This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1209
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1209 of 9 June 2026 concerning the non-approval of Capsicum oleoresin as a basic substance in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1209 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2026 maidir le neamh-fhormheas oiléaroisín capsicum mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1209 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2026 maidir le neamh-fhormheas oiléaroisín capsicum mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh
C/2026/3751
IO L, 2026/1209, 10.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1209/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1209 |
10.6.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1209 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Meitheamh 2026
maidir le neamh-fhormheas oiléaroisín capsicum mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 23(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Samhain 2021, fuair an Coimisiún iarratas ó Concept Nature Bio (‘an t-iarratasóir’) ar fhormheas oiléaroisín capsacaim mar shubstaint bhuanta atá le húsáid i gcosaint plandaí mar éarthach mamach le haghaidh úsáidí ar shíolta cruithneachta, arbhair Indaigh, piseanna agus lus na gréine agus ar bharra arbhair Indaigh, ráibe olashíl, cabáiste, lus na gréine, biatais siúcra, cruithneachta agus ar fhéarthalamh trí sprae duilleach. |
|
(2) |
An 31 Márta 2023, fuair an Coimisiún leagan athbhreithnithe den iarratas inar réitíodh roinnt modhnuithe agus soiléirithe a iarradh i Roinn 2 ‘Céannacht na substainte’, Roinn 3 ‘Úsáid na substainte chun plandaí a chosaint’, Roinn 4 ‘Aicmiú na substainte agus fógra a thabhairt faoi staidéir’. |
|
(3) |
An 11 Lúnasa 2023, dheimhnigh an Coimisiún bailíocht an iarratais ar mheastóireacht bhreise. |
|
(4) |
D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Sholáthair an tÚdarás tuarascáil theicniúil don Choimisiún maidir le hoiléaroisín capsacaim an 7 Lúnasa 2025 (2). |
|
(5) |
Tá oiléaroisín capsacaim le fáil ar mhargadh an Aontais lena úsáid mar bhreiseán bia (E160c), mar bhreiseán beathaithe (4d11) agus mar shubstaint smachtaithe círéibe. Bhí roinnt meastóireachtaí ábhartha ar fáil, meastóireachtaí a rinneadh i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nuair a sholáthair an tÚdarás a chúnamh eolaíoch (3). Chuir an tÚdarás agus an Coimisiún araon toradh na meastóireachtaí sin san áireamh. |
|
(6) |
Maidir le céannacht na substainte, luaigh an tÚdarás nach bhfuil comhdhéanamh na substainte soiléir agus nach sonraítear an t-uaschion capsaicionóideach. Thairis sin, nuair a úsáidtear oiléaroisín capsacaim mar bhreiseán bia, ní cheadaítear capsaicin, ar ceann dá chomhpháirteanna í, ach i dtiúchain is lú ná 250 mg/kg (<0,025 %) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (4). Nuair a úsáidtear oiléaroisín capsacaim mar bhlastán bia, níl capsaicin le cur le bia ina cháil féin, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(7) |
Maidir le sláinte an duine, chinn an tÚdarás, ar bhonn na Tuairime ón gCoiste Eolaíoch um Bia maidir le capsaicin (6), gur eol go bhfuil capsaicionóidigh géineatocsaineach ar bhealach in vivo agus in vitro agus gur eol go mbíonn éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte ann tar éis do dhaoine iad a ghlacadh tríd an mbéal. Dá bhrí sin, i mí na Bealtaine 2025, thug an Coimisiún sainordú don Údarás tuairim eolaíoch a eisiúint maidir leis na rioscaí sláinte a bhaineann le láithreacht capsaicine i mbianna (7). Thairis sin, shainaithin an tÚdarás bearna sonraí a mhéid a bhaineann leis an measúnú géineatocsaineachta agus níorbh fhéidir leis an measúnú ar an riosca neamhchothaitheach ná an measúnú riosca do thomhaltóirí a thabhairt chun críche toisc nach raibh na luachanna tagartha tocsaineolaíocha ábhartha ar fáil. Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin nach féidir comhlíonadh an choinníll a leagtar amach in Airteagal 23(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a léiriú, is é sin le rá nach substaint ar údar imní í substaint ghníomhach, agus nach bhfuil cumas bunúsach aici a bheith ina cúis le hiarmhairtí réabtha iontálaigh, néarthocsaineacha nó imdhíonthocsaineacha. |
|
(8) |
Maidir leis na húsáidí atá beartaithe, thug an tÚdarás dá aire neamhchinnteachtaí sna rátaí iarratais agus sna coinníollacha úsáide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh oideas beacht maidir le hullmhú agus caoluithe deiridh is gá chun an tsubstaint a úsáid in easnamh. |
|
(9) |
Ina theannta sin, chuir an tÚdarás i dtábhacht nach raibh sonraí tocsaineachta leordhóthanacha ann maidir le veirteabraigh talún, inveirteabraigh uisceacha, algaí, macraifítí, plandaí talún nach spriocphlandaí iad, beacha meala agus artrapóid nach spriocartrapóid iad seachas beacha, agus nach raibh faisnéis leordhóthanach ann chun an measúnú nochta le haghaidh orgánaigh nach spriocorgánaigh iad a thabhairt chun críche. |
|
(10) |
Chuir an Coimisiún an tuarascáil uaidh maidir le hathbhreithniú agus dréacht den Rialachán Cur Chun Feidhme seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 10 Nollaig 2025 agus an 11 Márta 2026, faoi seach. |
|
(11) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith na tuarascála teicniúla ón Údarás agus i leith na tuarascála ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(12) |
Mar sin féin, d’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí deireadh a chur leis na hábhair imní a bhaineann leis an riosca do thomhaltóirí, d’oibreoirí, d’oibrithe, do sheallaigh agus do chónaitheoirí agus maidir le cosaint an chomhshaoil. |
|
(13) |
Le ríomhphost an 30 Aibreán 2026, tharraing Concept Nature Bio siar a iarratas ar oiléaroisín capsacaim a fhormheas mar shubstaint bhunata. De bharr tharraingt siar an iarratais, níor cheart oiléaroisín capsacaim a fhormheas de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(14) |
Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach ar oiléaroisín capsacaim a fhormheas mar shubstaint bhunata i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ní fhormheastar an tsubstaint oiléaroisín capsacaim mar shubstaint bhunata.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2025. Conclúidí foriomlána maidir leis an iarratas ar fhormheas oiléaroisín capsacaim mar shubstaint bhunata atá le húsáid i gcosaint plandaí mar éarthach mamach a úsáidtear trí chóireáil a dhéanamh ar shíolta agus trí sprae duilleach a chur ar bharra agus ar chineálacha síolta éagsúla, Foilseachán tacaíochta EFSA 2025:EN-9621, 153 lch., ar fáil ar líne: https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2025.EN-9621.
(3) Foscríbhinn F: Cuardach litríochta a rinne EFSA lena ndírítear ar an tionchar ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe, ar a gcinniúint agus ar a n-iompraíocht sa chomhshaol agus ar na hiarmhairtí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad. https://open.efsa.europa.eu/questions/EFSA-Q-2023-00550.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1334/oj).
(6) Tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Bia maidir le Capsaicin; an Coiste Eolaíoch um Bia SCF/CS/FLAV/FLAVOUR/8; 26 Feabhra 2002.
(7) Tá sonraí breise agus amlínte gaolmhara le fáil in OpenEFSA: https://open.efsa.europa.eu/questions/EFSA-Q-2025-00304?search=capsaicin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1209/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)