Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2445

Rialachán (AE, Euratrom) 2025/2445 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2025 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú)

PE/34/2025/REV/1

IO L, 2025/2445, 8.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2445/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2445/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2445

8.12.2025

RIALACHÁN (AE, Euratrom) 2025/2445 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2025

maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 224 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (6). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Luaitear in Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. Luaitear in Airteagal 12(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) freisin go rannchuidíonn páirtithe polaitiúla den sórt sin le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

(3)

Leagtar síos in Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh sé d’aidhm ag an Aontas, ina ghníomhaíochtaí uile, neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh.

(4)

Luaitear in Airteagal 11(1) den Chairt go bhfuil ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime, lena bhfolaítear saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha. Luaitear in Airteagal 12(1) den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, cheardchumainn agus shibhialta. Is cearta bunúsacha de chuid gach saoránaigh den Aontas iad na cearta sin.

(5)

Le hAirteagal 21 den Chairt, toirmisctear inter alia aon idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas nó ar ghnéaschlaonadh.

(6)

Ionas gur féidir le saoránaigh an Aontais páirt iomlán a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais, ba cheart bearta a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leo na cearta sin a úsáid.

(7)

A bhuí leis an gcaoi ar féidir leo an bhearna idir an pholaitíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a dhúnadh, tá ról lárnach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha atá trasnáisiúnta i ndáiríre agus ag a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe maidir le guthanna na saoránach a chur in iúl ar an leibhéal Eorpach.

(8)

Ba cheart páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a spreagadh ina n-iarrachtaí chun nasc láidir a sholáthar idir an tsochaí shibhialta Eorpach agus institiúidí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, agus ba cheart cuidiú leo sna hiarrachtaí sin.

(9)

Mar aitheantas ar an ról a thugtar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha le CAE agus chun a gcuid oibre a éascú, is gá stádas dlíthiúil Eorpach sonrach a chruthú do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe.

(10)

Is é atá san Údarás um Páirtithe agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘an tÚdarás’) ná comhlacht de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 263 CFAE arb é is cuspóir dó smachtbhannaí ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú, a rialú agus a fhorchur. Ba cheart ceanglas a bheith ann a bheith cláraithe chun stádas dlíthiúil Eorpach a fháil, lena ngabhann sraith de chearta agus oibleagáidí. Chun aon choinbhleacht leasanna fhéideartha a sheachaint, ba cheart an tÚdarás a bheith neamhspleách.

(11)

Is gá na nósanna imeachta atá le leanúint ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe chun stádas dlíthiúil Eorpach a fháil de bhun an Rialacháin seo a leagan síos. Ar an gcaoi chéanna, is gá na nósanna imeachta agus na critéir atá le hurramú agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh an ndeonófar an stádas dlíthiúil Eorpach sin a leagan síos. Is gá freisin na nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh cásanna ina ndéanfadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a stádas dlíthiúil Eorpach a fhorghéilleadh, a chailleadh nó a thabhairt suas.

(12)

Chun formhaoirseacht ar na heintitis dhlítheanacha a bheidh faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta araon a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le feidhmiú cláir de pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá le bainistiú ag an Údarás (‘an Clár’), agus, go háirithe, a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na doiciméid tacaíochta a choinnítear sa Chlár. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(13)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le forálacha i ndáil leis an uimhirchóras clárúcháin agus i ndáil le sleachta caighdeánacha ón gClár atá le cur ar fáil ag an Údarás do thríú páirtithe nuair a iarrann siad an méid sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(14)

Maidir leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe ar mhian leo aitheantas a fháil mar pháirtí nó fondúireacht den sórt sin ar leibhéal an Aontais, trí bhua stádas dlíthiúil Eorpach bheith tugtha dóibh, agus ar mhian leo cistiú poiblí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a fháil, ba cheart dóibh prionsabail áirithe a urramú agus coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Go háirithe, ní mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe agus a gcomhaltaí faoi seach cloí leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a áirithiú freisin go gcloífidh a mballpháirtithe agus a mballeagraíochtaí leis na luachanna sin.

(15)

I measc na gcomhpháirtithe ar féidir le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha oibriú i gcomhar leo, tá ollscoileanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí oiliúna, comhpháirtithe taighde agus meithleacha machnaimh (‘comhpháirtithe comhair’).

(16)

Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a chlárú, chun a fháil amach an gcomhlíonann sé nó sí na hoibleagáidí atá air nó uirthi cloí leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, agus i dtaobh an n-áirithíonn sé nó sí go gcloíonn a chomhaltaí nó a comhaltaí leis na luachanna sin, ba cheart don Údarás brath ar dhearbhú foirmiúil caighdeánach i scríbhinn atá le heisiúint ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach trí úsáid a bhaint as teimpléad arna bhunú leis an Rialachán seo.

(17)

Maidir le cinntí chun páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár ar an bhforas nach bhfuil sé nó sí ag comhlíonadh na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, níor cheart iad a dhéanamh ach amháin i gcás ina ndéantar sárú follasach agus tromchúiseach ar na luachanna sin. Agus cinneadh den sórt sin á dhéanamh, ba cheart don Údarás lán-urraim a thabhairt don Chairt.

(18)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart éifeacht a bheith ag cinntí maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár tráth a thugtar fógra fúthu.

(19)

Ba cheart sraith d’fhorálacha bunúsacha a bheith i reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí. Ba cheart ligean do Bhallstáit ceanglais bhreise a fhorchur i leith reachtanna na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhfuil a suíomh bunaithe acu ina gcríocha faoi seach, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais bhreise sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

(20)

Ba cheart don Údarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le clárú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á gcomhlíonadh i gcónaí. Níor cheart cinntí a dhéanamh a bhaineann le hurraim do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, ach i gcomhréir le nós imeachta sonrach, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste de dhaoine neamhspleácha oirirce arna bhunú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(21)

Ba cheart neamhspleáchas agus trédhearcacht an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce a ráthú.

(22)

Is féidir daonlathais agus próisis thoghchánacha a bheith i mbaol de bharr úsáid neamhdhleathach sonraí pearsanta. Is gá, dá bhrí sin, sláine an phróisis dhaonlathaigh Eorpaigh a chosaint trí fhoráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí airgeadais i gcásanna ina mbaineann páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha leas as sáruithe ar rialacha cosanta sonraí pearsanta d’fhonn tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa.

(23)

Chuige sin, ba cheart nós imeachta fíorúcháin a bhunú trína gcuirfí de cheangal ar an Údarás, i gcásanna áirithe, a iarraidh ar an gcoiste de dhaoine neamhspleácha oirirce measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’imir nó nár imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon turas nó a d’fhéach nó nár fhéach sé nó sí le tionchar a imirt ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. I gcás ina gcinntear gurb amhlaidh atá, ba cheart don Údarás smachtbhannaí airgeadais éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur.

(24)

I gcás ina bhforchuireann an tÚdarás smachtbhanna ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal ne bis in idem, ar dá réir nach féidir smachtbhannaí a fhorchur faoi dhó don chion céanna. Ba cheart don Údarás a áirithiú freisin go n-urramaítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil an deis tugtha don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann éisteacht a fháil.

(25)

Ós rud é gur le cinneadh ó údarás inniúil maoirseachta náisiúnta cosanta sonraí a chuirtear tús leis an nós imeachta fíorúcháin, ba cheart an deis a bheith ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an smachtbhanna airgeadais má aisghairtear an cinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta, nó má deonaíodh leigheas in éadan an chinnidh sin, nuair a bheidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe.

(26)

Leis an stádas dlíthiúil Eorpach a dheonaítear do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe, ba cheart inniúlacht dhlíthiúil agus aitheantas dlíthiúil a thabhairt dóibh sna Ballstáit uile. Ní fhágann inniúlacht dhlíthiúil agus aitheantas dlíthiúil den sórt sin go bhfuil siad i dteideal iarrthóirí a ainmniú i dtoghcháin náisiúnta nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa ná a bheith rannpháirteach i bhfeachtais reifrinn. Is faoi inniúlacht na mBallstát a fhanann an teidlíocht sin agus aon teidlíocht chomhchosúil.

(27)

Ba cheart gníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a rialú leis an Rialachán seo. Maidir le hábhair eile nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá feidhm ag forálacha ábhartha an dlí náisiúnta. Ba cheart stádas dlíthiúil páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí a rialú leis an Rialachán seo agus leis na forálacha is infheidhme den dlí náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh nó a suíomh (‘Ballstát an tsuímh’). Ba cheart do Bhallstát an tsuímh a bheith in ann an dlí is infheidhme a shainiú ar bhonn ex ante nó an rogha a fhágáil faoi pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Chomh maith leis sin, ba cheart do Bhallstát an tsuímh a bheith in ann ceanglais seachas na ceanglais sin a leagtar síos sa Rialachán seo, nó ceanglais de bhreis orthu, a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú mar pháirtí nó fondúireacht den sórt sin agus maidir lena gcomhtháthú isteach mar sin i gcórais riaracháin agus rialaithe náisiúnta agus maidir le heagar agus reachtanna na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí sin, lena n-áirítear i ndáil le dliteanas, ar choinníoll nach bhfuil na forálacha sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

(28)

Mar ghné lárnach de stádas dlíthiúil Eorpach a bheith acu, ba cheart pearsantacht dhlítheanach Eorpach a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ba cheart fáil na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí a bheith faoi réir ceanglas agus nósanna imeachta chun cosaint a thabhairt do leasanna Bhallstát an tsuímh, do leasanna an iarratasóra ar stádas dlíthiúil Eorpach (‘an t-iarratasóir’) agus do leasanna aon tríú páirtithe lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart aon phearsantacht dhlítheanach náisiúnta a bhí ann roimhe sin a thiontú ina pearsantacht dhlítheanach Eorpach agus ba cheart aon chearta agus oibleagáidí aonair a bhí á dtabhú ag an iar-eintiteas dlítheanach náisiúnta a aistriú chuig an eintiteas dlítheanach Eorpach nua. Thairis sin, chun leanúnachas na gníomhaíochta a éascú, ba cheart coimircí a chur i bhfeidhm chun an Ballstát lena mbaineann a chosc ar choinníollacha coisctheacha a chur i bhfeidhm ar thiontuithe den sórt sin. Ba cheart Ballstát an tsuímh a bheith in ann a shonrú cad iad na cineálacha daoine dlítheanacha náisiúnta a fhéadfaidh tiontú ina ndaoine dlítheanacha Eorpacha, agus a chomhaontú maidir le fáil na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí a choinneáil siar go dtí go dtugtar ráthaíochtaí leormhaithe, agus go háirithe, ráthaíochtaí leormhaithe i dtaobh dhlíthiúlacht reachtanna an iarratasóra faoi dhlíthe an Bhallstáit sin nó i dtaobh cosaint creidiúnaithe nó sealbhóirí ceart eile i ndáil le haon phearsantacht dhlítheanach náisiúnta a bhí ann roimhe sin.

(29)

Ba cheart foirceannadh na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí a bheith faoi réir ceanglas agus nósanna imeachta chun cosaint a thabhairt do leasanna an Aontais, Bhallstát an tsuímh, an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí, agus aon tríú páirtithe lena mbaineann. Go háirithe, más rud é go bhfaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil a suíomh, ba cheart a mheas gurb ionann an méid sin agus tiontú a phearsantachta dlítheanaí Eorpaí nó a pearsantachta dlítheanaí Eorpaí agus ba cheart aon chearta agus oibleagáidí aonair a bhí tabhaithe nó faighte ag an iar-eintiteas dlítheanach Eorpach a aistriú chuig an eintiteas dlítheanach náisiúnta. Thairis sin, chun leanúnachas gníomhaíochta a éascú, ba cheart coimircí a chur i bhfeidhm chun an Ballstát lena mbaineann a chosc ar choinníollacha coisctheacha a chur i bhfeidhm ar thiontuithe den sórt sin. Más rud é nach bhfaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh nó a suíomh, ba cheart é nó í a fhoirceannadh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin agus i gcomhréir leis an gcoinníoll a chuireann de cheanglas air nó uirthi gan sprioc bhrabúis a shaothrú. Ba cheart an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a bheith in ann socruithe mionsonraithe a chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis an bpearsantacht dhlítheanach Eorpach a fhoirceannadh, go háirithe chun cistí a fuarthas ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus aon smachtbhannaí airgeadais eile a aisghabháil.

(30)

Más rud é go mainníonn páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, ar bhealach tromchúiseach, an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh agus má bhaineann an t-ábhar le gnéithe a dhéanann difear d’urraim do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, ba cheart don Údarás a chinneadh, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, na nósanna imeachta a leagtar síos leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart don Údarás a chinneadh, arna iarraidh sin do Bhallstát an tsuímh, go mbainfí den Chlár páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a mhainnigh, ar bhealach tromchúiseach, an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh i dtaobh aon ábhair eile.

(31)

Ba cheart incháilitheacht le haghaidh cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a theorannú do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a fuair an t-aitheantas sin agus a bhfuil stádas dlíthiúil Eorpach faighte acu. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú nach bhfuil na coinníollacha incháilitheachta chun stádas páirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhaint amach iomarcach agus gur féidir le comhaontais thrasnáisiúnta de pháirtithe polaitiúla nó de dhaoine nádúrtha nó díobh araon atá eagraithe agus dáiríre iad a chomhlíonadh gan stró, is gá freisin critéir chomhréireacha a leagan síos chun acmhainní teoranta ó bhuiséad ginearálta an Aontais a leithdháileadh. Ba cheart a léiriú go hoibiachtúil leis na critéir sin an uaillmhian Eorpach agus an fhíorthacaíocht thoghchánach atá ann do pháirtí polaitiúil Eorpach. Is fearr na critéir sin a bheith bunaithe ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa, a gceanglaítear ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha nó ar a gcomhaltaí a bheith rannpháirteach iontu faoin Rialachán seo, lena dtugtar léiriú beacht ar aitheantas toghchánach páirtí pholaitiúil Eorpaigh. Ba cheart a léiriú leis na critéir sin ról Pharlaimint na hEorpa mar ionadaí díreach ar shaoránaigh an Aontais, arna shannadh di le hAirteagal 10(2) CAE, chomh maith leis an gcuspóir maidir le rannpháirteachas iomlán páirtithe polaitiúla Eorpacha i saol daonlathach an Aontais agus iad a bheith ina ngníomhaithe i ndaonlathas ionadaíoch na hEorpa, chun dearcadh, tuairimí agus toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl go héifeachtach. Ba cheart incháilitheacht le haghaidh cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a theorannú, dá bhrí sin, do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a ndéanann duine amháin ar a laghad dá gcomhaltaí ionadaíocht orthu i bParlaimint na hEorpa agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chuireann iarratas ar an gcistiú sin isteach trí pháirtí polaitiúil Eorpach a ndéanann duine amháin ar a laghad dá chomhaltaí ionadaíocht air i bParlaimint na hEorpa.

(32)

Ar chúiseanna trédhearcachta, agus chun grinnscrúdú agus cuntasacht dhaonlathach páirtithe polaitiúla Eorpacha a neartú, ba cheart rochtain ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a bheith coinníollach ar fhaisnéis áirithe a bheith soláthartha. Go háirithe, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a áirithiú go bhfoilseoidh a mballpháirtithe, ar bhealach soláimhsithe atá infheicthe go soiléir, an clár polaitiúil agus go dtaispeánfaidh siad lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann. Ba cheart an lógó a bheith suite ag barr leathanach baile shuíomh gréasáin an bhallpháirtí.

(33)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha dea-shampla a thabhairt chun an bhearna idir na hinscní sa réimse polaitiúil a dhúnadh. Dá bhrí sin, ba cheart a gcomhlachtaí rialaithe a bheith cothrom ó thaobh inscne de. Ba cheart rialacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha lena gcuirtear cothromaíocht inscne chun cinn, rud lena spreagtar rannpháirtíocht ghníomhach na mban ina gcuid gníomhaíochtaí uile, agus ba cheart dóibh iarraidh ar a mballpháirtithe déanamh amhlaidh. Ina theannta sin, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith trédhearcach faoi ionadaíocht inscne a mballpháirtithe agus ba cheart dóibh fianaise a sholáthar maidir le hionadaíocht inscne a mballpháirtithe a mhéid a bhaineann le hiarrthóirí ar Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa. Spreagtar na páirtithe polaitiúla Eorpacha chun faisnéis a sholáthar i ndáil le cuimsitheacht agus ionadaíocht mionlach a mhéid a bhaineann lena mballpháirtithe.

(34)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha timpeallacht oibre inmheánach a chur chun cinn ina bhfuil cóir chothrom agus comhionannas deiseanna. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha prótacal a chur i bhfeidhm ina rialacha inmheánacha chun gnéaschiapadh agus idirdhealú ar bhonn inscne a bhrath agus a chosc agus chun oibriú go leanúnach ina gcoinne.

(35)

Chun trédhearcacht cistithe páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhéadú, agus chun mí-úsáid fhéideartha na rialacha cistiúcháin a sheachaint, ba cheart comhalta de Pharlaimint na hEorpa, chun críoch cistithe amháin, a mheas a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de pháirtí polaitiúil Eorpach amháin. Ba cheart an páirtí polaitiúil Eorpach sin, i gcás inarb ábhartha, a bheith sa pháirtí lena bhfuil páirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach an chomhalta sin cleamhnaithe ar an dáta deiridh chun iarratais ar chistiú a thíolacadh.

(36)

Ba cheart na nósanna imeachta atá le leanúint ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe nuair a bhíonn siad ag cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a leagan síos, chomh maith leis na nósanna imeachta, na critéir agus na rialacha atá le hurramú agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh cistiú den sórt sin a dheonú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh go háirithe.

(37)

Chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn roimh pháirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe páirtithe beaga, an ráta cómhaoinithe 10 % a cheanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a bhaint amach, ba cheart an ráta cómhaoinithe do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a laghdú go 5 %, i gcomhréir leis an ráta d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

(38)

Chun neamhspleáchas, cuntasacht agus freagracht páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheabhsú, ba cheart cineálacha áirithe tabhartas agus ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile seachas buiséad ginearálta an Aontais a thoirmeasc nó a bheith faoi réir teorainneacha. Aon srian ar shaorghluaiseacht chaipitil a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis na teorainneacha sin, tá údar le tabhairt leis ar fhorais an bheartais phoiblí agus tá géarghá le bheith leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(39)

Ba cheart sásra díchill chuí a thabhairt isteach chun trédhearcacht tabhartas mór a fheabhsú agus chun riosca na trasnaíochta eachtraí ón bhfoinse sin a íoslaghdú. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faisnéis mhionsonraithe aitheantais a iarraidh ar a ndeontóirí. Ba cheart an tÚdarás a bheith in ann faisnéis bhreise a iarraidh ar dheontóirí i gcás ina bhfuil forais aige a chreidiúint gur deonaíodh tabhartas de shárú ar an Rialachán seo.

(40)

Ní aithnítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ach dhá chatagóir ioncaim le haghaidh páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha seachas ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais, eadhon ranníocaíochtaí ó chomhaltaí agus tabhartais. Tá roinnt foinsí ioncaim ann a eascraíonn as gníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse a dhéantar faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí polaitiúla, amhail díolacháin foilseachán nó táillí comhdhála, agus nach dtagann faoi raon feidhme an dá chatagóir sin, rud a chruthaíonn fadhbanna cuntasaíochta agus trédhearcachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an tríú catagóir ioncaim (‘acmhainní féinghinte’) a chruthú. Ionas nach mbeidh céatadán na n-acmhainní féinghinte i mbuiséad iomlán páirtí pholaitiúil Eorpaigh díréireach i ndáil le buiséad foriomlán na n-eintiteas sin, ba cheart uasteorainn 3 % a chur leis. I gcás fondúireacht pholaitiúil Eorpach, ba cheart uasteorainn 5 % a chur leis an gcéatadán sin.

(41)

Chun teagmháil a dhéanamh lena gcomhaltaí agus lena dtoghcheantair ar fud an Aontais, ba cheart an ceart a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha a gcistiú a úsáid le haghaidh feachtas i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart cistiú agus teorannú speansas toghcháin do pháirtithe agus d’iarrthóirí sna feachtais sin a bheith á rialú leis na rialacha is infheidhme i ngach Ballstát.

(42)

Ar mhaithe le cuidiú le feasacht pholaitiúil Eorpach a mhúscailt i measc na saoránach agus le trédhearcacht na cleamhnachta polaitiúla a chur chun cinn, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha na naisc idir iad féin agus a bpáirtithe polaitiúla náisiúnta cleamhnaithe mar aon lena a n-iarrthóirí a chur in iúl do na saoránaigh.

(43)

Níor cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha páirtithe polaitiúla eile, ná, go háirithe, páirtithe nó iarrthóirí náisiúnta, a chistiú go díreach nó go hindíreach. Níor cheart d’fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha páirtithe polaitiúla Eorpacha nó náisiúnta ná iarrthóirí Eorpacha nó náisiúnta ná fondúireachtaí eile a chistiú go díreach nó go hindíreach. Leis an toirmeasc ar chistiú indíreach, níor cheart cosc a chur, áfach, ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha ná ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha tacú lena mballpháirtithe agus lena mballeagraíochtaí agus teagmháil a dhéanamh leo, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha. Thairis sin, níor cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ná a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe feachtais reifrinn a mhaoiniú.

(44)

Ba cheart do ghníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ina bhfuil an rannpháirtíocht teoranta do chomhaltaí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, agus do chomhaltaí a bhallpháirtithe, agus do chomhaltaí na fondúireachta polaitiúla Eorpaí, agus do chomhaltaí a balleagraíochtaí, amhail seisiúin oiliúna agus ceardlanna, rannchuidiú le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

(45)

Ba cheart cead a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe leanúint de chomhoibriú le comhpháirtithe polaitiúla i dtríú tíortha, go háirithe d’fhonn luachanna an Aontais a chur chun cinn.

(46)

De réir Airteagal 8(1) CAE, tá an tAontas le gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanacha d’fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Tá ról tábhachtach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an sprioc sin a chothú ina gcuid oibre polaitiúla agus ina gcaidrimh le páirtithe i dtríú tíortha. Le reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí, d’fhéadfaí ligean do pháirtithe polaitiúla agus eagraíochtaí polaitiúla ó thríú tíortha a bheith ina mbaill den pháirtí nó fondúireacht sin. Ba cheart é sin a theorannú, áfach, do thíortha a bhfuil caidreamh níos dlúithe agus speisialta acu leis an Aontas, eadhon comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), iar-Bhallstáit, tíortha is iarrthóirí, tíortha atá i dteideal an euro a úsáid mar a n-airgeadra oifigiúil ar bhonn comhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, tíortha comhpháirtíochta a bhfuil comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais acu leis an Aontas chomh maith le tíortha Eorpacha a bhfuil Comhaontuithe Comhlachais tugtha i gcrích ag an Aontas leo lena mbunaítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála. D’fhéadfaí an deis a thabhairt do na páirtithe nó na heagraíochtaí sin comhar níos foirmiúla agus níos struchtúrtha a dhéanamh le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí chomhaltas comhlachaithe. Ba cheart do bhallpháirtithe comhlachaithe agus do bhalleagraíochtaí comhlachaithe a bheith in ann ról gníomhach a imirt, rannchuidiú le saol inmheánach páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus fondúireachta polaitiúla Eorpaí agus páirt a ghlacadh ann, mar shampla tríd an gceart chun tionscnaimh nó comhaltas i gcomhlachtaí rialaithe agus trí fhreastal ar chruinnithe agus ar ghníomhaíochtaí eile agus páirt a ghlacadh iontu, lena n-áirítear cruinnithe na gcomhlachtaí rialaithe agus gníomhaíochtaí agus imeachtaí for-rochtana comhpháirteacha a dhéanamh. Ba cheart an ceart a bheith ag balleagraíochtaí comhlachaithe páirt a ghlacadh i dtionscadail taighde freisin. Chun riosca na trasnaíochta eachtraí a chomhrac, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a cheadaíonn comhaltas comhlachaithe a áirithiú go ndéanfar foráil ina reachtanna do choimircí leormhaithe i gcoinne trasnaíocht eachtrach. Go háirithe, i gcás páirtithe polaitiúla Eorpacha a cheadaíonn comhlachas comhlachaithe, chun go n-éireoidh le vóta, ba cheart dóibh a áirithiú go mbaileofar le gach vóta an tacaíocht ó thromlach na gcomhaltaí a bhfuil a suíomh san Aontas acu nó ar saoránaigh den Aontas iad. Níor cheart vótaí arna gcaitheamh ag ballpháirtithe comhlachaithe a bheith cinntitheach i dtreo tromlaigh. Ina theannta sin, níor cheart do bhallpháirtithe comhlachaithe a bheith in ann gníomhaíocht a fhorchur ina n-aonar ná i dteannta a chéile i gcoinne thromlach vótáil shaoránaigh an Aontais ná bac a chur ar an tromlach sin. Níor cheart d’ionadaithe ballpháirtithe comhlachaithe cumhacht feidhmiúcháin a fháil trí tharmligean sna comhlachtaí rialaithe.

(47)

Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le leithdháileadh na leithreasuithe atá ar fáil gach bliain ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ag cur san áireamh, ar lámh amháin, líon na dtairbhithe agus, ar an lámh eile, cion na chomhaltaí tofa i bParlaimint na hEorpa ó gach páirtí polaitiúil Eorpach is tairbhí agus, ag teacht as sin, óna fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe faoi seach. Ba cheart a fhoráil leis na rialacha sin do dhianbhearta a bhaineann le trédhearcacht, cuntasaíocht, iniúchadh agus rialú airgeadais na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe, chomh maith le forchur smachtbhannaí comhréireacha, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach sárú ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE.

(48)

Chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le cistiú agus caiteachas páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus a mhéid a bhaineann le hábhair eile, is gá foráil a dhéanamh do shásraí rialaithe éifeachtacha. Chuige sin, ba cheart don Údarás, d’Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit comhoibriú lena chéile agus an fhaisnéis uile is gá a mhalartú lena chéile. Ba cheart comhar frithpháirteach i measc údaráis na mBallstát a spreagadh freisin chun rialú éifeachtach agus éifeachtúil na n-oibleagáidí a eascraíonn as an dlí náisiúnta is infheidhme a áirithiú.

(49)

D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a sholáthraítear leis an Rialachán seo a mhéadú agus d’fhonn cur chun feidhme comhleanúnach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Údarás agus d’Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa comhoibriú go dlúth lena chéile, lena n-áirítear trí thuairimí agus faisnéis a mhalartú go rialta maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm nithiúil an Rialacháin seo. Ina theannta sin, agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas an Údaráis, ba cheart don chomhar idir an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cur chun feidhme ceart an Rialacháin seo ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a éascú agus díospóidí dlíthiúla a chosc. Leis an oibleagáid atá ar an Údarás éisteacht le páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sula ndéanfaidh sé aon chinntí a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu, ba cheart cabhrú freisin le cur chun feidhme ceart an Rialacháin seo ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a éascú agus, ag an am céanna, le díospóidí dlíthiúla a chosc.

(50)

Is gá foráil a dhéanamh do chóras smachtbhannaí atá soiléir, athchomhairleach agus comhréireach chun a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí maidir le gníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach, comhréireach agus aonfhoirmeach. Ba cheart don chóras sin an prionsabal ne bis in idem a urramú, ar dá réir nach féidir smachtbhannaí a fhorchur faoi dhó don chion céanna. Is gá freisin a shainiú cad iad na róil faoi seach atá ag an Údarás agus ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa maidir le rialú agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus freisin cad iad na sásraí le haghaidh an chomhair a bheidh ann idir iad féin agus údaráis na mBallstát.

(51)

Ar chúiseanna trédhearcachta, agus chun grinnscrúdú agus cuntasacht dhaonlathach páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a neartú, ba cheart faisnéis a meastar leas substaintiúil poiblí a bheith ag gabháil léi, a bhaineann go háirithe lena reachtanna, comhaltas, ráitis airgeadais, deontóirí agus tabhartais, ranníocaíochtaí agus deontais arna bhfáil ó bhuiséad ginearálta an Aontais, chomh maith le faisnéis a bhaineann le cinntí arna ndéanamh ag an Údarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa maidir le clárú, cistiú agus smachtbhannaí, a fhoilsiú i bhformáid sholáimhsithe oscailte atá inléite ag meaisín. Creat rialála a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil go poiblí, is é sin an bealach is éifeachtaí chun machaire comhréidh agus iomaíocht chothrom a áirithiú idir fórsaí polaitiúla, agus chun próisis thoghchánacha agus reachtacha atá oscailte, trédhearcach agus daonlathach a choinneáil ar siúl, agus ar an tslí sin muinín na saoránach agus na vótálaithe sa daonlathas ionadaíoch Eorpach a neartú agus, ar bhonn níos leithne, calaois agus mí-úsáidí cumhachta a chosc.

(52)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid i dtaca le céannacht deontóirí atá ina ndaoine nádúrtha a fhoilsiú maidir le tabhartais atá cothrom le EUR 1 500 nó faoina bhun in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le tabhartais ar mó a luach ná EUR 1 500 in aghaidh na bliana agus atá cothrom le EUR 3 000 nó faoina bhun mura rud é go dtoilíonn an deontóir roimh ré i scríbhinn leis an bhfoilsiú. Is cothromaíocht iomchuí idir, ar lámh amháin, an ceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus, ar an lámh eile, an leas poiblí dlisteanach maidir le trédhearcacht i ndáil le cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá sna tairseacha sin, mar a léirítear i moltaí idirnáisiúnta chun éilliú i dtaca le cistiú páirtithe nó fondúireachtaí polaitiúla a sheachaint. Trí thabhartais atá os cionn EUR 3 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra a nochtadh, ba cheart a bheith in ann grinnscrúdú agus rialú poiblí éifeachtach a dhéanamh ar an gcaidreamh idir deontóirí agus páirtithe polaitiúla Eorpacha. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart faisnéis faoi thabhartais a fhoilsiú go bliantúil, ach amháin le linn feachtais toghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i gcás tabhartais atá os cionn EUR 12 000, agus sa chás sin, ba cheart í a fhoilsiú go gasta.

(53)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá cumhdaithe sa Chairt, go háirithe Airteagal 7, ina luaitear, inter alia, go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol príobháideach nó a saol príobháideach a urramú, agus Airteagal 8, ina luaitear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus na prionsabail sin.

(54)

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá feidhm aige maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus an coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(55)

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tá feidhm aige maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(56)

Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú gur rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 nó Rialachán (AE) 2016/679 iad an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa, na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun rialú a fheidhmiú ar ghnéithe a bhaineann le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus tríú páirtithe ábhartha eile dá dtagraítear nó dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Maidir le sonraí pearsanta arna mbailiú chun dlíthiúlacht, rialtacht agus trédhearcacht chistiú na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a áirithiú, is gá freisin an uastréimhse a bhféadfaidh siad na sonraí sin a choinneáil lena linn a shonrú. Ina gcáil mar rialaitheoirí sonraí, ní mór don Údarás, do Pharlaimint na hEorpa, do na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do na tríú páirtithe ábhartha na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun oibleagáidí a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2018/1725 nó Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí sin a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála, slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, soláthar faisnéise, agus cearta na n-ábhar sonraí rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta agus a chur faoi deara go ndéanfar a gcuid sonraí pearsanta a cheartú agus a léirscriosadh.

(57)

Rialachán (AE) 2016/679, tá feidhm aige maidir leis an bpróiseáil sonraí a dhéantar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Ba cheart na húdaráis náisiúnta inniúla nó na tríú páirtithe ábhartha a bheith faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith aon damáiste a dhéanann siad. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhforchuirfear smachtbhannaí iomchuí ar údaráis náisiúnta inniúla nó ar thríú páirtithe ábhartha a sháraíonn an Rialachán seo.

(58)

An tacaíocht theicniúil a thugann Parlaimint na hEorpa do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, ba cheart í a bheith faoi threoir phrionsabal na córa comhionainne, ba cheart í a sholáthar in aghaidh sonraisc agus íocaíochta agus ba cheart í a bheith faoi réir tuairisc phoiblí rialta.

(59)

Ba cheart faisnéis bhunriachtanach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(60)

Le rialú breithiúnach arna dhéanamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cuideofar le cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun ligean do pháirtithe polaitiúla Eorpacha nó d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha éisteacht a fháil agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh sula ndéantar smachtbhanna a fhorchur orthu.

(61)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na forálacha náisiúnta atá fabhrach do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo i bhfeidhm.

(62)

Ba cheart dóthain ama a thabhairt do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha forálacha a ghlacadh lena ndéantar cur i bhfeidhm rianúil agus éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh d’idirthréimhse idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cur i bhfeidhm cuid dá airteagail,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo na coinníollacha lena rialaítear reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach (‘páirtithe polaitiúla Eorpacha’) agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach (‘fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha’).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘páirtí polaitiúil’ comhlachas de shaoránaigh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

saothraíonn sé cuspóirí polaitiúla;

(b)

aithnítear é i ndlíchóras Ballstáit amháin ar a laghad, nó tá sé bunaithe i gcomhréir leis an dlíchóras sin;

(2)

ciallaíonn ‘ballpháirtí comhlachaithe’ páirtí a bhfuil a shuíomh aige i dtír CSTE, in iar-Bhallstát, i dtír is iarrthóir, i dtír atá i dteideal an euro a úsáid mar a hairgeadra oifigiúil ar bhonn comhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, i dtír chomhpháirtíochta a bhfuil comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais aici leis an Aontas (11) nó i dtír Eorpach a bhfuil Comhaontú Comhlachais tugtha i gcrích ag an Aontas léi lena mbunaítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála;

(3)

ciallaíonn ‘comhaontas polaitiúil’ comhar struchtúrtha, gan beann ar a chineál, idir comhaltaí, bídís ina bpáirtithe polaitiúla (‘ballpháirtithe ón Aontas’), ina saoránaigh den Aontas, agus, i gcás inarb infheidhme, ina mballpháirtithe comhlachaithe; tagrófar do bhallpháirtithe ón Aontas agus ballpháirtithe comhlachaithe le chéile mar ‘bhallpháirtithe’;

(4)

ciallaíonn ‘páirtí polaitiúil Eorpach’ comhaontas polaitiúil a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla, a bhfuil sé d’aidhm aige na cuspóirí sin a shaothrú ar fud an Aontais agus atá cláraithe leis an Údarás um Páirtithe agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(5)

ciallaíonn ‘balleagraíocht chomhlachaithe’ eagraíocht a bhfuil a suíomh aici i dtír CSTE, in iar-Bhallstát, i dtír is iarrthóir, i dtír atá i dteideal an euro a úsáid mar a hairgeadra oifigiúil ar bhonn comhaontú airgeadaíochta leis an Aontas, i dtír chomhpháirtíochta a bhfuil comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais aici leis an Aontas (12) nó i dtír Eorpach a bhfuil Comhaontú Comhlachais tugtha i gcrích ag an Aontas léi lena mbunaítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála; tagrófar do bhalleagraíochtaí a bhfuil a suíomh acu san Aontas (‘balleagraíochtaí ón Aontas’) agus balleagraíochtaí comhlachaithe le chéile mar ‘bhalleagraíochtaí’;

(6)

ciallaíonn ‘fondúireacht pholaitiúil Eorpach’ eintiteas atá cleamhnaithe go foirmiúil le páirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe leis an Údarás um Páirtithe agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 8 i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus a dhéanann, trína ghníomhaíochtaí agus de réir na n-aidhmeanna agus na luachanna bunúsacha a shaothraíonn an tAontas, bonn taca a thabhairt do chuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh sin, agus na cuspóirí sin a chomhlánú, trí cheann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a)

an díospóireacht faoi shaincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus faoi phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a bhreathnú, a anailísiú agus rannchuidiú léi;

(b)

gníomhaíochtaí atá nasctha le saincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh a fhorbairt, amhail seimineáir, oiliúint, comhdhálacha agus staidéir ar na saincheisteanna sin idir páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí óige agus ionadaithe eile na sochaí sibhialta, agus comhpháirtithe comhair, a eagrú agus tacú leo, agus fothú acmhainneachta chun tacú le ceannaireacht pholaitiúil san Aontas amach anseo a fhoirmiú;

(c)

comhar a fhorbairt chun an daonlathas, lena n-áirítear an daonlathas i dtríú tíortha, a chur chun cinn;

(d)

fónamh mar chreat le haghaidh comhar, ar an leibhéal Eorpach, idir fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, acadóirí agus gníomhaithe ábhartha eile;

(7)

ciallaíonn ‘parlaimint réigiúnach’ nó ‘tionól réigiúnach’ comhlacht a bhfuil sainordú toghchánach réigiúnach ag a chomhaltaí nó atá cuntasach go polaitiúil do thionól tofa;

(8)

ciallaíonn ‘cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais’ deontas a dhámhtar i gcomhréir le Teideal VIII nó ranníocaíocht a dhámhtar i gcomhréir le Teideal XI de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(9)

ciallaíonn ‘tabhartas’ aon aistriú airgeadais, aon tairiscint chomhchineáil, aon earraí, seirbhísí, lena n-áirítear iasachtaí, nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh, nó idirbheart ar bith eile arb ionann é agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, cé is moite de ranníocaíochtaí, d’acmhainní féinghinte agus de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn deonach;

(10)

ciallaíonn ‘ranníocaíocht’ aon íocaíocht in airgead tirim, lena n-áirítear táillí comhaltais, nó aon ranníocaíocht chomhchineáil, aon earraí, seirbhísí, lena n-áirítear iasachtaí, nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh, nó idirbheart ar bith eile arb ionann é agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, nuair a sholáthraíonn duine de chomhaltaí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh sin nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin í don pháirtí polaitiúil Eorpach sin nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach sin, bíodh nó ná bíodh na comhaltaí sin ina mballpháirtithe ón Aontas, ina mballeagraíochtaí ón Aontas nó ina saoránaigh de chuid an Aontais, cé is moite de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn deonach;

(11)

ciallaíonn ‘acmhainní féinghinte’ ioncam a ghintear le gníomhaíochtaí eacnamaíocha dílse nach bhfuil dírithe ar bhrabús faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann páirtí polaitiúil Eorpach nó a fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe, a dhéantar go haonair nó i gcomhpháirt lena chomhaltaí nó lena comhaltaí, amhail táillí rannpháirtíochta do chomhdhálacha agus do cheardlanna, nó díolacháin foilseachán;

(12)

ciallaíonn ‘cistiú indíreach’ cistiú óna bhfaigheann an ballpháirtí nó an bhalleagraíocht buntáiste airgeadais, fiú i gcás nach n-aistrítear aon chistí go díreach; is cásanna iad sin lena gceadaítear don bhallpháirtí nó don bhalleagraíocht caiteachas a sheachaint a bheadh air nó uirthi a thabhú murach sin i gcomhair gníomhaíochtaí a eagraítear chun a thairbhe nó tairbhe féin agus chun a leasa aonair ach ní áirítear leo gníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha;

(13)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha’ gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhpháirt le ballpháirtí nó balleagraíocht amháin nó níos mó i gcás ina mbaineann siad le gníomhaíochtaí i mBallstát amháin nó níos mó a rannchuidíonn le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a cur in iúl, fad atá rannpháirtíocht an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí infheicthe go soiléir, fad atá leibhéal úinéireachta an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí ar an ngníomhaíocht soiléir agus fad a chomhfhreagraíonn ranníocaíocht airgeadais an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí do leibhéal foriomlán rannpháirtíochta an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí i gcomparáid le rannpháirtíocht na mballpháirtithe nó na mballeagraíochtaí lena mbaineann;

(14)

ciallaíonn ‘buiséad bliantúil’, chun críocha Airteagail 25 agus 32, méid iomlán an chaiteachais i mbliain ar leith amhail mar a thuairiscítear i ráitis airgeadais bhliantúla an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann;

(15)

ciallaíonn ‘Pointe Teagmhála Náisiúnta’ aon duine atá ainmnithe go sonrach ag na húdaráis ábhartha sna Ballstáit chun faisnéis a mhalartú de bhun an Rialacháin seo;

(16)

ciallaíonn ‘suíomh’, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, an suíomh ina bhfuil a riarachán lárnach ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach;

(17)

ciallaíonn ‘sáruithe comhthráthacha’ dhá shárú nó níos mó a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht neamhdhleathach chéanna;

(18)

ciallaíonn ‘athshárú’ sárú a rinneadh laistigh de thréimhse 5 bliana ó forchuireadh smachtbhanna ar dhéantóir an tsáraithe as sárú den chineál céanna;

CAIBIDIL II

REACHT DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS D’FHONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le clárú

1.   Féadfaidh comhaontas polaitiúil clárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

tá a shuíomh i mBallstát de réir mar a thugtar le fios ina reachtanna;

(b)

tá feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

déanann comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, de pharlaimintí náisiúnta, de pharlaimintí réigiúnacha nó de thionóil réigiúnacha ionadaíocht ar a bhallpháirtithe in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad,

(ii)

tá faighte aige nó ag a bhallpháirtithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, trí faoin gcéad ar a laghad de na vótaí a caitheadh i ngach ceann de na Ballstáit sin ag na toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa;

(c)

ní comhaltaí de pháirtí polaitiúil Eorpach eile iad a bhallpháirtithe;

(d)

cloíonn sé, go háirithe ina chlár agus ina chuid gníomhaíochtaí, leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, eadhon meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus soláthraíonn sé dearbhú foirmiúil caighdeánach i scríbhinn chuige sin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo;

(e)

áirithíonn sé go gcloíonn a chuid ballpháirtithe, go háirithe ina gcláir agus ina ngníomhaíochtaí, leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, agus soláthraíonn sé dearbhú foirmiúil caighdeánach i scríbhinn chuige sin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo;

(f)

áirithíonn sé nach bhfuil a chuid ballpháirtithe ná a gcuid comhaltaí aonair faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 215(2) CFAE;

(g)

tá páirt glactha aige nó ag a chomhaltaí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, nó tá sé curtha in iúl go poiblí aige nó acu go bhfuil rún aige nó acu páirt a ghlacadh sna chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa;

(h)

ní shaothraíonn sé spriocanna brabúis.

2.   Beidh eintiteas i dteideal clárú mar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

tá a shuíomh i mBallstát de réir mar a thugtar le fios ina reachtanna;

(c)

cloíonn sé, go háirithe ina chlár agus ina ghníomhaíochtaí, leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, eadhon meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus soláthraíonn sé dearbhú foirmiúil caighdeánach i scríbhinn chuige sin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo;

(d)

áirithíonn sé go gcloíonn a chuid ballpháirtithe leis na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, agus soláthraíonn sé dearbhú foirmiúil caighdeánach i scríbhinn chuige sin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo;

(e)

áirithíonn sé nach bhfuil a chuid balleagraíochtaí ná a gcuid comhaltaí aonair faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 215(2) CFAE;

(f)

comhlánaíonn a chuspóirí cuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhfuil sé cleamhnaithe go foirmiúil leis;

(g)

tá a chomhlacht rialaithe comhdhéanta de chomhaltaí ó aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad;

(h)

ní shaothraíonn sé spriocanna brabúis.

3.   Ní fhéadfaidh páirtí polaitiúil Eorpach ach aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach amháin a bheith cleamhnaithe go foirmiúil leis. Déanfaidh gach páirtí polaitiúil Eorpach agus an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe a áirithiú go ndéantar deighilt idir a mbainistiú ó lá go lá, a struchtúir rialaithe agus a gcuntais airgeadais faoi seach.

Airteagal 4

Rialachas páirtithe polaitiúla Eorpacha

1.   Déanfaidh reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh a chomhlíonadh agus áireofar sna reachtanna sin forálacha a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a ainm agus a lógó, a dhéanfar a idirdhealú go soiléir ó ainm agus lógó aon pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó aon fhondúireachta polaitiúla Eorpaí atá ann cheana;

(b)

seoladh a shuímh;

(c)

clár polaitiúil ina bhfuil a aidhm agus a chuspóirí leagtha amach;

(d)

ráiteas, i gcomhréir le Airteagal 3(1), pointe (h), nach bhfuil spriocanna brabúis á saothrú aige;

(e)

i gcás inarb ábhartha, ainm a fhondúireachta polaitiúla Eorpaí cleamhnaithe agus tuairisc ar an gcaidreamh foirmiúil atá eatarthu;

(f)

a eagar agus nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais, ina sonraítear go háirithe na comhlachtaí agus na hoifigí a shealbhaíonn cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla mar aon leis na rialacha maidir leis na cuntais bhliantúla a bhunú, a fhormheas agus a fhíorú;

(g)

an nós imeachta inmheánach atá le leanúint i gcás ina dtarlaíonn a dhíscaoileadh deonach mar pháirtí polaitiúil Eorpach;

(h)

a rialacha inmheánacha maidir le cothromaíocht inscne.

2.   Áireofar i reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh forálacha maidir le heagar inmheánach an pháirtí a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na socruithe mionsonraithe maidir le ligean isteach, éirí as oifig agus eisiamh a chomhaltaí, agus an liosta dá bhallpháirtithe atá i gceangal leis na reachtanna;

(b)

na cearta agus na dualgais a gabhann le gach cineál comhaltais agus na cearta vótála ábhartha;

(c)

cumhachtaí, freagrachtaí agus comhdhéanamh a chomhlachtaí rialaithe, á shonrú le haghaidh gach ceann díobh na critéir chun iarrthóirí a roghnú agus na socruithe mionsonraithe dá gceapadh agus dá ndífhostú;

(d)

a phróisis chinnteoireachta inmheánacha, go háirithe na nósanna imeachta vótála agus na ceanglais chóraim;

(e)

a chur chuige maidir le trédhearcacht, go háirithe i ndáil le leabharchoimeád, le cuntais agus tabhartais, le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta;

(f)

an nós imeachta inmheánach chun a reachtanna a leasú.

3.   Áiritheofar an méid seo a leanas le reachtanna de chuid páirtí polaitiúil Eorpach:

(a)

le gach vóta, baileofar tacaíocht ó thromlach na gcomhaltaí a bhfuil a suíomh acu san Aontas, nó ar saoránaigh de chuid an Aontais iad, chun go n-éireoidh leis an vóta;

(b)

ní bheidh vótaí arna gcaitheamh ag ballpháirtithe comhlachaithe cinntitheach i dtreo tromlaigh;

(c)

thairis sin, ní féidir le ballpháirtithe comhlachaithe, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, gníomhaíocht a fhorchur i gcoinne thromlach shaoránaigh an Aontais nó chomhaltaí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann a bhfuil vóta acu, ná bac a chur ar an tromlach sin;

(d)

ní féidir le hionadaithe ballpháirtithe comhlachaithe cumhachtaí feidhmiúcháin a fháil trí tharmligean sna comhlachtaí rialaithe.

4.   Féadfaidh Ballstát an tsuímh ceanglais bhreise a fhorchur i leith na reachtanna, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais bhreise sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Oibleagáidí trédhearcachta maidir le húsáid lógónna, foilsiú an chláir pholaitiúla agus cothromaíocht inscne

1.   Áiritheoidh gach páirtí polaitiúil Eorpach go bhfoilseoidh a bhallpháirtithe ar a suíomh gréasáin clár polaitiúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh agus go dtaispeánfaidh siad lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh ar a suíomh gréasáin. Taispeánfar lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh ag barr leathanach baile an bhallpháirtí, ar bhealach sofheicthe.

2.   Foilseoidh gach páirtí polaitiúil Eorpach faisnéis ar a shuíomh gréasáin faoin gcothromaíocht inscne i measc na n-iarrthóirí sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a tharlaíonn tar éis an 28 Nollaig 2025, mar aon le faisnéis nuashonraithe faoin ionadaíocht inscne i measc a gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa.

Áiritheoidh gach páirtí polaitiúil Eorpach go bhfoilseoidh a bhallpháirtithe ón Aontas faisnéis ar a suíomhanna gréasáin faoin gcothromaíocht inscne i measc a n-iarrthóirí faoi seach sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus faoin ionadaíocht inscne i measc a gcomhaltaí faoi seach de Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 6

Rialachas fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

1.   Déanfaidh reachtanna fondúireachta polaitiúla Eorpaí an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh a chomhlíonadh agus áireofar sna reachtanna sin forálacha a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a hainm agus a lógó, a dhéanfar a idirdhealú go soiléir ó ainm agus lógó aon pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó aon fhondúireachta polaitiúla Eorpaí atá ann cheana;

(b)

seoladh a suímh;

(c)

tuairisc ar a haidhm agus ar a cuspóirí, a bheidh comhoiriúnach leis na cúraimí a liostaítear in Airteagal 2, pointe (6);

(d)

ráiteas, i gcomhréir le Airteagal 3(2), pointe (h), nach bhfuil spriocanna brabúis á saothrú aici;

(e)

ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhfuil sí cleamhnaithe go díreach leis, agus tuairisc ar an gcaidreamh foirmiúil atá eatarthu;

(f)

liosta dá comhlachtaí, á shonrú le haghaidh gach ceann díobh a chumhachtaí, a fhreagrachtaí agus a chomhdhéanamh, agus ina n-áirítear na socruithe mionsonraithe do cheapadh agus do dhífhostú chomhaltaí agus bhainisteoirí na gcomhlachtaí sin;

(g)

a heagar agus nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais, ina sonraítear go háirithe na comhlachtaí agus na hoifigí a shealbhaíonn cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla mar aon leis na rialacha maidir leis na cuntais bhliantúla a bhunú, a fhormheas agus a fhíorú;

(h)

an nós imeachta inmheánach chun a reachtanna a leasú;

(i)

an nós imeachta inmheánach atá le leanúint i gcás ina dtarlaíonn a díscaoileadh deonach mar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach;

(j)

a rialacha inmheánacha maidir le cothromaíocht inscne;

(k)

na rialacha lena rialaítear cearta agus oibleagáidí balleagraíochtaí comhlachaithe i struchtúir rialachais agus próisis chinnteoireachta na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena n-áirithítear coimircí leormhaithe i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus lena gcuirtear cosc ar bhalleagraíochtaí comhlachaithe gníomhaíocht a fhorchur nó bac a chur ar thromlach na gcomhaltaí ón Aontas.

2.   Féadfaidh Ballstát an tsuímh ceanglais bhreise a fhorchur i leith na reachtanna, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais bhreise sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Ceanglais maidir le riail na cothromaíochta inscne

1.   Beidh comhlachtaí rialaithe páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cothrom ó thaobh inscne de.

2.   Beidh sásraí inmheánacha i bhfeidhm ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha lena gcuirtear cothromaíocht inscne chun cinn agus lena spreagtar rannpháirtíocht ghníomhach na mban ina gcuid gníomhaíochtaí uile.

3.   Beidh prótacal i bhfeidhm ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun gnéaschiapadh agus idirdhealú ar bhonn inscne a bhrath agus a chosc agus chun oibriú go leanúnach ina gcoinne.

Airteagal 8

Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha

1.   Déantar Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘Údarás’) a bhunú ar mhaithe le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú agus rialú agus ar mhaithe le smachtbhannaí a fhorchur orthu.

2.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Údarás. Beidh sé neamhspleách agus déanfaidh sé a chuid feidhmeanna a fheidhmiú i lánchomhlíonadh an Rialacháin seo.

Is é an tÚdarás a dhéanfaidh cinneadh maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú agus a bhaint den Chlár i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Sa bhreis air sin, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha clárúcháin a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (g) agus (k), á gcomhlíonadh i gcónaí ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

Ina chinntí, tabharfaidh an tÚdarás lánaird ar an gceart bunúsach chun saoirse comhlachais agus ar an ngá atá le hiolrachas páirtithe polaitiúla san Eoraip a áirithiú.

Is é nó í a Stiúrthóir a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Údarás agus is é nó í a dhéanfaidh cinntí uile an Údaráis thar a cheann.

3.   Ar bhonn tograí arna ndéanamh ag coiste roghnúcháin atá comhdhéanta d’Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (dá ngairtear ‘an t-údarás ceapacháin’ go comhpháirteach) tar éis glao oscailte ar iarrthóirí, déanfaidh na hinstitiúidí sin, de thoil a chéile, Stiúrthóir an Údaráis a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 5 bliana.

Déanfar Stiúrthóir an Údaráis a roghnú ar bhonn a chuid nó a cuid cáilíochtaí pearsanta agus proifisiúnta. Ní comhalta de Pharlaimint na hEorpa a bheidh ann nó inti, ní shealbhóidh sé nó sí aon sainordú toghchánach ná ní bheidh sé nó sí ina fhostaí nó ina fostaí reatha ná ina iarfhostaí nó ina hiarfhostaí de pháirtí polaitiúil Eorpach nó d’fhondúireacht pholaitiúil Eorpach. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist leis an Stiúrthóir a cheaptar idir a chuid nó a cuid dualgas mar Stiúrthóir an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo.

I gcás folúntas a thagann aníos de bharr éirí as oifig, scoir, dífhostú nó báis, líonfar é i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

I gcás ina ndéantar Stiúrthóir nua a cheapadh ar an ngnáthbhealach nó i gcás ina n-éiríonn an Stiúrthóir as oifig dá dheoin nó dá deoin féin, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go mbeidh an duine atá le teacht ina áit nó ina háit tosaithe ar a chuid nó a cuid dualgas.

Más rud é nach gcomhlíonann Stiúrthóir an Údaráis a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach d’fheidhmiú a chuid nó a cuid dualgas, féadfar é nó í a dhífhostú de chomhthoil dhá cheann ar a laghad de na trí institiúid dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar bhonn tuarascáil arna tarraingt suas ag an gcoiste roghnúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bíodh an tuarascáil sin tarraingthe suas ar thionscnamh an choiste féin nó arna iarraidh sin d’aon cheann de na trí institiúid.

Beidh Stiúrthóir an Údaráis neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas. Nuair a bhíonn an Stiurthóir ag gníomhú thar ceann an Údaráis, ní iarrfaidh sé nó sí teagasc ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagasc ó aon institiúid nó rialtas ná ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht. Staonfaidh Stiúrthóir an Údaráis ó aon ghníomhaíocht atá ar neamhréir le nádúr a chuid nó a cuid dualgas.

A mhéid a bhaineann leis an Stiúrthóir, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (14) a fheidhmiú go comhpháirteach. Gan dochar do chinntí maidir le ceapadh agus dífhostú, féadfaidh na trí institiúid a chomhaontú feidhmiú cuid de na cumhachtaí eile a thugtar don údarás ceapacháin, nó iad uile, a chur ar iontaoibh ceachtar de na hinstitiúidí féin.

Féadfaidh an t-údarás ceapacháin cúraimí eile a shannadh ar an Stiúrthóir, ar choinníoll nach bhfuil na cúraimí sin ar neamhréir leis an ualach oibre a eascraíonn as a chuid nó a cuid dualgas mar Stiúrthóir an Údaráis agus nach dóigh go gcruthóidh siad aon choinbhleacht leasa nó nach dóigh go gcuirfidh siad neamhspleáchas iomlán an Stiúrthóra i mbaol.

4.   Beidh suíomh fisiceach an Údaráis i bParlaimint na hEorpa, agus soláthróidh Parlaimint na hEorpa na hoifigí is gá agus na saoráidí tacaíochta riaracháin is gá don Údarás.

5.   Tabharfaidh baill foirne cúnamh do Stiúrthóir an Údaráis, ar ina leith a fheidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus na cumhachtaí a thugtar don údarás ar tugadh de chumhacht dó conarthaí fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt chun críche le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’). Féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint, in aon réimse dá chuid oibre, as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Údarás.

Na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh le comhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann an Údaráis.

Ní fhéadfaidh a bheith mar thoradh ar roghnú na mball foirne go mbeadh an baol ann go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, agus staonfaidh na baill foirne ó aon ghníomhaíocht atá ar neamhréir le nádúr a gcuid dualgas.

6.   Déanfaidh an tÚdarás comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Parlaimint na hEorpa agus, más iomchuí, le hinstitiúidí eile maidir le haon socruithe riaracháin atá riachtanach chun go gcomhlíonfadh an tÚdarás a chuid cúraimí, go háirithe comhaontuithe maidir le foireann, seirbhísí agus tacaíocht arna soláthar de bhun mhíreanna 4, 5 agus 8.

7.   Déanfar na leithreasuithe do chaiteachas an Údaráis a sholáthar faoi Theideal ar leithligh sa Roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais a bhaineann le Parlaimint na hEorpa. Beidh na leithreasuithe leordhóthanach chun oibriú iomlán agus neamhspleách an Údaráis a áirithiú. Déanfaidh an Stiúrthóir dréachtphlean buiséadach don Údarás a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus cuirfear ar fáil go poiblí é. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa dualgais an Oifigigh Údaraithe i ndáil leis na leithreasuithe sin a tharmligean chuig Stiúrthóir an Údaráis.

8.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (15) maidir leis an Údarás.

Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás agus an Clár.

9.   Déanfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an fhaisnéis uile atá riachtanach d’fhorghníomhú a gcuid freagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo a chomhroinnt lena chéile.

10.   Déanfaidh an Stiúrthóir tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a thíolacadh go bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an tÚdarás na tuarascálacha ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.

11.   Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh léirmheas ar dhlíthiúlacht chinntí an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE agus beidh dlínse aici i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh as damáiste a raibh an tÚdarás ina shiocair leis i gcomhréir le hAirteagail 268 agus 340 CFAE. Más rud é go mainníonn an tÚdarás cinneadh a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé de cheangal air leis an Rialachán seo é sin a dhéanamh, féadfar caingean i gcoinne neamhghnímh a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

Airteagal 9

Clár na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

1.   Déanfaidh an tÚdarás Clár de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhunú agus a bhainistiú. Déanfar faisnéis ón gClár a chur ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 39.

2.   Chun feidhmiú rianúil an Chláir a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 agus faoi raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan amach:

(a)

an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta atá ar seilbh an Údaráis agus arb é an Clár a bheidh ina thaisclann inniúil dóibh, ar a n-áireofar reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí, doiciméid ar bith eile a thíolactar mar chuid d’iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 10(2), doiciméid ar bith a fuarthas ó Bhallstát an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 20(2), agus faisnéis maidir le céannacht na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlachtaí nó a shealbhaíonn oifigí ag a bhfuil cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (f), agus in Airteagal 6(1), pointe (g);

(b)

na hábhair ón gClár dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo arb é an Clár a bheidh inniúil chun dlíthiúlacht a dheimhniú de réir mar a bhunaíonn an tÚdarás é de bhun a inniúlachtaí faoin Rialachán seo.

Ní bheidh an tÚdarás inniúil chun fíorú a dhéanamh cibé an bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ag comhlíonadh aon oibleagáid nó ceanglas a fhorchuireann Ballstát an tsuímh ar an bpáirtí nó ar an bhfondúireacht lena mbaineann de bhun Airteagal 4 agus 6, agus Airteagal 19(2), agus arb oibleagáid nó ceanglas é atá sa bhreis ar na hoibleagáidí agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear mionsonraí an uimhirchórais clárúcháin atá le cur i bhfeidhm don Chlár agus na sleachta caighdeánacha as an gClár atá le cur ar fáil do thríú páirtithe nuair a iarrann siad iad, lena n-áirítear a bhfuil i litreacha agus i ndoiciméid. Ní bheidh sonraí pearsanta san áireamh i sleachta den sórt sin cé is moite de chéannacht na ndaoine atá ina gcomhaltaí de chomhlachtaí nó a shealbhaíonn oifigí ag a bhfuil cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (f), agus in Airteagal 6(1), pointe (g).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44.

Airteagal 10

Iarratas ar chlárú

1.   Déanfar aon iarratas ar chlárú a chomhdú leis an Údarás. Maidir le hiarratas ar chlárú mar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, is tríd an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil an t-iarratasóir cleamhnaithe go foirmiúil, agus tríd sin amháin, a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú.

2.   Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas:

(a)

doiciméid lena gcruthaítear go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3, lena n-áirítear dearbhú foirmiúil caighdeánach san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

reachtanna an pháirtí nó na fondúireachta, ina bhfuil na forálacha is gá de réir Airteagail 4 agus 6, lena n-áirítear na hiarscríbhinní ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, ráiteas ó Bhallstát an tsuímh dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 agus faoi raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aon fhaisnéis bhreise nó aon doiciméad tacaíochta i dtaca le mír 2 a shainaithint, ar faisnéis í nó ar doiciméad é is gá chun a chur ar chumas an Údaráis a chuid freagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhall a mhéid a bhaineann le hoibriú an Chláir;

(b)

an Rialachán seo a leasú trí oiriúnú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar an dearbhú foirmiúil caighdeánach atá in Iarscríbhinn I i ndáil leis na sonraí atá le líonadh isteach ag an iarratasóir, chun a áirithiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach á sealbhú maidir leis an sínitheoir, lena shainordú nó lena sainordú agus leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó leis an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach óna bhfuil sainordú aige nó aici ionadaíocht a dhéanamh chun críocha an dearbhaithe.

4.   Doiciméid a chuirtear faoi bhráid an Údaráis mar chuid den iarratas, déanfar iad a fhoilsiú láithreach ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 11

Scrúdú an iarratais agus cinneadh ón Údaráis

1.   Scrúdóidh an tÚdarás an t-iarratas chun a chinneadh an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus an bhfuil na forálacha a cheanglaítear le hAirteagail 4 agus 6 sna reachtanna.

2.   Glacfaidh an tÚdarás cinneadh go ndéanfar an t-iarratasóir a chlárú, mura rud é go suíonn sé nach bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhlíonadh ag an iarratasóir nó nach bhfuil na forálacha a cheanglaítear le hAirteagail 4 agus 6 sna reachtanna.

Foilseoidh an tÚdarás a chinneadh i dtaobh an t-iarratasóir a chlárú laistigh de 1 mhí tar éis an t-iarratas ar chlárú a fháil nó, i gcás inarb infheidhme na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(4), laistigh de 4 mhí tar éis an t-iarratas ar chlárú a fháil.

I gcás ina mbíonn an t-iarratas neamhiomlán, iarrfaidh an tÚdarás ar an iarratasóir, gan mhoill, aon fhaisnéis bhreise atá ag teastáil a thíolacadh. Chun críocha an spriocdháta a leagtar síos sa dara fomhír, ní thosóidh an tréimhse ach amháin ón dáta a gheobhaidh an tÚdarás an t-iarratas iomlán.

3.   Measfar gur leor don Údarás an dearbhú foirmiúil caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (a), chun a shuí go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 3(1), pointí (d) agus (e), nó in Airteagal 3(2), pointí (c) agus (d), cibé acu is infheidhme.

4.   Maidir le cinneadh ón Údarás iarratasóir a chlárú, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht le reachtanna an pháirtí nó na fondúireachta lena mbaineann. Maidir le cinneadh gan iarratasóir a chlárú, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht le forais mhionsonraithe leis an diúltú.

5.   Tabharfar fógra faoi aon leasuithe ar na doiciméid nó na reachtanna arna dtíolacadh mar chuid den iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) don Údarás laistigh de 2 mhí. Déanfaidh an tÚdarás an clárú a nuashonrú i bhfianaise na leasuithe sin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(2) agus (4).

6.   Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfar an liosta nuashonraithe de bhallpháirtithe páirtí pholaitiúil Eorpaigh, atá i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2), a chur chuig an Údarás, mar aon leis an dearbhú foirmiúil caighdeánach, trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I, má tá ballpháirtí nua tar éis dul isteach ann. Aon athruithe a bhféadfadh sé nach gcomhlíonfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (b), a thuilleadh dá n-éis, déanfar iad a chur in iúl don Údarás laistigh de 4 seachtaine tar éis athrú den sórt sin.

Airteagal 12

Fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha clárúcháin agus na gceanglas clárúcháin agus scrúdú ar fhorais le páirtithe nó fondúireachtaí a bhaint den Chlár

1.   Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), in Airteagal 4(3), agus in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (g) agus (k), á gcomhlíonadh i gcónaí ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

2.   Má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh feidhm a bheith ag ceann de na forais le páirtí nó le fondúireacht a bhaint den Chlár faoi Airteagal 21(1), pointe (a), nó Airteagal 21(2) maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, déanfaidh an tÚdarás an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a chur ar an eolas gan moill mhíchuí. Agus páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach á chur nó á cur ar an eolas, iarrfaidh an tÚdarás ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach sin nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach sin a bharúlacha nó a barúlacha a thíolacadh laistigh de 1 mhí ón bhfaisnéis a fháil.

3.   I gcás nach gcomhlíontar Airteagal 3(1), pointe (c), (f), (g) nó (h), Airteagal 3(2), pointe (e), (f), (g) nó (h), nó na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), in Airteagal 4(3), agus in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (g) agus (k), tabharfaidh an tÚdarás an deis don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann na bearta is gá a thabhairt isteach chun an cás a leigheas laistigh den spriocdháta dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh réasúnaithe ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, síneadh a chur leis an spriocdháta sin má mheasann an tÚdarás agus sa mhéid go measann an tÚdarás gur gá agus gurb iomchuí síneadh den sórt sin i bhfianaise na mbeart ceartaitheach arna mbeartú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach.

4.   Ar dhul in éag don spriocdháta dá dtagraítear i mír 2 nó 3 den Airteagal seo, nó ar aon bharúlacha nó aon fhaisnéis maidir le bearta ceartaitheacha a fháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann roimh dhul in éag an spriocdháta, déanfaidh an tÚdarás, gan aon mhoill mhíchuí agus i bhfianaise aon bharúlacha nó aon fhaisnéis den sórt sin, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais le páirtí nó le fondúireacht a bhaint den Chlár faoi Airteagal 21(1), pointe (a), nó faoi Airteagal 21(2), maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

Airteagal 13

Fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha clárúcháin a bhaineann leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh réasúnaithe ó ghrúpa saoránach, arna tíolacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha a cuid Rialacha Nós Imeachta, nó an Chomhairle nó an Coimisiún iarraidh a chur faoi bhráid an Údaráis go ndéanfadh sé a fhíorú an bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 3(2), pointí (c) agus (d). I gcásanna den sórt sin, agus sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2), cuirfidh an tÚdarás an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí, iarrfaidh sé air nó uirthi a chuid nó a cuid barúlacha a thíolacadh agus tabharfaidh sé an deis dó nó di bearta a thabhairt isteach chun an cás a leigheas laistigh de 1 mhí ón bhfaisnéis a fháil.

2.   Féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh réasúnaithe ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 má mheasann an tÚdarás agus sa mhéid go measann an tÚdarás gur gá agus gurb iomchuí síneadh den sórt sin i bhfianaise na mbeart ceartaitheach arna mbeartú ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach.

3.   Ar dhul in éag don spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 nó 2 den Airteagal seo, nó ar aon bharúlacha agus aon fhaisnéis maidir le bearta ceartaitheacha a fháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann roimh dhul in éag an spriocdháta, déanfaidh an tÚdarás na barúlacha a thug an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an tuairisc ar na bearta ceartaitheacha a rinne an páirtí sin nó an fhondúireacht sin a chur faoi bhráid an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 16, agus iarrfaidh sé ar an gcoiste sin tuairim a thabhairt ar an ábhar. Tabharfaidh an Coiste a thuairim uaidh laistigh de 2 mhí ón iarraidh ón Údarás.

4.   I gcás ina bhfaigheann an tÚdarás amach faoi fhíorais a fhágann go bhfuil amhras ann an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 3(2), pointí (c) agus (d), á gcomhlíonadh ag páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith, cuirfidh an tÚdarás an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún d’fhonn a chur ar chumas aon cheann de na hinstitiúidí sin iarraidh ar fhíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaisceadh. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, dearbhóidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn acu iarraidh ar fhíorú a thaisceadh laistigh de 2 mhí ón bhfaisnéis a fháil.

5.   Ní dhéanfar an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1 go 4 a thionscnamh sa tréimhse 2 mhí díreach roimh reáchtáil na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

6.   Déanfaidh an tÚdarás cinneadh an ndéanfaidh sé an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a bhaint den Chlár, agus tuairim an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 16 á cur san áireamh. Beidh réasúnú cuí ag gabháil leis an gcinneadh ón Údarás.

7.   Maidir le cinneadh ón Údarás an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a bhaint den Chlár ar an bhforas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (d) nó (e), nó Airteagal 3(2), pointe (c) nó (d), ní ghlacfar é ach amháin i gcás gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha sin. Beidh an cinneadh faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo.

8.   Maidir le cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár ar an bhforas gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (d) nó (e), Airteagal 3(2), pointe (c) nó (d), déanfar é a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní thiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis chur in iúl an chinnidh dóibh nó más rud é, roimh dul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Údarás nach ndéanfaidh siad aon agóid. I gcás ina ndéanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid, fanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach cláraithe.

9.   Ní fhéadfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár ach amháin ar fhorais a bhaineann leis an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le clárú a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (d) nó (e), nó Airteagal 3(2), pointe (c) nó (d).

10.   I gcás ina ndéantar agóid i gcoinne cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, cuirfidh an tÚdarás an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas faoin agóid.

11.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle seasamh a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha cinnteoireachta faoi seach a glacadh i gcomhréir leis na Conarthaí. Aon agóid i gcoinne cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, beidh réasúnú cuí ag gabháil léi agus cuirfear ar fáil go poiblí í.

Airteagal 14

Fíorú a dhéanamh ar oibleagáidí faoin dlí náisiúnta

1.   Más rud é gur mhainnigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar bhealach tromchúiseach oibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 19(2), an chéad fhomhír, a chomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil suíomh an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí iarraidh a chur faoi bhráid an Údaráis ar an bpáirtí nó an fhondúireacht a bhaint den Chlár. Beidh réasúnú cuí ag gabháil leis an iarraidh sin. Go háirithe, déanfar na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus na ceanglais shonracha náisiúnta nár comhlíonadh a shainaithint go beacht agus go cuimsitheach inti.

Más rud é go mbaineann ábhar na hiarrata ón mBallstát de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo go heisiach nó den chuid is mó le gnéithe a dhéanann difear d’urraim do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, cuirfidh an tÚdarás tús leis an nós imeachta fíorúcháin i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

Maidir le haon ábhar eile, i gcás ina ndeimhníonn an Ballstát san iarraidh uaidh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo gur ann do leigheas éifeachtach ar an iarraidh sin ar an leibhéal náisiúnta agus i gcás ina mbeidh na leigheasanna uile a bhaineann leis an iarraidh sin ídithe, déanfaidh an tÚdarás, tar éis dó éisteacht le hionadaí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann, measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag an bhforas le páirtí nó le fondúireacht a bhaint den Chlár faoi Airteagal 21(1), pointe (d), maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann.

2.   Más rud é gur mhainnigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar bhealach tromchúiseach oibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 19(2), an dara fomhír den Rialachán seo, a chomhlíonadh agus má bhaineann an t-ábhar sin go heisiach nó den chuid is mó le gnéithe a dhéanann difear d’urraim do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, a leagtar amach iad in Airteagal 2 CAE, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid an Údaráis i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh an tÚdarás i ngach cás gan moill mhíchuí. Cuirfidh an tÚdarás an Ballstát lena mbaineann agus an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar an iarraidh réasúnaithe ar pháirtí nó ar fhondúireacht a bhaint den Chlár.

Airteagal 15

An nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta

1.   Ní imreoidh aon pháirtí polaitiúil Eorpach ná aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon turas, nó ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú a bheith déanta ag duine nadúrtha nó dlítheanach ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Má chuirtear an tÚdarás ar an eolas go ndearna údarás maoirseachta náisiúnta de réir bhrí Airteagal 4, pointe (21), de Rialachán (AE) 2016/679 cinneadh inar fionnadh gur sháraigh duine nádúrtha nó dlítheanach na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus má fhágann an cinneadh sin, nó i gcás inar ann d’fhorais réasúnacha eile lena chreidiúint, go bhfuil nasc ag an sárú le gníomhaíochtaí polaitiúla a rinne páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an tÚdarás an t-ábhar sin faoi bhráid an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo. Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh leis an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann.

3.   Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear i mír 2 tuairim faoin gceist ar imir an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon turas, nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as an sárú sin. Iarrfaidh an tÚdarás an tuairim gan moill mhíchuí, agus tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis a bheith curtha ar an eolas faoi chinneadh an údaráis maoirseachta náisiúnta. Socróidh an tÚdarás spriocdháta gearr réasúnta don choiste a thuairim a thabhairt. Cloífidh an coiste leis an spriocdháta sin.

4.   Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás, de bhun Airteagal 32(1), pointe (a)(ix), an bhforchuirfidh sé smachtbhannaí airgeadais ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann. Beidh réasúnú cuí ag gabháil leis an gcinneadh ón Údarás, go háirithe maidir leis an tuairim ón gcoiste, agus foilseofar é go gasta.

5.   Ní dochar an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo don nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 12, 13 agus 14. An toirmeasc ar iarraidh ar fhíorú a thíolacadh de bhun Airteagal 13(1) go (4) le linn na tréimhse 2 mhí díreach roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 13(5), ní bheidh feidhm aige maidir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 16

Coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce

1.   An coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce a bhunaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, beidh sé comhdhéanta de sheisear comhaltaí, mar a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún beirt chomhaltaí an ceann a cheapadh. Déanfar comhaltaí an Choiste a roghnú ar bhonn a gcuid cáilíochtaí pearsanta agus proifisiúnta. Ní comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa, den Chomhairle nó den Choimisiún a bheidh iontu, ní shealbhóidh siad aon sainordú toghchánach, ní bheidh siad ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile den Aontas Eorpach ná ní bheidh siad ina bhfostaithe reatha nó ina n-iarfhostaithe de pháirtí polaitiúil Eorpach nó d’fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

Beidh comhaltaí an choiste neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas. Ní iarrfaidh na comhaltaí teagasc ná ní ghlacfaidh siad teagasc ó aon institiúid nó rialtas ná ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile agus staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht atá ar neamhréir le nádúr a ndualgas.

Déanfar an coiste a athnuachan laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh an chéad seisiúin de Pharlaimint na hEorpa i ndiaidh gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh sainordú na gcomhaltaí in-athnuaite.

2.   Glacfaidh an coiste a rialacha nós imeachta féin. Déanfaidh a chomhaltaí as a measc cathaoirleach an choiste a thoghadh de réir na rialacha sin. Soláthróidh Parlaimint na hEorpa rúnaíocht agus cistiú an choiste. Is faoi údarás an choiste, agus faoi sin amháin, a ghníomhóidh rúnaíocht an choiste.

3.   I gcás ina n-iarrann an tÚdarás air é sin a dhéanamh, tabharfaidh an coiste tuairim uaidh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon sárú follasach agus tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith déanta ag páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (d) agus (e), agus Airteagal 3(2), pointí (c) agus (d);

(b)

ar imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon turas, nó ar fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den mhír seo, féadfaidh an coiste aon doiciméad ábhartha nó aon fhianaise ábhartha a iarraidh ar an Údarás, ar Pharlaimint na hEorpa, ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, ar pháirtithe polaitiúla, ar fhondúireachtaí polaitiúla nó ar pháirtithe leasmhara eile, agus féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfaí éisteacht dá n-ionadaithe. Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, comhoibreoidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15 leis an gcoiste i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

Ina thuairimí, tabharfaidh an coiste lánaird ar an gceart bunúsach chun saoirse comhlachais agus ar an ngá atá le hiolrachas páirtithe polaitiúla san Eoraip a áirithiú.

Cuirfear tuairimí an choiste ar fáil go poiblí gan mhoill.

CAIBIDIL III

STÁDAS DLÍTHIÚIL PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS FONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA

Airteagal 17

Pearsantacht dhlítheanach

Beidh pearsantacht dhlítheanach Eorpach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

Airteagal 18

Aitheantas dlíthiúil agus inniúlacht dhlíthiúil

Beidh aitheantas dlíthiúil agus inniúlacht dhlíthiúil ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sna Ballstáit uile.

Airteagal 19

An dlí is infheidhme

1.   Beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú leis an Rialachán seo.

2.   Maidir le hábhair nach bhfuil rialáilte ag an Rialachán seo, nó, i gcás nach rialálann sé ábhair ach go páirteach, maidir leis na gnéithe sin nach bhfuil cumhdaithe leis, beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú ag forálacha infheidhme an dlí naisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil a suíomhanna faoi seach.

Beidh na gníomhaíochtaí a dhéanann páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i mBallstáit eile á rialú ag rialacha náisiúnta ábhartha na mBallstát sin.

3.   Maidir le hábhair nach bhfuil rialáilte ag an Rialachán seo ná ag na forálacha is infheidhme de bhun mhír 2 nó, i gcás nach rialálann siad ábhair ach go páirteach, maidir leis na gnéithe sin nach bhfuil cumhdaithe leo, beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú ag forálacha a reachtanna faoi seach.

Airteagal 20

Pearsantacht dhlítheanach Eorpach a fháil

1.   Gheobhaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach Eorpach an dáta a fhoilseofar an cinneadh ón Údarás chun é nó í a chlárú de bhun Airteagal 11 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Má éilíonn an Ballstát ina bhfuil a shuíomh ag iarratasóir ar chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach nó mar fhondúireacht pholaitiúil amhlaidh, beidh ag gabháil leis an iarratas arna thíolacadh de bhun Airteagal 10 ráiteas arna eisiúint ag an mBallstát sin, á dheimhniú gur chomhlíon an t-iarratasóir na ceanglais náisiúnta ábhartha uile maidir leis an iarratas, agus go bhfuil a reachtanna i gcomhréir leis an dlí is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 19(2), an chéad fhomhír.

3.   I gcás ina dteachtann an t-iarratasóir pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí a Bhallstáit, measfaidh an Ballstát sin gurb ionann fáil na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí agus an phearsantacht dhlítheanach náisiúnta a thiontú go pearsantacht dhlítheanach Eorpach chomharbach. Déanfaidh an phearsantacht dhlítheanach Eorpach na cearta agus oibleagáidí a bhí ag an iar-eintiteas dlítheanach náisiúnta roimhe sin a choimeád go hiomlán, agus scoirfidh an t-eintiteas dlítheanach náisiúnta de bheith ar marthain. Ní chuirfidh an Ballstát lena mbaineann coinníollacha coisctheacha i bhfeidhm ar thiontuithe den sórt sin. Coimeádfaidh an t-iarratasóir a shuíomh sa Bhallstát lena mbaineann go dtí go mbeidh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11 foilsithe.

4.   Má éilíonn an Ballstát ina bhfuil a shuíomh ag an iarratasóir amhlaidh, ní shocróidh an tÚdarás an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 1 ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát sin.

Airteagal 21

Pearsantacht dhlítheanach Eorpach a fhoirceannadh

1.   Caillfidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a phearsantacht dhlítheanach nó a pearsantacht dhlítheanach ar é nó í a bheith bainte den Chlár trí chinneadh ón Údarás:

(a)

más rud é, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 12, go bhfaigheann an tÚdarás:

(i)

nach gcomhlíonann an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ceann de na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (a), (b), (c), (f), (g) nó (h), nó in Airteagal 3(2), pointe (a), (b), (e), (f), (g) nó (h);

(ii)

nach gcomhlíonann an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ceann de na forálacha maidir le rialachas a leagtar síos im Airteagal 4(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), in Airteagal 4(3) nó in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (g) nó (k);

(iii)

go bhfuil an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509; nó

(iv)

go raibh faisnéis a bhí cinntitheach don chinneadh an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a chlárú mícheart nó míthreorach, nó gur trí mheabhlaireacht a fuarthas an cinneadh sin;

(b)

más rud é, le linn an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13 den Rialachán seo, go suíonn an tÚdarás go ndearna an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó a bhallpháirtithe nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann nó a balleagraíochtaí sárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (d) nó (e), nó Airteagal 3(2), pointe (c) nó (d), den Rialachán seo, agus a bhaineann le hurraim do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a leagtar amach in Airteagal 2 CAE;

(c)

ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann; nó

(d)

ar iarraidh ó Bhallstát a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14(1) agus (3).

2.   Má chinneann an tÚdarás páirtí polaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, bainfidh sé den Chlár freisin fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe leis.

3.   Maidir le cinneadh an Údaráis páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, is chuig an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó chuig an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a dhíreofar é agus tabharfar fógra dó nó di faoi. Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Má fhaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh nó a suíomh, measfaidh an Ballstát sin gurb ionann fáil den sórt sin agus an phearsantacht dhlítheanach Eorpach a thiontú go pearsantacht dhlítheanach náisiúnta a choimeádann go hiomlán na cearta agus na hoibleagáidí a bhí ann roimhe sin don iar-eintiteas dlítheanach Eorpach. Ní chuirfidh an Ballstát lena mbaineann coinníollacha coisctheacha i bhfeidhm ar thiontuithe den sórt sin.

5.   Mura bhfaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh nó a suíomh, déanfar an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa Bhallstát sin. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheangal go bhfaighidh an páirtí lena mbaineann nó an fhondúireacht lena mbaineann pearsantacht dhlítheanach náisiúnta i gcomhréir le mír 4 sula ndéanfar é nó í a fhoirceannadh.

6.   I ngach cás dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil an coinníoll neamhbhrabúis a leagtar síos in Airteagal 3 á urramú go hiomlán. Féadfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa na socruithe mionsonraithe a chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir le pearsantacht dhlítheanach Eorpach a fhoirceannadh, go háirithe chun go n-áiritheofaí aisghabháil aon chistí a fuarthas ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus go n-íocfaí aon smachtbhannaí airgeadais arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 32.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CISTIÚCHÁIN

Airteagal 22

Coinníollacha cistiúcháin

1.   Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, a ndéanann duine amháin dá chomhaltaí ar a laghad ionadaíocht air i bParlaimint na hEorpa, agus nach bhfuil i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfaidh sé cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a fhoilsíonn Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

2.   Maidir le fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach atá incháilithe le cur isteach ar chistiú faoi mhír 1 den Airteagal seo, atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, agus nach bhfuil i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfaidh sí cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilsíonn Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar thograí.

3.   Chun incháilitheacht do chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a chinneadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 3(1), pointe (b), agus chun Airteagal 24(1) a chur i bhfeidhm, measfar comhalta de Pharlaimint na hEorpa a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’aon pháirtí polaitiúil Eorpach amháin, arb ionann é, i gcás inarb ábhartha, agus an ceann lena bhfuil a pháirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach cleamhnaithe ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar chistiú a thíolacadh.

Chun na críche sin, glacfar le comhaltas díreach comhalta de Pharlaimint na hEorpa i bpáirtí polaitiúil Eorpach i gcásanna nach comhalta de pháirtí náisiúnta nó réigiúnach atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach é nó í an comhalta sin de Pharlaimint na hEorpa.

4.   Ní rachaidh ranníocaíochtaí airgeadais ná deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais thar 95 % den chaiteachas inaisíoctha bliantúil arna léiriú i mbuiséad páirtí pholaitiúil Eorpaigh ná 95 % de na costais incháilitheacha arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach. Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha aon chuid de ranníocaíocht an Aontais a dámhadh ach nár úsáideadh a úsáid chun caiteachas in-aisíoctha laistigh den bhliain airgeadais tar éis a dhámhachtana a chumhdach. Déanfar suimeanna nár úsáideadh tar éis na bliana airgeadais sin a aisghabháil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

5.   Laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagail 26 agus 27, áireofar le caiteachas is iníoctha trí ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais caiteachas riaracháin agus caiteachas atá nasctha le cúnamh teicniúil, le cruinnithe, le taighde, le himeachtaí trasteorann, le staidéir, le faisnéis agus foilseacháin, chomh maith le caiteachas atá nasctha le feachtais.

Airteagal 23

Iarratas ar chistiú

1.   Chun cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a fháil, déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 22(1) nó (2) iarratas a chomhdú le Parlaimint na hEorpa tar éis glao ar ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais nó glao ar thograí.

2.   Déanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach agus an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, tráth a iarratais nó a hiarratais, na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 28 a chomhlíonadh. Ó dháta an iarratais go dtí deireadh na bliana airgeadais nó na gníomhaíochta arna cumhdach ag an ranníocaíocht nó deontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais, fanfaidh sé nó sí cláraithe sa Chlár i gcónaí agus ní bheidh sé nó sí faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 32(1), pointí (a)(vii) go (ix).

3.   Áireoidh fondúireacht pholaitiúil Eorpach a clár oibre bliantúil ina hiarratas nó ina plean gníomhaíochta.

4.   Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de 3 mhí tar éis dhúnadh an ghlao ar ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais nó an ghlao ar thograí, agus déanfaidh an tOifigeach sin na leithreasuithe comhfhreagracha a údarú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

5.   Ní fhéadfaidh fondúireacht pholaitiúil Eorpach iarratas a chur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais ach amháin tríd an bpáirtí polaitiúil Eorpach a bhfuil sí cleamhnaithe leis.

Airteagal 24

Critéir dhámhachtana agus cistiú a dháileadh

1.   Déanfar na leithreasuithe faoi seach atá ar fáil do na páirtithe polaitiúla Eorpacha sin agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sin ar ar dámhadh ranníocaíochtaí nó deontais i gcomhréir le hAirteagal 23 a dháileadh go bliantúil ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

(a)

dáilfear 10 % i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe ina scaireanna comhionanna;

(b)

dáilfear 90 % i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe i gcomhréir lena sciar de chomhaltaí tofa de Pharlaimint na hEorpa.

Úsáidfear an eochair dháilte chéanna chun cistiú a dhámhachtain ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, ar bhonn a gcleamhnachta le páirtí polaitiúil Eorpach.

2.   Bunófar an dáileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar líon na gcomhaltaí tofa de Pharlaimint na hEorpa ar comhaltaí iad den pháirtí polaitiúil Eorpach is iarrthóir ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar chistiú a thíolacadh, agus Airteagal 22(3) á chur san áireamh.

Tar éis an dáta sin, ní dhéanfaidh aon athruithe ar an líon comhaltaí difear don sciar cistiúcháin faoi seach idir páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ní dochar sin don cheanglas in Airteagal 22(1) go ndéanfadh comhalta amháin ar a laghad de chomhaltaí páirtí pholaitiúil Eorpaigh ionadaíocht ar an bpáirtí i bParlaimint na hEorpa.

Airteagal 25

Tabhartais, ranníocaíochtaí agus acmhainní féinghinte

1.   Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha glacadh le tabhartais ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha suas le luach EUR 18 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra.

2.   Tráth a ráitis airgeadais bhliantúla a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 tarchuirfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha liosta na ndeontóirí uile mar aon lena dtabhartais chomhfhreagracha, ag léiriú nádúr agus luach na dtabhartas aonair. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le ranníocaíochtaí ó bhallpháirtithe ón Aontas agus ó bhalleagraíochtaí ón Aontas, maidir le ranníocaíochtaí atá os cionn EUR 1 500 arna ndéanamh ag comhaltaí aonair de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus maidir le hacmhainní féinghinte páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

I gcás tabhartais agus ranníocaíochtaí ó dhaoine nádúrtha ar mó a luach ná EUR 1 500 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra ach atá faoi bhun EUR 3 000 nó cothrom leis, déanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a chur in iúl ar thug na daoine nádúrtha comhfhreagracha toiliú roimh ré i scríbhinn go bhfoilseofaí iad i gcomhréir le hAirteagal 39(1), pointe (e).

3.   Déanfar tabhartais arna bhfáil ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha laistigh de 6 mhí roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a thuairisciú i scríbhinn chuig an Údarás ar bhonn seachtainiúil agus i gcomhréir le mír 2.

4.   Déanfar tabhartais aonair ar mó a luach ná EUR 12 000 ar ghlac na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha leo a thuairisciú láithreach i scríbhinn chuig an Údarás agus i gcomhréir le mír 2.

5.   I gcás gach tabhartais ar mó a luach ná EUR 3 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra, iarrfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar na deontóirí sin an fhaisnéis is gá a chur ar fáil ionas gur féidir iad a shainaithint go cuí. Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig an Údarás arna iarraidh sin dó.

Bunóidh an tÚdarás foirm atá le húsáid chun na deontóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint.

6.   Ní ghlacfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

tabhartais nó ranníocaíochtaí atá i ndíth ainm;

(b)

tabhartais ó bhuiséid grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa;

(c)

tabhartais ó aon údarás poiblí i mBallstát nó i dtríú tír nó ó aon ghnóthas a bhféadfadh tionchar ceannasach díreach nó indíreach a bheith ag an údarás poiblí sin air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; nó

(d)

tabhartais ó aon eintitis phríobháideacha atá bunaithe i dtríú tír nó ó dhaoine aonair ó thríú tír nach bhfuil i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

7.   Maidir le haon tabhartas nach gceadaítear faoin Rialachán seo, déanfar é, laistigh de 30 lá ó fuair an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach é, a thabhairt ar ais don deontóir nó d’aon duine a ghníomhaíonn thar ceann an deontóra. I gcás nach féidir an tabhartas a thabhairt ar ais, déanfar é a thuairisciú chuig an Údarás agus chuig Parlaimint na hEorpa.

Ina gcás ina dtuairiscítear tabhartas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an méid is infhaighte a shuí agus an aisghabháil a údarú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagail 98, 99 agus 100 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Déanfar na cistí a iontráil mar ioncam ginearálta i roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais a bhaineann le Parlaimint na hEorpa.

8.   Déanfaidh an tÚdarás seiceálacha i gcás ina bhfuil forais aige lena chreidiúint gur glacadh le haon tabhartas de shárú ar an Rialachán seo. Féadfaidh sé, chun na críche sin, faisnéis bhreise a iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach agus óna dheontóirí nó óna deontóirí agus comhoibriú le húdaráis ábhartha na mBallstát.

9.   Ceadófar ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil Eorpach óna chomhaltaí, bídís ina mballpháirtithe ón Aontas nó ina saoránaigh de chuid an Aontais. Ní rachaidh luach ranníocaíochtaí den sórt sin thar 40 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh sin.

10.   Ceadófar ranníocaíochtaí le fondúireacht pholaitiúil Eorpach óna comhaltaí, bídís ina mballeagraíochtaí ón Aontas nó ina saoránaigh de chuid an Aontais, agus ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe. Ní rachaidh luach ranníocaíochtaí den sórt sin thar 40 % de bhuiséad bliantúil na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin agus ní fhéadfar iad a dhíorthú ó chistí a fuair páirtí polaitiúil Eorpach de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

Is ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann a bheidh an dualgas cruthúnais, agus léireoidh an páirtí go soiléir ina chuntais foinsí na gcistí arna n-úsáid chun a fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe a mhaoiniú.

11.   Gan dochar do mhíreanna 9 agus 10, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha glacadh le ranníocaíochtaí ó shaoránaigh arb iad a gcomhaltaí iad suas le luach EUR 18 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an chomhalta, i gcás ina ndéanann an comhalta lena mbaineann thar a cheann féin nó thar a ceann féin na ranníocaíochtaí sin.

Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar síos sa chéad fhomhír i gcás inar comhalta tofa de Pharlaimint na hEorpa, de pharlaimint náisiúnta nó de pharlaimint réigiúnach nó de thionól réigiúnach an comhalta lena mbaineann.

12.   Déanfar aon ranníocaíocht nach gceadaítear faoin Rialachán seo a thabhairt ar ais i gcomhréir le mír 7.

13.   Ní rachaidh luach acmhainní féinghinte páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí thar 3 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh sin ná 5 % de bhuiséad bliantúil na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin.

Airteagal 26

Feachtais a mhaoiniú i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

1.   Faoi réir an dara fomhír den mhír seo, féadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais arna seoladh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a mhaoiniú, ar feachtais iad ina nglacann siad, nó a gcomhaltaí, páirt mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(1), pointe (g), lena n-áirítear gníomhaíochtaí polaitiúla Eorpacha comhpháirteacha.

I gcomhréir le hAirteagal 8 den Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (16), déantar cistiú agus teorannú féideartha speansas toghcháin do na páirtithe polaitiúla uile, do na hiarrthóirí uile agus do na tríú páirtithe uile, mar aon lena rannpháirtíocht, i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a rialú i ngach Ballstát trí fhorálacha náisiúnta.

2.   Déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha caiteachas atá nasctha leis na feachtais dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint go soiléir amhlaidh ina ráitis airgeadais bhliantúla.

Airteagal 27

Cistiú a thoirmeasc

1.   D’ainneoin Airteagal 26(1), ní fhéadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun cistiú díreach nó indíreach a dhéanamh ar pháirtithe polaitiúla eile, go háirithe páirtithe náisiúnta nó iarrthóirí náisiúnta. Leanfaidh na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus na hiarrthóirí náisiúnta sin de bheith faoi rialú ag rialacha náisiúnta.

2.   Ní úsáidfear cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais nó ó aon fhoinse eile chun aon chríoch eile seachas maoiniú a gcúraimí mar a liostaítear in Airteagal 2, pointe (6), agus chun caiteachas atá nasctha go díreach leis na cuspóirí atá leagtha amach ina reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 6 a chumhdach. Ní úsáidfear é go háirithe le haghaidh cistiú díreach nó indíreach toghchán, páirtithe polaitiúla, iarrthóirí ná fondúireachtaí eile.

Ní chuirfidh an toirmeasc a leagtar síos sa chéad fhomhír cosc ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha fothú acmhainneachta a sholáthar chun tacú le ceannairí polaitiúla san Aontas a bhunú amach anseo ná oiliúint a sholáthar do dhaoine suas go dtí an dáta a bheidh siad ina n-iarrthóirí i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó suas go dtí dáta a n-ainmnithe sa pháirtí náisiúnta, cibé acu is túisce.

3.   Ní úsáidfear cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais ná ó aon fhoinse eile chun feachtais reifrinn a mhaoiniú.

CAIBIDIL V

RIALÚ AGUS SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 28

Cuntais, tuairisciú agus oibleagáidí iniúchóireachta

1.   Ar a dhéanaí laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha an méid seo a leanas a chur faoi bhráid Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín:

(a)

a ráitis airgeadais bhliantúla agus nótaí a ghabhann leo, lena gcumhdaítear a n-ioncam agus a gcaiteachas, sócmhainní agus dliteanais ag tús agus ag deireadh na bliana airgeadais, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh;

(b)

tuarascáil iniúchóireachta seachtraí ar na ráitis airgeadais bhliantúla, lena gcumhdaítear iontaofacht na ráiteas airgeadais sin agus dlíthiúlacht agus rialtacht a n-ioncam agus a gcaiteachas, arna déanamh ag comhlacht nó saineolaí neamhspleách;

(c)

liosta na ndeontóirí agus a rannchuiditheoirí agus a dtabhartas comhfhreagrach nó a ranníocaíochtaí comhfhreagracha arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 25(2), (3) agus (4).

Ar a dhéanaí laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cóip d’aon aighneacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sheoladh chuig an Údarás agus chuig Pointe Teagmhála Náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a suíomh. Beidh an chóip sin i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín.

2.   I gcás ina gcuireann páirtithe polaitiúla Eorpacha caiteachas chun feidhme go comhpháirteach le páirtithe polaitiúla náisiúnta nó ina gcuireann fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha caiteachas chun feidhme go comhpháirteach le fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, nó le heagraíochtaí eile, áireofar fianaise faoin gcaiteachas arna thabhú ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha nó ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha go díreach nó go hindíreach trí na tríú páirtithe sin sna ráitis airgeadais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa na comhlachtaí nó saineolaithe neamhspleácha seachtracha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a roghnú, a shainordú agus a íoc. Déanfar iad a údarú go cuí chun cuntais a iniúchadh faoin dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh nó ina bhfuil siad bunaithe.

4.   Soláthróidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha aon fhaisnéis a iarrann na comhlachtaí nó saineolaithe neamhspleácha chun críocha a n-iniúchta.

5.   Cuirfidh na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht neamhdhleathach, calaois nó éilliú amhrasta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa na Pointí Teagmhála Náisiúnta lena mbaineann a chur ar an eolas faoi sin.

Airteagal 29

Rialacha ginearálta maidir le rialú

1.   Feidhmeoidh an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit inniúla, i gcomhar lena chéile, rialú ar na hoibleagáidí atá orthu faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

2.   Déanfaidh an tÚdarás rialú ar na hoibleagáidí atá orthu faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, Airteagal 4(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), Airteagal 4(3), Airteagal 5, Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (g) agus (k), Airteagal 11(5) agus (6), agus Airteagail 25, 26 agus 27.

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú ón Aontas faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Agus na rialuithe sin á ndéanamh, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá sna réimsí a bhaineann le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.

3.   Ní bheidh réim ag an rialú a dhéanann an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo maidir le rialú ar na hoibleagáidí atá orthu faoin dlí náisiúnta is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 19, a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

4.   Soláthróidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha aon fhaisnéis a iarrann an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, an Chúirt Iniúchóirí, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) nó na Ballstáit, ar faisnéis í is gá chun rialuithe a bhfuil siad freagrach astu faoin Rialachán seo a dhéanamh.

Arna iarraidh sin agus chun rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 25, soláthróidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faisnéis don Údarás maidir le ranníocaíochtaí a rinne comhaltaí aonair agus céannacht na gcomhaltaí sin. Thairis sin, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás a chur de cheangal ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha ráitis dheimhnitheacha shínithe a sholáthar ó chomhaltaí a shealbhaíonn sainorduithe tofa chun rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (b)(i).

Airteagal 30

Cur chun feidhme agus rialú maidir le cistiú ón Aontas

1.   Cinnfear leithreasuithe chun páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chistiú faoin nós imeachta buiséadach bliantúil agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Leagfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa síos na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh ranníocaíochtaí agus deontas sa ghlao ar ranníocaíochtaí agus sa ghlao ar thograí.

2.   Déanfar rialú ar an gcistiú arna fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais, agus ar úsáid an chistithe sin, a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Déanfar rialú a fheidhmiú freisin ar bhonn deimhniú bliantúil arna dhéanamh le hiniúchadh seachtrach neamhspleách, dá bhforáiltear in Airteagal 28(1).

3.   Feidhmeoidh an Chúirt Iniúchóirí a cumhachtaí iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

4.   Maidir le haon doiciméad nó aon fhaisnéis a éilíonn an Chúirt Iniúchóirí ionas gur féidir léi a cúram a chur i gcrích, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fhaigheann cistiú i gcomhréir leis an Rialachán seo iad a sholáthar don Chúirt Iniúchóirí arna iarraidh sin di.

5.   Sa chinneadh ranníocaíochta agus deontais agus sa chomhaontú ranníocaíochta agus deontais, déanfar foráil go sainráite maidir le hiniúchadh a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt Iniúchóirí, ar bhonn taifead agus ar an láthair, ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach a fuair ranníocaíocht nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach a fuair deontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

6.   Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, nó aon chomhlacht seachtrach eile arna údarú ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, na seiceálacha agus na fíoruithe ar an láthair is gá a dhéanamh chun dlíthiúlacht caiteachais agus cur chun feidhme cuí fhorálacha an chinnidh ranníocaíochta agus deontais nó an chomhaontaithe ranníocaíochta agus deontais, agus, i gcás fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, cur chun feidhme cuí an chláir oibre nó na gníomhaíochta, a fhíorú. Soláthróidh an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann aon doiciméad nó faisnéis is gá chun an cúram seo a chur i gcrích.

7.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireacht ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (18), d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le ranníocaíochtaí nó le deontais faoin Rialachán seo. Más iomchuí, féadfaidh cinntí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa eascairt as a fhionnachtana.

Airteagal 31

Tacaíocht theicniúil

Beidh an tacaíocht theicniúil uile a sholáthraíonn Parlaimint na hEorpa do pháirtithe polaitiúla Eorpacha bunaithe ar phrionsabal na córa comhionainne. Tabharfar an tacaíocht sin ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a thugtar d’eagraíochtaí seachtracha eile agus do chomhlachais sheachtracha eile a bhféadfar saoráidí comhchosúla a thabhairt dóibh, agus soláthrófar í in aghaidh sonraisc agus íocaíochta.

Airteagal 32

Smachtbhannaí

1.   Forchuirfidh an tÚdarás smachtbhannaí airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe neamh-inchainníochtaithe:

(i)

i gcás nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal 11(5) nó (6):-

(ii)

i gcás nach gcomhlíontar na gealltanais a thug páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ná an fhaisnéis a sholáthair siad i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (k);

(iii)

i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí faoi Airteagal 5(1);

(iv)

i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí faoi Airteagal 5(2);

(v)

i gcás ina mainnítear liosta na ndeontóirí agus a dtabhartas comhfhreagrach a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 25(2) nó tabhartais a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 25(3) agus (4),

(vi)

i gcásanna inar sháraigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 28(1) nó Airteagal 29(4);

(vii)

i gcás ina bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509;

(viii)

i gcás ina ndearna páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, tráth ar bith agus d’aon ghnó, faisnéis a fhágáil ar lár nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt;

(ix)

nuair a shuitear, i gcomhréir leis an nós imeachta fíorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 15, gur imir páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach tionchar d’aon turas, nó gur fhéach sé nó sí le tionchar a imirt, ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(b)

sáruithe inchainníochtaithe:

(i)

i gcás inar ghlac páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach le tabhartais agus le ranníocaíochtaí nach gceadaítear faoi Airteagal 25(1) nó (6), mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25(7);

(ii)

i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 26 agus 27.

2.   Féadfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a eisiamh ó chistiú amach anseo ón Aontas suas le 5 bliana, nó suas le 10 mbliana i gcás athshárú laistigh de thréimhse 5 bliana, nuair a fuarthas ciontach é nó í in aon cheann de na sáruithe a liostaítear i de mhír 1, pointí (a)(vii) agus (viii), den Airteagal seo. Ní dochar an méid sin do chumhachtaí Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a leagtar amach in Airteagal 235 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, déanfar na smachtbhannaí airgeadais seo a leanas a fhorchur ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó ar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach:

(a)

i gcásanna sáruithe neamh-inchainníochtaithe, céatadán seasta de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann mar a leanas:

(i)

suas le 5 %;

(ii)

ó 5 % go 10 % má tá sáruithe comhthráthacha ann;

(iii)

ó 10 % go 15 % más athshárú é an sárú lena mbaineann;

(iv)

ó 15 % go 20 % i gcás athsháruithe eile;

(v)

an tríú cuid de na céatadáin a leagtar amach i bpointí (i) go (iv) má dhearbhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann an sárú dá dheoin nó deoin féin sular oscail an tÚdarás imscrúdú go hoifigiúil, fiú i gcás sárú comhthráthach nó athshárú, agus sula ndearna an páirtí lena mbaineann nó an fhondúireacht lena mbaineann na bearta ceartaitheacha iomchuí;

(vi)

50 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann don bhliain roimhe sin, má tá an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann i gceann de na staideanna eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

(b)

i gcásanna sáruithe inchainníochtaithe, céatadán seasta de mhéid na suimeanna neamhrialta a fhaightear nó nach dtuairiscítear, nó de mhéid na suimeanna a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27, i gcomhréir leis an scála seo a leanas, suas le huasmhéid de 10 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann:

(i)

100 % de na suimeanna neamhrialta a fhaightear nó nach dtuairiscítear, nó de na suimeanna a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27, nuair nach bhfuil na suimeanna sin níos mó ná EUR 50 000;

(ii)

150 % de na suimeanna neamhrialta a fhaightear nó nach dtuairiscítear, nó de na suimeanna a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27, nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 50 000 ach nuair nach bhfuil siad níos mó ná EUR 100 000;

(iii)

200 % de na suimeanna neamhrialta a fhaightear nó nach dtuairiscítear, nó de na suimeanna a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27, nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 100 000 ach nuair nach bhfuil siad níos mó ná EUR 150 000;

(iv)

250 % de na suimeanna neamhrialta a fhaightear nó nach dtuairiscítear, nó de na suimeanna a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27, nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 150 000 ach nuair nach bhfuil siad níos mó ná EUR 200 000;

(v)

300 % de na suimeanna neamhrialta a fhaightear nó nach dtuairiscítear, nó de na suimeanna a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27, nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 200 000;

(vi)

aon trian de na céatadáin atá sonraithe i bpointí (i) go (v) má dhearbhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann an sárú dá dheoin nó deoin féin sular oscail an tÚdarás agus/nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa imscrúdú go hoifigiúil agus sula ndearna an páirtí lena mbaineann nó an fhondúireacht lena mbaineann na bearta ceartaitheacha iomchuí.

Chun na céatadáin atá sonraithe sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm, measfar ar leithligh gach tabhartas, ranníocaíocht nó suim a úsáidtear le haghaidh cistiú arna thoirmeasc faoi Airteagal 27.

4.   Aon uair a dhéanann páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach sárú lena dtugtar údar le smachtbhanna airgeadais a fhorchur agus a thugann an iompraíocht chéanna údar leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach sin nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach sin a bhaint den Chlár, ní rachaidh an tÚdarás ar aghaidh ach amháin chun an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a bhaint den Chlár.

5.   Déanfaidh an tÚdarás na méideanna comhfhreagracha a aisghabháil ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach ar ina leith a forchuireadh na smachtbhannaí airgeadais.

6.   Na smachtbhannaí a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siad faoi réir tréimhse teorann 10 mbliana amhail ón dáta a ndearnadh an sárú lena mbaineann nó, i gcás sáruithe leanúnacha nó athsháruithe, ón dáta ar scoir na sáruithe sin.

7.   I gcás inar aisghaireadh cinneadh ón údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15, nó inar deonaíodh leigheas in éadan an chinnidh sin, agus ar choinníoll go bhfuil na leigheasanna náisiúnta uile ídithe, déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar aon smachtbhanna a forchuireadh de bhun mhír 1, pointe (a)(ix), den Airteagal seo ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann.

Airteagal 33

Freagracht daoine nádúrtha

I gcás ina bhforchuireann an tÚdarás smachtbhanna airgeadais sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a)(vii) nó (a)(viii), féadfaidh sé a shuí, chun críche aisghabhála de bhun Airteagal 36(2), go mbeidh freagracht as an sárú sna cásanna seo a leanas freisin ar dhuine nádúrtha atá ina bhall nó ina ball de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí, nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe aige nó aici maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó maidir leis an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach:

(a)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (a)(vii), i gcás ina bhfuarthas, sa bhreithiúnas dá dtagraítear san fhoráil sin, an duine nádúrtha freagrach freisin as na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha lena mbaineann;

(b)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (a)(viii), i gcás ina bhfuil an duine nádúrtha freagrach freisin as an iompar lena mbaineann nó as na míchruinnis lena mbaineann.

Airteagal 34

Comhar idir an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit

1.   Déanfaidh an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit trí na Pointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis a chomhroinnt lena chéile agus a chéile a chur ar an eolas go tráthrialta faoi ábhair a bhaineann le forálacha cistiúcháin, le rialuithe agus le smachtbhannaí.

Comhaontóidh siad freisin maidir leis na socruithe praiticiúla do mhalartú faisnéise den sórt sin, lena n-áirítear na rialacha maidir le nochtadh faisnéise nó fianaise rúnda agus maidir le comhar idir na Ballstáit.

2.   Déanfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa tuairimí agus faisnéis a mhalartú go tráthrialta maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an tÚdarás a chur ar an eolas faoi aon fhionnachtana a bhféadfadh forchur smachtbhannaí eascairt astu faoi Airteagal 32(1) go (3), d‘fhonn a chur ar chumas an Údaráis bearta iomchuí a dhéanamh. Déanfaidh an tÚdarás cinneadh laistigh de 6 mhí maidir le smachtbhannaí a fhorchur.

4.   Déanfaidh an tÚdarás Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi aon chinneadh a bheidh glactha aige maidir le smachtbhannaí, chun a chur ar a chumas nó a cumas teacht ar na hiarmhairtí iomchuí faoi Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Airteagal 35

Bearta ceartaitheacha agus prionsabail an dea-riaracháin

1.   D’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 41 a chomhlíonadh go hiomlán, sula ndéanfaidh an tÚdarás cinneadh críochnaitheach maidir le haon cheann de na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a)(i) go (vi), tabharfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann na bearta is gá a thabhairt isteach chun an cás a leigheas laistigh de thréimhse réasúnta ama, nach rachaidh de ghnáth thar 1 mhí. Go háirithe, déanfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis a thabhairt earráidí cléireachais agus uimhríochta a cheartú, doiciméid nó faisnéis bhreise a sholáthar i gcás inar gá sin nó aon mhionbhotúin a cheartú.

2.   I gcás inar mhainnigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach bearta ceartaitheacha a dhéanamh laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cinnfear na smachtbhannaí iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 36

Cinneadh cistiúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí

1.   Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh cistiúcháin a dhírítear chuig páirtí polaitiúil Eorpach nó chuig fondúireacht pholaitiúil Eorpach a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí ar na forais seo a leanas:

(a)

cinneadh chun an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, ar choinníoll nach bhfuil sé bunaithe ar na forais le páirtí nó le fondúireacht a bhaint den Chlár a leagtar síos in Airteagal 21(1), pointe (a)(iv); nó

(b)

cinneadh maidir le smachtbhannaí arna ghlacadh de bhun Airteagal 32(1), pointí (a)(vii) agus (viii).

Féadfar foráil a dhéanamh sa chomhaontú ranníocaíochta nó deontais d’fhorais eile le cinneadh cistiúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí.

2.   Cinneadh chun an cinneadh cistiúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí, beidh éifeacht aige ar an dáta atá sonraithe ann nó, mura sonraítear dáta ar bith ann, ar an dáta a thabharfar fógra don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach faoi.

3.   Beidh na hiarmhairtí seo a leanas mar thoradh ar an gcinneadh cistiúcháin a fhoirceannadh le héifeacht don todhchaí:

(a)

déanfar an comhaontú ranníocaíochta nó deontais a fhoirceannadh ón dáta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

déanfar íocaíochtaí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a theorannú don chaiteachas inaisíoctha a thabhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach go hiarbhír nó do na costais incháilitheacha a thabhaigh an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach go hiarbhír suas go dtí an dáta dá dtagraítear i mír 2;

(c)

déanfar an caiteachas nó na costais a thabhaíonn an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach ón dáta dá dtagraítear i mír 2 a cháiliú mar chaiteachas neamh-inaisíoctha nó mar chostais neamh-incháilithe;

(d)

déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa aon chistí neamhdhlite ón Aontas a íocadh a aisghabháil, lena n-áirítear:

(i)

cistí an Aontais a caitheadh ar chaiteachas neamh-inaisíoctha nó ar chostais neamh-incháilithe; agus

(ii)

aon réamh-mhaoiniú ón Aontas nár úsáideadh agus nár caitheadh roimh an dáta dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear cistí ón Aontas nár caitheadh ó bhlianta roimhe sin; agus

(e)

déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa aon mhéid neamhdhlite a íocadh a aisghabháil ó dhuine nádúrtha a ndearnadh cinneadh de bhun Airteagal 33 ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, imthosca eisceachtúla maidir leis an duine nádúrtha sin á gcur san áireamh.

Airteagal 37

Cinneadh cistiúcháin a tharraingt siar le héifeacht chúlghabhálach

1.   Ar bhonn cinneadh arna dhéanamh ag an Údarás lena mbaintear páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach den Chlár, bunaithe ar an bhforas le páirtí nó le fondúireacht a bhaint den Chlár a leagtar síos in Airteagal 21(1), pointe (a)(iv), déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinntí cistiúcháin a dhírítear ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a tharraingt siar le héifeacht chúlghabhálach ón dáta a ghlacfar an cinneadh sin.

2.   Beidh na hiarmhairtí seo a leanas mar thoradh ar an gcinneadh cistiúcháin a tharraingt siar le héifeacht chúlghabhálach:

(a)

déanfar an comhaontú ranníocaíochta nó deontais a fhoirceannadh ón dáta a thugtar fógra faoin bhfoirceannadh sin don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann;

(b)

déanfar an caiteachas nó na costais ar fad a thabhaíonn an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach a cháiliú mar chaiteachas neamh-inaisíoctha nó mar chostais neamh-incháilithe; agus

(c)

aon mhéid a íocadh faoin gcomhaontú ranníocaíochta nó deontais, agus aon chistí ón Aontas nár caitheadh ó bhlianta roimhe sin, measfar gur íocaíochtaí neamhdhlite iad agus déanfar iad a aisghabháil faoi Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38

Faisnéis a sholáthar do shaoránaigh

Faoi réir Airteagail 26 agus 27 agus a reachtanna agus a bpróiseas inmheánach féin, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na cleamhnachtaí idir páirtithe polaitiúla náisiúnta agus iarrthóirí náisiúnta agus na páirtithe polaitiúla Eorpacha lena mbaineann.

Airteagal 39

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, nó an tÚdarás, i gcomhréir le dáileadh a gcuid freagrachtaí faoin Rialachán seo, na nithe seo a leanas a chur ar fáil go poiblí i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín ar shuíomh gréasáin arna chruthú chuige sin:

(a)

ainmneacha agus reachtanna na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha uile atá cláraithe, mar aon leis na doiciméid arna dtíolacadh mar chuid dá n-iarratais ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 10, ar a dhéanaí 4 seachtaine tar éis don Údarás a chinneadh a ghlacadh agus, i ndiaidh sin, aon leasuithe a dtugtar fógra fúthu don Údarás de bhun Airteagal 11(5) agus (6);

(b)

liosta de na hiarratais nach bhfuil formheasta, mar aon leis na doiciméid arna dtíolacadh mar chuid díobh, mar aon leis an iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus na forais leis an diúltú, ar a dhéanaí 4 seachtaine tar éis don Údarás a chinneadh a ghlacadh;

(c)

tuarascáil bhliantúil ina bhfuil tábla de na méideanna a íocadh le gach páirtí polaitiúil Eorpach agus fondúireacht pholaitiúil Eorpach, in aghaidh gach bliana airgeadais a bhfuarthas ranníocaíochtaí nó ar íocadh deontais ina leith ó bhuiséad ginearálta an Aontais;

(d)

ráitis airgeadais bhliantúla agus tuarascálacha iniúchóireachta seachtraí dá dtagraítear in Airteagal 28(1), agus, i gcás na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na tuarascálacha deiridh faoi chur chun feidhme na gclár oibre nó na ngníomhaíochtaí;

(e)

ainmneacha na ndeontóirí agus a dtabhartais chomhfhreagracha arna dtuairisciú ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 25(2), (3) agus (4), cé is moite de thabhartais ó dhaoine nádúrtha nach mó a luach ná EUR 1 500 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra, atá le tuairisciú mar ‘thabhartais bheaga’; níl tabhartas ó dhaoine nádúrtha ar mó a luach bliantúil ná EUR 1 500 agus atá faoi bhun EUR 3 000 nó cothrom leis le foilsiú gan toiliú roimh ré an deontóra i scríbhinn leis an bhfoilsiú; mura bhfuil toiliú roimh ré den sórt sin tugtha, tá na tabhartais sin le tuairisciú mar ‘thabhartais bheaga’; tá méid iomlán na dtabhartas beag agus líon na ndeontóirí in aghaidh na bliana féilire le foilsiú freisin;

(f)

na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 25(9) agus (10) agus a thuairiscigh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(g)

na hacmhainní féinghinte dá dtagraítear in Airteagal 25(13) agus a thuairiscigh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(h)

sa tréimhse 6 mhí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, na tuarascálacha seachtainiúla a fuarthas de bhun Airteagal 25(3);

(i)

mionsonraí aon chinntí críochnaitheacha arna ndéanamh ag an Údarás de bhun Airteagal 32, agus na cúiseanna leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon tuairimí arna nglacadh ag an gcoiste de dhaoine neamhspleácha oirirce i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 16, ag féachaint go cuí do Rialachán (AE) 2018/1725;

(j)

mionsonraí aon chinntí críochnaitheacha arna ndéanamh ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 32, agus na cúiseanna leo;

(k)

tuairisc ar an tacaíocht theicniúil a tugadh do pháirtithe polaitiúla Eorpacha;

(l)

an tuarascáil mheastóireachta ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú dá dtagraítear in Airteagal 45;

(m)

liosta nuashonraithe de chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa ar comhaltaí iad de pháirtí polaitiúil Eorpach.

2.   Déanfaidh an tÚdarás liosta na mballpháirtithe de pháirtí polaitiúil Eorpach, mar atá i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 11(6), chomh maith le líon iomlán na gcomhaltaí aonair, a chur ar fáil go poiblí.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a eisiamh ó fhoilsiú ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 mura rud é go bhfoilseofar na sonraí pearsanta sin de bhun mhír 1, pointe (a), (e) nó (i).

4.   Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, i ráiteas príobháideachais a bheidh ar fáil go poiblí, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 a sholáthar do chomhaltaí agus deontóirí ionchasacha, agus cuirfidh siad i bhfios dóibh go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, an tÚdarás, OLAF, an Chúirt Iniúchóirí, na Ballstáit, nó comhlachtaí nó saineolaithe seachtracha arna n-údarú acusan a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch iniúchta agus rialaithe, agus go gcuirfear a sonraí pearsanta ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1725 á chur i bhfeidhm, áireoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an fhaisnéis cheánna i nglaonna ar ranníocaíochtaí nó ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo.

Airteagal 40

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun an Rialacháin seo, comhlíonfaidh an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus an coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 16 Rialachán (AE) 2018/1725. Chun sonraí pearsanta a phróiseáil, measfar iad a bheith ina rialaitheoirí sonraí i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (8), den Rialachán sin.

2.   Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun an Rialacháin sin, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na Ballstáit agus rialú á fheidhmiú acu ar ghnéithe a bhaineann le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 29, agus na comhlachtaí nó saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) Rialachán (AE) 2016/679 agus na forálacha náisiúnta arna nglacadh dá bhun a chomhlíonadh. Chun sonraí pearsanta a phróiseáil, measfar iad a bheith ina rialaitheoirí sonraí i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (7), den Rialachán sin.

3.   Áiritheoidh an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus an coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 16 nach n-úsáidfear sonraí pearsanta arna mbailiú acu de bhun an Rialacháin seo chun aon chríche seachas chun dlíthiúlacht, rialtacht agus trédhearcacht chistiú na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus comhaltais páirtithe polaitiúla Eorpacha a áirithiú. Léirscriosfaidh siad na sonraí pearsanta sin go léir arna mbailiú chun na críche sin ar a dhéanaí 24 mhí tar éis na codanna ábhartha a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 39.

4.   Ní úsáidfidh na Ballstáit ná na comhlachtaí nó saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh na sonraí pearsanta a fhaigheann siad ach amháin chun rialú a fheidhmiú ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Léirscriosfaidh siad na sonraí pearsanta sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme tar éis iad a tharchur de bhun Airteagal 34.

5.   Féadfar sonraí pearsanta a choinneáil thar na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 3 nó dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme dá dtagraítear i mír 4 i gcás inar gá coinneáil den sórt sin chun críoch nósanna imeachta dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann le cistiú páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí nó le comhaltas páirtí pholaitiúil Eorpaigh. Léirscriosfar na sonraí pearsanta uile sin ar a dhéanaí 1 seachtain tar éis an dáta a thabharfar na himeachtaí sin chun críche trí chinneadh críochnaitheach, nó tar éis aon iniúchtaí, achomhairc, dlíthíocht nó éilimh a shocrú.

6.   Déanfaidh na rialaitheoirí sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh de thaisme nó scriosadh neamhdhleathach, cailleadh de thaisme, athrú nó nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina mbaineann próiseáil sonraí den sórt sin le hiad a tharchur thar líonra, agus ar aon chineálacha neamhdhleathacha próiseála eile.

7.   Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh agus as a áirithiú go ndéanfaidh an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus an coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce dá dtagraítear in Airteagal 16 cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a urramú agus a chosaint agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun an Rialacháin seo. Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, féadfaidh aon ábhar sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí má mheasann siad go bhfuil an ceart go ndéanfar a gcuid sonraí pearsanta a chosaint sáraithe de thoradh phróiseáil na sonraí sin ag an Údarás, ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gcoiste sin.

8.   Beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na Ballstáit agus na comhlachtaí nó saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh faoin Rialachán seo faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith aon damáiste a dhéanann siad agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, go ndéanfar smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Rialachán seo.

Airteagal 41

An ceart chun éisteacht a fháil

Sula ndéanfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar chearta páirtí pholaitiúil Eorpaigh, cearta fondúireachta polaitiúla Eorpaí, cearta iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 10 nó cearta duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 33, tabharfaidh sé éisteacht d‘ionadaithe an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann, na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann nó an iarratasóra lena mbaineann, nó don duine nádúrtha lena mbaineann. Déanfaidh an tÚdarás nó Parlaimint na hEorpa na cúiseanna atá lena chinneadh nó lena cinneadh a lua go cuí.

Airteagal 42

An ceart chun achomhairc

Féadfaidh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a bheith faoi réir imeachtaí cúirte os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le forálacha ábhartha CFAE.

Airteagal 43

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 28 Nollaig 2025.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) nó Airteagal 10(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 44

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 45

Meastóireacht

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis an Údarás, déanfaidh sí tuarascáil a fhoilsiú, laistigh de bhliain amháin tar éis na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú. Léireofar sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, leasuithe a d‘fhéadfaí a dhéanamh ar na córais reachta agus cistiúcháin.

Tráth nach déanaí ná 1 bhliain ó fhoilsiú na tuarascála ag Parlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mbeidh ag gabháil léi, más iomchuí, togra chun an Rialachán seo a leasú. I dtuarascáil an Choimisiún, tabharfar aird ar leith ar impleachtaí an Rialacháin seo do sheasamh na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha beaga agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha beaga agus do na rialacha lena rialaítear maoiniú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

Airteagal 46

Cur i bhfeidhm éifeachtach

Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 47

Foráil idirthréimhseach

1.   Leanfaidh céimeanna nós imeachta arna nglacadh faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 d’éifeacht a bheith acu chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.   De mhaolú ar an gcéad mhír d’Airteagal 45, maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa in 2024, foilseoidh Parlaimint na hEorpa an tuarascáil dá dtagraítear ann faoin 29 Meitheamh 2026..

Airteagal 48

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cistiú faoin Rialachán seo le haghaidh gníomhaíochtaí a thosaíonn sa bhliain bhuiséid 2027 nó ina dhiaidh sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C 275, 18.7.2022, lch. 66.

(2)   IO C 301, 5.8.2022, lch. 102.

(3)   IO C 182, 4.5.2022, lch. 14.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2025.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1141/oj).

(6)  Féach Iarscríbhinn II.

(7)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(11)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(12)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(14)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).

(15)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1958/1(1)/oj).

(16)   IO L 278, 8.10.1976, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(2)/oj.

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).


IARSCRÍBHINN I

Dearbhú foirmiúil caighdeánach atá le comhlánú ag gach iarratasóir

Déanann an duine thíos-sínithe, a bhfuil sainordú iomlán aige nó aici ó … [ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí], a dheimhniú leis seo:

… go bhfuil [ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí] agus a bhallpháirtithe/ballpháirtithe agus a eagraíochtaí/heagraíochtaí tiomanta na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointí (d) agus (e), nó Airteagal 3(2), pointí (c) agus (d), de Rialachán (AE, Euratom) 2025/2445 a chomhlíonadh, eadhon, go ndéanfaidh siad a urramú, ina gcláir agus ina ngníomhaíochtaí, na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, eadhon meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

Sínitheoir údaraithe:

Teideal (Bn, an tUas., …) sloinne agus céadainm:

 

Feidhm san eagraíocht atá ag déanamh iarratas ar chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach/fondúireacht pholaitiúil Eorpach:

 

Áit/dáta:

 

Síniú:

 


IARSCRÍBHINN II

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 317, 4.11.2014, lch. 1)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1)

Rialachán (AE, Euratom) 2019/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 7)


IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhghaoil

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2, pointe 4

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointí 4 go 8

Airteagal 2, pointí 6 go 10

Airteagal 2, pointe 11

Airteagal 2, pointe 12

Airteagal 2, pointe 13

Airteagal 2, pointí 9 go 13

Airteagal 2, pointí 14 go 18

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(1), pointe (a)

Airteagal 3(1), pointe (a)

Airteagal 3(1), pointe (b)

Airteagal 3(1), pointe (b)

Airteagal 3(1), pointe (ba)

Airteagal 3(1), pointe (c)

Airteagal 3(1), pointe (c)

Airteagal 3(1), pointe (d)

Airteagal 3(1), pointí (e) agus (f)

Airteagal 3(1), pointe (d)

Airteagal 3(1), pointe (g)

Airteagal 3(1), pointe (e)

Airteagal 3(1), pointe (h)

Airteagal 3(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(2), pointe (a)

Airteagal 3(2), pointe (a)

Airteagal 3(2), pointe (b)

Airteagal 3(2), pointe (b)

Airteagal 3(2), pointe (c)

Airteagal 3(2), pointe (c)

Airteagal 3(2), pointe (d)

Airteagal 3(2), pointe (e)

Airteagal 3(2), pointe (d)

Airteagal 3(2), pointe (f)

Airteagal 3(2), pointí (e)

Airteagal 3(2), pointe (g)

Airteagal 3(2), pointe (f)

Airteagal 3(2), pointe (h)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5

Airteagal 5(1), pointí (a) go (i)

Airteagal 6(1), pointí (a) go (i)

Airteagal 6(1), pointí (j) agus (k)

Airteagal 5(2)

Airteagal 6(2)

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3) agus (4)

Airteagal 10(3)

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2) go (6)

Airteagal 10(3)

Airteagal 13(7)

Airteagal 10(4)

Airteagal 13(8)

Airteagal 10(4)

Airteagal 13(9)

Airteagal 13(10)

Airteagal 10(4)

Airteagal 13(11)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 16(3)

Airteagal 14

Airteagal 10a

Airteagal 15

Airteagal 11

Airteagal 16

Airteagal 12

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16(1), (2) agus (3)

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 16(1)

Airteagal 21(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 16(5)

Airteagal 21(4)

Airteagal 16(6)

Airteagal 21(5)

Airteagal 16(7)

Airteagal 21(6)

Airteagal 17

Airteagal 22

Airteagal 18

Airteagal 23

Airteagal 19

Airteagal 24

Airteagal 20(1)

Airteagal 25(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 20(3)

Airteagal 25(3)

Airteagal 20(4)

Airteagal 25(4)

Airteagal 25(5)

Airteagal 20(5)

Airteagal 25(6)

Airteagal 20(6)

Airteagal 25(7)

Airteagal 25(8)

Airteagal 20(7)

Airteagal 25(9) go (12)

Airteagal 20(8)

Airteagal 25(10)

Airteagal 20(9)

Airteagal 25(11)

Airteagal 20(10)

Airteagal 25(12)

Airteagal 25(13)

Airteagal 21

Airteagal 26

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 23

Airteagal 28

Airteagal 24

Airteagal 29

Airteagal 25

Airteagal 30

Airteagal 26

Airteagal 31

Airteagal 27(1)

Airteagal 27(2)

Airteagal 32(1)

Airteagal 27(3)

Airteagal 32(2)

Airteagal 27(4)

Airteagal 32(3)

Airteagal 27(5)

Airteagal 32(4)

Airteagal 32(5)

Airteagal 27(6)

Airteagal 32(6)

Airteagal 27(7)

Airteagal 32(7)

Airteagal 27a

Airteagal 33

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagal 34(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 28(3)

Airteagal 34(3)

Airteagal 28(4)

Airteagal 34(4)

Airteagal 29

Airteagal 35

Airteagal 30

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 31

Airteagal 38

Airteagal 32(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 39(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 32(1), pointí (a) go (f)

Airteagal 39(1), pointí (a) go (f)

Airteagal 39(1), pointí (g) agus (h)

Airteagal 32(1), pointe (g)

Airteagal 39(1), pointe (i)

Airteagal 32(1), pointe (h)

Airteagal 39(1), pointe (j)

Airteagal 32(1), pointe (i)

Airteagal 39(1), pointe (k)

Airteagal 32(1), pointe (j)

Airteagal 39(1), pointe (l)

Airteagal 32(1), pointe (k)

Airteagal 39(1), pointe (m)

Airteagal 32(2)

Airteagal 39(2)

Airteagal 32(3)

Airteagal 39(3)

Airteagal 32(4)

Airteagal 39(4)

Airteagal 33

Airteagal 40

Airteagal 34

Airteagal 41

Airteagal 35

Airteagal 42

Airteagal 36(1)

Airteagal 43(1)

Airteagal 36(2)

Airteagal 43(2)

Airteagal 36(3)

Airteagal 43(3)

Airteagal 43(4)

Airteagal 36(4)

Airteagal 43(5)

Airteagal 36(5)

Airteagal 43(6)

Airteagal 37

Airteagal 44

Airteagal 38

Airteagal 45

Airteagal 39

Airteagal 46

Airteagal 40a

Airteagal 47

Airteagal 40

Airteagal 48

Airteagal 41

Airteagal 49

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2445/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top