na fiche bliain atá le teacht. Cuireadh tús le léirscaoileadh an mhargaidh leictreachais agus gáis timpeall 10 mbliana ó shin. I rith na tréimhse 10 mbliana sin, tá tairbhe bainte ag go leor de shaoránaigh na hEorpa as breis rogha agus breis iomaíochta, agus as feabhas ar sheirbhís agus ar shlándáil. Tá sé léirithe ag an measúnú a rinne an Coimisiún agus rialtóirí fuinnimh na hEorpa, áfach, go bhfuil go leor oibre le déanamh fós ar an bpróiseas chun fíormhargaí iomaíocha a fhorbairt. Níl rogha ceart soláthróirí ag go leor de shaoránaigh agus de ghnólachtaí an AE i ndáiríre. Ilroinnt an mhargaidh feadh theorainneacha náisiúnta, an méid mór comhtháthú atá déanta go ceartingearach agus comhchruinniú ard ar an margadh is cúis le heaspa an mhargaidh inmheánaigh. Amhail ó tháinig na Treoracha atá ann faoi láthair maidir le leictreachas agus le gás i bhfeidhm in Iúil 2003, tá monatóireacht leanúnach déanta ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme na dTreoracha sin agus ar an éifeacht atá acu ar an margadh, agus bhí sé i dteagmháil rialta leis na geallsealbhóirí go léir lena mbaineann. Go háirithe, tá tuarascáil tagarmharcála foilsithe ag an gCoimisiún bliain i ndiaidh bliana maidir le cur chun feidhme an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas agus sa ghás. D'eagraigh sé an Fóram um Rialáil Leictreachais i bhFlórans agus an Fóram um Rialáil Gáis i Maidrid, lena dtugtar le chéile go rialta aireachtaí, údaráis rialála náisiúnta, an Coimisiún, oibreoirí córais tarchurtha, soláthróirí, trádálaithe, tomhaltóirí, ceardchumainn, úsáideoirí an chórais agus malartáin cumhachta. Ag deireadh 2005, ghair Comhairle Eorpach Hampton Court fíor-Bheartas Fuinnimh le haghaidh na hEorpa. Mar fhreagairt ar an ngairm sin d'fhoilsigh an Coimisiún an 8 Márta 2006 Páipéar Uaine maidir le Beartas Fuinnimh coiteann agus comhleanúnach a fhorbairt don Eoraip. Fuarthas 1 680 aighneacht le linn an chomhairliúcháin phoiblí. In 2005 chuir an Coimisiún tús le fiosrúchán faoi iomaíocht sna margaí gáis agus leictreachais. Bhí an fiosrúchán sin ina fhreagairt ar na cúraimí a bhí ag tomhaltóirí agus ag iontrálaithe nua san earnáil maidir le forbairt margaí mórdhíola sa ghás agus sa leictreachas agus le rogha teoranta do thomhaltóirí. Ghlac an Coimisiún Tuarascáil Chríochnaitheach an fhiosrúcháin, an 10 Eanáir 2007, in éineacht le pacáiste cuimsitheach beart chun Beartas nua Fuinnimh a bhunú don Eoraip. Chuir an Teachtaireacht ón gCoimisiún, an 10 Eanáir 2007, dá ngairtear "Beartas Fuinnimh le haghaidh na hEorpa"[1] béim ar an tábhacht leis an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a thabhairt chun críche. Bhí tuarascáil chuimsitheach ar an margadh inmheánach, torthaí críochnaitheacha an fhiosrúcháin a rinneadh ar earnáil na hiomaíochta agus grinn-athbhreithnithe ar staid an mhargaidh náisiúnta gáis agus leictreachais mar bhunús leis an Teachtaireacht seo. Go comhthreomhar, tá measúnú iarmharta déanta ag an gCoimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar na roghanna beartas a bhfuil baint acu le tabhairt chun críche an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas. Bhí comhairliúchán leis na geallsealbhóirí san áireamh sa mheasúnú iarmharta. Rinne eagraíochtaí a bhfuil fréamhacha acu i 19 dtír 339 ceistneoir a líonadh ar an iomlán. Ina theannta sin, fuarthas 73 ceistneoir ó eagraíochtaí nach bhfuil ceangal acu le haon tír ar leith. Cuireadh 56 geallsealbhóir breise faoi agallamh, cuideachtaí den chuid is mó a ndéanfadh díchuachadh ar a gcuid sócmhainní nó ceanglais bhreise trédhearcachta difear dóibh. Thug Comhairle Eorpach an Earraigh 2007 cuireadh don Choimisiún bearta breise a mholadh, go háirithe: - deighilt éifeachtúil idir na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar agus táirgeadh agus oibriú na líonraí; - comhchuibhiú breise a dhéanamh ar na cumhachtaí agus neamhspleáchas na rialtóirí náisiúnta fuinnimh a threisiú; - meicníocht neamhspleách a bhunú ionas go bhféadfaidh na rialtóirí náisiúnta oibriú i gcomhar le chéile; - meicníocht a chruthú chun go bhfeabhsóidh na hoibreoirí córais tarchurtha an comhordú a dhéantar ar oibriú na líonraí agus ar shlándáil na greille, trádáil trasteorann agus oibriú na greille; agus - breis trédhearcachta in oibríochtaí an mhargaidh fuinnimh. Chuir an Chomhairle Eorpach béim freisin ar an ngá le cinnteacht soláthair a neartú i ndlúthpháirt idir na Ballstáit. Mar chuid dá Rún maidir leis na hIonchais atá i ndán don mhargadh inmheánach sa ghás agus sa leictreachas a glacadh an 10 Iúil 2007 léirigh Parlaimint na hEorpa tacaíocht láidir ar an leibhéal polaitiúil i bhfabhar comhbheartais fuinnimh agus bhí sí den tuairim, go háirithe, gur "díchuachadh ar an úinéireacht tarchurtha an uirlis is éifeachtúla chun infheistíocht i mbonneagair a chur chun cinn i slí neamh-idirdhealaitheach, chun rochtain chothrom a chinntiú ar an ngreille d'iontrálaithe nua agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn". Chuir an Pharlaimint in iúl, áfach, go mbeidh gá le bearta eile freisin agus go m'bfhéidir go mbeadh gá le cur chuige atá éagsúil i bpáirt i ngeall ar na difríochtaí idir na margaí sa leictreachas agus sa ghás. D'iarr Parlaimint na hEorpa freisin "an comhar idir na rialtóirí náisiúnta ar leibhéal an AE a fheabhsú le heintiteas AE mar shlí chun cur chuige níos Eorpaí a chur chun cinn i leith na rialála a dhéantar ar shaincheisteanna trasteorann". Chuir Comhairle Rialtóirí Fuinnimh na hEorpa (CEER - Council of European Energy Regulators ) fáilte roimh Theachtaireacht an Choimisiúin an 10 Eanáir, agus thacaigh sí go láidir leis an ngairm ar reachtaíocht nua AE chun an tionscadal um mhargadh fuinnimh amháin a chur sa siúl arís. An 6 Meitheamh 2007, d'fhoilsigh Rialtóirí Fuinnimh na hEorpa sraith de shé pháipéar inar ghlac siad tuairim maidir leis na príomh-shaincheisteanna sa reachtaíocht nua fuinnimh. Thacaigh siad, go háirithe, le tograí an Choimisiúin maidir le maoirseacht neamhspleách rialála a bheadh neartaithe ag an leibhéal náisiúnta agus AE, agus maidir le díchuachadh éifeachtúil ar na líonraí tarchurtha. Ba shoiléir gur mhol na rialtóirí gur chóir go mbeadh díchuachadh ar an úinéireacht tarchurtha, i bprionsabal, ar an tsamhail is tábhachtaí i reachtaíocht nua an AE agus go mbeadh feidhm aige maidir le leictreachas agus le gás. Cuireadh na heilimintí sin san áireamh go hiomlán agus na tograí seo á dtarraingt suas, agus tugtar achoimre orthu thíos. 1. DEIGHILT ÉIFEACHTÚIL IDIR NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE SOLÁTHAR AGUS TÁIRGEADH AGUS OIBRÍOCHTAÍ NA LÍONRAÍ 1.1. Ní leor na forálacha díchuachta atá ann chun margadh rianúil a chinntiú Ceanglaíonn an reachtaíocht atá ann faoi láthair go mbeidh oibríochtaí na líonraí deighilte go dlítheanach agus go feidhmiúil ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar agus giniúint nó le táirgeadh. Tá an ceanglas seo comhlíonta go dtí seo ag na Ballstáit trí struchtúir éagsúla eagraíochta a chur i bhfeidhm. Chruthaigh roinnt Ballstát cuideachta atá deighilte go hiomlán leithleach ar mhaithe le hoibriú na líonraí, agus chruthaigh roinnt eile eintiteas dlítheanach laistigh de chuideachta chomhtháite. Bhí tionchar dearfach ag na ceanglais a bhaineann le díchuachadh dlítheanach agus feidhmiúil ar theacht chun cinn na margaí iomaíocha leictreachais agus gáis i mBallstáit áirithe. Is léir ón taithí, áfach, go gcruthaítear trí chineál fadhbanna nuair is eintiteas dlítheanach laistigh de chuideachta chomhtháite oibreoir an chórais tarchurtha. Ar an gcéad dul síos, féadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha caitheamh níos fearr lena chuideachtaí cleamhnaithe ná mar a chaitear le tríú páirtithe atá san iomaíocht leo. Is amhlaidh mar atá, go bhféadfaidh cuideachtaí comhtháite úsáid a bhaint as sócmhainní na líonraí chun deacrachtaí a chruthú d'iomaitheoirí atá ag iarraidh ionad a ghlacadh sa líonra. Is an bhunchúis leis seo nach réitíonn díchuachadh dlítheanach agus feidhmiúil an choinbhleacht leasa a bhíonn laistigh de chuideachtaí comhtháite trína bhfuil sé d'aidhm ag na leasanna soláthair agus táirgthe a gcuid díolachán agus a gcionroinnt sa mhargadh a uasmhéadú nuair atá sé de dhualgas ar oibreoir an líonra rochtain neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil d'iomaitheoirí. Ní féidir an choinbhleacht leasa seo a smachtú trí rialú mar nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar neamhspleáchas an oibreora córais tarchurtha laistigh de chuideachta chomhtháite gan rialáil atá ródhian agus treallúsach a dhéanamh. Ar an dara dul síos, de réir na rialacha díchuachta atá ann faoi láthair, ní féidir rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhaisnéis a ráthú mar nach féidir a chinntiú go héifeachtúil nach sceithfidh na hoibreoirí córais tarchurtha faisnéis íogair faoin margadh chuig brainse na giniúna nó chuig brainse an tsoláthair laistigh den chuideachta chomhtháite. Ar an tríú dul síos, cuirtear dreasachtaí infheistíochta laistigh den chuideachta chomhtháite as a riocht. Ní fhaigheann oibreoirí na líonraí atá comhtháite go ceartingearach aon ghríosú maidir leis na líonraí a fhorbairt ar mhaithe leis an margadh, ag a mbeadh mar thoradh, go n-éascófaí do chuideachtaí eile ag leibhéal an tsoláthair agus ag leibhéal na giniúna ionad a ghlacadh sa líonra; a mhalairt ar fad, mar go rachaidh sé chun tairbhe dóibh teorainn a chur le hinfheistíocht nua nuair is iad a gcuid iomaitheoirí a bhainfidh leas as agus iomaíocht nua a chruthú i "margadh baile" an tsealbhóra. Ina ionad sin, is an claonadh a bhíonn le cinntí infheistíochta a dhéanfaidh cuideachtaí atá comhtháite go ceartingearach go mbíonn siad claonta i dtreo riachtanais na gcuideachtaí cleamhnaithe go minic. Ní bhíonn mórán suime ag cuideachtaí den sórt sin idirnascadh breise ná toilleadh breise allmhairithe gáis a chruthú, dhá rud a chuidíonn le breis iomaíochta a chruthú i margadh baile an tsealbhóra agus chun aimhleasa an mhargaidh inmheánaigh. I mbeagán focal, bíonn spreagadh nádúrtha ag cuideachta atá comhtháite go ceartingearach chun tearc-infheistíocht a dhéanamh i líonraí nua (mar go mbeadh eagla ar an gcuideachta go gcuideodh infheistíochtaí den sórt sin le hiomaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh "ina" margadh baile) agus – nuair is féidir – tús áite a thabhairt dá cuideachtaí díolacháin féin agus rochtain ar an líonra i gceist. Déanann sé seo damáiste d'iomaíochas an AE agus dá chinnteacht soláthair agus cruthaíonn sé leatrom maidir le cuspóirí an AE a bhaineann le hathrú aeráide agus leis an gcomhshaol a bhaint amach. Tá sé seo tugtha le fios ag na figiúirí infheistíochta le blianta beaga anuas: tá i bhfad níos lú dá bhfáltais ó chíosanna plúchta trasteorann ath-infheistithe ag cuideachtaí atá comhtháite go ceartingearach, mar shampla, in idirnascairí nua ná in idirnascairí atá díchuachta go hiomlán. Cuireann díchuachadh éifeachtúil deireadh le dreasachtaí infheistíochta saofa, rud is gnách i gcás oibreoirí córais tarchurtha atá comhtháite go ceartingearach. Cuidíonn sé sin leis an gcinnteacht soláthair a chur chun cinn. Tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún gurb a tharlaíonn i gcás díchuachta éifeachtúil ar na hoibreoirí córais tarchurtha go dtagann méadú go minic ar a gcuid gníomhaíochtaí infheistíochta. Mheall na Ballstáit i dtrácht infheisteoirí nua sa bhonneagar ina dhiaidh sin, mar shampla, infheistíocht i gcríochfoirt gáis nádúrtha leachtaigh (GNL). Thairis sin, is léir ó phraghas an leictreachais ar mhargaí éagsúla le blianta beaga go bhfuil leas le baint as díchuachadh ar an úinéireacht: le 10 mbliana anuas, tá an praghas ardaithe ag cuideachtaí atá comhtháite go ceartingearach, agus an praghas coimeádta níos airde acu, ná mar i gcás cuideachtaí atá díchuachta go hiomlán. 1.2. Is léir go bhfuil gá le díchuachadh níos éifeachtúla ar oibreoirí córais tarchurtha. Léiríonn an togra nithiúil i ndáil leis seo gurb díchuachadh ar an úinéireacht rogha an Choimisiúin. Is éard a chiallaíonn sé seo i ndáiríre, áfach, go mbeidh ar na Ballstáit a áirithiú nach bhféadfaidh an duine céanna ná na daoine céanna rialú a dhéanamh ar ghnóthas soláthair agus, go comhuaineach, leas a bheith acu in oibreoir córais tarchurtha ná i gcóras tarchurtha ná aon cheart a fheidhmiú maidir le hoibreoir córais tarchurtha ná le córas tarchurtha. Tá feidhm vice versa ag an bhforáil seo freisin, is sin le rá go gcuirtear cosc ar dhuine leas bheith aige i ngnóthas soláthair ná ceart a fheidhmiú maidir le gnóthas dá leithéid má tá an duine sin i gceannas ar oibreoir córais tarchurtha. Is éard a chruthaíonn an rogha seo go mbeadh leasanna mionlaigh neamh-urlámhais ag an duine céanna, mar shampla ciste pinsean, in oibreoir córais tarchurtha agus i ngnóthas soláthair. Ní fhéadfaidh scairshealbhóir mionlaigh dá leithéid, áfach, cearta toirmisc bheith aige san dá ghnóthas, ní fhéadfaidh sé comhaltaí a cheapadh ar a gcuid bord, agus ní fhéadfaidh duine amháin bheith ina chomhalta ar bhoird an dá ghnóthas. Tá an rogha seo, a dhéanann deighilt shoiléir úinéireachta idir na hoibreoirí córais tarchurtha agus aon ghnóthas soláthair, ar an tslí is éifeachtúla agus is cobhsaí chun díchuachadh éifeachtúil a bhaint amach ar na líonraí tarchurtha agus chun an choinbhleacht nádúrtha leasa a réiteach. Chun an rogha seo a chur chun feidhme, áfach, féadfaidh na Ballstáit an socrú seo a leanas a roghnú, a chuideoidh b'fhéidir leis na leasanna atá ag scairshealbhóirí na gcuideachtaí sin atá comhtháite go ceartingearach a chaomhnú. Féadfar scaireanna na cuideachta atá comhtháite go ceartingearach a roinnt idir scaireanna na cuideachta atá ina húinéir ar an gcóras tarchurtha agus scaireanna na cuideachta soláthair. Dá éis sin, féadfar na scaireanna seo a inchur i leith scairshealbhóirí na cuideachta a bhí comhtháite go ceartingearach roimhe seo. Cé go bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil díchuachadh ar an úinéireacht ar an rogha is fearr ní thugann sé, áfach, malairt rogha do na Ballstáit nach bhfuil ag iarraidh an rogha sin a ghlacadh. Ní mór don rogha seo na ráthaíochtaí céanna a sholáthar maidir le neamhspleáchas i ngníomh an líonra i dtrácht agus an leibhéal céanna dreasachtaí a sholáthar don líonra maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar nua a d'fhéadfadh dul chun leasa na n-iomaitheoirí. Is éard a thugtar ar an rogha seo "Oibreoir Neamhspleách Córais", agus tá sé ina mhaolú ón gcur chuige bunúsach maidir le díchuachadh ar an úinéireacht. Ceadaíonn an rogha seo go gcoimeádfaidh na cuideachtaí atá comhtháite go ceartingearach an úinéireacht atá acu ar a gcuid sócmhainní líonra, ach ceanglaíonn sé go mbeidh an líonra tarchurtha féin faoi stiúir oibreora neamhspleách córais - gnóthas nó eintiteas nach bhfuil aon bhaint aige le cuideachta atá comhtháite go ceartingearach - agus a chomhlíonfaidh na feidhmeanna go léir a bheadh ar oibreoir líonraí. Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh an t-oibreoir, agus go ngníomhóidh an t-oibreoir, go hiomlán neamhspleách ó chuideachta atá comhtháite go ceartingearach, ní mór rialáil, agus monatóireacht leanúnach ar an rialáil, a chur i bhfeidhm. I gcásanna áirithe, d'fhéadfaí brú a chur ar chuideachtaí fuinnimh atá comhtháite go ceartingearach roinnt dá sócmhainní a dhiúscairt, go háirithe a gcuid líonraí tarchurtha, nó oibriú sócmhainní den sórt sin a thabhairt do thríú páirtí, d'fhonn déanamh de réir na gceanglas atá beartaithe maidir le díchuachadh éifeachtúil. Ní léir, áfach, go bhfuil aon mhalairt rogha ann má tá na hoibreoirí córais tarchurtha le bheith iomlán neamhspleách. Tá an dá rogha infheidhme sa tslí chéanna maidir leis an earnáil leictreachais agus an earnáil gáis. Cé go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil níos mó dul chun cinn déanta maidir le díchuachadh ar an úinéireacht i gcás earnáil an leictreachais san AE i gcoitinne, níl aon chúis chinntitheach aimsithe ag an gCoimisiún a thabharfadh údar le láimhseáil dhifriúil a dhéanamh ar an dá earnáil. Go háirithe, tá an choinbhleacht bhunúsach leasa idir na gníomhaíochtaí soláthair agus táirgthe ar an taobh amháin agus oibriú agus forbairt na líonraí ar an taobh eile infheidhme sa tslí chéanna maidir leis an dá earnáil. Thairis sin, ní hé úinéireacht ar na líonraí an tslí fhoirfe maidir le comhaontuithe fadtéarmacha soláthair a thabhairt chun críche le táirgeoirí gáis réamhtheachtacha ach bonn láidir custaiméirí a bheith ann. Gan amhras, beidh an tAE fós ina mhargadh soláthair gáis atá an-tarraingteach beag beann ar struchtúr úinéireachta na gcuideachtaí ceannaigh a bheidh in acmhainn, tráth a bheidh siad díchuachta go héifeachtúil, dul san iomaíocht do ghás ar leibhéal comhionann. Aithníonn an Coimisiún, áfach, gurb atá i gceist le hiompar gáis, seachas tarchur leictreachais, gluaiseacht fhisiceach móilíní gáis trí phíblínte. Tá níos mó smachta ag na hoibreoirí córais tarchurtha maidir le sainmhíniú a thabhairt ar threo na sreabh agus ar úsáid toillte sa chóras. Is éard a chiallaíonn sé seo go bhfuil díchuachadh éifeachtúil ar na líonraí gáis chomh tábhachtach céanna agus i gcás na líonraí leictreachais. D'fhonn infheistíocht a spreagadh i mbonneagair nua fuinnimh trí chuideachtaí soláthair agus táirgthe, áirítear sa togra seo an deis díolúine shealadach a fháil ó na rialacha a bhaineann le díchuachadh ar an úinéireacht chun bonneagar nua a thógáil. Cuirfear an díolúine seo i bhfeidhm cás i ndiaidh cáis, agus cuirfear san áireamh in eacnamaíocht na hinfheistíochta nua, cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh agus an cuspóir maidir le cinnteacht soláthair. I gcomhréir le hAirteagal 295 CE, tá an togra infheidhme sa tslí chéanna maidir le cuideachtaí poiblí agus príobháideacha araon. Ciallaíonn sé seo nach bhféadfadh duine amháin ná grúpa daoine, is cuma poiblí nó príobháideach, tionchar a bheith acu ina n-aonar nó le chéile ar chomhdhéanamh na mbord, ar vótáil nó ar chinnteoireacht na n-oibreoirí córais tarchurtha ná na gcuideachtaí soláthair nó táirgthe. Cinntíonn sé seo go gcosnaítear an neamhspleáchas atá ag oibreoir córais tarchurtha ar úinéireacht phoiblí sa chás go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar nó le táirgeadh ar úinéireacht phoiblí; ach níl sé riachtanach do na tograí seo go ndíolfaidh cuideachtaí stáit a gcuid líonraí le cuideachtaí príobháideacha. Mar shampla, chun an ceanglas seo a chomhlíonadh, d'fhéadfadh aon eintiteas poiblí nó an Stát na cearta (a thugann "tionchar") a aistriú chuig duine dlítheanach eile atá faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach. Is éard atá tábhachtach, i gcásanna ina bhfuil díchuachadh á dhéanamh, go mbeidh ar an mBallstát i dtrácht a léiriú go bhfuil na torthaí éifeachtúil i ndáiríre agus go bhfuil na cuideachtaí ag feidhmiú go hiomlán leithleach óna chéile, rud a chruthaíonn cothromaíocht dháiríre sa mhargadh ar fud an AE. Ar deireadh, níl na forálacha maidir le díchuachadh ar úinéireacht na líonraí tarchurtha infheidhme i mBallstáit nach bhfuil ach líonraí dáileacháin iontu, is sin gan aon líonraí tarchurtha gáis agus leictreachais. 1.3. Gnéithe a bhaineann le tríú tíortha Ceanglaíonn an togra seo díchuachadh éifeachtúil a dhéanamh ar oibreoirí córais tarchurtha agus ar ghníomhaíochtaí soláthair agus ar ghníomhaíochtaí táirgthe, ní hamháin ar leibhéal náisiúnta ach ar fud an AE. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, nach féidir le cuideachta soláthair ná le cuideachta táirgthe atá gníomhach aon áit san AE úinéireacht a bheith aici ar chóras tarchurtha ná córas tarchurtha a fheidhmiú in aon Bhallstát den AE. Tá an ceanglas seo infheidhme go comhionann maidir le cuideachtaí de chuid an AE agus le cuideachtaí neamh-AE. Tá bearta cosanta sa phacáiste a chinnteoidh, i gcás gur mian le cuideachtaí ó thríú tíortha leas suntasach a fháil i líonra AE nó ceannas a fháil ar an líonra sin, go mbeidh orthu déanamh go taispeántach agus gan aon éideimhne de réir na gceanglas díchuachta mar a dhéanann cuideachtaí an AE. Féadfaidh an Coimisiún idiragairt i gcás nach féidir leis an gceannaitheoir a neamhspleáchas díreach agus indíreach ó ghníomhaíochtaí soláthair agus giniúna a léiriú. Thairis sin, tá fíorghá le margaí agus le líonraí a fheidhmíonn go cuí i gcomhair iomaíochas an gheilleagair agus i gcomhair dea-chaighdeáin saoil do na saoránaigh. Is cuspóir an togra seo iomaíocht a chur chun cinn i margaí fuinnimh na hEorpa agus dea-fheidhmiú na margaí sin a spreagadh. I bhfianaise an méid seo is gá – gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Chomhphobail – a áirithiú go gcloífidh na hoibreoirí eacnamaíocha go léir atá gníomhach i margaí fuinnimh na hEorpa leis na prionsabail a bhaineann le hinfheistíocht sa mhargadh. I ngeall air sin, tá ceanglas beartaithe ag an gCoimisiún nach bhféadfaidh daoine aonair i dtríú tíortha ná tríú tíortha ceannas a fháil ar chóras tarchurtha Comhphobail ná ar oibreoir córais tarchurtha mura gceadaítear amhlaidh trí chomhaontú idir an tAE agus an tríú tír sin. Is éard is aidhm don cheanglas deimhin a dhéanamh de go gcloífidh cuideachtaí ó thríú tíortha, de réir beart agus briathar, leis na rialacha céanna atá infheidhme maidir le gnóthais de bhunús an AE agus gan leatrom a dhéanamh orthu. Ar deireadh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gasta agus domhain ar ghnéithe níos forleithne a bhaineann le beartas eachtrach an AE i leith an fhuinnimh, agus cuirfear torthaí na hoibre sin os comhair an phobail. Mar fhocal scoir, maidir le ceist an díchuachta, tá na tograí seo maidir le díchuachadh éifeachtúil riachtanach agus is céim thábhachtach iad i dtreo comhtháthú margaidh uile-AE a bhaint amach. Is an toradh a d'fhéadfadh bheith aige seo oibreoirí córais tarchurtha fornáisiúnta a chruthú mar nach mbeadh aon bhac ar na hoibreoirí i ngeall ar amhras faoina chéile. É sin ráite, áfach, dá mba rud gur cruthaíodh oibreoirí tarchurtha fornáisiúnta gan neamhspleáchas iomlán a áirithiú dóibh, bheadh seans ann go rachadh an iomaíocht idir na cuideachtaí cleamhnaithe soláthair agus táirgthe i laige i ngeall ar an mbaol a bhaineann le claonpháirteachas. Dá mba rud go raibh easpa díchuachta éifeachtúil ann is éard a d'eascródh ó chomhar dá leithéid cúraimí a bhaineann le hiomaíocht. Áirítear sna tograí seo, go sonrach, roinnt beart breise chun comhtháthú mhargadh an AE a chur chun cinn, go háirithe maidir le comhar níos fearr idir na hoibreoirí córais tarchurtha. 2. CUMHACHTAÍ NEARTAITHE AGUS NEAMHSPLEÁCHAS NA RIALTÓIRÍ NÁISIÚNTA 2.1. Rialtóirí náisiúnta láidre chun maoirseacht a dhéanamh ar riaradh na margaí leictreachais agus gáis Ceanglaíonn na Treoracha reatha a bhaineann le gás agus le leictreachas go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit údaráis rialála a bhunú. I mBallstáit áirithe, tá údaráis rialála ar an bhfód le fada agus is comhlachtaí iad a bhfuil cumhachtaí agus acmhainní suntasacha acu, rud a chinntíonn gur féidir leo rialáil chuí a dhéanamh ar na margaí. I mBallstáit eile, áfach, níor cuireadh údaráis rialála ar bun ach le deireanas agus tá cumhachtaí níos laige acu nó atá scaipthe i measc comhlachtaí difriúla. Léirigh na hathbhreithnithe cuimsitheacha a rinne an Coimisiún ar na tíortha éagsúla go bhfuil easpa aonfhoirmeachta ann agus, i mórán cásanna, go bhfuil na húdaráis rialála lag. Tugtar le fios ón taithí atá ag na Ballstáit sin a bhfuil margaí oscailte iontu le roinnt blianta anuas, agus ó earnálacha fóntas eile a théann san iomaíocht, go bhfuil gá le rialtóirí láidre a chinnteoidh margadh a fheidhmíonn go cuí, go háirithe maidir le húsáid bonneagar líonraí. Ar na cúiseanna seo, is is aidhm don togra seo cumhachtaí na n-údarás rialála a neartú. Ar an gcéad dul síos, bheadh sainordú trédhearcach acu oibriú le chéile ar an leibhéal Eorpach, i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh agus leis an gCoimisiún, chun margaí inmheánacha leictreachais agus gáis atá iomaíoch slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú laistigh den Aontas Eorpach, agus an margadh a oscailt go héifeachtúil do gach aon tomhaltóir agus soláthraí. Ar an dara dul síos, tá sé beartaithe a gcumhachtaí a neartú maidir le rialáil ar na margaí, go háirithe sna réimsí seo a leanas: - monatóireacht a dhéanamh ar oibreoirí na gcóras tarchurtha agus dáileacháin maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rochtain tríú páirtí, oibleagáidí a bhaineann le díchuachadh, sásanna cothromaithe, bainistiú ar phlúchadh agus ar idirnascadh; - athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córais tarchurtha, agus measúnú a áireamh sa tuarascáil bhliantúil, measúnú ar cé chomh cóngarach agus atá pleananna infheistíochta na n-oibreoirí córais tarchurtha le plean 10 mbliana forbartha líonra uile-Eorpaigh; monatóireacht a dhéanamh ar shlándáil agus ar iontaofacht na líonraí, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha slándála agus iontaofachta do na líonraí; - monatóireacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí a bhaineann le trédhearcacht; - monatóireacht a dhéanamh ar leibhéal oscailte an mhargaidh agus ar iomaíocht, agus iomaíocht éifeachtúil a chur chun cinn, i gcomhar leis na húdaráis iomaíochta; agus - féachaint chuige go bhfuil na bearta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí éifeachtúil. Tá difríocht mhór idir leictreachas agus gás, ar an taobh amháin, agus tráchtearraí eile mar gur táirgí iad atá gréasánbhunaithe, agus nach féidir a stóráil nó go bhfuil costas mór ag baint le stóráil dá leithéid. I ngeall air sin, tá siad íogair i dtaobh mhí-úsáid an mhargaidh agus is gá cur leis an maoirseacht a dhéantar ar rialáil na ngnóthas atá gníomhach sa mhargadh leictreachais agus gáis. Tá gá ag na rialtóirí, dá bhrí sin, le rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le cinntí oibríochtúla na gcuideachtaí. Beartaítear a chur de cheangal ar chuideachtaí taifead a choimeád ar na sonraí a bhaineann leis an gcinneadh oibríochtúil ar feadh cúig bliana agus iad a chur ar láimh do na húdaráis rialála náisiúnta, do na húdaráis iomaíochta agus don Choimisiún, ionas go bhféadfaidh na húdaráis sin rialú éifeachtúil a dhéanamh ar na líomhaintí i dtaobh mhí-úsáid an mhargaidh. Teorannóidh sé seo an raon feidhme a bheidh ag mí-úsáid an mhargaidh, méadóidh sé iontaoibh sa mhargadh, agus sa tslí sin, spreagfar trádáil agus iomaíocht. Tá oibleagáidí den sórt sin ar thrádálaithe áirithe (e.g. bancanna) cheana féin faoin Treoir a bhaineann le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, agus níor chóir go mbeadh oibleagáidí dúbailte orthu. I ngeall air sin, níor chóir go ndéanfadh na hoibleagáidí maidir le taifid a choimeád dochar do reachtaíocht reatha an Chomhphobail, agus ba chóir go mbeadh siad i gcomhréir le reachtaíocht reatha an Chomhphobail, a bhaineann le margaí airgeadais. Ní mór do rialtóirí na margaí fuinnimh agus na margaí airgeadais oibriú i gcomhar le chéile chun go mbeidh sé ar a gcumas léargas ginearálta a fháil ar na margaí lena mbaineann. Sula nglacfar le treoirlínte a shainmhíníonn na ceanglais a bhaineann le taifid a choimeád, tugtar cuireadh don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh agus do Choiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR - Committee of European Securities Regulators ) oibriú i gcomhar le chéile agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hábhar na dtreoirlínte. Chun go bhféadfadh siad a gcuid dualgas a chomhlíonadh, thabharfaí de chumhacht do na húdaráis rialála iniúchadh a dhéanamh, gach faisnéis is gá a iarraidh agus smachtbhannaí athchomhairleacha a fhorchur. Iarrtar orthu freisin an cuspóir a bhaineann le héifeachtacht fuinnimh a chur san áireamh agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna rialála. 2.2. Spreagtar muinín sa mhargadh trí neamhspleáchas taispeántach na rialtóirí Is prionsabal tábhachtach dea-rialachais neamhspleáchas na n-údarás rialála agus is coinníoll bunúsach maidir le muinín sa mhargadh a chinntiú. Iarrtar leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair go mbeidh na húdaráis rialála iomlán neamhspleách ó leasanna an tionscail gáis agus leictreachais. Ní shonraítear inti, áfach, an tslí a chinnteofar an neamhspleáchas sin go taispeántach agus ní ráthaíonn sí neamhspleáchas ó leasanna polaitiúla gearrthéarmacha. Tá neartú neamhspleáchas na rialtóirí náisiúnta fuinnimh ina thosaíocht, dá bhrí sin, mar a thug conclúidí Chomhairle Eorpach an Earraigh 2007 agus Parlaimint na hEorpa le fios go diongbháilte. Beartaítear go mbeidh an t-údarás rialála leithleach ar bhonn dlítheanach agus neamhspleách ar bhonn feidhmiúil ó gach aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile, agus go ngníomhóidh a fhoireann agus aon chomhalta dá chomhlachta cinnteoireachta go neamhspleách ó gach aon leas margaidh agus nach lorgóidh nó nach nglacfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach. Chun na críche sin, beartaítear go mbeidh pearsantacht dhlítheanach, neamhspleáchas buiséid, acmhainní cuí daonna agus airgeadais agus bainistíocht neamhspleách ag na húdaráis rialála. 3. MEICNÍOCHT NEAMHSPLEÁCH CHUN GO MBEIDH RIALTÓIRÍ NÁISIÚNTA IN ANN OIBRIÚ LE CHÉILE AGUS CINNTÍ A DHÉANAMH: AN GHNÍOMHAIREACHT UM CHOMHAR IDIR RIALTÓIRÍ FUINNIMH 3.1. Is gá struchtúr foirmiúil comhair a chruthú as taithí dhearfach ERGEG Cé go bhfuil forás suntasach déanta sa mhargadh inmheánach fuinnimh, tá bearna rialála le tabhairt faoi deara maidir le saincheisteanna trasteorann. Chun dul i ngleic leis an gceist seo, thionscain an Coimisiún fóraim fhéinrialaitheacha, i.e. Fóram Fhlórans (leictreachas) agus Fóram Mhaidrid (gás). Tháinig geallsealbhóirí le chéile le linn na bhfóram seo chun an comhar eatarthu a neartú. Lena chois sin, bhunaigh an Coimisiún grúpa comhairleach neamhspleách in 2003 maidir le leictreachas agus le gás, dá ngairtear "Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Leictreachas agus Ghás" (ERGEG - European Regulators Group for Electricity and Gas ) chun comhairliúchán, comhordú agus comhar a éascú idir na húdaráis náisiúnta rialála sna Ballstáit, agus idir na húdaráis sin agus an Coimisiún, d'fhonn an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a chomhdhlúthú. Is iad atá ina gcomhaltaí d'ERGEG ionadaithe ó na húdaráis rialála náisiúnta. Rannchuidigh gníomhaíochtaí ERGEG sna blianta beaga a chuaigh thart le tabhairt chun críche an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas trí threoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint agus trí dhul i ngleic leis na moltaí agus na tuairimí a seoladh chuig an gCoimisiún. Ní raibh sé mar thoradh, áfach, ar thionscnamh na bhfóram féinrialaitheach agus ar bhunú ERGEG go ndearnadh dul chun cinn maidir le caighdeáin agus modhanna cur chuige atá comhchoiteann a fhorbairt agus a bhfuil gá leo chun trádáil trasteorann, forbairt margaí réigiúnacha den chéad ghrád, agus faoi dheoidh, margadh Eorpach fuinnimh a réadú. De réir a chéile tá an earnáil fuinnimh éirithe níos casta agus níos mionsonraithe, agus tá leasanna airgeadais éagsúla i gceist ann níos mó ná mar a bhí. Níl na torthaí a fhaightear ón gcur chuige atá ann faoi láthair laistigh d'ERGEG leordhóthanach, mar go mbíonn gá go hiondúil le comhaontú idir 27 rialtóir agus breis is 30 oibreoir córais tarchurtha. Tá dul chun cinn déanta ar líon cód neamhcheangailteach agus ar líon iarrachtaí neamhcheangailteacha chun teacht ar chomhaontú maidir le cómhodhanna cur chuige trí "cóineasú céimseach" ach níl cinntí dearfacha déanta maidir leis na saincheisteanna deacra is gá a chinneadh anois. Tá difríocht shuntasach le tabhairt faoi deara, faoi láthair, idir na Ballstáit i gcás na rialacha teicniúla is cóir do na cuideachtaí leictreachais a úsáid faoi "greille-chóid", agus is minic go mbíonn difríochtaí ann laistigh de Bhallstát amháin. Is gá go ndéanfar cóineasú ar na rialacha seo i dtosach agus comhchuibhiú, ina dhiaidh sin, má tá na margaí fuinnimh le comhtháthú san AE . Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar na roghanna éagsúla a bhaineann leis na cúraimí is gá a eagrú, lena n-áirítear faoina mbeadh an Coimisiún in acmhainn na cúraimí seo a ghlacadh air féin. Ní gnáthchúram don Choimisiún comhchuibhiú a dhéanamh ar na saincheisteanna seo, mar aon le dul chun cinn ar bhonneagar nua. Níl a leithéid de ghníomhaíocht curtha i gcrích ag an gCoimisiún riamh. Bheadh ar na saineolaithe atá sna 27 údarás rialála náisiúnta oibriú le chéile; is iad na saineolaithe amháin a chaithfidh teacht ar chomhaontú maidir le leasú a dhéanamh ar na greille-chóid náisiúnta. Is comhlacht a eascraíonn ó na rialtóirí náisiúnta amháin a fhéadfaidh na hacmhainní riachtanacha uile atá ag na rialtóirí náisiúnta a spreagadh, acmhainní atá ríthábhachtach maidir le toradh rathúil a fháil ar na saincheisteanna seo. Féadfaidh an Ghníomhaireacht trína Bord Rialála – ar a bhfuil ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta – brath ar fhoireann na n-údarás rialála náisiúnta. Níl na hacmhainní céanna ag an gCoimisiún. Is éard a bhain an Coimisiún as mar thátal, gur eintiteas ar leithligh, a bheadh neamhspleách agus lasmuigh den Choimisiún, is fearr a dhéanfadh na cúraimí is gá a chomhlíonadh. Tá an chonclúid seo formhuinithe ag Comhairle Eorpach an Earraigh 2007 agus ag rúin a fuarthas le deireanas ó Pharlaimint na hEorpa[2]. Scrúdaíodh, dá bhrí sin, líonra níos cumhachtaí de rialtóirí náisiúnta fuinnimh a chruthú. Tá samhail struchtúrtha ar fáil cheana i bhfoirm líonra na n-údarás iomaíochta a cruthaíodh in 2004 faoi Rialachán Uimh. 01/2003 ón gComhairle. Bheadh gá, áfach, le cumhachtaí uathrialaitheacha a thabhairt don Choimisiún san earnáil fuinnimh (níl na cumhachtaí seo i bhfeidhm faoi láthair ach i gcás rialacha iomaíochta). Ba chóir cumhachtaí na n-údarás rialála náisiúnta a threisiú agus a chomhchuibhiú ar aon chuma. Thairis sin, d'fhéadfaí Córas na mBancanna Ceannais Eorpacha a úsáid mar shamhail, ach níl bunús dlí leis sa Chonradh. Ní bheadh gá ach an Conradh a leasú i gcomhair samhla dá leithéid. Is éard a chinn an Coimisiún, dá réir, gurb an t-aon rogha Gníomhaireacht a bhunú dá mba rud go mbunófaí comhlacht neamhspleách a bheadh in acmhainn moltaí a thabhairt don Choimisiún maidir le cinntí a bhaineann le cinntí substainteacha agus cinntí rialála ar leithligh a dhéanamh a bheadh ceangailteach ar thríú páirtithe i gcás saincheisteanna teicniúla mionsonraithe a dtairmligfí chucu. Bheadh na príomhchúraimí atá beartaithe mar chomhlánú ag an leibhéal Eorpach ar na cúraimí rialála a chomhlíonann na rialtóirí náisiúnta. Ba chóir don struchtúr creat a sholáthar do na rialtóirí náisiúnta ionas go bhféadfaidh siad oibriú le chéile, mar aon le hathbhreithniú rialúcháin ar an gcomhar idir na hoibreoirí tarchurtha agus raon níos leithne chun cinntí leithleacha a dhéanamh, cinntí a bhainfeadh le bonneagar a bheadh ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin. Léiríonn an anailís seo na prionsabail atá sainmhínithe ag an gCoimisiún sa dréachtchomhaontú idirinstitiúideach maidir le creat oibriúcháin do ghníomhaireachtaí rialála na hEorpa[3], go háirithe maidir leis an gcumhacht cinntí leithleacha a dhéanamh atá ceangailteach go dlítheanach ar thríú páirtithe. Tarraingíonn an togra seo a leanas chomh maith ar rogha "ERGEG+" mar atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dá ngairtear "Beartas Fuinnimh le haghaidh na hEorpa"[4]. 3.2. Príomhchúraimí na Gníomhaireachta atá beartaithe um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh Bheadh an Ghníomhaireacht mar chomhlánú ag an leibhéal Eorpach ar na cúraimí rialála a chomhlíonann na húdaráis rialála ar an leibhéal náisiúnta: - trí chreat a sholáthar chun go bhféadfaidh na rialtóirí náisiúnta oibriú le chéile. Tá sé beartaithe feabhas a chur ar láimhseáil cásanna trasteorann. Socróidh an Ghníomhaireacht nósanna imeachta maidir le comhar idir na rialtóirí náisiúnta, go háirithe maidir le malartú faisnéise agus leithroinnt inniúlachtaí i gcásanna a bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin leo. Cuirfear comhar réigiúnach idir na rialtóirí náisiúnta chun cinn leis an gcreat seo freisin. - trí mhaoirseacht rialála ar an gcomhar idir na hoibreoirí córais tarchurtha. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais agus ar ghníomhaíochtaí Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis. Go háirithe, beidh baint aici le socrú tosaíochtaí trí chlár oibre na Líonraí sin, tríd an athbhreithniú ar a bplean infheistíochta 10 mbliana, agus trí na cóid theicniúla agus mhargaidh a ullmhú. Ní dhéanfaidh an t-athbhreithniú ar an bplean infheistíochta aon dochar do dhliteanas na n-oibreoirí córais tarchurtha i leith teipeanna teicniúla mar atá sainmhínithe faoin dlí náisiúnta. Maidir leis na cóid theicniúla agus mhargaidh, beidh sé de chumhacht ag an nGníomhaireacht iarraidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha a ndréachtanna a mhodhnú nó dul i ngleic go mion le saincheisteanna níos sonraí. Beidh sí in acmhainn freisin a mholadh don Choimisiún na cóid seo a dhéanamh ceangailteach go dlítheanach i gcás go bhfuil an cur i bhfeidhm ar bhonn deonach a dhéanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha easpach nó nach bhfuil sé oiriúnach do shaincheisteanna áirithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a mholadh go ndéanfar an dréacht a rinne na hoibreoirí tarchurtha a mhodhnú nó forálacha breise a mholadh don Choimisiún. Agus an mheicníocht seo i ngníomh, áfach, is éard a bheidh inti dialóg dearfach agus leanúnach idir an Ghníomhaireacht, na hoibreoirí córais tarchurtha agus an Coimisiún. Beidh rannpháirtíocht na Gníomhaireachta ríthábhachtach lena áirithiú go ndéanfar an comhar idir na hoibreoirí córais tarchurtha i slí éifeachtach agus thrédhearcach ar mhaithe le leas an mhargaidh inmheánaigh. - trí chumhachtaí leithleacha cinnteoireachta. D'fhonn saincheisteanna trasteorann a láimhseáil, beartaítear cumhachtaí leithleacha cinnteoireachta a thabhairt don Ghníomhaireacht, cumhachtaí a bhaineann le hiarrataí ar dhíolúine[5] maidir le sócmhainní bonneagair a bhfuil leas Eorpach acu agus cinneadh a dhéanamh ar an gcóras rialála atá infheidhme maidir le bonneagar atá laistigh de níos mó ná Ballstát amháin. Ina theannta sin, bheadh an Ghníomhaireacht in acmhainn cinntí sonracha a dhéanamh maidir le saincheisteanna teicniúla ar leithligh nuair a thugtar na cúraimí sin don Ghníomhaireacht faoi Threoirlínte sonracha arna nglacadh faoi na Treoracha gáis agus leictreachais, de réir nós imeachta coiste. - trí ról ginearálta comhairleach. Bheadh ról comhairleach ag an nGníomhaireacht, i gcoitinne, i leith an Choimisiúin maidir le saincheisteanna a bhaineann le rialáil an mhargaidh agus d'fhéadfadh sí treoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint chun dea-chleachtas a chur chun cinn i measc rialtóirí náisiúnta. Cás i ndiaidh cáis, bheadh sé de chumhacht aici, i bhfianaise na mbeart cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún agus reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis an earnáil gáis agus leictreachais á cur i bhfeidhm, athbhreithniú a dhéanamh ar aon chinntí a ghlacfadh údarás rialála náisiúnta a mbeadh tionchar díreach acu ar an margadh inmheánach agus a tuairim a chur in iúl don Choimisiún. Cé nach bhféadfar a cumhachtaí a shíneadh chun cinntí normatacha a chur san áireamh (i.e. glacadh foirmiúil le treoirlínte éigeantacha) beidh ról ríthábhachtach ag an nGníomhaireacht, ar an iomlán, agus na rialacha a bhaineann le margaí Eorpacha sa ghás agus sa leictreachas á bhforbairt agus á gcur chun feidhme. 3.3. Rialú ar an nGníomhaireacht atá beartaithe um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh Tá an leagan amach institiúideach agus prionsabail rialaithe na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh bunaithe, i bprionsabal, ar rialacha agus cleachtais chaighdeánacha do ghníomhaireachtaí rialála an Chomhphobail. Is gá, áfach, neamhspleáchas na bhfeidhmeanna rialála a chur san áireamh. Chun na críche sin, beartaítear Bord Rialtóirí a chruthú, bord a bheidh freagrach as ábhar rialála agus cinntí, mar aon leis an mBord Riaracháin a bheidh freagrach as ábhar riaracháin agus buiséid. Is an Bord Riaracháin a cheapfaidh an Stiúrthóir agus roghnófar ó ghearrliosta arna ghlacadh ag an gCoimisiún tar éis don Bhord dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí. Is an Stiúrthóir a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta agus is nó í a bheidh freagrach as bainistiú laethúil na Gníomhaireachta. Ina theannta sin, déantar foráil laistigh den Ghníomhaireacht do Bhord Achomhairc ag a mbeidh de chumhacht plé a dhéanamh ar achomhairc a bhaineann le cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht. 3.4. Gnéithe airgeadais Beartaítear go mbeidh ag an nGníomhaireacht, i ngeall ar na cúraimí atá uirthi, foireann theoranta de 40-50 duine. Tá an measúnú seo bunaithe ar anailís fhorleathan a rinneadh maidir le riachtanais foirne na n-údarás rialála náisiúnta agus ar mhionanailís maidir leis an leibhéal íosta acmhainní is gá chun na cúraimí atá beartaithe a chomhlíonadh, go háirithe i bhfianaise na ndeiseanna atá ann do shineirgíochtaí maidir leis na hacmhainní atá ag na húdaráis rialála náisiúnta a bhailiú le chéile, rud a chuideoidh go mór le hobair na gníomhaireachta. Tá an fhoireann atá beartaithe i gcomhréir le riachtanais na n-údarás seo[6]. Mar atá luaite thuas, dá mba rud go raibh an Coimisiún chun cúraimí na nGníomhaireachtaí a chomhlíonadh bheadh i bhfad níos mó foirne de dhíth. Meastar gur tuairim is € 6-7 milliún in aghaidh na bliana a bheadh mar chostas iomlán bliantúil ar an nGníomhaireacht. As an iomlán sin bheadh costas € 5 mhilliún ar chaiteachas foirne (ag glacadh le costas foirne an Choimisiúin Eorpaigh mar mheánchostas in aghaidh an duine, i.e. € 0.117 milliún in aghaidh na bliana, a áiríonn caiteachas a bhaineann le foirgnimh agus caiteachas riaracháin gaolmhar), agus € 1 mhilliún ar chostais oibríochtúla (cruinnithe, staidéar, mar aon le haistriúchán, foilsiú agus caidreamh poiblí) agus an t-iarmhéid ar chaiteachas caipitiúil (a bhaineann le ceannach maoine sochorraithe agus caiteachas bainteach) agus ar chaiteachas misin. Beidh costais bhliantúla na Gníomhaireachta folaithe ag deontais ón gComhphobal. Tá ioncam na Gníomhaireachta teoranta, agus tiocfaidh sé ó tháillí a bheidh iníoctha ag tríú páirtithe nuair a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht cinntí áirithe. 3.5. Ról an Choimisiúin Tá trí bheart cosanta ann, i bprionsabal, maidir le feidhm agus ról an Choimisiúin mar chaomhnóir an Chonartha a áirithiú. Ar an gcéad dul síos, dá mba rud go ndearna an Ghníomhaireacht cinneadh, ní bheadh an cinneadh sin ceangailteach ach i gcás cásanna teicniúla sonracha dá bhforáiltear go sainráite sa Rialachán agus sna Treoracha nó a cheanglaítear le Treoirlínte ceangailteacha cás i ndiaidh cáis. Ní bheadh aon discréid pholaitiúil ag an nGníomhaireacht lasmuigh den chreat seo. Ar an dara dul síos, más rud go ndéanfaidh an comhar idir na hoibreoirí córais tarchurtha nó cinntí a dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dochar d'iomaíocht éifeachtúil agus d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas láithreach agus féadfaidh sé na bearta is gá a ghlacadh iardain chun an cás a leigheas. Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé amhlaidh, gníomhú ar a thionscnamh féin. Ar an tríú dul síos, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, sa chás go bhfuil gá le cinneadh substainteach a dhéanamh. I gcásanna den sórt sin ní bheidh ag an nGníomhaireacht ach ról ullmhúcháin agus comhairleach. Tá mionscrúdú cúramach déanta ag Seirbhís Dlí an Choimisiúin ar an téacs i ndáil leis seo lena áirithiú nach mbeidh aon chumhacht ag an nGníomhaireacht maidir le cinneadh substainteach lánroghnach a dhéanamh. Thairis sin, is ar an gCoimisiún atá sé, trí Threoirlínte ceangailteacha a ghlacadh, ról na Gníomhaireachta a shonrú agus a leagan amach. 4. COMHAR ÉIFEACHTACH IDIR NA HOIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHURTHA 4.1. Tá gá le comhar láidir idir na hoibreoirí córais tarchurtha chun na margaí leictreachais agus gáis a chomhtháthú Ionas gur féidir comhtháthú a dhéanamh ar an margadh, beidh gá le comhar éifeachtúil freisin idir na hoibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) agus le creat rialúcháin atá soiléir agus cobhsaí, lena n-áirítear comhordú ar an rialáil. Beidh gá le rialacha maidir le rochtain ar na líonraí agus le hoibriú na líonraí a chomhoiriúnú, malartú éifeachtúil faisnéise idir OCTanna agus comhordú maith a dhéanamh ar an infheistíocht nua chun an toilleadh idirnasctha a mhéadú. Tá comhar ar bhonn deonach ag tarlú cheana féin idir oibreoirí córais tarchurtha gáis agus leictreachais laistigh de struchtúir mar Oibreoirí Chórais Tarchurtha na hEorpa (ETSO - European Transmission System Operators ) agus Gas Transmission Europe (GTE). Oibríonn siad i gcomhar le chéile maidir le saincheisteanna oibriúcháin ar an leibhéal réigiúnach agus glacann siad páirt i gcomhlachtaí teicniúla mar an tAontas um Chomhordú Tarchurtha Leictreachais (UCTE - Union for the Co-ordination of Transmission of Electricity ) agus Comhlachas na hEorpa um Athchóiriú chun Éifeachta na Malartán Fuinnimh (EASEE-Gas - European Association for the Streamlining of Energy Exchange ). Tá rannchuidiú suntasach déanta ag na tionscnaimh ilsrathacha comhair seo leis an margadh inmheánach agus chuidigh siad le héifeachtacht agus le sábháilteacht na líonraí a fheabhsú. Tá sé léirithe leis an gcomhar deonach seo, áfach, go bhfuil sé teoranta, cuir i gcás, i bhfoirm tarluithe a bhaineann leis an líonra nó i bhfoirm lánmhúchta leictreachais i ngeall ar chomhordú easnamhach ar oibriú an líonra nó ar naisc easnamhacha sna líonraí leictreachais agus gáis, agus deacrachtaí a bhaineann le comhchaighdeáin theicniúla a bheartú agus a chomhaontú. Tá sé beartaithe, dá réir, sainchúram a thabhairt do na hoibreoirí tarchurtha ina leith seo chun an comhar eatarthu a neartú i líon réimsí tábhachtacha, trí dhíriú isteach ar na saincheisteanna seo a leanas. - "Cóid" theicniúla agus mhargaidh a fhorbairt. Chun comhtháthú a dhéanamh ar na margaí leictreachais agus gáis tá gá le sraith chomhleanúnach de chóid theicniúla agus mhargaidh. Tá na cóid seo ann cheana féin ar bhonn náisiúnta nó trí mholtaí ó eagraíochtaí mar UCTE agus EASEE-gas. Tá trí fhadhb leis an staid atá ann i láthair na huaire: ar an gcéad dul síos ní fholaíonn na rialacha reatha na réimsí go léir is gá a chomhchuibhiú chun margadh comhtháite a rith, ar an dara dul síos níl na cóid náisiúnta comhoiriúnach lena chéile agus ar an tríú dul síos ní bhíonn siad ceangailteach go dlítheanach ná infhorghníomhaithe go minic. Ar na cóid seo tá lámhleabhar oibriúcháin UCTE maidir le slándáil agus iontaofacht na líonraí tarchurtha leictreachais agus moltaí EASEE-gas maidir le caighdeáin gháis. - Caomhnaíonn an togra próiseas deonach na n-oibreoirí córais tarchurtha mar shlí phragmatach chun cóid theicniúla agus mhargaidh mionsonraithe a fhorbairt. Bíonn na cóid seo an-chasta ar bhonn teicniúil go minic agus tá gá le próiseas éifeachtach chun iad a leasú nuair is cuí. Ceanglaíonn an togra maoirseacht láidir ar an rialáil agus monatóireacht a dhéanamh ar an tslí ina gcomhlíonfaidh na húdaráis náisiúnta rialála, an Ghníomhaireacht, agus/nó an Coimisiún na rialacha agus ar an tslí a gcuirtear iad chun feidhme, ag brath ar an gcineál togra atá i gceist. Sa chás nach bhféadfaidh na hOCTanna teacht ar chomhaontú maidir leis na cóid theicniúla agus mhargaidh is gá nó, sa chás nach gcuirtear iad chun feidhme, féadfar na rialacha sin a bheartú agus a ghlacadh tríd an nós imeachta coiste ar thogra ón gCoimisiún. - Sainmhíníonn an togra seo 11 phríomhréimse comhair ar an iomlán. Socrófar tosaíochtaí sna cláir bhliantúla oibre a bheidh ag Líonra Eorpach na n-oibreoirí córais tarchurtha (féach caibidil 1.2), a ullmhófar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go léir agus leis an nGníomhaireacht nua um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (féach caibidil 3), agus sonrófar go mion na cóid theicniúla agus mhargaidh is gá. Ba chóir a áireamh sa chomhar idir na hoibreoirí córais tarchurtha monatóireacht ar chur chun feidhme na gcód teicniúil agus margaidh. - Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhfuil leas coiteann ag baint leo: Is éard is cóir go mbunófaí leis an gcomhar idir OCTanna creat chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainaithint, a mhaoiniú agus a bhainistiú ionas go ndéanfar dul chun cinn ar fhorbairt agus ar eabhlóid theicniúil iontaofa na líonraí Eorpacha leictreachais agus gáis, go háirithe maidir le cinnteacht soláthair agus éifeachtacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun tabhairt isteach na dteicneolaíochtaí ísealcharbóin a éascú. - Comhordú ar oibriú na greille. Áireofar mar chomhar idir OCTanna comhfheidhmiú ar na líonraí i gcomhréir leis na cóid theicniúla agus mhargaidh atá comhaontaithe. Tagraíonn sé freisin don mhalartú faisnéise a bhaineann le hoibriú na líonraí, agus foilsiú comhleanúnach faisnéise a chomhordú, faisnéis a bhfuil gá léi chun rochtain a fháil ar na líonraí, mar shampla trí chomhsheasamh trédhearcachta. - Pleanáil infheistíochta. Chun toilleadh tarchurtha leordhóthanach a chur ar fáil chun an t-éileamh a shásamh agus chun na margaí náisiúnta a chomhtháthú, bheadh gá ag oibreoirí na líonraí le pleanáil atá comhordaithe go fadtéarmach a dhéanamh ar fhorbairt an chórais d'fhonn infheistíocht sna líonraí a phleanáil, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt an toillte tarchurtha atá ag an líonra. Is éard atá beartaithe go bhfoilseoidh Líonra Eorpacha na n-oibreoirí córais tarchurtha pleananna maidir le forbairt na líonraí, lena n-áirítear samhaltú an líonra chomhtháite, forbairt cásanna agus measúnú ar acmhainneacht agus ar inseachadacht an chórais chomhtháite. Ba chóir go mbeadh an plean forbartha seo réamhbhreathnaitheach (e.g. 10 mbliana ar a laghad) ionas gur féidir bearnaí infheistíochta a aithint go luath, go mór mór maidir le toilleadh trasteorann. Rannchuidíonn tionscnaimh réigiúnacha le comhtháthú an mhargaidh, go háirithe maidir leis an dá chúram dheireanacha seo. Ba chóir go gcomhlánfaí, ar an leibhéal réigiúnach, an comhar idir na hoibreoirí córais tarchurtha ar an leibhéal Eorpach, chun dul chun cinn praiticiúil a áirithiú, agus go mór mór chun bainistiú barrmhaith an líonra[7] agus pleanáil agus réadú cuí infheistíochta a áirithiú. Ba chóir go mbeadh mar thoradh ar an gcreat rialúcháin cur chun cinn, comhordú agus forbairt na dtionscnamh réigiúnach idir na hoibreoirí córais tarchurtha agus na húdaráis rialála, mar atá amhlaidh, i gcás na dTionscnamh Réigiúnach a bhí ag ERGEG agus tionscnamh mar an Fóram Cúigthaobhach in Iarthuaisceart na hEorpa agus mar atá molta ag geallsealbhóirí móra, cuir i gcás Eurelectric. 4.2. Meicníocht fheabhsaithe comhair Tá sé tábhachtach go dtugtar lánaitheantas ar an leibhéal Eorpach do na struchtúir chomhair atá ag na hoibreoirí córais tarchurtha chun go mbeidh údarás acu maidir leis na cúraimí thuasluaite a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ainmneoidh an Coimisiún, go foirmiúil, Líonra Eorpach na n-oibreoirí córais tarchurtha (gás agus leictreachas) a bheidh freagrach as na cúraimí sin. I bhfoirm cuideachtaí, is gá do na hoibreoirí córais tarchurtha bheith trédhearcach maidir leis an gcomhar atá eatarthu. Féadfaidh siad cur leis na struchtúir atá ann cheana, amhail GTE agus ETSO. Ciallóidh na cúraimí agus na freagrachtaí a bheidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha, áfach, go mbeidh gá le struchtúr comhair atá lárnach agus buan i gcás an eagrúcháin agus i gcás na n-uirlisí praiticiúla a bhaineann le pleanáil agus oibriú na líonraí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh monatóireacht ar an tslí ina gcomhlíonfaidh Líonra Eorpach na n-oibreoirí córais tarchurtha na cúraimí atá air. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha forbairt ar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus ar chomhairliúchán réamhtheachtach leo, mar shampla táirgeoirí, soláthróirí, custaiméirí agus oibreoirí dáileacháin, ionas go mbeidh sé ina chleachtas caighdeánach agus obair á thosú acu ar ábhar sonrach. Chun na críche sin, rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí maidir le gach aon dréachtchód margaidh agus teicniúil a ullmhóidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus beidh cead acu a dtuairimí a thabhairt ar chlár bliantúil oibre na n-oibreoirí córais tarchurtha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht maoirseacht lena chinntiú go ndéantar an comhairliúchán sin go ceart. 5. FEIDHMIÚ AN MHARGAIDH A FHEABHSÚ Ar cheann d'aidhmeanna an togra seo tá an creat reachtach a fheabhsú chun rochtain na dtríú páirtithe a éascú ar bhonneagair thábhachtacha, trédhearcacht agus comhtháthú an mhargaidh a fheabhsú mar aon le rochtain do chustaiméirí miondíola. 5.1. An córas díolúine Cuimsítear sa reachtaíocht faoi láthair an deis mórbhonneagar nua a dhíolmhú ó rialacha a bhaineann le hinrochtaineacht rialáilte do thríú páirtithe maidir le tréimhse réamhchinntithe. Tá roinnt bonneagar tugtha chun críche nó faoi lán seoil, lena n-áirítear idirnascairí gáis agus leictreachais agus saoráidí GNL, a bhain úsáid as an deis seo. Chuidigh sé seo le tionscadail a thabhairt ar aghaidh, rud a théann chun leasa na cinnteachta soláthair agus na hiomaíochta. Ag an tráth céanna, is éard a léiríonn an taithí go dtí seo go bhféadfadh na forbróirí tionscadal, na rialtóirí agus an Coimisiún tairbhe a bhaint as nós imeachta atá athchóirithe chun éifeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine agus díolúintí a thabhairt mar aon le soiléiriú ar roinnt coinníollacha. Is éard a mholann an Coimisiún, dá bhrí sin, treoirlínte a fhorbairt a chuideoidh le hiarrthóirí agus le rialtóirí na coinníollacha is gá chun díolúine a fháil a chur i bhfeidhm. Lena chinntiú gur féidir leis an margadh an bonneagar díolmhaithe a úsáid go barrmhaith, beartaítear na mioncheanglais maidir le leithdháileadh toillte agus le forálacha a bhaineann le bainistiú ar phlúchadh don bhonneagar nua a bhí á gcur i bhfeidhm go dtí seo cás i ndiaidh cáis a chur i bhfeidhm ar bhonn ginearálta. 5.2. Trédhearcacht Tá easpa leachtachta agus trédhearcachta ag cur as don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás mar go bhfuil sé ag cur bac le leithdháileadh éifeachtach acmhainní, ag cur teorainn le deiseanna chun fálú a dhéanamh in aghaidh rioscaí agus ag cur bac le hiontrálaithe nua. Is gá an mhuinín as an margadh, leachtacht an mhargaidh agus líon na ngeallsealbhóirí a mhéadú trí bhreis faisnéise a chur ar fáil don mhargadh. Díríonn na ceanglais reatha maidir le trédhearcacht, ar an méid toillte atá sa líonra a fhoilsiú go poiblí, ionas go bhféadfaidh páirtithe margaidh eolas a fháil faoin toilleadh atá ar fáil agus faoina bhfuil an toilleadh go léir atá ar fáil á thairiscint don mhargadh. Beidh gá ag na páirtithe margaidh, áfach, le rochtain chothrom ar an bhfaisnéis a chinntíonn gluaiseachtaí an phraghas mórdhíola. Faoi láthair, bíonn níos mó rochtana agus rochtain níos fearr ar fhaisnéis ag sealbhóirí atá freagrach as an gcuid is mó de na gluaiseachtaí gáis agus leictreachais, agus a bhfuil tromlach na sócmhainní atá sa mhargadh ina seilbh acu, ná mar a bhíonn ag iontrálaithe nua. I gcás an leictreachais, gabhann ceanglais i bhfoirm treoirlínte leis an rialachán lena leagtar síos na ceanglais trédhearcachta a bhaineann le giniúint leictreachais, ach níl na treoirlínte sin mion go leor, agus níl aon cheanglas den sórt sin ann faoi láthair i gcás an gháis. Beartaítear, dá bhrí sin, na ceanglais trédhearcachta a shíneadh chun go bhfolaítear stoic gháis, réamhaisnéisí éilimh agus soláthair, agus costais a bhaineann leis na líonraí agus le trádáil a chothromú. Is gá go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta cur i bhfeidhm ceart agus iomlán na gceanglas seo a rialú agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin, agus beidh gá a gcuid cumhachtaí a neartú dá réir. I gcás cheist na trédhearcachta a bhaineann le díorthaigh agus le hionstraimí airgeadais agus ós rud nach bhforáiltear do cheanglais bhreise sna tograí seo ar na cuideachtaí lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún mionscrúdú ar na ceisteanna sin agus tabharfaidh sé conclúid i dtreo lár na bliana 2008. Tugtar cuireadh don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh agus do Choiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR - Committee of European Securities Regulators ) oibriú i gcomhar le chéile chun breis iniúchta a dhéanamh agus comhairle a thabhairt maidir lenar chóir go mbeadh idirbhearta a bhaineann le conarthaí soláthair gáis agus leictreachais agus le díorthaigh gháis agus leictreachais faoi réir ag ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus/nó iarthrádála. 5.3. Rochtain ar stóráil Foráiltear leis an Treoir um mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, go mbeidh ar na hoibreoirí stórála rochtain a thabhairt do thríú páirtithe, i gcás go bhfuil an stóráil riachtanach maidir le custaiméirí a sholáthar. Tá sé de rogha ag na Ballstáit rochtain ar na saoráidí stórála seo a áirithiú trí choinníollacha arna sainmhíniú ag an rialtóir nó trí dhualgas a chur ar na hoibreoirí stórála coinníollacha rochtana a chomhaontú leis na custaiméirí. Tá na ceanglais a fholaítear sa Treoir teoranta do na prionsabail, agus tugtar go leor saoirse do na Ballstáit agus iad ag déanamh sainmhíniú ar a gcreat rialúcháin. Tugadh substaint do na prionsabail sin trí Fhóram Mhaidrid, fóram ag ar tháinig na geallsealbhóirí go léir ar chomhaontú faoi Threoirlínte deonacha maidir le dea-chleachtas rochtana i measc tríú páirtithe le haghaidh oibreoirí an chórais stórála (GGPSSO - 'Guidelines for Good Third Party Access Practice for Storage System Operators' ). Tá sé tugtha le fios ag ERGEG go bhfuil an cur chun feidhme foriomlán ar na treoirlínte seo an-lag go deo. Molann an Coimisiún ceithre bheart ar leith chun iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil: - Na prionsabail a fholaítear sna treoirlínte a dhéanamh ceangailteach go dlítheanach agus cead a thabhairt na treoirlínte a chur chun feidhme go mion trí nós imeachta coiste; - Díchuachadh dlítheanach agus feidhmiúil a bhunú d'oibreoirí an chórais stórála atá ina gcuid de na gnóthais soláthair; - Na cumhachtaí atá ag na húdaráis rialála náisiúnta a neartú ionas go bhféadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh ar an rochtain ar stóráil; - Soiléire a cheangal ar an gcóras rialála a chuirtear i bhfeidhm ar na saoráidí stórála. Chun na treoirlínte a dhéanamh ceangailteach go dlítheanach, síneofar an Rialachán chun sainmhíniú a thabhairt ar an tslí a mbeidh sé de cheangal ar oibreoirí an chórais stórála seirbhísí rochtana a thairiscint do thríú páirtithe, agus ar an tslí is cóir dóibh an toilleadh a leithdháileadh agus plúchadh a bhainistiú. Déanfar sainmhíniú freisin ar na ceanglais trédhearcachta agus molfar bearta a cheadóidh forbairt a dhéanamh ar mhargadh tánaisteach don toilleadh stórála. Ba chóir go gcinnteoidh na rialacha seo go ndéanfar an stóráil ar fad atá ar fáil do thríú páirtithe a thairiscint i slí neamh-idirdhealaitheach agus thrédhearcach, agus go ndímholfar cnapadh toillte go láidir. Thairis sin, cinnteoidh na rialacha seo comhchuibheas leis na mionriachtanais atá beartaithe maidir le bonneagar díolmhaithe. Trína cheangal go ndéanfar díchuachadh dlítheanach agus feidhmiúil ar oibreoirí an chórais stórála, feabhsófar go mór an rochtain ar an stóráil. Ós rud , faoi láthair, go mbíonn ar sholáthróirí a bhfuil stóráil de dhíth orthu dul i dteagmháil lena gcuid iomaitheoirí chun a riachtanas stórála a chonrú, ní chuirtear leis an muinín as an margadh agus cuirtear bac le hiontrálaithe nua. Má chruthaítear ceanglas maidir le hoibreoirí stórála atá díchuachta tiocfaidh feabhas ar an staid seo agus beidh iomaitheoirí agus rialtóirí in acmhainn seiceáil a dhéanamh go bhfuil an toilleadh iomlán stórála atá ar fáil á thairiscint don mhargadh. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur leis an débhríocht atá ann maidir leis an méid den toilleadh stórála a thairgtear don mhargadh, agus a cheanglaíonn ar na Ballstáit critéir a shainmhíniú maidir leis an tráth agus leis an tslí a bhfuil feidhm ag rochtain tríú páirtí ar stóráil agus beidh sé de cheangal an fhaisnéis sin a thabhairt le fios go poiblí. Beidh sé de chúram ar an rialtóir, dá bhrí sin, monatóireacht a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil na critéir seo á gcur i bhfeidhm mar is cóir maidir le gach aon stóráil. 5.4. Rochtain ar chríochfoirt GNL Tá an ról atá ag an ngás nádúrtha leachtach (GNL) i soláthar gáis chuig an Aontas Eorpach ag éirí níos tábhachtaí, agus tá sé beartaithe nó i bhfeidhm infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcríochfoirt GNL. I ngeall air sin, beidh gá le rialacha trédhearcacha maidir le rochtain ar chríochfoirt GNL. Tá an riachtanas seo aitheanta ag na rialtóirí, agus d'ullmhaigh ERGEG treoirlínte ag a bhfuil mar aidhm cur chuige coiteann a chruthú i leith rochtain ag tríú páirtithe ar chríochfoirt GNL. Cé gur bhain go leor de na críochfoirt GNL a tógadh úsáid as na deiseanna maidir le díolúine a fháil ón rochtain do thríú páirtithe agus ó idirghabháil rialúcháin faoi Airteagal 22 den Treoir, tá críochfoirt GNL eile a bhfuil rialacha maidir le rochtain do thríú páirtithe i bhfeidhm iontu. Ós rud nach gceanglaítear leis an Treoir atá ann ach gá ginearálta maidir le rochtain a rialáil, féadfaidh na Ballstáit léamh éagsúil a dhéanamh ar an gceanglas sin. Thairis sin, bíonn díolúine faoi Airteagal 22 sealadach i gcónaí, agus nuair a thagann an tréimhse díolmhaithe chun críche cuirtear tús leis an rialáil ar na críochfoirt GNL. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, rialacha atá sainmhínithe i slí níos soiléire maidir le rochtain do thríú páirtithe a fhorchur ar chríochfoirt GNL. Chun na treoirlínte a dhéanamh ceangailteach go dlítheanach, síneofar an Rialachán chun sainmhíniú a thabhairt ar an tslí is cóir d'oibreoirí na gcríochfort GNL seirbhísí rochtana a thairiscint do thríú páirtithe, agus ar an tslí is cóir dóibh an toilleadh a leithdháileadh agus plúchadh a bhainistiú. Déanfar sainmhíniú freisin ar na ceanglais trédhearcachta agus molfar bearta a cheadóidh forbairt a dhéanamh ar mhargadh tánaisteach do thoilleadh na gcríochfort. Thairis sin, cinnteoidh na rialacha seo comhchuibheas leis na mionriachtanais atá beartaithe maidir le bonneagar díolmhaithe. 5.5. Comhaontuithe soláthair fadtéarmacha Tugann comhaontuithe soláthair atá déthaobhach agus iartheachtach deis do dhiantionscail fuinnimh praghsanna níos intuartha a fháil. Tá an baol ann, áfach, go ndéanfaidh comhaontuithe den sórt sin an margadh iartheachtach a fhoriamh trí bhac a chur ar thomhaltóirí a gcuid soláthraithe a athrú agus sa chaoi sin bac a chur le hiomaíocht. Chun neamhchinnteacht sa mhargadh a laghdú, tabharfaidh an Coimisiún treoir i bhfoirm iomchuí, sna míonna atá le teacht, maidir le comhlíonadh dhlí iomaíochta an AE ag comhaontuithe fadtéarmacha soláthair atá déthaobhach agus iartheachtach. 5.6. Creat maidir le bunú céimseach margaidh miondíola Eorpaigh Ní féidir tagairt a dhéanamh, go fóill ar aon nós, i gcás an mhargaidh leictreachais agus gáis, do mhargadh miondíola Eorpach (teaghlaigh agus fiontair bheaga), mar go bhfuil dualgas ar na custaiméirí, ag glacadh leis go bhfuil rogha acu, soláthróirí atá bunaithe sa tír chéanna a roghnú. Is an cuspóir deiridh leis na margaí inmheánacha leictreachais agus gáis fíormhargadh Eorpach a bhunú do na húsáideoirí deiridh: tá sé riachtanach chun margaí iomaíocha a chruthú agus chun an éifeachtacht uasta a bhaint amach. Tá sé tábhachtach léirscaoileadh a bhaint amach sa mhargadh miondíola lena chinntiú go mbeidh saoránaigh uile an AE in ann leas a bhaint as an iomaíocht. Nuair nach gcuirtear an léirscaoileadh i bhfeidhm ach ar chustaiméirí móra, bheadh ar theaghlaigh na hEorpa an tionscal a fhóirdheonú agus chuirfí comharthaí infheistíochta a bhaineann le giniúint agus le soláthar nua as a riocht. Amhail ón 1 Iúil 2007, tá na margaí miondíola go léir san AE oscailte don iomaíocht, ach i ndáiríre tá a lán custaiméirí rócheangailte leis na soláthróirí a bhí acu roimhe seo mar nach bhfuil creat dlíthiúil cuí curtha i bhfeidhm mar is gá. Is de réir a chéile a chruthófar margadh miondíola Eorpach. D'fhonn an próiseas seo a spreagadh tá an Coimisiún ag déanamh measúnú ar fhóram miondíoltóireachta a bhunú i gcomhréir leis an taithí dhearfach a bhí ar Fhóram Fhlórans agus ar Fhóram Mhaidrid. Thabharfadh an fóram seo an deis díriú ar shaincheisteanna miondíola, agus chuirfeadh sé deis ar fáil do na geallsealbhóirí go léir bunú margaidh miondíola uile-AE a chur chun cinn. Thabharfadh an fóram treoir maidir leis na hoibleagáidí atá beartaithe do na Ballstáit agus do na húdaráis rialála chun rialacha soiléire iomaíochta a leagan síos don mhargadh miondíola, d'fhonn na rialacha margaidh a chomhchuibhiú de réir a chéile ionas go gceadófar margaí miondíola trasteorann. Beidh ról an-tábhachtach ag margaí miondíola dea-fheidhmithe cur le feasacht an phobail ar thomhaltas fuinnimh ag an mbaile agus ar an gcostas ar fhuinneamh, mar go mbeidh gá ag na bearta go léir le gníomhartha ó theaghlaigh chun astaíochtaí CO2 a ísliú agus éifeachtacht fuinnimh a mhéadú. Cuideoidh an iomaíocht sa soláthar do theaghlaigh le feasacht an phobail ar fhuinneamh. Níl an nós atá ann, is sin go bhfaigheann custaiméirí an bille deireanach don fhuinneamh tomhailte i ndiaidh tréimhse bliana, ina chuidiú leis an bhfeasacht sin, agus ní thugtar an deis do na soláthróirí seirbhísí iomaíocha a fhorbairt a dhéanfadh idirdhealú idir teaghlaigh ag a bhfuil riachtanais speisialta. Is gá do na soláthróirí, dá bhrí sin, breis faisnéise a thabhairt lena áirithiú go gcuirfear custaiméirí ar an eolas níos minice maidir leis an méid fuinnimh a úsáideann siad agus an méid a chosnaíonn sé. Is léir gur gá gealltanais láidre faoi chearta custaiméirí a fhorbairt in éineacht leis an tsaoirse roghanna do thomhaltóirí. Tá leibhéal ard cosanta ann cheana sa Treoir reatha i gcomhair custaiméirí leochaileacha lena áirithiú go mbeidh rochtain acu ar an bhfuinneamh a theastóidh uathu chun gnáthchaighdeán saoil a bheith acu. Níor cuireadh na bearta seo i bhfeidhm go ceart i roinnt tíortha, áfach, agus is éard atá beartaithe ag an gCoimisiún chun an creat a shoiléiriú treoirlínte ceangailteacha a shainmhíniú. Ag an tráth céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cearta gach custaiméara a neartú trí, ina measc, ceart a thabhairt soláthróir a athrú aon am ar bith agus a cheanglaíonn ar chuideachtaí fuinnimh billí a shocrú tráth nach déanaí ná mí i ndiaidh don tomhaltóir ceangal le líonra an tsoláthróra nua. Ar deireadh, tá an Coimisiún den tuairim gur leor i gcás Oibreoirí Córais Dáileacháin na rialacha atá ann faoi láthair maidir le díchuachadh dlítheanach agus feidhmiúil. Ní bheartaítear, dá bhí sin, na rialacha díchuachta ar an úinéireacht atá sonraithe i gcaibidil 4 thuas a shíneadh i leith Oibreoirí Córais Dáileacháin. 6. COMHAR MAIDIR LE CINNTEACHT SOLÁTHAIR A THREISIÚ 6.1. Monatóireacht ag oibreoirí córais tarchurtha ar an gcinnteacht soláthair Is tábhachtach a áirithiú go bhfuil na córais leictreachais agus gáis in acmhainn an t-éileamh a shásamh in amanna beagéilimh agus móréilimh araon. I gcás an leictreachais, ní fhéadfar sin a chinntiú ach nuair atá toilleadh giniúna leordhóthanach ann (leorgacht giniúna) agus nuair atá an líonra in acmhainn an fuinneamh a iompar ó na gineadóirí go dtí na custaiméirí deiridh (leorgacht líonra). I gcás an gháis, is gá toilleadh leordhóthanach allmhairithe agus stórála a bheith i bhfeidhm. Ceanglaíonn Treoir 2005/89/CE ar na rialtóirí náisiúnta, le cabhair ó na hoibreoirí córais tarchurtha, tuairisc a thabhairt gach bliain don Choimisiún maidir le cinnteacht an tsoláthair leictreachais. Ceanglaíonn Treoir 2004/67/CE ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar chinnteacht an tsoláthair gáis agus ar an gcreat rialúcháin chun infheistíocht sa bhonneagar a fheabhsú. Cruthaíonn na leasuithe atá beartaithe ar Rialacháin 1228/2003 agus 1775/2005 an cúram maidir le tuar a thabhairt do Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha ar leorgacht an chórais i ngach samhradh agus geimhreadh agus go fadtéarmach. Tá gá le dearcadh Eorpach chun na féidearthachtaí maidir le honnmhairiú agus allmhairiú leictreachais agus gáis faoi choinníollacha móréilimh a chur san áireamh. I ngeall ar na sreabha trasteorann leictreachais agus gáis laistigh den mhargadh inmheánach, is gá dearcadh ar an leibhéal Eorpach. 6.2. Comhar idir na Ballstáit Tá dhá ionstraim i reachtaíocht an AE a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair gáis. Ar an gcéad ionstraim tá Treoir 2003/55/CE lenar tugadh isteach oibleagáidí ginearálta monatóireachta do na Ballstáit. Ar an dara hionstraim tá Treoir 2004/67/CE a bhaineann go sonrach le bearta chun cinnteacht an tsoláthair gáis a chosaint. Bhunaigh an Treoir seo an Grúpa Comhordaithe Gáis agus tugtar sainmhíniú ar "meicníocht Pobail" i gcás cur isteach ar an soláthar. Déanann na hionstraimí seo foráil do chomhsheasamh comhordaithe. Ní shainmhínítear cuspóirí cainníochtúla maidir le cinnteacht soláthair agus ní fhorchuirtear aon oibleagáid maidir leis na stoic gháis. Ar deireadh, ní sholáthraíonn siad creat le haghaidh comhair réigiúnaigh i gcás trombhriste soláthair. Ní dhearna na Ballstáit Treoir 2004/67/CE a thrasuíomh ach le deireanas. Foráiltear in Airteagal 10 den Treoir sin go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc faoi 19 Bealtaine 2008 maidir le cur chun feidhme na Treorach, agus go háirithe, maidir le héifeachtúlacht a ionstraimí agus go bhféadfaidh sé tograí breise a eisiúint maidir le cinnteacht soláthair. Déanfaidh an tuairisc sin plé, go háirithe, ar na bearta cinnteachta soláthair a bhaineann leis na stoic gháis. Ar an gcúis sin, mar chéim tosaigh, ní dhéanann na tograí seo modhnú ar Threoir 2004/67/CE agus ní dhéantar plé ach ar dhá shaincheist: - Oibleagáidí breise trédhearcachta maidir le stoic tráchtála. Bheadh sé de dhualgas ar gach oibreoir stórála an méid gáis atá ar fáil ina chuid saoráidí a fhoilsiú go laethúil. Chuirfeadh an oibleagáid seo go mór leis an muinín a bheadh acu as a chéile i gcás cúnaimh réigiúnaigh agus dhéthaobhaigh nuair a tharlódh trombhriseadh soláthair. - Dlúthpháirtíocht Beartaítear go n-oibreoidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile chun dlúthpháirtíocht réigiúnach agus dhéthaobhach a chur chun cinn. Is éard atá beartaithe leis an gcomhar seo cásanna a mbeadh sé dóchúil go mbeadh trombhriseadh soláthair a dhéanfadh difear do Bhallstát mar thoradh orthu. Ar shamplaí den chomhar seo tá bearta náisiúnta a athchóiriú chun éifeachta ionas go bhféadfaí dul i ngleic le héigeandálaí agus modúlachtaí praiticiúla a fhorbairt ar mhaithe le cúnamh frithpháirteach. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le comhar réigiúnach dlúthpháirtíochta más gá. 2007/0197 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ag bunú Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[8], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh, De bharr an méid seo a leanas: (1) Luaigh Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal "Beartas Fuinnimh le haghaidh na hEorpa"[11] a thábhachtaí atá sé an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghas nádúrtha a thabhairt chun críche. Aithníodh gur beart bunúsach an creat rialúcháin a fheabhsú ar leibhéal Eorpach chun an sprioc seo a bhaint amach. (2) Bhunaigh Cinneadh ón gCoimisiún 2003/796/CE[12] grúpa comhairleach neamhspleách maidir le leictreachas agus gás ar a dtugtar "Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Leictreachas agus Ghás" (ERGEG – European Regulators Group for Electricity and Gas ) chun comhairliú, comhordú agus comhar a éascú idir na comhlachtaí rialála sna Ballstáit agus idir na comhlachtaí sin agus an Coimisiún d'fhonn an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a neartú. Tá an grúpa comhdhéanta d'ionadaithe na n-údarás rialála náisiúnta a bunaíodh de bhun Threoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás agus lena n-aisghairtear Treoir 96/92/CE[13] agus Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás agus lena n-aisghairtear Treoir 98/30/CE[14]. (3) Tá dul chun cinn déanta ag an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás a bhuí leis an obair atá déanta ag ERGEG ón uair a bunaíodh . Ach mar sin féin tá tuairim fhorleathan san earnáil, agus molann ERGEG féin , gur mithid comhar deonach idir na húdaráis rialála náisiúnta bheith ann laistigh de struchtúr Comhphobail a bhfuil inniúlachtaí soiléire aige agus a bhfuil de chumhacht aige cinntí rialúcháin a ghlacadh i roinnt cásanna áirithe. (4) An t-earrach 2007 d'iarr Comhairle na hEorpa ar an gCoimisiún beartais a mholadh maidir le meicníocht neamhspleách a bhunú le haghaidh comhair idir na húdaráis rialála náisiúnta. (5) I bhfianaise an mheasúnaithe iarmharta ar na hacmhainní a theastódh le haghaidh aonáin lárnach, thángthas ar an tuairim go mbeadh roinnt buntáistí fadtéarmacha ag aonán láir neamhspleách nach mbeadh ag roghanna eile. Dá bhrí sin, ba chóir go mbunófaí Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh, dá ngairtear 'an Ghníomhaireacht' anseo feasta. (6) Na feidhmeanna rialúcháin a chuireann na húdaráis rialála náisiúnta i gcrích ar leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2003/54/CE agus Treoir 2003/55/EC, ba chóir go gcinnteodh an Ghníomhaireacht go bhfuil siad comhordaithe mar ba cheart agus curtha i gcrích ar leibhéal an Chomhphobail más gá. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas, cumais theicniúla agus rialála, trédhearcacht agus éifeachtacht na Gníomhaireachta a ráthú. (7) Ba chóir go ndéanfadh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar an gcomhar idir oibreoirí córais tarchurtha in earnáil an gháis agus an leictreachas agus ar chur i gcrích chúraimí Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais agus chúraimí Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis. Ní foláir don Ghníomhaireacht bheith páirteach chun comhar éifeachtach trédhearcach idir oibreoirí córais tarchurtha a áirithiú le leas an mhargaidh inmheánaigh. (8) Is iomchuí creat a chur ar fáil ina mbeidh údaráis rialála naisiúnta in ann comhoibriú. Ba chóir go n-éascódh an creat seo cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta ar an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás. Má bhíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist, ba chóir go dtabharfaí an chumhacht di cinntí aonair a ghlacadh. Ba chóir go bhfolódh an chumhacht seo an córas rialúcháin a bhaineann le bonneagar a nascann dhá Bhallstát ar a laghad, díolúintí ó rialacha inmheánacha maidir le hidirnascairí nua agus bonneagar gáis atá suite i níos mó ná Ballstát amháin. (9) De bhrí go bhfuil léargas ag an nGníomhaireacht ar na húdaráis rialála náisiúnta ba chóir di comhairle a chur ar an gCoimisiún i dtaca le saincheisteanna rialála margaidh. Ba chóir go mbeadh sé de cheangal uirthi freisin an Coimisiún a chur ar an eolas má fhaigheann sí amach nach bhfuil an toradh a bhfuil gá léi ar an gcomhar idir oibreoirí córais tarchurtha, nó más rud nach bhfuil údarás rialála náisiúnta a bhfuil cinneadh déanta aige a sháraíonn treoirlínte sásta cloí le tuairim na Gníomhaireachta. (10) Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh sé ar chumas na Gníomhaireachta treoirlínte neamhcheangailteachta a eisiúint chun cuidiú le húdaráis rialála agus le gníomhaithe margaidh dea-chleachtais a roinnt. (11) Ba chóir struchtúr na Gníomhaireachta a chur in oiriúint d'fhonn freastal ar riachtanais shonracha na rialála fuinnimh. Ní mór ach go háirithe ról sonrach na n-údarás rialála náisiúnta agus a neamhspleáchas a chur san áireamh. (12) Ba chóir go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord Riaracháin chun an buiséad a bhunú, cur chun feidhme an bhuiséid a sheiceáil, rialacha inmheánacha a tharraingt suas, rialacháin airgeadais a ghlacadh agus Stiúrthóir a cheapadh. (13) Ba chóir go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an nGníomhaireacht chun na feidhmeanna rialúcháin a chur i ngníomh i mbealach atá neamhspleách agus atá éifeachtach thar aon rud eile. Ní hamháin gur eochairghné de dhea-rialachas neamhspleáchas na n-údarás rialála ach is amhlaidh gur cuid riachtanach de mhuinín sa mhargadh a áirithiú freisin. Dála an nóis atá ann ar leibhéal náisiúnta, ba chóir di, dá bharr sin, gníomhú go neamhspleách ar aon leas margaidh agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sí le teagasc ó aon rialtas ná ó aon aonán rialtais ná príobháideach. (14) Má tá cumhachtaí chun cinntí a dhéanamh ag an nGníomhaireacht, ba chóir, ar mhaithe le gontacht an nós imeachta, ceart achomhairc a dhéanamh chuig Bord Achomhairc a dheonú, Bord ar chóir dó bheith ina chuid den Ghníomhaireacht ach neamhspleách ar gach ball riaracháin agus gach ball rialúcháin dá cuid. (15) Ba chóir go maoineofaí an Ghníomhaireacht go formhór trí bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, táillí agus ranníocaí saorálacha. Na hacmhainní a chomhthiomsaíonn na húdaráis rialála le haghaidh comhair ar leibhéal Eorpach, ba chóir go leanfadh siadsan, go háirithe, de bheith ar fáil don Ghníomhaireacht. Ba chóir go leanfadh de nós imeachta buiséid an Chomhphobail feidhm a bheith aige a mhéad a bhaineann sé le haon fhóirdheontas is inmhuirir ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[15]. (16) Ba chóir go mbeadh foireann d'ardchaighdeán ag an nGníomhaireacht. Go háirithe, ba chóir go mbainfeadh an Ghníomhaireacht leas as cumas agus taithí na foirne atá tugtha ar iasacht ag na húdaráis rialála náisiúnta, an Coimisiún agus na Ballstáit. Ba chóir go mbeadh feidhm maidir le foireann na Gníomhaireachta ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, na rialacháin is infheidhme ar Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach d'fhonn na rialacha seo a chur i bhfeidhm. Ba chóir go nglacfadh an Bord Riaracháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá. (17) Ba chóir go ndéanfadh an Ghníomhaireacht na rialacha ginearálta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh comhlachtaí Comhphobail a chur i bhfeidhm. Ba chóir go gcuirfeadh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla ar bun chun sonraí tráchtála íogair agus sonraí pearsanta a chosaint. (18) Ba chóir go bhféadfadh tríú tíortha bheith páirteach in obair na Gníomhaireachta, i gcomhréir leis na comhaontuithe iomchuí arna gcur i gcrích ag an gComhphobal. (19) De bhrí nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh atá molta, eadhon comhar idir na húdaráis rialála náisiúnta ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaint amach go leormhaith, rud a fhágann gurbh fhearr iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal seo, ní dhéanann an Rialachán seo níos mó ná an méid atá riachtanach leis na cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Bunú Tá Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh bunaithe, dá ngairtear 'an Ghníomhaireacht' anseo feasta, d'fhonn na cúraimí rialála a dhéanann na húdaráis rialála atá luaite in Airteagal 22a de Threoir 2003/54/CE agus in Airteagal 24a de Threoir 2003/55/CE a chomhlánú ar leibhéal an Chomhphobail, agus, nuair is gá, a ngníomhaíocht a chomhordú. Airteagal 2 Stádas dlítheanach agus suíomh 1. Comhlacht Comhphobail a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici a bheidh sa Ghníomhaireacht. 2. I ngach ceann de na Ballstáit beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge dá bhfuil ann do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla. 3. Déanfaidh a Stiúrthóir ionadaíocht don Ghníomhaireacht. 4. Is i [áit] a bheidh suíomh na Gníomhaireachta. Go dtí go mbeidh a háitreabh ullamh, beidh sí suite ar áitreabh Chomhphobail. Airteagal 3 Comhdhéanamh Beidh an Ghníomhaireacht comhdhéanta den mhéid seo a leanas: 1. Bord Riaracháin, a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha síos in Airteagal 10; 2. Bord Rialtóirí, a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha síos in Airteagal 12; 3. Stiúrthóir, a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha síos in Airteagal 14; 4. Bord Achomhairc, a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha síos in Airteagal 16. Airteagal 4 Saghas gníomhartha na Gníomhaireachta Féadfaidh an Ghníomhaireacht: 5. tuairimí a eisiúint chuig oibreoirí córais tarchurtha; 6. tuairimí a eisiúint a dhíreofar ar na húdaráis rialála; 7. tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar ar an gCoimisiún; 8. cinntí aonair a dhéanamh i gcásanna ar leith dá dtagraítear in Airteagail 7 agus Airteagal 8. Airteagal 5 Cúraimí Ginearálta Féadfaidh an Ghníomhaireacht, má iarrann an Coimisiún uirthi nó as a stuaim féin, tuairim a thabhairt don Choimisiún maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis an gcríoch lenar cruthaíodh í. Airteagal 6 Cúraimí maidir le comhar idir oibreoirí córais tarchurtha 1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nósanna imeachta Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais i gcomhréir le Airteagal 2b(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003. agus maidir leis na nithe seo freisin i gcás an Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis i gcomhréir le hAirteagal 2b(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005. 2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar chur i gcrích chúraimí an Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais dá bhforáiltear in Airteagal 2d de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 agus ar chur i gcrích chúraimí Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis dá bhforáiltear in Airteagal 2d de Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005. 3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a thabhairt do Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais dá bhforáiltear in Airteagal 2d(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 agus do Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Gáis dá bhforáiltear in Airteagal 2d(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 maidir le cóid theicniúla nó mhargaidh, maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil agus maidir leis an dréachtphlean infheistíochta deich mbliana. 4. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a bhfuil call cuí léi don Choimisiún má mheasann sí nach bhfuil neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtúil agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh á áirithiú tríd an dréachtchlár oibre bliantúil, nó tríd an dréachtphlean infheistíochta deich mbliana arna gcur faoina bráid i gcomhréir le hAirteagal 2d(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 agus Airteagal 2d(2) de Rialachán (CE) 1775/2005. 5. Tabharfaidh sí tuairim a bhfuil call cuí léi don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 2e(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 agus Airteagal 2e(2) de Rialachán (CE) 1775/2005, má mheasann sí nach n-áirithíonn cód teicniúil nó margaidh neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtúil agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh, nó nár glacadh cód teicniúil nó margaidh laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó go bhfuil teipthe ar na hoibreoirí córais tarchurtha cód teicniúil nó margaidh a chur chun feidhme. 6. Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí córais tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 2h de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 agus Airteagal 2h de Rialachán (CE) 1775/2005. Airteagal 7 Cúraimí a bhaineann leis na húdaráis rialála náisiúnta 1. Glacfaidh an Ghníomhaireacht cinntí aonair maidir le saincheisteanna teicniúla nuair a bhíonn foráil ann dóibh i dtreoirlínte de bhun Threoir 2003/54/CE, Treoir 2003/55/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, nó Rialachán (CE) 1775/2005. 2. I gcomhréir lena clár oibre féin nó má iarann an Coimisiún uirthi , féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun chuidiú le húdaráis rialála agus gníomhaithe margaidh dea-chleachtais a roinnt. 3. Cuirfidh an Ghníomhaireacht comhar chun cinn idir na húdaráis rialála náisiúnta agus idir údaráis rialála ar leibhéal réigiúnach. Má mheasann an Ghníomhaireacht gur gá na rialacha seo bheith ina gceangal ar a leithéid de chomhar, cuirfidh sí na moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin. 4. Ar iarratas ó aon údarás rialála nó ar iarratas an Choimisiúin, féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a eisiúint maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialála na Treoirlínte dá dtagraítear i dTreoir 2003/54/CE, Treoir 2003/55/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 1228/2003 nó Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005. 5. Mura gcloíonn údarás náisiúnta le tuairim na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír (4) laistigh de cheithre mhí ó dháta an tuairim a fháil, cuirfidh an Ghníomhaireacht sin in iúl don Choimisiún. 6. In aon chás ar leith, más deacair d'aon údarás rialála náisiúnta na treoirlínte dá dtagraítear i dTreoir 2003/54/CE, i dTreoir 2003/55/CE, i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 nó i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sé tuairim a iarraidh ar an nGníomhaireacht. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim laistigh de cheithre mhí tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. 7. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh maidir leis an gcóras rialúcháin i gcomhair bonneagar a nascann dhá Bhallstát ar a laghad, i gcomhréir le hAirteagal 22d(3) de Threoir 2003/54/CE agus Airteagal 24d(3) de Threoir 2003/55/CE. Airteagal 8 Cúraimí eile 1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht díolúintí a dheonú, mar a fhoráiltear in Airteagal 7(4)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003. Féadfaidh an Ghníomhaireacht díolúintí a dheonú freisin, mar a fhoráiltear in Airteagal 22(3)(a) de Threoir 2003/55/CE, má tá an bonneagar i dtrácht suite ar chríocha níos mó ná Ballstáit amháin. 2. Molfaidh an Ghníomhaireacht oibreoir neamhspleách córais i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Threoir 2003/54/CE agus Airteagal 9(4) de Threoir 2003/55/CE. Airteagal 9 Bord Riaracháin 1. DHá chomhalta dHéag a bheidh sa Bhord Riaracháin. Ceapfaidh an Coimisiún seisear agus ceapfaidh an Chomhairle seisear. Cúig bliana a bheidh sa téarma oifige, in-athnuaite aon uair amháin. 2. Comhaltaí dá chuid féin a bheidh sa Chathaoirleach agus sa Leaschathaoirleach a cheapfaidh an Bord Riaracháin. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh go huathoibríoch mura bhféadfaidh an dara duine díobh seo a chuid dualgas a dhéanamh. Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh, agus beidh sé in-athnuaite aon uair amháin. Ar aon chuma, éagfaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh a luaithe a stopfaidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin. 3. Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Glacfaidh Stiúrthóir na Gníomhaireachta páirt sna breithniúcháin ach amháin má chineann an Bord Riaracháin a mhalairt. Tiocfaidh an Bord Riaracháin le chéile i ngnáthsheisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar chonlán a Chathaoirligh, ar iarratas an Choimisiúin Eorpaigh nó ar iarratas an tríú cuid dá chomhaltaí ar laghad. Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a d'fhéadfadh tuairimí ábhartha bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Féadfaidh an Bord Riaracháin, faoi réir na rialacha nós imeachta, cabhair a fháil ó chomhairleoirí nó saineolaithe. Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí rúnaíochta don Bhord Riaracháin. 4. Is trí thromlach dhá thrian na gcomhaltaí i láthair a ghlacfar cinntí an Bhoird Riaracháin. 5. Beidh vóta amháin ag gach comhalta. Leagfaidh na rialacha nós imeachta amach níos mine na socruithe maidir le vótáil, go mór mór i dtaca leis na coinníollacha faoinar féidir le comhalta amháin gníomhú ar son chomhalta eile, agus nuair is iomchuí, na rialacha maidir le córaim freisin. Airteagal 10 Cúraimí an Bhoird Riaracháin 1. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí, ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 13(2). 2. Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Rialtóirí i gcomhréir le hAirteagal 11(1). 3. Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 15(1). 4. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiúin, roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, agus tar éis comhaontú an Bhoird Rialtóirí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 12(3), glacfaidh an Bord Riaracháin clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún . Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil. 5. Feidhmeoidh an Bord Riaracháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 21. 6. Tar éis dó comhaontú an Choimisiúin a fháil, cinnfidh an Bord Riaracháin cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé le haon leagáidí nó tabhartais, nó deontais ó fhoinsí Comhphobail eile. 7. Beidh údarás araíonachta ag an mBord Riaracháin ar an Stiúrthóir. 8. Más gá, dréachtóidh an Bord Riaracháin beartas foirne na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 25(2). 9. Glacfaidh an Bord Riaracháin na forálacha speisialta maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 27. 10. Glacfaidh an Bord Riaracháin an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 14(8), agus cuirfidh sí í, chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Chúirt Iniúchóirí, faoi cheann an 15 Meitheamh ar a dhéanaí. Beidh cuid neamhspleách sa tuarascáil seo, arna formheas ag an mBord Rialtóirí, a bhaineann le gníomhaíochtaí rialúcháin na Gníomhaireachta le linn na bliana atá i dtrácht. 11. Glacfaidh an Bord Riaracháin a rialacha nós imeachta féin. Airteagal 11 Bord Rialtóirí 1. Beidh an Bord Rialtóirí comhdhéanta d'ionadaí amháin as na húdaráis rialála in aghaidh an Bhallstáit, dá dtagraítear in Airteagal 22a de Threoir 2003/54/CE agus in Airteagal 24a de Threoir 2003/55/CE, agus d'ionadaí amháin gan cead vótála as an gCoimisiún. Ainmneoidh na húdaráis rialála náisiúnta comhalta malartach amháin in aghaidh an Bhallstáit. 2. Comhaltaí dá chuid féin a bheidh sa Chathaoirleach agus sa Leaschathaoirleach a cheapfaidh an Bord Rialtóirí. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh mura bhféadfaidh an dara duine díobh seo a chuid dualgas a dhéanamh. Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh, agus beidh sé in-athnuaite aon uair amháin. Ar aon chuma, éagfaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh a luaithe a stopfaidh siad de bheith ina gcomhalta den Bhord Riaracháin. 3. Feidhmeoidh an Bord Rialtóirí trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta nó malartach. 4. Glacfaidh an Bord Rialtóirí a rialacha nós imeachta féin. 5. Agus na cúraimí a chuirtear air sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, gníomhóidh an Bord Rialtóirí go neamhspleách agus ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé le haon treorú ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon leas poiblí ná príobháideach. 6. Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí rúnaíochta don Bhord Rialtóirí. Airteagal 12 Cúraimí an Bhoird Rialtóirí 1. Tabharfaidh an Bord Rialtóirí tuairim don Stiúrthóir sula nglacfar na tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8. Ina theannta sin, cuirfidh an Bord Rialtóirí, laistigh dá réimse inniúlachta, comhairle ar an Stiúrthóir i dtaca le cur i gcrích chúraimí an Stiúrthóra. 2. Tabharfaidh an Bord Rialtóirí tuairim maidir leis an iarrthóir le ceapadh mar Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 10(1) agus Airteagal 13(2). Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord an cinneadh seo. 3. De réir Airteagal 10(4) agus Airteagal 14(6) agus i gcomhréir leis an dréachtbhuiséad a bunaíodh de réir Airteagal 20(1), formheasfaidh an Bord Rialtóirí clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain ina dhiaidh sin agus, roimh an 1 Meán Fómhair, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin le go nglacfar . 4. Déanfaidh an Bord Rialtóirí an chuid neamhspleách den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí rialúcháin a fhormheas, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(10) agus Airteagal 14(8). Airteagal 13 Stiúrthóir 1. Is faoi bhainistiú a Stiúrthóra a bheidh an Ghníomhaireacht agus gníomhóidh sé go neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Riaracháin ná an Bhoird Rialtóirí faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir ná ní ghlacfaidh sé le haon treorú ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht. 2. Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir ar bhonn fiúntais chomh maith le scileanna agus taithí agus roghnófar as liosta de bheirt iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún, tar éis ghlaoch um léiriú spéise. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar cuireadh a thabhairt don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ar chomhaltaí an choiste a fhreagairt. 3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra. Le linn na naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht. Sa mheastóireacht, deanfaidh an Coimisiún na nithe seo, go háirithe, a mheasúnú: 9. feidhmíocht an Stiúrthóra; 10. dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta le teacht. 4. Ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún agus an tuarascáil meastóireachta á cur san áireamh aige agus sna cásanna siúd amháin ina dtugann dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta údarás dó, féadfaidh an Gníomhaireacht téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú aon uair amháin go gceann trí bliana ar a mhéad. 5. Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú. Laistigh de mhí roimh dá théarma oifige bheith fadaithe, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ar chomhaltaí an choiste a fhreagairt. 6. I gcás nach bhfadófar an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba. 7. Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin de bhun cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Riaracháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí. Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a thiocfaidh an Bord Riaracháin ar an gcinneadh seo. 8. Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir tuairisc a chur isteach ar chomhlíonadh a gcuid dualgas. Airteagal 14 Cúraimí an Stiúrthóra 1. Is an Stiurthóir a bheidh freagrach as ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta agus faoi-sean atá sé í a bhainistiú. 2. Ullmhóidh an Stiúrthóir obair an Bhoird Riaracháin. Glacfaidh sé páirt in obair an Bhoird Riaracháin cé nach mbeidh cead vótala aige. 3. Glacann an Stiúrthóir na tuairimí, na moltaí agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, agus Airteagal 8, faoi réir ag aontú an Bhoird Rialtóirí. 4. Is an Stiurthóir a bheidh freagrach as clár oibre bhliantúil na Gníomhaireachta a chur chun feidhme faoi threoir an Bhoird Rialtóirí agus faoi réir ag rialú riaracháin an Bhoird Riaracháin. 5. Déanfaidh an Stiúrthóir na bearta iomchuí, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhógairt, chun feidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. 6. Gach bliain ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtphlean oibre don Ghníomhaireacht don bhliain ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin roimh an 30 Meitheamh den bhliain sin. 7. Déanfaidh an Stiúrthóir meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 20 agus cuirfidh sé buiséad na Gníomhaireachta i bhfeidhm de bhun Airteagal 21. 8. Gach bliain ullmhóidh an Stiúrthóir dréacht-thuarascáil bhliantúil ina mbeidh cuid di tiomanta do ghníomhaíochtaí rialúcháin na Gníomhaireachta agus cuid do chúrsaí airgeadais agus riaracháin. 9. Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí dá bhforáiltear in Alt 25(3). Airteagal 15 Bord Achomhairc 1. Beidh an Bord Achomhairc comhdhéanta de sheisear comhaltaí agus seisear malartach roghnaithe as foireann reatha nó as iar-fhoireann shinsearach de chuid na n-údarás rialála náisiúnta, na n-údarás iomaíochta nó na n-institiúidí Comhphobail a bhfuil taithí chuí in earnáil an fhuinnimh acu. Ainmneoidh an Bord Achomhairc a Chathaoirleach. Is trí thromlach cáilithe ceathrair as seisear dá chomhaltaí ar a laghad a ghlacfar cinntí an Bhoird Achomhairc. Tionólfar an Bord Achomhairc nuair is gá. 2. Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc tar éis ghlaoch um léiriú spéise, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí, agus de bhun togra ón gCoimisiún. 3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Beidh an téarma seo in-athnuaite. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí; agus ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treorú. Ní fhéadfaidh siad aon dualgais eile a dhéanamh sa Ghníomhaireacht, ná i mBord Riaracháin na Gníomhaireachta, ná i mBord Rialtóirí na Gníomhaireachta. Ní fhéadfar comhalta de chuid an Bhoird Achomhairc a chur as oifig le linn a théarma oifige mura mbíonn sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, agus mura ndéanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh chuige sin, tar éis dó tuairim an Bhoird Rialtóirí a fháil. 4. Ní fhéadfaidh comhaltaí den Bhord Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc má tá aon leas pearsanta acu iontu, ná má bhí baint acu roimhe mar ionadaithe ar son cheann de na páirtithe sna himeachtaí, ná má ghlac siad páirt sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh. 5. Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna atá luaite i mír 4 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta den Bhord Achomhairc nár chóir do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh an comhalta sin in iúl don Bhord Achomhairc. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc ar aon cheann de na forais atá luaite i mír 4, nó má tá amhras ann go bhfuil sé claonta. Ní féidir agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí, ná ní cheadófar agóid a dhéanamh má ghlacann páirtí sna himeachtaí achomhairc céim den nós imeachta agus a fhios aige go bhfuil cúis agóide ann. 6. Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh maidir leis an gcaingean a thionscnófar sna cásanna atá sonraithe i míreanna 4 agus 5 gan rannpháirtíocht an chomhalta atá i gceist. D'fhonn an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta i dtrácht in áit an chomhalta sin, mura bhfuil an malartach sa chor chéanna. Sa chás seo ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as na malartaigh ar fáil. Airteagal 16 Achomhairc 1. Féadfaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 8 agus atá dírithe ar an duine sin, nó in aghaidh cinnidh a bhfuil baint dhíreach phearsanta aige leis an duine sin, bíodh is go bhfuil sé i bhfoirm cinnidh atá dírithe ar dhuine eile. 2. Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn sa Ghníomhaireacht laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra faoin gcinneadh don duine i dtrácht, nó ina éagmais sin, ón lá a fhoilseoidh an Ghníomhaireacht a cinneadh. Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh i dtaobh an achomhairc laistigh de dhá mhí ón uair a taisceadh . 3. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Mar sin féin, féadfaidh an Bord Achomhairc, má mheasann sé go gceadaítear sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh a chonspóidtear a chur ar fionraí. 4. Má bhíonn an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú féachaint an bhfuil bunús leis. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc tuairimí a chomhdú maidir leis na fógraí arna eisiúint aige féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc, laistigh de theorainneacha sonraithe ama. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair béil a dhéanamh. 5. Féadfaidh an Bord Achomhairc, laistigh de théarmaí an Airteagail seo, aon chumhacht atá laistigh d'inniúlacht na Gníomhaireachta a fheidhmiú nó féadfaidh sé an cás a tharchur chuig comhlacht inniúil na Gníomhaireachta. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an dara ceann díobh seo. 6. Glacfaidh an Bord Rialtóirí a rialacha nós imeachta féin. Airteagal 17 Caingne os comhair na Cúirte Céadchéime agus os comhair na Cúirte Breithiúnais 1. Féadfar caingne a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime agus os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 230 den Chonradh lena gconspóidtear cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Achomhairc, nó i gcás nach bhfuil sé de cheart ag an mBord, arna dhéanamh ag an nGníomhaireacht. 2. Mura ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh, féadfaidh imeachtaí de bharr neamhghnímh a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh. 3. Beidh sé de cheanglas ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte Céadchéime nó breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh. Airteagal 18 Buiséad na Gníomhaireachta 1. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, in ioncam na Gníomhaireachta: 11. fóirdheontas ón gComhphobal a iontrálfar i mbuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (Cuid an Choimisiún); 12. na táillí a íocfar leis an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 19; 13. aon ranníocaí saorálacha ó na Ballstáit nó ó údaráis rialála na mBallstát; 14. aon leagáidí, tabhartais, nó deontais dá dtagraítear in Airteagal 10(6). 2. Folóidh an caiteachas costais foirne, riaracháin, bonneagair agus oibríochtúil. 3. Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú. 4. Beidh ioncam agus caiteachas go léir na Gníomhaireachta ina n-ábhar le haghaidh réamhaisnéisí ar gach bliain airgeadais, i gcomhthrá leis an mbliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad na Gníomhaireachta. Airteagal 19 Táillí 1. Bíonn táillí dlite don Ghníomhaireacht as siocair díolúine a iarraidh de bhun Airteagal 8(1). 2. Socróidh an Coimisiún na táillí thuasluaite. Airteagal 20 Bunú an Bhuiséid 1. Gach bliain, faoi cheann 15 Feabhra ar a dhéanaí, tarraingeoidh an Stiúrthóir suas réamh-dhréachtbhuiséad a fholóidh an caiteachas oibríochtúil agus an clár oibre a mbeidh súil leo sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an réamhdhréacht seo chuig an mBord Riaracháin mar aon le liosta de phoist shealadacha. Gach bliain, déanfaidh an Bord Riaracháin meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, bunaithe ar dhréacht arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir. Déanfaidh an Bord Riaracháin an meastachán seo, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, a chur chuig an gCoimisiún faoi cheann an 31 Márta ar a dhéanaí. Sula nglacfar an meastachán, cuirfear an dréacht arna ullmhú ag an Stiúrthóir chuig an mBord Rialacháin agus féadfaidh an Bord Rialacháin tuairim a eisiúint i dtaobh an dréachta. 2. Cuirfidh an Coimisiún an meastachán chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairtear an 't-údarás buiséadach' anseo feasta) in éineacht le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. 3. Ar bhonn na meastachán, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach i dtaca leis an bplean bunaíochta agus i dtaca leis an méid den deontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh. 4. Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta. 5. Déanfaidh an Bord Riaracháin buiséad na Gníomhaireachta a tharraingt suas. Beidh sé críochnaitheach ón uair a ghlacfar go críochnaitheach le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Más gá, coigeartófar dá réir. 6. Tabharfaidh an Bord Riaracháin fógra don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige a chur chun feidhme a d'fhéadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le réadmhaoin amhail foirgneamh a ghlacadh ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Má bhíonn sé i gceist ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, cuirfidh sé sin in iúl don Ghníomhaireacht laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an t-eolas maidir leis an tionscnamh tógála a fháil. In éagmais freagra, is féidir leis an nGníomhaireacht dul ar aghaidh leis an oibriúchán beartaithe. Airteagal 21 An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú 1. Feidhmeoidh an Stiúrthóir mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme. 2. Faoi cheann an 1 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Freisin, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais freisin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi cheann an 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin ar a dhéanaí. Ansin, comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe de réir Airteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002[16]. 3. Faoi cheann an 31 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais le linn na bliana airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais le linn na bliana airgeadais sin a chur ar aghaidh freisin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. 4. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, i gcomhréir le forálacha Airteagal 129 de Rialachán (CE) Uimh. 1605/2002, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chonlán féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Rialaithe iad chun a thuairim a fháil. 5. Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim uaidh ar chuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta. 6. Faoi cheann an 1 Iúil ar a dhéanaí i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir na cuntais chríochnaitheacha seo, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus an Chúirt Bhreithiúnais. 7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha. 8. Cuirfidh an Stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir le barúlacha na Cúirte Iniúchóirí faoi cheann an 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Freisin, cuirfidh sé cóip den fhreagra seo chuig an mBord Riaracháin agus an Coimisiún. 9. Ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, dá bhforáiltear in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, déanfaidh an Stiúrthóir aon fhaisnéis is gá i gcomhair dhea-fheidhmiú an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. 10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 15 Aibreán den bhliain N + 2, i leith cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais N. Airteagal 22 Rialacha Airgeadais Tarraingeoidh an Bord Riaracháin suas na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh na rialacha seo imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 má fhágann riachtanais sonracha oibríochtúla na Gníomhaireachta go bhfuil gá leis sin, agus má fhaightear comhaontú an Choimisiúin roimh ré. Airteagal 23 Bearta frith-chalaoise 1. D'fhonn comhrac i gcoinne calaoise, éilliú agus gníomhartha neamhdhlíthiúla eile, beidh feidhm gan srian ar an nGníomhaireacht ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999[17]. 2. Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontas Eorpaigh agus Choimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[18] agus glacfaidh sí forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile na Gníomhaireachta. 3. Beidh coinníoll follasach sna cinntí maoinithe, sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a leanann astu go bhféadfaidh OLAF, más gá , seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid a íocann an Ghníomhaireacht amach agus ar an bhfoireann atá freagrach as an t-airgead seo a íoc amach freisin. Airteagal 24 Pribhléidí agus díolúintí Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach. Airteagal 25 Foireann 1. Beidh feidhm maidir le foireann na Gníomhaireachta ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach d'fhonn na rialacha seo a chur i bhfeidhm. 2. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Riaracháin na bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach. 3. I dtaca lena foireann, feidhmeoidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí arna dtabhairt don údarás ceapacháin ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus arna dtabhairt don údarás atá i dteideal conarthaí a chur i gcrích mar gheall ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach. 4. Féadfaidh an Bord Riaracháin forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht sa Ghníomhaireacht. Airteagal 26 Dliteanas na Gníomhaireachta 1. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a seirbhísigh freagrach as i bhfeidhmiú a gcuid dualgas. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach in aon díospóid a bhaineann le damáiste dá leithéid a leigheas. 2. Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha ábhartha is infheidhme ar fhoireann na Gníomhaireachta. Airteagal 27 Rochtain ar dhoiciméid 1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001[19] maidir leis na doiciméid i seilbh na Gníomhaireachta. 2. Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla laistigh de shé mhí ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm. 3. D'fhéadfadh go mbeadh cinntí arna ndéanamh an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 faoi seach den Chonradh. Airteagal 28 Rannpháirtíocht tríú tíortha Beidh cead rannpháirtíochta ag tríú tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad agus a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an gComhphobal chuige seo. Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe seo, déanfar socruithe a shonróidh, go háirithe rannpháirtíocht na tíortha seo in obair na Gníomhaireachta ó thaobh méide, cineáil agus gnéithe nós imeachta de, lena n-áireofar forálacha maidir le ranníocaí airgeadais agus foireann. Airteagal 29 Socruithe teanga 1. Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958. 2. Déanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga na Gníomhaireachta. 3. Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta. Airteagal 30 Meastóireacht 1. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Folóidh an mheastóireacht seo na torthaí a bhainfidh an Ghníomhaireacht agus a modhanna oibre amach i dtaca leis an gcuspóir, an sainordú agus na cúraimí atá sainithe sa Rialachán seo agus ina cuid clár oibre bliantúil féin. 2. Déanfaidh an Coimisiún an chéad tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ceithre bliana ar a dhéanaí tar éis don chéad Stiúrthóir dul i mbun a chuid dualgas. Ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta gach cúig bliana ar a laghad. Airteagal 31 Teacht i bhfeidhm agus bearta neamhbhuana 1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . 2. Beidh feidhm ag Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7, agus Airteagal 8 amhail... [ 18 mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán Iarscríbhinn 1 RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH Réimse/Reimsí beartais: IOMPAR AGUS FUINNEAMH Gníomhaíocht(aí): An margadh inmheánach san fhuinneamh | TEIDEAL NA hOIBRÍOCHTA: GNÍOMHAIREACHT UM CHOMHAR IDIR RIALTÓIRÍ FUINNIMH | 1. LÍNE/LÍNTE BUISÉADACH(A) + CEANNTEIDEAL/CEANNTEIDIL) Faoi Chaibidil 6 ... Struchtúr iomchuí don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (gníomhaireacht rialúcháin) a chruthú, i.e.: - mír 06 dar teideal "Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh" a chruthú. - mír 06 XX XX – dar teideal "Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh" a chruthú – teidil Deontais 1 agus 2 - mír 06 XX XX – dar teideal "Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh" a chruthú – teidil Deontais 3 Is faoi nós imeachta buiséid na bliana 2009 a chinnfear an rogha ailt agus míreanna, faoi Chaibidil 06 03. 2. FIGIÚIRÍ FORIOMLÁNA 2.1 . Leithdháileadh don ghníomh: Áirítear leithdháileadh bliantúil leis na leithreasaí atá iontráilte faoi Airteagal XXX don bhliain 2009 agus na blianta ina dhiaidh sin. 2.2. Tréimhse feidhme Ní bheidh teorann leis an ngníomh (deontas bliantúil). 2.3. Meastachán foriomlán ilbhliantúil ar chaiteachais: a) Sceideal na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí / na leithreasaí íocaíochta (idirghabháil airgeadais) sna milliúin EUR Bliain | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | Blianta airgeadais iardain | Leithreasú faoi chomhair oibleagáidí | 1,970 | 3,940 | 6,084 | 6,314 | 6,434 | Leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí | 1,970 | 3,940 | 6,084 | 6,314 | 6,434 | 2.4. Comhoiriúnacht leis an gclárú airgeadais agus leis an bpeirspictíocht airgeadais x Togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana (2007/2013) 2.5. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam x Gan aon Iarmhairt Airgeadais 3. SAINTRÉITHE BUISÉADACHA Saghas caiteachais | Nua | Rannpháirteachas an CSTE | Rannpháirteachas na dtíortha iarrthacha | Ceannteideal peirspictíochta airgeadais | CN | LD /LND | IS EA | TÁ | TÁ | Uimh. 1.a | 4. BUNÚS DLÍ Conradh CE: Airteagal 95 5. CUR SÍOS AGUS FORAIS 5.1 . An gá le hidirghabháil Comhphobail 5.1.1. Na cuspóirí Tá glactha cheana féin ag an AE sraith beart[20] chun Margadh Inmheánach san Fhuinneamh a chruthú d'fhonn fíor-rogha a thabhairt do chustaiméirí uile an AE cibé acu saoránaigh nó gnólachtaí iad, mar aon le deiseanna nua gnó agus tuilleadh tráchtála trasteorann. Léiríonn an Teachtaireacht maidir leis an Mhargadh Inmheánach san Fhuinneamh[21] agus Tuarascáil Deiridh an Fhiosrúcháin Earnála ar Iomaíocht[22] nár bhain na rialacha agus na bearta reatha na cuspóirí seo amach go fóill. An Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal "Beartas Fuinnimh le haghaidh hEorpa"[23], leagann sí síos mar sprioc go gcruthófar Greille Gáis agus Leictreachais Eorpach agus margadh fuinnimh uile-Eorpach ina mbeidh fíor-iomaíocht. Eochairghné amháin a chuideoidh chun an sprioc seo a bhaint amach is ea feabhas a chur ar rialú an mhargaidh ar leibhéal Eorpach agus go mór mór comhar éifeachtúil idir na húdaráis rialála náisiúnta a chur ar bun i bhfoirm "comhlachta aonair nua ar leibhéal an Chomhphobail". In 2003 bhunaigh an Coimisiún grúpa comhairleach neamhspleách maidir le leictreachas agus gás ar a dtugtar "Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Leictreachas agus Ghás" (ERGEG), chun comhairliú, comhordú agus comhar a éascú idir na comhlachtaí rialála sna Ballstáit agus idir na comhlachtaí sin agus an Coimisiún. Le blianta beaga anuas chuidigh gníomhaíochtaí an ERGEG go mór an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás a chur i gcrích. Dar le formhór na ngeallsealbhóirí, áfach, agus dar leis na rialtóirí féin go bhfuil gá le meicníocht fhoirmeálta d'fhonn an margadh inmheánach a fheabhsú, meicníocht a éascóidh comhar idir na rialtóirí náisiúnta agus a chuirfidh ar a gcumas cinntí maidir le saincheisteanna tábhachta trasteorann a dhéanamh. Fágann cineál na gcúraimí atá le cineachadh do mheicníocht dá leithéid nach mór di bheith i bhfoirm gníomhaireachta rialúcháin. Léiríonn an anailís seo na prionsabail atá sainithe ag an gCoimisiún sa dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir leis an gcreat oibriúcháin do ghníomhaireachta rialúcháin na hEorpa[24], go háirithe maidir leis an gcaoi ina nglacfar cinntí aonair a bheidh ina gceangal dlí ar thríú páirtithe. 5.1.2. Bearta déanta a bhaineann le meastóireacht ex ante Bhreithnigh an Coimisiún, i bhfianaise roinnt critéar, an iarmhairt a bhainfeadh le Gníomhaireacht a bhunú. Ar an gcéad dul síos, rinneadh measúnú ar an bhfadhb atá le réiteach agus ar an riachtanas nach mór freastal air. Tá sé d'inniúlacht ag rialtóirí fuinnimh náisiúnta a margaí náisiúnta a rialú. Mar sin féin, tá ceadú ar leibhéal an AE de dhíth anois i gcás cinntí de chineálacha áirithe d'fhonn na margaí náisiúnta uile a chomhtháthú ionas go gcuirfear margadh inmheánach an AE ar bun. Tá na geallsealbhóirí ar aon fhocal ina thaobh seo. Dar le formhór na bpáirtithe leasmhara, agus dar leis na rialtóirí féin go bhfuil gá le meicníocht fhoirmeálta chun go gcomhoibreoidh na rialtóirí náisiúnta agus chun go ndéanfaidh siad cinntí maidir le saincheisteanna tábhachta trasteorann, d'fhonn an margadh inmheánach a fheabhsú. Ar an dara dul síos, rinneadh measúnú ar an mbreisluach a bheadh ag gníomh Comhphobail agus ar roghanna seachas gníomhaireacht rialúcháin a bhunú. Is í an cheist cé acu is féidir nó nach féidir leis an gCoimisiún féin na cúraimí seo a chomhlíonadh. Tá ardscileanna teicniúla ag teastáil le haghaidh gníomhaíochtaí rialúcháin, go háirithe eolas ar airíonna fisiciúla na greille, ar na leibhéil infheistíochta is gá san earnáil (giniúint agus tarchur), ar scála na dtaraifí rochtana agus ar mheicníocht socrú díospóide. Tá gá le saineolas teicniúil an-sonrach do na cúraimí seo, rud nach bhfuil ag an gCoimisiún. D'fhonn an saineolas sin a fháil gach seans gur ghá stiúrthóireacht nua a chruthú sa Choimisiún. D'fhágfadh sé seo go laghdófaí ról institiúideach an Choimisiúin agus go mbeadh sé mar a bheadh comhlacht theicniúil ann ach gan aon leas a bhaint as na gníomhaíochtaí sin. D'fhéadfadh córais eile a bheith oiriúnach, cuir i gcás, samhail Chóras na mBancanna Ceannais Eorpach. Tá cuma tharraingteach ar an tsamhail seo ach níl aon bhunús dlí léi maidir le fuinneamh, amhail Airteagal sa Chonradh. Bhíothas ag cuimhneamh ar líonra rialtóirí fuinnimh ní ba chumhachtaí a bhunú, a leithéid de Líonra na nÚdarás Iomaíochta arna bhunú ag an gCoimisiún in 2004 de bhun rialachán nua (CE) uimh. 01/2003 i gcoinne trusta ón gComhairle. Sa chóras sin níl comhchumhacht cinnidh ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ach is amhlaidh go gcuireann siad rialacha áirithe i bhfeidhm chun an t-údarás inniúil, malartú faisnéise agus nósanna imeachta a shainiú. Feidhmíonn an Coimisiún cumhacht allabhrach ginearálta agus féadfaidh sé dul i gceann cáis má bhíonn, mar shampla, malairt tuairime ag dhá rialtóir naisiúnta. Ach mar sin féin, oibríonn an córas seo i dteannta leis na cumhachtaí uathrialaitheacha atá ag an gCoimisiúin san earnáil iomaíochta. Ós rud nach bhfuil a leithéid de chumhacht cinnidh uathrialaitheach ag an gCoimisiún chun margaí fuinneamh a rialú (amach ó shaincheisteanna iomaíochta), ní bheadh an tionchar céanna aige ar an líonra. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na trí shamhail mhalartacha seo thángthas ar an tuairim go bhfágann cineál na gcúraimí atá le cineachadh dá leithéid de mheicníocht nach féidir ach gníomhaireacht a bheith ann, gníomhaireacht a mbeidh de chumhacht aici cinntí aonair a ghlacadh a bheidh ina gceangal dlí ar thríú páirtithe. Tá an rogha seo bunaithe ar an mbarúil go ndéanfar cumhachtaí na rialtóirí náisiúnta a threisiú agus a chomhchuibhiú. 5.2. Gníomhartha beartaithe agus socruithe le haghaidh idirghabhála buiséid D'fhonn a cuspóirí a bhaint amach, déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta seo a leanas: - Creat a chur ar fáil le haghaidh comhair idir rialtóirí. Moltar feabhas a chur ar an gcaoi ina láimhseáiltear cásanna trasteorann. Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh comhair idir na rialtóirí náisiúnta go háirithe maidir le faisnéis a mhalartú agus inniúlachtaí a chionroinnt i gcásanna a dhéanann difear do roinnt Ballstát. - Athbreithniú rialúcháin ar an gcomhar idir oibreoirí córais tarchurtha . Moltar go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an gcomhar idir oibreoirí córais tarchurtha, go háirithe maidir le cóid mhargaidh agus theicniúla a fhorbairt, oibriúchán na greille a chomhordú agus pleanáil infheistíochta. Chuige sin, dhéanfaí dréacht-bhearta arna nglacadh ag na hoibreoirí córais tarchurtha go comhpháirteach, nó ag cuid acu, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus thabharfadh sí tuairim do na hoibreoirí córais tarchurtha mura n-áiritheoidh na bearta seo neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtúil agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh. Go praiticiúil, beidh an mheicníocht seo i bhfoirm agallaimh chuidithigh idir oibreoirí córais agus ní dhéanfaidh an Coimisiún idirghabháil ach amháin mar rogha dheireanach. - Cumhachtaí cinnidh aonair I líon teoranta cásanna, moltar go gcuirfear cumhachtaí cinnidh aonair de chúram ar an nGníomhaireacht. Ceann de na cásanna seo is ea déileáil le hiarratais ar dhíolúine[25] a bhaineann le sócmhainní bonneagair ar le leas na hEorpa iad. - Ról comhairleach ginearálta . Thairis sin, chuirfeadh an Ghníomhaireacht comhairle ar an gCoimisiún maidir le saincheisteanna rialála margaidh, agus, gan dochar do na cúraimí a thugtar do na hoibreoirí córais tarchurtha; féadfaidh sí treoirlínte neamhcheangailteachta a eisiúint chun dea-chleachtais a chraobhscaoileadh i measc na rialtóirí naisiúnta. Beidh ioncam agus caiteachas go léir na Gníomhaireachta ina n-ábhar do réamhaisnéisí ar gach bliain airgeadais, i gcomhthráth leis an mbliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad na Gníomhaireachta. Déantar an buiséad a chomhardú ó thaobh ioncaim agus caiteachais de. Gan dochar d'acmhainní agus de dhleachtanna nach bhfuil sainithe go fóill, bíonn deontas Comhphobail arna iontráil i mbuiséad ginearálta an Chomhphobail Eorpaigh san áireamh in ioncam a fhabhraíonn chuig an nGníomhaireacht ionas go n-áiritheofar comhardú idir ioncam agus caiteachas. Go háirithe, folaíonn caiteachas na Gníomhaireachta luach saothair foirne, caiteachais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le feidhmiú an Bhoird Rialtóirí agus an Bhoird Achomhairc. 5.3. Modhanna cur chun feidhme Ba chóir go mbeadh stádas dlítheanach ag an nGníomhaireacht den chineál sin a chuirfeadh ar a cumas gníomhú mar dhuine dlítheanach agus a cuid dualgas á ndéanamh aici. Feidhmeoidh Bord Riaracháin mar aonad ceansaithe airgeadais agus riaracháin na Gníomhaireachta agus beidh 12 chomhalta ann. Ceapann an Coimisiún seisear agus ceapann an Chomhairle seisear. Cheapfaidh an Coimisiún seisear agus cheapfaidh an Chomhairle seisear. Cúig bliana atá sa téarma oifige, in-athnuaite aon uair amháin. Beidh an Ghníomhaireacht faoi cheannas Stiúrthóir arna cheapadh ag an mBord Riaracháin ar feadh tréimhse cúig bliana, in-athnuaite aon uair amháin. Is an Stiúrthóir ionadaí dlí na Gníomhaireachta. Is an Bord Rialtóirí a ghlacann cinntí na Gníomhaireachta. Ionas go mbeidh cinnteoireacht neamhspleách ar an bhfeidhmeannas (an Bord Riaracháin), caithfidh go bhfuil Bord Rialtóirí ar leith ann. Beidh an Bord Rialtóirí comhdhéanta den Stiúrthóir agus d'ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit. Ionadaithe an Bhallstáit, is as údarás rialála de chuid an Bhallstáit sin iad. Mar chríoch, faoi réir achomhairc atá na cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht. Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc. Tá seisear comhalta ar an mBord. 6. IARMHAIRT AIRGEADAIS 6.1. Modhanna chun costas iomlán an ghnímh a ríomh (a chinnfidh DG BUDG agus DG ADMIN) Folóidh na deontais Chomhphobail costais bhliantúla na Gníomhaireachta. Is féidir na cineálacha éagsúla caiteachais a anailísiú mar seo a leanas: Caiteachas ar fhoireann Bunaithe ar fhoireann mheasta 48 duine atá an buiséad molta. Is EUR 5 184 milliún an caiteachas bliantúil measta ar fhoireann, arna bhunú ar mheánchostas fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh, i.e. EUR 117 000 in aghaidh na bliana, lena n-áirítear caiteachas a bhaineann le foirgnimh agus caiteachas riaracháin ghaolmhar (muirir phoist, teileachumarsáid, TF etc.) Beidh costais earcaíochta san áireamh i gcaiteachas ar fhoireann amhail 2009. Is ar an bplean earcaíochta seo a leanas atá an meastachán ar chaiteachas ar fhoireann bunaithe: Earcaíocht | Foireann Iomlán | An chéad seimeastar 2009 | +10 | 10 | An dara seimeastar 2009 | +10 | 20 | An chéad seimeastar 2010 | +10 | 30 | An dara seimeastar 2010 | +10 | 40 | An chéad seimeastar 2011 | +8 | 48 | Caiteachas caipitiúil EUR 350 000 an méid a bheidh i gcaiteachas a bhaineann le maoin shochorraithe a cheannach agus caiteachas gaolmhar sa chéad dá bhliain. EUR 500 000 in aghaidh na bliana an tsuim a cuireadh ar leataobh do na blianta beaga amach as seo chun costais bhreise a fholú. D'fhéadfadh an mhír seo athrú de réir an saoráidí a chuireann an Ballstát ósta ar fáil. Costais Oibriúcháin Folóidh na costais seo cruinnithe agus taighde mar aon le costais aistriúcháin, fhoilsiúcháin agus chaidrimh phoiblí. Ar bhonn meastachán tosaigh, EUR 1 milliún suim na gcostas oibriúcháin seo. Caiteachas ar mhisin D'fhonn a cuid cúraimí a dhéanamh, beidh ar na nGníomhaireacht turais a eagrú lasmuigh agus laistigh den AE (costais taistil agus lóistín). EUR 150 000 in aghaidh na bliana an méid measta a bheidh i mbuiséad na speansas misean nuair a bheidh an Ghníomhaireacht ag feidhmiú go hiomlán. Tá na meastacháin seo bunaithe ar mheánchostas iarbhír a bhaineann le speansais an mheánmhisin curtha síos do DG TREN. Féadfaidh siad athrú de réir na háite a bhfuil suíomh na Gníomhaireachta. 6.2. Miondealú de réir eilimintí an ghnímh Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí sna milliúin euro (i bpraghsanna reatha) Miondealú/catagóirí | Bliain 2009 | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Blianta airgeadais iardain | Caiteachas ar fhoireann Trealamh Caiteachas oibriúcháin | 1.755 0,150 0,150 | 4,095 0,200 0,400 | 5,616 0,050 0,700 | 5,616 0,050 0,900 | 5,616 0,050 1,000 | Caiteachas ar mhisin | 0,050 | 0,100 | 0,150 | 0,180 | 0,200 | Iomlán | 2,105 | 4,795 | 6,516 | 6,746 | 6,866 | 6.3. Sceideal na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí / na leithreasaí íocaíochta sna milliúin euro Blianta et seq. | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | Blianta iardain | Leithreasú faoi chomhair oibleagáidí | 1,970 | 3,940 | 6,084 | 6,314 | 6,434 | Leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí | 1,970 | 3,940 | 6,084 | 6,314 | 6,434 | 7. ATHLEANÚINT AGUS MEASTÓIREACHT Is faoi stiúir na Cúirte Iniúchóirí (Airteagal 21), Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 21) agus na hOifige Eorpaigh Frith-Chalaoise (Airteagal 23) atá bainistíocht na gcistí atá faoi chúram na Gníomhaireachta. 8. BEARTA FRITH-CHALAOISE Féach pointe 7 thuas. [1] COIM(2007) 1 críochnaitheach. [2] Aontaíonn an Chomhairle Eorpach ina cuid conclúidí gur gá meicníocht neamhspleách a bhunú ionas go mbeidh rialtóirí náisiúnta in acmhainn oibriú le chéile agus cinntí a ghlacadh ar shaincheisteanna tábhachtacha trasteorann, agus is éard a luaitear sa tuarascáil a glacadh, Tuarascáil Vidal Quadras, go gcuireann Parlaimint na hEorpa "fáilte roimh thogra an Choimisiúin maidir leis an gcomhar idir rialtóirí náisiúnta ar leibhéal an AE a fheabhsú le heintiteas AE mar shlí chun cur chuige níos Eorpaí a chur chun cinn i leith na rialála a dhéantar ar shaincheisteanna trasteorann". Cuireann an Chomhairle Eorpach béim ar ról an Choimisiúin, gur chóir don ról sin bheith níos cinntitheach, ach gan neamhspleáchas na rialtóirí a lagú; agus creideann sí gur chóir do na rialtóirí cinntí a ghlacadh ar shaincheisteanna teicniúla agus trádála a bheadh sainmhínithe go sonrach agus na cinntí sin a ghlacadh i slí eolasach agus dearcadh na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na ngeallsealbhóirí ábhartha a chur san áireamh, nuair is cuí, agus go mbeadh an cinneadh ceangailteach go dlítheanach". [3] COIM(2005) 59 críochnaitheach [4] IO C […], […], lch. […]. [5] Mar atá sainmhínithe in Airteagal 22 de Threoir 2003/55/CE agus in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003. [6] Beidh eagraghram ag gabháil leis an Meabhrán Míniúcháin. [7] Mar shampla, i gcás an leictreachais, is léir gur gá socrú na gcód teicniúil a chinntiú maidir le gach aon réimse sioncronach i gcás saincheisteanna áirithe. [8] IO C […], […], lch. […]. [9] IO C […], […], lch. […]. [10] IO C […], […], lch. […]. [11] IO C […], […], lch. […]. [12] IO L 296, 14.11.2003, lch. 34. [13] IO L 176, 15.7.2003, lch. 37. [14] IO L 176, 15.7.2003, lch. 57. [15] IO L 357, 31.12.2002, lch. 72. [16] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. [17] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1. [18] IO L 136, 31.5.1999, lch. 15. [19] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43. [20] Lena n-áirítear an dara sraith de Threoracha maidir le margaí a oscailt, na Rialacháin atá dírithe ar chomhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil is gá chun go n-oibreoidh trádáil trasteorann go fíor, agus na Treoracha maidir le cinnteacht soláthair. [21] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hionchais atá i ndán don mhargadh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas – COIM(2006) 841. [22] Teachtaireacht ón gCoimisiún "Fiosrúchán Earnála faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar na margaí gáis agus leictreachais (tuarascáil chríochnaitheach)" – COIM(2006) 851. [23] IO C […], […], lch. […]. [24] COIM(2005) 59. [25] Mar atá sainithe in Airteagal 22 de Threoir 2003/55/CE agus in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003.