Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R2005

Rialachán (AE) 2025/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

PE/40/2025/REV/1

IO L, 2025/2005, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2005/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2005/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2005

23.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2005 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagail 172 agus 173, Airteagal 175, an tríú mír, Airteagal 182(1), Airteagal 183, Airteagal 188, an dara mír, agus Airteagal 194 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá riachtanais ollmhóra mhaoiniúcháin ag an Aontas chun a chuspóirí a ghnóthú i réimsí na nuálaíochta, an aistrithe ghlais agus dhigitigh, agus na hinfheistíochta sóisialta agus scileanna, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar chúlra casta a dhéanann difear d’iomaíochas agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais arb é is príomhthréithe dó dinimic dhomhanda atá ag athrú, fás eacnamaíoch mall, athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil luathaithe, iomaíocht theicneolaíoch agus teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas an Aontais a fheabhsú, go háirithe i réimse an fhuinnimh, trí thacú le hinfheistíochtaí lena neartaítear córas fuinnimh ghlain agus teicneolaíochtaí glana atá bunaithe ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh, chun spleáchais a laghdú agus chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus pholaitiúil a chosaint.

(2)

Tá breisíocht agus éifeacht ghiarála ráthaíocht AE mar bhonn leis an gciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), (CEIS) agus Clár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena gcumasaítear, go háirithe, teicneolaíochtaí agus cuideachtaí nua agus nuálacha a uas-scálú, agus lena mbaintear an riosca den infheistíocht d’infheisteoirí príobháideacha. Cuidíonn formhaoirseacht ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle lena áirithiú go n-úsáidtear ráthaíocht AE i gcomhréir le cuspóirí Chlár InvestEU.

(3)

Leis an tuarascáil dar teideal ‘todhchaí iomaíochas na hEorpa’ (‘tuarascáil Draghi’), déantar measúnú ar na riachtanais infheistíochta bhreise chomhcheangailte san Eoraip ag EUR 750-800 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030, a bhfuil EUR 450 billiún de ag teastáil don aistriú fuinnimh amháin. Áirítear leis sin suim shuntasach le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht phoiblí agus phríobháideach leordhóthanach a áirithiú chun borradh a chur faoin méadú táirgiúlachta agus spriocanna an Aontais ghnóthú, chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil d’fhonn an tionscal a dhícharbónú, chun dlús a chur le táirgeadh, stóráil agus úsáid fuinnimh ghlain agus leictriú, chun idirnaisc agus eangacha a neartú, chun samhlacha gnó inbhuanaithe agus ciorclacha a chur chun cinn, chun athchóiriú inbhuanaithe foirgneamh a chothú, chun monaraíocht teicneolaíochta glaine agus teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt agus iad a scaipeadh ar fud earnálacha eacnamaíocha.

(4)

Tá géarchéim thithíochta san Aontas ina bhfuil dhá chliseadh sa mhargadh, eadhon ganntanas tithíochta inacmhainne agus sóisialta agus mainneachtain an bhearna éifeachtúlachta fuinnimh a dhúnadh. Trí ráthaíocht mhéadaithe AE atá ar fáil faoi ionú beartais infheistíochta sóisialta agus scileanna Chiste InvestEU agus infheictheacht agus inrochtaineacht fheabhsaithe na tacaíochta airgeadais i ndáil le tithíocht, is féidir le comhpháirtithe cur chun feidhme an Aontais agus InvestEU tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do phríomhthosaíocht na n-infheistíochtaí sóisialta agus na scileanna sóisialta, lena n-áirítear do thithíocht shóisialta inacmhainne, agus rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ag an am céanna.

(5)

I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá géarghá le feabhas suntasach a chur ar an tslándáil, ar a Bhonn Teicneolaíoch agus Tionsclaíoch Cosanta agus ar a shoghluaisteacht mhíleata. Trí ráthaíocht mhéadaithe AE atá ar fáil faoi ionuithe beartais ábhartha Chiste InvestEU, infheictheacht agus inrochtaineacht fheabhsaithe na tacaíochta airgeadais i ndáil le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), cuideachtaí meánchaipitlithe agus gnólachtaí nuathionscanta i slabhra soláthair na cosanta, is féidir le comhpháirtithe cur chun feidhme an Aontais agus InvestEU tacaíocht thábhachtach a chur ar fáil don phríomhthosaíocht sin.

(6)

Tá ról tábhachtach ag tionscnaimh amhail saoráid ráthaíochta creidmheasa onnmhairiúcháin InvestEU chun tacú le geilleagar na hÚcráine. Tá rannpháirtíocht fhorleathan na ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin Eorpacha ríthábhachtach d’éifeachtacht na saoráide sin.

(7)

Tá líonraí agus seirbhísí iompair dea-fheidhmiúla tábhachtach chun aistriú i dtreo geilleagar glas a áirithiú agus iomaíochas an Aontais a neartú ag an am céanna. I ndáil leis sin, tá gá le hinfheistíochtaí sna gréasáin thras-Eorpacha iompair chun naisc atá in easnamh a chomhlánú agus chun bonneagar iompair a nuachóiriú, i gcás ina bhfuil bearnaí móra sa mhaoiniú poiblí agus príobháideach.

(8)

Is é Ciste InvestEU an phríomhuirlis ar leibhéal an Aontais chun cistiú poiblí agus príobháideach a ghiaráil chun tacú le raon leathan tosaíochtaí beartais de chuid an Aontais. Trína líonra cuimsitheach comhpháirtithe cur chun feidhme, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI), institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile agus bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, tá maoiniú a bhfuil géarghá leis á sholáthar ag Ciste InvestEU trína acmhainneacht comhroinnte riosca. Cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht eatramhach ar InvestEU, a tugadh chun críche in 2024, go bhfuil ráthaíochtaí buiséadacha éifeachtúil i dtaca le buiséad an Aontais agus deimhníodh inti go raibh an Clár InvestEU ar an mbóthar ceart chun infheistíocht a shlógadh, agus go meastar go mbeidh tionchar suntasach aige sin ar an bhfíorgheilleagar. Mar sin féin, tugadh tús áite d’fhormheasanna oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi Chlár InvestEU, agus mar thoradh air sin, mura ndéantar aon ghníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh deireadh le formheasanna nua le haghaidh táirgí airgeadais áirithe tar éis 2025.

(9)

Tá sé tábhachtach acmhainneacht airgeadais Chiste InvestEU a mhéadú agus a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla nuair a chomhcheanglaítear í le hacmhainní a bheidh ar fáil faoi CEIS agus faoi ionstraimí leagáide eile, eadhon Ionstraim Fiachais SCE arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Saoráid Fiachais InnovFin arna bunú faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 (6) agus (AE) Uimh. 1291/2013 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna gcur chun feidhme ag Grúpa BEI. D’fhéadfadh na comhcheangail sin an t-ioncam buiséid ó na hionstraimí leagáide sin a laghdú. Mar sin féin, d’fhéadfaí leis na féidearthachtaí sin go gcuirfí méid méadaithe cumhdaigh ráthaíochta ar fáil le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha i bpríomhréimsí tosaíochta an Aontais ar féidir a bheith ag dréim leis go leanfaidh astu slógadh infheistíochta breise de thart ar EUR 25 bhilliún agus éagsúlú méadaithe rioscaí, gan na rioscaí do bhuiséad an Aontais a mhéadú go suntasach.

(10)

Leis an méadú EUR 2,9 billiún ar ráthaíocht AE a bhfuil na hathshreabha breise de EUR 1,16 bhilliún mar bhonn taca leis, agus leis na bearta éifeachtúlachta a cuireadh chun feidhme trí acmhainneachtaí na n-ionstraimí leagáide a chomhcheangal le Ciste InvestEU, meastar go bhféadfaí thart ar EUR 55 bhilliún d’infheistíocht bhreise a shlógadh. Is gá coigeartú a dhéanamh go comhréireach ar ranníocaíocht airgeadais Ghrúpa BEI i gcomhréir leis an sciar de ráthaíocht mhéadaithe AE a leithdháiltear air. Ba cheart dáileadh táscach ráthaíocht AE idir na ceithre ghné bheartais den Chiste InvestEU a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar ráthaíocht AE. Tá úsáid na n-athshreabh sin ó ionstraimí leagáide chun tairbhe Chiste InvestEU gan dochar don chaibidlíocht maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil iar-2027.

(11)

Tá ról tábhachtach ag seirbhísí comhairleacha InvestEU maidir le píblíne tionscadal a fhorbairt. Tá na seirbhísí comhairleacha sin úsáideach go háirithe i réimsí casta, amhail tithíocht shóisialta inacmhainne agus cosaint. Dá bhrí sin, b’iomchuí EUR 40 milliún in athshreabha a úsáid chun an méid atá le cur ar fáil do sheirbhísí den sórt sin a mhéadú. Thairis sin, is gá feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht idir comhpháirteanna éagsúla Chlár InvestEU, go háirithe idir Mol Comhairleach InvestEU agus Tairseach InvestEU.

(12)

Déanann an Coimisiún méid an tsoláthair is gá chun go gcumhdófaí caillteanais saolré amach anseo ó na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Chiste InvestEU a mheas le leibhéal muiníne 95 % den luach faoi riosca. Mar chuid dá iarrachtaí leanúnacha chun an creat bainistithe riosca le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha a chomhchuibhiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm i mbeartais inmheánacha agus sheachtracha araon.

(13)

Chun feabhas a chur ar tharraingteacht urrann an Bhallstáit faoi Chiste InvestEU, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann ranníocaíocht a dhéanamh freisin ar bhealach lánchistithe, ó chistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ó acmhainní na mBallstát, trí ionstraim airgeadais InvestEU sa bhreis ar an rogha atá ann cheana ranníocaíocht a dhéanamh le ráthaíocht AE. Ba cheart an tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU a chur chun feidhme, a mhéid is féidir, de réir na bprionsabal céanna atá i ráthaíocht AE. Trí ionstraim airgeadais InvestEU, d’fhéadfadh na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro tairbhe airgeadais níos éifeachtúla a bhaint as Clár InvestEU ina n-airgeadra féin. Ba cheart d’ionstraim airgeadais InvestEU dreasacht bhreise a sholáthar freisin chun fonn riosca na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a mhéadú go freagrach agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le caipiteal príobháideach a phlódú isteach.

(14)

Chun na hurranna a úsáid ar bhealach comhlántach chun tacú le hoibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta ar leith, is féidir méideanna arna leithdháileadh ar urrann an Bhallstáit a chomhcheangal le hacmhainní faoi urrann an Aontais i struchtúr srathach, le tráinse céadchaillteanais a chumhdaítear le hacmhainní náisiúnta. Chun comhleanúnachas le cuspóirí Chlár InvestEU a áirithiú, ba cheart prionsabail bhreisluach an Aontais, na hiomaíochta córa, agus shláine an mhargaidh inmheánaigh a urramú leis na teaglamaí sin, agus ba cheart dóibh tacú le comhar trasteorann i gcás inarb ábhartha.

(15)

I gcomhréir le cuspóir foriomlán an tsimplithe chun an t-ualach riaracháin ar fhaighteoirí deiridh, ar idirghabhálaithe airgeadais agus ar chomhpháirtithe cur chun feidhme a laghdú, ba cheart ceanglais tuairiscithe, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le heochairtháscairí feidhmíochta agus le táscairí faireacháin, a laghdú, i gcás inarb iomchuí, go háirithe iad siúd a dhéanann difear do ghnólachtaí beaga agus d’oibríochtaí beaga. Níor cheart go mbeadh tionchar ag an simpliú sin ar cháilíocht na sonraí a fhaightear ó fhaighteoirí deiridh i gcás nach gcumhdaítear na sonraí sin leis an laghdú atá beartaithe ar cheanglais tuairiscithe. Gan dochar don sainmhíniú ar fhiontar beag agus meánmhéide (FBM) chun críocha gníomhartha eile de chuid an Aontais agus aon chláir agus cistí a bheidh ann amach anseo, ba cheart cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar FBM chun críocha Chlár InvestEU a choigeartú chun castachtaí a bhaint a mhéid is féidir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair an gheilleagair shóisialta agus ar institiúidí micreamhaoiniúcháin. Tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuil feidhm ag na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena n-áirítear na rialacha maidir le comhdhlúthú, agus ar an gcaoi sin cuidiú le sláine an tsainmhínithe ar FBManna a chosaint agus a áirithiú go sroichfidh tacaíocht an Aontais na tairbhithe atá beartaithe dó. I gcás inar gá chun críoch cur chun feidhme, agus gan dochar do Rialachán (AE) 2021/523, is iomchuí na critéir faoin sainmhíniú simplithe a léirmhíniú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i bhforálacha ábhartha Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (10). Is gá do chomhpháirtithe cur chun feidhme nó, i gcás táirgí airgeadais idirghafa, d’idirghabhálaithe airgeadais, a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na coinníollacha incháilitheachta do FBManna, lena n-áirítear trí stádas FBM na bhfaighteoirí deiridh a fhíorú, go háirithe trí líon na bhfostaithe agus láimhdeachas laistigh d’imlíne ábhartha na ngnólachtaí a ríomh go cruinn, agus, i gcás inarb ábhartha, trí rialacha comhdhlúthaithe a chur i bhfeidhm go cuí chun cosc a chur ar imchéimniú trí shealúchais nó trí struchtúir chomhchosúla.

(16)

Is iomchuí don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta simplithe neamhreachtacha breise a dhéanamh chun an Rialachán leasaitheach seo a chomhlánú, amhail minicíocht na dtuarascálacha ar dhul chun cinn atá le cur isteach ag comhpháirtithe cur chun feidhme a laghdú chun ualach oibre na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, na n-idirghabhálaithe airgeadais agus na bhfaighteoirí deiridh a laghdú gan aon cheann de ghnéithe substainteacha Rialachán (AE) 2021/523 a athrú.

(17)

Tá sé tábhachtach go mbeadh na nósanna imeachta Státchabhrach is infheidhme maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Chiste InvestEU comhréireach, intuartha agus cuíchóirithe. I gcás inarb iomchuí, tá sé tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag fiosrú na modhanna uile atá ar fáil chun measúnuithe Státchabhrach a shimpliú agus a bhrostú. Ina theannta sin, ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair i gcomhthéacs Chlár InvestEU a shoiléiriú agus a shimpliú a thuilleadh san athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (11).

(18)

Ba cheart minicíocht agus raon feidhme na dtuarascálacha a laghdú freisin le haghaidh Chlár InvestEU agus an chláir a tháinig roimhe, is é sin CEIS.

(19)

Ba cheart Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/695 (12) agus (AE) 2021/1153 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú chun go bhféadfar an tacaíocht faoi na Rialacháin sin a chomhcheangal le ráthaíocht AE faoi Rialachán (AE) 2021/523, arna leasú leis an Rialachán seo.

(20)

Maidir le cuntasaíocht an Choimisiúin, ba cheart a cheangal ar chomhpháirtithe cur chun feidhme, i ndáil le teaglamaí tacaíochta, ráitis airgeadais iniúchta a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 212(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ina leagtar amach go soiléir na méideanna a bhaineann leis na bunúis dlí éagsúla.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh ar fud an Aontais agus iad sin a bhaineann go sonrach le Ballstát agus ar an mbearna infheistíochta laistigh den Aontas, chun dlús a chur le haistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais, chun feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais agus chun a bhonn tionsclaíoch a neartú, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(22)

Chun tacú le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle a róil institiúideacha a fheidhmiú, ba cheart measúnú comparáideach ar fheidhmíocht Chlár InvestEU a bheith sa tuarascáil mheastóireachta deiridh neamhspleách ar an gClár InvestEU roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo agus dá éis, lena n-áirítear a mhaoluithe agus a choigeartuithe rialála,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/523

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/523 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Leis an Rialachán seo, bunaítear Ciste InvestEU, lena bhforálfar do ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a dhéanann na comhpháirtithe cur chun feidhme, ar oibríochtaí iad lena rannchuidítear le cuspóirí bheartais inmheánacha an Aontais.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3), (4) agus (5):

‘(3)

ciallaíonn “réimse bheartais” réimse spriocdhírithe le haghaidh tacaíocht ó ráthaíocht AE nó ó ionstraim airgeadais InvestEU a leagtar síos in Airteagal 8(1);

(4)

ciallaíonn “urrann” cuid den tacaíocht a thugtar faoi Chiste InvestEU arna sainiú i dtéarmaí thionscnamh na n-acmhainní a thacaíonn léi;

(5)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha”, faoi urrann an Aontais, oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha neamh-iníoctha tacaíochta, cineálacha inaisíoctha tacaíochta, nó an dá rud, ó bhuiséad an Aontais le cineálacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí; chun críocha an tsainmhínithe seo, féadfaidh cláir de chuid an Aontais a mhaoinítear ó fhoinsí eile seachas buiséad an Aontais, amhail an Ciste don Nuálaíocht le haghaidh EU ETS, a bheith ina gcuid de chláir de chuid an Aontais a fhaigheann maoiniú ó bhuiséad an Aontais;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

‘(8)

ciallaíonn “comhaontú ranníocaíochta” ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó na coinníollacha maidir le cur chur chun feidhme na ranníocaíochta faoi urrann an Bhallstáit, mar a leagtar síos in Airteagal 10 agus Airteagal 10a;’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (10) agus (11):

‘(10)

ciallaíonn “oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta” nó “oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta” oibríochtaí chun maoiniú a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’fhaighteoirí deiridh trí tháirgí airgeadais arna ndéanamh ag na comhpháirtithe seo a leanas:

(a)

i gcomhthéacs ráthaíocht AE, comhpháirtí cur chun feidhme ag gníomhú dó ina ainm féin, a sholáthraíonn an comhpháirtí cur chun feidhme i gcomhréir lena rialacha, lena bheartais agus lena nósanna imeachta inmheánacha agus a dtugtar cuntas orthu i ráitis airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme nó, i gcás inarb infheidhme, atá nochta sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais sin;

(b)

i gcomhthéacs ionstraim airgeadais InvestEU, comhpháirtí cur chun feidhme ina ainm féin nó ina ainm féin ach thar ceann an Choimisiúin, de réir mar is infheidhme;

(11)

ciallaíonn “cistí faoi bhainistíocht roinnte” cistí lena bhforáiltear don fhéidearthacht sciar de na cistí sin a leithdháileadh ar sholáthar do ráthaíocht bhuiséadach nó ar ionstraim airgeadais faoi urrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU, mar atá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) (“Rialachán CSE+ le haghaidh 2021-2027”), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) (“Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT”);

(*1)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1139/oj)."

(*4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).’;"

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

‘(12)

ciallaíonn “comhaontú ráthaíochta” ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus comhpháirtí cur chun feidhme na coinníollacha maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a mholadh chun go ndeonófaí tairbhe ráthaíocht AE nó tairbhe ionstraim airgeadais InvestEU dóibh, maidir le ráthaíocht AE a sholáthar nó tacaíocht a thabhairt, trí ionstraim airgeadais InvestEU, do na hoibríochtaí sin agus maidir le hiad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo;’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (21):

‘(21)

ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” (a) fiontar ar lú ná 250 an líon daoine a fhostaíonn sé le linn na bliana airgeadais, de réir na gcuntas deireanach bliantúil nó comhdhlúite atá aige, agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún, nó (b) i gcás táirgí airgeadais ina gceanglaítear leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair úsáid a bhaint as sainmhíniú FBM in Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (*5), micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne sin;

(*5)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124,20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).’;"

(f)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(24)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais InvestEU” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (30), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) atá le cur chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU.

(*6)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).’;"

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘1.   Is é EUR 29 052 310 073 i bpraghsanna reatha a bheidh i ráthaíocht AE chun críocha urrann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a). Déanfar soláthar dó ar ráta 40 %. Cuirfear an méid dá dtagraítear in Airteagal 35(3), an chéad fhomhír, pointe (a), san áireamh freisin i dtaca le rannchuidiú leis an soláthar a eascraíonn as an ráta soláthair sin.

“Féadfar méid breise de ráthaíocht AE a sholáthar chun críocha urrann an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), den Rialachán seo, faoi réir na mBallstát na méideanna comhfhreagracha a leithdháileadh, de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027’) agus Airteagal 81 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT.”

(*7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231,30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).’;"

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Déanfar suim EUR 14 227 310 073 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a leithdháileadh le haghaidh na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Is é EUR 470 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII.’

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(1):

‘1.   Cuirfear ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU chun feidhme trí bhíthin bainistíocht indíreach in éineacht le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointí (c)(ii), (c)(iii), (c)(v) agus (c)(vi), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Déanfar cineálacha eile cistithe ón Aontas faoin Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin bainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, lena n-áirítear deontais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus oibríochtaí measctha arna gcur chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo ar an mbealach is rianúla agus is féidir, ar shlí a áiritheoidh tacaíocht éifeachtúil agus chomhleanúnach do bheartais an Aontais.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Comhcheangail’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfar tacaíocht ó ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear trí na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus tacaíocht ón Aontas a thagann ó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 a chomhcheangal chun tacú le táirgí airgeadais nó le punanna atá curtha chun feidhme nó atá le cur chun feidhme ag BEI nó ag CEI faoin Rialachán seo.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tacaíocht ó ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear tríd an ráthaíocht faoi na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus a scaoileadh ó na hoibríochtaí a formheasadh faoi na hionstraimí sin agus tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear trí ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 agus a scaoileadh ó na hoibríochtaí a formheasadh faoin ráthaíocht sin ó AE, féadfar iad a chomhcheangal chun tacú le táirgí airgeadais nó le punanna ina bhfuil oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo, atá curtha chun feidhme nó le cur chun feidhme ag BEI nó ag CEI faoin Rialachán seo.’

;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘5.   De mhaolú ar Airteagal 212(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfar an ráthaíocht arna scaoileadh a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais faoi na hionstraimí airgeadais arna mbunú leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020 a úsáid chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo a chumhdach chun críocha an chomhcheangail dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar Airteagal 216(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, beidh sé indéanta gan an soláthar a chomhfhreagraíonn don ráthaíocht arna scaoileadh faoi thacaíocht an Aontais ó ráthaíocht AE arna bunú le Rialachán (AE) 2015/1017 a chur i gcuntas chun críocha na hoibríochta dá dtagraítear in Airteagal 216(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus féadfar soláthar a úsáid chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo a chumhdach chun críocha an chomhcheangail dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

7.   Scaoilfear an ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais faoi na hionstraimí airgeadais arna mbunú leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020, aistreofar sócmhainní comhfhreagracha ó chuntais mhuiníneacha chuig an gciste don soláthar coiteann dá dtagraítear in Airteagal 215 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus scaoilfear an ráthaíocht faoi thacaíocht an Aontais ó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí leasú a dhéanamh ar na comhaontuithe ábhartha idir an Coimisiún agus BEI nó CEI.

Leagfar amach sa chomhaontú ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17 na coinníollacha maidir le húsáid na ráthaíochtaí scaoilte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoin Rialachán seo a chumhdach, agus i gcás inarb ábhartha, aistriú sócmhainní comhfhreagracha ó chuntais mhuiníneacha chuig an gciste don soláthar coiteann dá dtagraítear in Airteagal 215 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Leagfar amach sa chomhaontú ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17 na téarmaí agus coinníollacha maidir leis na táirgí airgeadais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo agus na téarmaí agus coinníollacha maidir leis na punanna lena mbaineann, lena n-áirítear na scaireanna pro rata faoi seach de chaillteanais, ioncaim, aisíocaíochtaí agus aisghabhálacha nó na scaireanna neamh-pro rata faoi seach i gcomhréir le mír 3, an dara fomhír.’

;

(6)

in Airteagal 8(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féachfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na comhpháirtithe cur chun feidhme, lena áirithiú, maidir leis an gcuid sin de ráthaíocht AE faoi urrann an Aontais a mbaintear úsáid aisti i dtaca leis an réimse bheartais um bonneagar inbhuanaithe, go leithdháilfear í le haidhm cothromaíocht a bhaint amach idir na réimsí éagsúla dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).’

;

(7)

in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

le hurrann an Bhallstáit, rachfar i ngleic le clistí margaidh sonracha nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí i gceann amháin de na réigiúin nó de na Ballstáit, nó i roinnt díobh, chun cuspóirí beartais na gcistí ranníocaíochta faoi bhainistíocht roinnte a chur i gcrích, nó chun cuspóirí beartais an mhéid breise arna sholáthar ag Ballstát faoi Airteagal 4(1), an tríú fomhír, nó faoi Airteagal 10a(1), an dara fomhír, a chur i gcrích, go háirithe chun an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a neartú trí dhul i ngleic le míchothromaíochtaí idir a réigiúin.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Forálacha sonracha is infheidhme maidir le Ráthaíocht AE a chuirtear chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Déanfaidh an Ballstát agus an Coimisiún comhaontú ranníocaíochta, nó leasú air, a thabhairt i gcrích tar éis an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an Comhaontú Comhpháirtíochta de bhun Airteagal 12 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó Plean Straitéiseach CBT de bhun Airteagal 118 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT nó i gcomhuain leis an gcinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear clár i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó Plean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, pointe (b):

‘(b)

straitéis an Bhallstáit, lena gcuimsítear an cineál maoiniúcháin, an spriocghiaráil, an cumhdach geografach, lena n-áirítear cumhdach réigiúnach más gá, cineálacha na dtionscadal, an tréimhse infheistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, na catagóirí d’fhaighteoirí deiridh agus idirghabhálaithe incháilithe’

;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 10a

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le hionstraim airgeadais InvestEU a chuirtear chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit

1.   Féadfaidh Ballstát méideanna ó na cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte a ranníoc le hurrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU d’fhonn iad a chur in úsáid trí ionstraim airgeadais InvestEU.

Féadfaidh na Ballstáit méideanna breise a sholáthar freisin chun críocha ionstraim airgeadais InvestEU. Ioncam sannta seachtrach a bheidh i méideanna den sórt sin i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Méideanna a leithdháileann Ballstát ar bhonn deonach de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, úsáidfear iad chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta sa Bhallstát lena mbaineann. Úsáidfear na méideanna sin chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí beartais a shonraítear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a), de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, sna cláir nó i bPlean Straitéiseach CBT a rannchuidíonn le Clár InvestEU, chun bearta ábhartha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/241 a chur chun feidhme nó, i gcásanna eile, chun na gcríoch a leagtar síos sa chomhaontú ranníocaíochta, ag brath ar thionscnamh an mhéid arna ranníoc.

2.   Beidh ranníocaíocht le hionstraim airgeadais InvestEU faoi réir comhaontú ranníocaíochta a thabhairt i gcrích idir Ballstát agus an Coimisiún, agus déanfar an comhaontú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 10(2), an ceathrú fomhír, le haghaidh ranníocaíochtaí ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó comhaontú ranníocaíochta comhpháirteach a thabhairt i gcrích leis an gCoimisiún.

3.   Sa chomhaontú ranníocaíochta beidh, ar a laghad, méid na ranníocaíochta ón mBallstát agus airgeadra na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, forálacha maidir le luach saothair an Aontais le haghaidh ionstraim airgeadais InvestEU, na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 10(3), pointí (b) go (e) agus (g) agus láimhseáil na n-acmhainní arna nginiúint ag na méideanna arna ranníoc le hionstraim airgeadais InvestEU nó atá inchurtha i leith na méideanna sin.

4.   Cuirfear na comhaontuithe ranníocaíochta chun feidhme trí chomhaontuithe ráthaíochta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 10(4), an chéad fhomhír.

I gcás nach dtabharfar aon chomhaontú ráthaíochta i gcrích laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, cuirfear deireadh nó síneadh leis an gcomhaontú ranníocaíochta trí chomhaontú frithpháirteach. I gcás nach ndéanfar an méid de chomhaontú ranníocaíochta a ghealladh go hiomlán faoi chomhaontú ráthaíochta amháin nó níos mó laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, déanfar an méid sin a leasú dá réir sin. Méid na ranníocaíochta nár úsáideadh ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte arna soláthar trí Chlár InvestEU, déanfar é a athúsáid i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear an ciste lena mbaineann. Méid na ranníocaíochta nár úsáideadh ó Bhallstát faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

I gcás nach ndéanfar comhaontú ráthaíochta a chur chun feidhme go cuí laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 14(6) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó in Airteagal 81(6) de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT, nó, i gcás comhaontú ráthaíochta a bhaineann le méideanna dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, sa chomhaontú ranníocaíochta ábhartha, déanfar an comhaontú ranníocaíochta a leasú. Na méideanna nár úsáideadh arna leithdháileadh ag na Ballstáit de bhun na bhforálacha maidir le húsáid na gcistí faoi bhainistíocht chomhroinnte arna soláthar trí Chlár InvestEU, déanfar iad a athúsáid i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear an ciste lena mbaineann. Méid ionstraim airgeadais InvestEU nár úsáideadh is inchurtha i leith na ranníocaíochta ó Bhallstát faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

Na hacmhainní a ghintear leis na méideanna arna ranníoc le hionstraim airgeadais InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, de bhun na bhforálacha maidir le húsáid na gcistí faoi bhainistíocht chomhroinnte arna soláthar trí Chlár InvestEU, déanfar iad a athúsáid i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear an ciste lena mbaineann. Na hacmhainní a ghintear leis na méideanna arna ranníoc le hionstraim airgeadais InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, faoi mhír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar iad a aisíoc leis an mBallstát.

5.   Féadfar tacaíocht a dheonú faoi ionstraim airgeadais InvestEU le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar feadh tréimhse infheistíochta dar críoch an 31 Nollaig 2027. Na conarthaí lena gcuirtear ionstraim airgeadais InvestEU chun feidhme idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (a), síneofar iad faoin 31 Nollaig 2028.’

;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(1), pointe (d)(i):

‘(i)

leithdháilfear méid suas le EUR 330 000 000 air ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(3) le haghaidh na dtionscnamh comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25 agus na gcúraimí oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo;’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

 

‘Ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU’

;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(4):

‘4.   Déanfar 75 % de ráthaíocht AE faoi urrann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, arb ionann é agus EUR 21 789 232 555, a dheonú do Ghrúpa BEI. Soláthróidh Grúpa BEI ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán is cothrom le EUR 5 447 308 139. Soláthrófar an ranníocaíocht sin ar bhealach agus i bhfoirm lena n-éascófar cur chun feidhme Chiste InvestEU agus baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 15(2).’

;

(13)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar ionstraim airgeadais InvestEU a úsáid chun cistiú a sholáthar do na comhpháirtithe cur chun feidhme le haghaidh na gcineálacha maoiniúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), arna soláthar ag na comhpháirtithe cur chun feidhme.

Chun bheith cumhdaithe le ráthaíocht AE nó le hionstraim airgeadais InvestEU, déanfar an maoiniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír sin a dheonú, a fháil nó a eisiúint chun tairbhe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(1), i gcás ina ndearnadh an maoiniú ón gcomhpháirtí cur chun feidhme a dheonú i gcomhréir le comhaontú nó idirbheart maoiniúcháin a shínigh nó a rinne comhpháirtí cur chun feidhme tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta agus nár imigh in éag ná nár cuireadh ar ceal.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta trí chistí nó trí struchtúir idirmheánacha eile, tacófar leo le ráthaíocht AE nó le hionstraim airgeadais InvestEU i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos sna treoirlínte infheistíochta, de réir mar is ábhartha, fiú má infheistíonn struchtúir den sórt sin cuid mhionlach dá méideanna infheistithe lasmuigh den Aontas agus i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 14(2) nó má infheistíonn siad cuid mhionlach dá méideanna infheistithe i sócmhainní seachas na sócmhainní sin atá incháilithe faoin Rialachán seo.’

;

(14)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   ‘Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích le gach comhpháirtí cur chun feidhme maidir le ráthaíocht AE a dheonú suas le méid a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún nó maidir le tacaíocht a sholáthar faoi ionstraim airgeadais InvestEU.’

;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE nó maidir le tacaíocht faoi ionstraim airgeadais InvestEU a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 19, lena n-áirítear rialacha maidir le oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó punanna de chineálacha sonracha ionstraimí a chumhdach agus maidir leis na teagmhais faoi seachas is siocair le glaonna féideartha ar ráthaíocht AE nó maidir le húsáid ionstraim airgeadais InvestEU;’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

gealltanas an chomhpháirtí cur chun feidhme glacadh leis na cinntí ón gCoimisiún agus ón gCoiste Infheistíochta maidir le húsáid ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU chun leasa oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh, gan dochar do chinnteoireacht an chomhpháirtí cur chun feidhme i leith na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh in éagmais ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU;’

;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (h) agus (i):

‘(h)

tuairisciú agus faireachán airgeadais agus oibríochtúil ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE agus faoi ionstraim airgeadais InvestEU;

(i)

príomhtháscairí feidhmíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU, le comhlíonadh na gcuspóirí agus na gcritéar a leagtar síos in Airteagail 3, 8 agus 14, agus le slógadh caipitil phríobháidigh;’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle mar a cheanglaítear faoi Airteagail 41(5) agus 158(8) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.’

;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Ceanglais chun ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU a úsáid

1.   Beidh deonú ráthaíocht AE agus soláthar na tacaíochta ó ionstraim airgeadais InvestEU faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme ábhartha.

2.   Ní chumhdófar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta le ráthaíocht AE ná ní thacófar leo trí ionstraim airgeadais InvestEU ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo agus, de réir mar is ábhartha, sna treoirlínte infheistíochta ábhartha, agus i gcás inar tháinig an Coiste Infheistíochta ar an tátal go gcomhlíonann na hoibríochtaí sin na ceanglais maidir le tairbhe a bhaint as ráthaíocht AE nó as ionstraim airgeadais InvestEU. Leanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme de bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta an Rialachán seo agus na treoirlínte infheistíochta ábhartha.

3.   Ní bheidh aon chostais ná táillí riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE nó faoi ionstraim airgeadais InvestEU dlite ag an gCoimisiún don chomhpháirtí cur chun feidhme mura rud é go bhfágfaidh nádúr na gcuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais atá le cur chun feidhme agus an inacmhainneacht do na faighteoirí deiridh a ndírítear orthu nó an cineál maoinithe arna sholáthar go mbeidh an comhpháirtí cur chun feidhme in ann an gá atá le heisceacht a chuí-réasúnú don Choimisiún. Beidh cumhdach costas den sórt sin le buiséad an Aontais teoranta don mhéid is fíorghá chun na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta ábhartha a chur chun feidhme, agus ní sholáthrófar é ach a mhéid nach gcumhdófar na costais le hioncaim arna bhfáil ag na comhpháirtithe cur chun feidhme ó na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena mbaineann. Leagfar síos na socruithe táillí sa chomhaontú ráthaíochta agus comhlíonfaidh siad Airteagal 17(4) den Rialachán seo agus pointe (g) d’Airteagal 212(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, tá comhpháirtithe cur chun feidhme i dteideal táillí iomchuí i ndáil le bainistiú cuntas muiníneach a bhaineann le hionstraim airgeadais InvestEU.

4.   Ina theannta sin, féadfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU a úsáid chun an sciar ábhartha d’aon chostais ghnóthúcháin a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 17(4), ach amháin más rud é gur asbhaineadh na costais sin as fáltais ghnóthúcháin.’

;

(16)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Cumhdach agus téarmaí ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar an luach saothair i leith dul i riosca a leithdháileadh idir an tAontas agus comhpháirtí cur chun feidhme i gcoibhneas lena sciar faoi seach den dul i riosca i ndáil le punann d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le hoibríochtaí aonair maoiniúcháin agus infheistíochta. Féadfar an luach saothair i leith ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU a laghdú i gcásanna cuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Beidh neamhchosaint iomchuí ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, ar a riosca féin, ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE nó ó ionstraim airgeadais InvestEU, mura rud é, i gcás eisceachtúil, go bhfuil na cuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais atá le cur chun feidhme de chineál a fhágann nach bhféadfadh an comhpháirtí cur chun feidhme rannchuidiú leis go réasúnta lena acmhainneacht rioscúil féin.’

;

(c)

i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘i gcás táirgí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 16(1), an chéad fhomhír, pointe (a):’

;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Cumhdófar le hionstraim airgeadais InvestEU an méid seo a leanas:

(a)

i gcás táirgí fiachais arb é atá iontu ráthaíochtaí agus frithráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1), an chéad fhomhír, pointe (a):

(i)

an phríomhshuim agus an t-ús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite don chomhpháirtí cur chun feidhme ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin roimh thráth na mainneachtana;

(ii)

caillteanais a eascraíonn as athstruchtúrú;

(iii)

caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí seachas an euro i margaí inar beag féidearthachtaí atá ann chun fálú fadtéarmach a dhéanamh;

(b)

i gcás cineálacha maoiniúcháin incháilithe eile dá dtagraítear in Airteagal 16(1), an chéad fhomhír, pointe (a): na méideanna arna n-infheistiú nó arna dtabhairt ar iasacht ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a)(i), i gcás fofhiachais, measfar gur teagmhas mainneachtana é iarchur, laghdú nó scor riachtanach.

Cumhdófar le hionstraim airgeadais InvestEU neamhchosaint iomlán an Aontais i ndáil leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta ábhartha.’

;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1):

‘1.   Bunaítear scórchlár táscairí (“an Scórchlár”) chun a áirithiú go mbeidh an Coiste Infheistíochta in ann measúnú neamhspleách trédhearcach comhchuibhithe a dhéanamh i dtaca le hiarrataí ar úsáid ráthaíocht AE nó, de réir mar is ábhartha, ar úsáid ionstraim airgeadais InvestEU le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna moladh ag comhpháirtithe cur chun feidhme.’

;

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23(2):

‘2.   I gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní chumhdófar iad le ráthaíocht AE ná ní bhainfidh siad tairbhe as ionstraim airgeadais InvestEU i gcás ina dtugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach uaidh faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI.’

;

(19)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

i mír 1, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

scrúdóidh sé na tograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna gcur isteach ag comhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhair cumhdach faoi ráthaíocht AE nó le haghaidh tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU, ar tograí iad ar éirigh leo sa tseiceáil beartais dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo nó ar léiríodh tuairim fhabhrach fúthu faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI;’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

seiceálfaidh sé an gcomhlíonann na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhainfeadh tairbhe as an tacaíocht faoi ráthaíocht AE nó faoi ionstraim airgeadais InvestEU gach ceanglas ábhartha.’

;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I dtaca leis an doiciméadacht atá le soláthar ag na comhpháirtithe cur chun feidhme, beidh san áireamh inti foirm iarrata chaighdeánaithe, an Scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 22 agus aon doiciméad eile a mheasann an Coiste Infheistíochta a bheith ábhartha, go háirithe cur síos ar nádúr an chliste margaidh nó an cháis infheistíochta fo-optamaí agus conas a mhaolófar é tríd an oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta, mar aon le measúnú iontaofa ar an oibríocht lena léireofar breisíocht na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta. Déanfaidh an rúnaíocht seiceáil ar chríochnúlacht na doiciméadachta arna soláthar ag comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI. Féadfaidh an Coiste Infheistíochta soiléirithe a lorg ón gcomhpháirtí cur chun feidhme lena mbaineann maidir le togra le haghaidh oibríocht infheistíochta nó mhaoiniúcháin, lena n-áirítear trína iarraidh go mbeadh ionadaí ón gcomhpháirtí cur chun feidhme lena mbaineann i láthair, go díreach, le linn an phlé faoin oibríocht thuasluaite. Aon mheasúnú tionscadail a dhéanfaidh comhpháirtí cur chun feidhme, ní bheidh sé ceangailteach ar an gCoiste Infheistíochta chun cumhdach oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta faoi ráthaíocht AE nó tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU a dheonú.’

;

(c)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Beidh rochtain ag an bpobal ar chonclúidí an Choiste Infheistíochta lena bhformheastar cumhdach ráthaíocht AE nó tacaíocht ó ionstraim airgeadais InvestEU i gcomhair oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus beidh réasúnaíocht an fhormheasta sin iontu mar aon le faisnéis maidir leis an oibríocht, go háirithe cur síos uirthi, céannacht na dtionscnóirí nó na n-idirghabhálaithe airgeadais, agus cuspóirí na hoibríochta. Tagrófar freisin sna conclúidí don mheasúnú foriomlán a eascraíonn as an Scórchlár.’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

‘Dhá uair in aghaidh na bliana, cuirfidh an Coiste Infheistíochta liosta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de chonclúidí uile an Choiste Infheistíochta sna 6 mhí roimhe sin, chomh maith leis na Scórchláir fhoilsithe a bhaineann leo sin. Áireofar sa liosta sin a chuirfear isteach aon chinneadh lenar diúltaíodh úsáid ráthaíocht AE nó tacaíochta ó ionstraim airgeadais InvestEU. Beidh na cinntí sin faoi réir ceanglais rúndachta dhochta.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   I gcás ina n-iarrtar ar an gCoiste Infheistíochta úsáid ráthaíocht AE nó tacaíochta ó ionstraim airgeadais InvestEU a fhormheas maidir le hoibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta ar saoráid, clár nó struchtúr í a bhfuil fothionscadail fholuiteacha ag gabháil léi, beidh na fothionscadail fholuiteacha sin san áireamh san fhormheas sin, mura rud é go gcinneann an Coiste Infheistíochta an ceart a choinneáil formheas a dhéanamh orthu go leithleach. Ní bheidh sé de cheart ag an gCoiste Infheistíochta fothionscadail dar méid níos lú ná EUR 3 000 000 a fhormheas ar leithligh.’

;

(20)

in Airteagal 25(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cúnamh do thionscnóirí tionscadail a dtionscadail a fhorbairt chun go gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3 agus 8 agus na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 14, agus éascóidh sé forbairt tionscadal tábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne agus comhbhailitheoirí le haghaidh tionscadail bheaga, i measc nithe eile, lena n-áirítear trí ardáin infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír seo, ar choinníoll nach mbeidh cúnamh den sórt sin ina chúis le haon réamhbhreith i gconclúidí an Choiste Infheistíochta i ndáil le cumhdach ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU le haghaidh tionscadail den sórt sin;’

;

(21)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Beidh comhpháirtithe cur chun feidhme díolmhaithe ó thuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta agus faireacháin a leagtar síos in Iarscríbhinn III, seachas iad siúd i bpointí 1, 2, 3.1, 3.2, 5.2, 6.3 agus 7.2 de, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta a théann chun tairbhe d’fhaighteoirí deiridh a fhaigheann maoiniú nó infheistíocht nach mó ná EUR 300 000 a dtacaítear leo le ráthaíocht AE nó le hionstraim airgeadais InvestEU ó chomhpháirtí cur chun feidhme nó ó idirghabhálaí airgeadais.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme Chlár InvestEU i gcomhréir le hAirteagail 247 agus 256 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. I gcomhréir le hAirteagal 41(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, soláthrófar, sa tuarascáil bhliantúil, faisnéis maidir le leibhéal chur chun feidhme an Chláir i dtaca lena chuspóirí agus lena tháscairí feidhmíochta. Chun na críche sin, soláthróidh gach comhpháirtí cur chun feidhme ar bhonn bliantúil an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun go bhféadfaidh an Coimisiún a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis faoi oibriú ráthaíocht AE nó ionstraim airgeadais InvestEU.

4.   Uair amháin sa bhliain, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus í miondealaithe de réir urrann an Aontais agus urrann an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí. Sa bhreis air sin, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis maidir le hurrann an Bhallstáit a chur faoi bhráid Bhallstát na hurrainne a chuirfidh sé chun feidhme. Beidh measúnú sa tuarascáil ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus ionstraim airgeadais InvestEU agus maidir leis na príomhtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh sonraí oibríochtúla, staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta sa tuarascáil freisin maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus meastachán ar na sreafaí airgid ionchasacha, ar leibhéal na hurrainne, ar leibhéal an réimse beartais agus ar leibhéal Chiste InvestEU. Féadfaidh faisnéis maidir le bacainní ar infheistíocht atá ann agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear sa Rialachán seo a bheith san áireamh leis an tuarascáil. Beidh sna tuarascálacha an fhaisnéis nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme a sholáthar faoi Airteagal 158(1), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.’

;

(22)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha eile’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   De mhaolú ar Airteagal 212(3), an chéad fhomhír agus an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfar aon ioncaim, aisíocaíochtaí agus gnóthuithe ó ionstraimí airgeadais a bhunaítear leis na cláir dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán a úsáid chun ráthaíocht AE a sholáthar faoin Rialachán seo nó chun na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil VI agus i gCaibidil VII den Rialachán seo a chur chun feidhme, agus na forálacha ábhartha a bhaineann leis an mbuiséad a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   De mhaolú ar Airteagal 216(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, i dtaca le haon bharrachas soláthairtí le haghaidh ráthaíocht AE a bhunaítear le Rialachán (AE) 2015/1017, féadfar an barrachas sin a úsáid chun ráthaíocht AE a sholáthar faoin Rialachán seo nó chun na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil VI agus i gCaibidil VII den Rialachán seo a chur chun feidhme, agus na forálacha ábhartha a bhaineann leis an mbuiséad a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1229.

De mhaolú ar Airteagal 214(4), pointe (d), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, aon ioncam ó ráthaíocht AE a bhunaítear le Rialachán (AE) 2015/1017 a gheofar in 2027, féadfar é a úsáid le haghaidh an tsoláthair do ráthaíocht AE faoin Rialachán seo.

(*8)  Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (IO L 274, 30.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1229/oj).’;"

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

‘IARSCRÍBHINN I

MÉIDEANNA RÁTHAÍOCHT AE IN AGHAIDH AN CHUSPÓRA SHONRAIGH

Is mar seo a leanas a bheidh an leithdháileadh táscach d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an ceathrú fomhír:

(a)

suas le EUR 10 984 116 831 do chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a);

(b)

suas le EUR 7 304 820 214 do chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b);

(c)

suas le EUR 7 672 612 166 do chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (c);

(d)

suas le EUR 3 090 760 862 do chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (d).’;

(24)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an dá mhír seo a leanas le pointe 1 faoi bhun phointe 1.4:

‘D’ainneoin Airteagal 2, pointe (40), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, agus an éifeacht ghiarála agus iolraitheora á cinneadh le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thugann ráthaíochtaí feidhmíochta, déanfar méid an chumhdaigh riosca a chomhshamhlú le méid an mhaoinithe inaisíoctha.

De mhaolú ar Airteagal 222(3) den Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní cheanglófar ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena soláthraítear ráthaíochtaí feidhmíochta éifeacht iolraitheora a bhaint amach.’

;

(25)

in Iarscríbhinn V, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag an Iarscríbhinn seo freisin maidir le hionstraim airgeadais InvestEU.’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/1017

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 11a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Comhcheangail’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Féadfar ráthaíocht AE a dheonú chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2021/523 a chumhdach chun críocha comhcheangal dá dtagraítear in Airteagal 7(4) de agus féadfaidh sé caillteanais a chumhdach i ndáil le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an tacaíocht chomhcheangailte.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cuirfidh BEI uair sa bhliain, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Beidh ar áireamh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (f)(iv). Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin sonraí staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin agus infheistíochta de chuid BEI mar aon le sonraí ar bhonn comhiomlánaithe.’

;

(b)

scriostar mír 2;

(c)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Maidir leis na comhcheangail dá dtagraítear in Airteagal 11a, cuirfidh BEI agus CEI, faoi seach, na ráitis airgeadais ar fáil don Choimisiún gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 212(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9). Áireofar sna ráitis airgeadais sin sonraí cuntasaíochta faoin tacaíocht arna soláthar ag ráthaíocht AE faoin Rialachán seo agus iad idirdhealaithe go soiléir ón tacaíocht arna soláthar le ráthaíocht AE faoi Rialachán (AE) 2021/523.

(*9)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).’;"

(3)

in Airteagal 22(1), scriostar an cúigiú fomhír.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/695

In Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/695, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Féadfar an ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais agus a sholáthraíonn BEI trí Shaoráid Fiachais InnovFin a bunaíodh faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 a dheonú chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) a chumhdach chun críocha comhcheangail dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/523 agus féadfar caillteanais an táirge airgeadais, ina gcuimsítear na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus a chumhdaítear leis an tacaíocht chomhcheangailte, a chumhdach léi.

(*10)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).’."

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1153

In Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1153, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Féadfar an ráthaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais agus a chuireann BEI ar fáil trí Ionstraim Fiachais SCE a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a dheonú chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe faoi Rialachán (AE) 2021/523 a chumhdach chun críocha comhcheangail dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/523 agus féadfar caillteanais a chumhdach léi i ndáil leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an tacaíocht chomhcheangailte.’.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2025/3199, 2.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3199/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Nollaig 2025.

(3)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1017/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1316/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i ‘Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)’ agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1290/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1291/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).

(9)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(10)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach don mhargadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2005/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top