Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026H1307

Moladh (AE) 2026/1307 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2026 maidir le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí sárfhluarailcile (SPFAnna) i mbeatha

C/2026/3837

IO L, 2026/1307, 16.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1307/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1307/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1307

16.6.2026

MOLADH (AE) 2026/1307 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2026

maidir le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí sárfhluarailcile (SPFAnna) i mbeatha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Úsáideadh substaintí sárfhluarailcile (SPFAnna) go fairsing i bhfeidhmeanna tionsclaíocha agus tomhaltóra lena n-áirítear bratuithe smálfhriotaíocha le haghaidh fabraicí agus cairpéad, bratuithe olafhriotaíocha le haghaidh ábhair bhia-thadhaill déanta as páipéar agus cairtchlár, cúir comhraic dóiteáin, dromchlaghníomhaithe tobar ola, snasanna urlár agus ullmhóidí feithicídí. De dheasca na húsáide forleithne a bhaintear astu, mar aon lena marthanacht sa chomhshaol, tá éilliú comhshaoil forleathan ann. Tarlaíonn éilliú bia leis na substaintí sin go háirithe mar thoradh ar bhithbhailiú i slabhraí bia uisceacha agus talún, agus mar thoradh ar úsáid ábhair bia-thadhaill ina bhfuil SPFAnna. Is iad aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (ASFOS) agus aigéad sárfhluarochtánóch (ASFO) agus a salainn na SPFAnna atá le fáil i mbia agus i ndaoine sna tiúchaintí is airde.

(2)

In 2020, arna iarraidh sin don Choimisiún, sa tuairim uaidh maidir leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann le substaintí sárfhluarailcile (1), thug an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) a mheasúnú riosca ar ASFOS agus ASFO cothrom le dáta agus leathnaigh sé é chun aigéad sárfhluaranaonánóch (ASFN) agus aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (SFHxS) a chumhdach, agus an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus na sonraí minicíochta a bailíodh faoi Mholadh 2010/161/AE ón gCoimisiún (2) á gcur san áireamh aige. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go sáraíonn codanna de dhaonra na hEorpa an iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe. Is cosúil gurb iad uibheacha, iasc agus bia mara eile, feoil agus táirgí feola ar na nithe is mó a chuireann le nochtadh an duine do SPFAnna. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go gcuireann bia de bhunadh ainmhíoch go mór le nochtadh an duine do SPFAnna. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go n-aistrítear SPFAnna ó bheatha go bia a dhíorthaítear ó ainmhithe, agus go mbíonn difríochtaí soiléire idir na speicis agus idir na cineálacha SPFAnna. D’fhéadfadh aistriú SPFAnna den chineál sin teacht chun cinn freisin ó ithir a ionghabhann ainmhithe feirme ar thóir bia agus ó uisce óil le haghaidh ainmhithe.

(3)

Chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, suíodh uasleibhéil le haghaidh substaintí sárfhluarailcile i mbianna áirithe de bhunadh ainmhíoch i Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (3).

(4)

Maidir le SPFAnna a bheith i mbeatha ainmhithe nó san ithir ar a mbíonn ainmhithe ar thóir foráiste, d'fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le neamhchomhlíonadh bia de bhunadh ainmhíoch leis na huasleibhéil le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch.

(5)

Níl ach sonraí teoranta maidir le láithreacht SPFAnna i mbeatha ar fáil faoi láthair chun gur féidir na rátaí tuliompair ó bheatha go bia de bhunadh ainmhíoch a chinneadh agus chun gur féidir plé a dhéanamh ar an ngá féideartha uasleibhéil le haghaidh SPFAnna i mbeatha a shuí. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí minicíochta maidir le SPFAnna i mbeatha agus in ithir a bhailiú ar eagla go mbaineann láithreacht SPFAnna i mbia de bhunadh ainmhíoch le láithreacht SPFAnna in ithir. D’fhéadfadh láithreacht SPFAnna i mbia de bhunadh ainmhíoch a bheith mar thoradh ar láithreacht SPFAnna in uisce óil freisin ach tá sonraí faireacháin leordhóthanach maidir le láithreacht SPFAnna in uisce óil ar fáil.

(6)

D’fhonn tiúchaintí SPFAnna sna cainníochtaí ina mbíonn siad ann a chainníochtú, ba cheart modhanna atá sách íogair a úsáid. Ba cheart é sin a spreagadh trí sprioctheorainneacha cainníochtaithe a mholadh.

(7)

Chun a áirithiú gur samplaí ionadaíocha iad na samplaí ar an luchtóg shampláilte, ba cheart do na Ballstáit an nós imeachta samplála a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (4) a leanúint,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.

Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar le hoibreoirí gnólachta beatha, faireachán a dhéanamh ar láithreacht SPFAnna i mbeatha le linn 2026, 2027 agus 2028.

Ba cheart do na Ballstáit tástáil a dhéanamh maidir le láithreacht na SPFAnna seo a leanas i mbia:

(a)

Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (ASFOS);

(b)

Aigéad sárfhluarochtánóch (ASFO);

(c)

Aigéad sárfhluaranaonánóch (ASFN);

(d)

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (SFHxS).

Ba cheart do na Ballstáit, más féidir, tástáil a dhéanamh freisin le haghaidh láithreacht comhdhúl atá cosúil le ASFOS, ASFO, ASFN agus SFHxS, ach a bhfuil slabhra ailcile eile acu amhail na comhdhúile a luaitear i Moladh (AE) 2022/1431 ón gCoimisiún (5).

2.

Ba cheart a chuimsiú ar an bhfaireachán dá dtagraítear i bpointe 1 réimse leathan beatha, go háirithe:

(a)

iasc, ainmhithe uisceacha eile agus táirgí a dhíorthaítear astu, a n-úsáidtear mar bheatha;

(b)

min feamainne agus ábhair bheatha a dhíorthaítear as feamainn;

(c)

beatha de bhunadh mianrach;

(d)

foráiste, sadhlas, féar tirim agus féar úr;

(e)

beatha leachtach;

(f)

beatha chumaisc ina bhfuil iasc, ainmhithe uisceacha eile agus táirgí a dhíorthaítear astu agus/nó min feamainne agus ábhair bheatha a dhíorthaítear as feamainn;

Ba cheart anailís a dhéanamh ar SPFAnna san ithir ar a mbíonn bia-ainmhithe ar thóir foráiste agus ina n-uisce óil le linn imscrúduithe leantacha ar leibhéil arda SPFAnna i mbia de bhunadh ainmhíoch. Le linn na n-imscrúduithe sin, is féidir scrúdú a dhéanamh ar ábhar pacáistíochta mar fhoinse an éillithe freisin.

Ba cheart sonraí a bhailiú i leith beatha a tháirgtear i réigiúin neamhthruaillithe, ach féadfar sonraí i leith beatha ó réigiúin thruaillithe a thuairisciú freisin, ar choinníoll go léirítear é sin go soiléir agus na sonraí á dtuairisciú don Údarás.

3.

Chun a áirithiú gur samplaí ionadaíocha iad na samplaí ar an luchtóg shampláilte, ba cheart do na Ballstáit an nós imeachta samplála a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 a leanúint, á chur san áireamh go nglactar leis go ndáiltear na SPFAnna go haonfhoirmeach ar fud na luchtóige. Maidir le hithir, ba cheart na nósanna imeachta samplála sin a leanúint, i gcás inarb infheidhme. Maidir le huisce óil, ba cheart an nós imeachta samplála dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i.e. EN ISO 5667 Cáilíocht Uisce — Sampláil, a leanúint.

4.

Ba cheart na hanailísí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) trí úsáid a bhaint as modh anailíse a bhfuil sé cruthaithe go ngineann sé torthaí iontaofa. Ba cheart teorainneacha cainníochtaithe na modhanna anailíse a bheith faoi bhun nó ag 0,1 μg/kg le haghaidh gach SPFA aonair i mbeatha.

5.

Moltar do na Ballstáit na torthaí anailíseacha a sholáthar don Údarás ar bhonn tráthrialta agus faoin 30 Meitheamh 2029, i bhformáid tíolactha sonraí EFSA i gcomhréir le ceanglais na Treoraíochta ó EFSA maidir le Tuairisciú Caighdeánach ar Shamplaí (Standard Sample Description (SSD2) le haghaidh Bia agus Beatha (8) agus leis na ceanglais tuairiscithe shonracha bhreise ó EFSA.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)  Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra; Tuairim eolaíoch maidir leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann le láithreacht substaintí sárfhluarailcile i mbia, EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(9):6223. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6223.

(2)  Moladh 2010/161/AE ón gCoimisiún an 17 Márta 2010 maidir le faireachán ar shubstaintí sárfhluarailcilithe i mbia (IO L 68, 18.3.2010, lch. 22; ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2010/161/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).

(5)  Moladh (AE) 2022/1431 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2022 maidir le faireachán ar shubstaintí sárfhluarailcile i mbia (IO L 221, 26.8.2022, lch. 105; ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/1431/oj).

(6)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/2184/oj ).

(7)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (IO L 95, 7.4.2017, lch 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(8)   https://www.efsa.europa.eu/ga/call/annual-call-continuous-collection-chemical-contaminants-occurrence-data-food-and-feed.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1307/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top