This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R2138
Commission Implementing Regulation (eu) 2025/2138 of 21 October 2025 amending Implementing Regulation (EU) 2021/1378 as regards the recognition of certain control bodies in accordance with Article 46 of Regulation (EU) 2018/848 of the European Parliament and of the Council as competent to carry out controls and issue organic certificates in third countries for the purpose of imports of organic products into the Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2138 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2138 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
C/2025/6961
IO L, 2025/2138, 22.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2138/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2138 |
22.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2138 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (2), tá an liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 mar údaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na critéir nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chomhlíonadh chun go n-aithneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na ceanglais nós imeachta atá le comhlíonadh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin agus a n-iarraidh ar aitheantas á cur faoi bhráid an Choimisiúin acu, iarraidh arb é atá ann sainchomhad teicniúil. |
|
(3) |
Tá na hiarrataí ar aitheantas ó na comhlachtaí rialaithe ‘AfriCert Limited’, ‘Organic T&C, L.L.C.’, ‘Q-Check Private Company’ agus ‘SUSTAINABLE AGRICULTURE PROMOTION SOCIETY (SAPS)’ faighte ag an gCoimisiún, agus tá scrúdú déanta aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, tá an Coimisiún tagtha ar an gconclúid go bhfuil údar leis na comhlachtaí rialaithe sin a aithint, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh catagóirí táirgí áirithe i dtríú tíortha áirithe. |
|
(4) |
Na hiarrataí ar raon feidhme a n-aitheantais a leathnú chuig catagóirí áirithe táirgí agus tríú tíortha áirithe ó ‘Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)’, ‘IMOCERT Latinoamérica Ltda.’, ‘Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH’, ‘Organic Control System LLC Subotica’, ‘ORSER KONTROL VE SERTİFİKASYON ANONİM ȘİRKETİ’ agus ‘Southern Cross Certified Australia Pty Ltd, tá siad faighte agus scrúdaithe ag an gCoimisiún freisin, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil údar le haitheantas a thabhairt dóibh, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh na gcatagóirí táirgí a iarradh agus na dtríú tíortha a iarradh. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1378 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1378/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1698/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an tríú mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 mar a leanas:
|
(1) |
tar éis na hiontrála le haghaidh ACT Organic Company Limited, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘ AfriCert Limited
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS): ‘ Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh IMOCERT Latinoamérica Ltda.: ‘ IMOCERT Latinoamérica Ltda.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH: ‘ Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Organic Control System LLC Subotica: ‘ Organic Control System LLC Subotica
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6) |
tar éis na hiontrála le haghaidh Organic Standard LLC, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘ Organic T&C, L.L.C.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ORSER KONTROL VE SERTİFİKASYON ANONİM ȘİRKETİ: ‘ ORSER KONTROL VE SERTİFİKASYON ANONİM ȘİRKETİ
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(8) |
tar éis na hiontrála le haghaidh PT BIOCert Indonesia, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘ Q-Check Private Company
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh South Cross Certified Australia Pty Ltd: ‘ Southern Cross Certified Australia Pty Ltd
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(10) |
tar éis na hiontrála le haghaidh SRS Certification GmbH, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘ SUSTAINABLE AGRICULTURE PROMOTION SOCIETY (SAPS)
|
||||||||||||||||||||||||||||
(*1) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an tuairim chomhairleach ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2138/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)