Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1572

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1572 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh fógra a thabhairt faoi rún agus le haghaidh fíorú i ndáil le seirbhísí iontaoibhe cáilithe a thionscnamh

C/2025/5051

IO L, 2025/1572, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1572/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1572/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1572

30.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1572 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh fógra a thabhairt faoi rún agus le haghaidh fíorú i ndáil le seirbhísí iontaoibhe cáilithe a thionscnamh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 21(1c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe tosú ar sheirbhís iontaoibhe cháilithe a sholáthar, tabharfaidh siad fógra faoina bhfuil beartaithe acu don chomhlachta maoirseachta in éineacht le tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta arna heisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta ina ndearbhaítear gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Ní mór don chomhlacht maoirseachta a fhíorú an gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin. I gcás ina gcinnfidh an comhlacht maoirseachta go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé na ceanglais sin, deonóidh an comhlacht maoirseachta stádas cáilithe don soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé. Chuige sin, ba cheart do chomhlachtaí maoirseachta faisnéis a chur ar fáil go poiblí faoin gcaoi a bhfuil soláthraithe seirbhísí iontaoibhe le fógra a thabhairt go bhfuil sé beartaithe acu a bheith ina soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe. Chun a áirithiú go n-oibreoidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar théarmaí comhionanna san Aontas, is gá go bhfíoróidh comhlachtaí maoirseachta an cineál céanna faisnéise faoi sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe agus ar an mbealach céanna.

(2)

Ba cheart do chomhlachtaí maoirseachta a bheith trédhearcach maidir leis an gcaoi a bpróiseálann siad an fhaisnéis a chuireann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe san áireamh ina bhfógraí. Dá bhrí sin, ba cheart do na comhlachtaí maoirseachta tuairisc a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí ina leagfar amach conas a fhíoraíonn siad an gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglais ábhartha.

(3)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán 12 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm chun idirthréimhse leordhóthanach a áirithiú do na Ballstáit ionas go mbeidh siad in ann ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh trí na coigeartuithe is gá a dhéanamh maidir le fógraí a thabhairt do na comhlachtaí maoirseachta. Féadfar a áireamh ar na coigeartuithe sin dlíthe náisiúnta, treoirlínte eagraíochtúla agus córais faisnéise náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé a thuairim uaidh an 6 Meitheamh 2025.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Modheolaíocht fíorúcháin

1.   Bunóidh comhlachtaí maoirseachta modheolaíocht chun a fhíorú go gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil sé beartaithe acu tosú ar sheirbhís iontaoibhe cáilithe a sholáthar, na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus in Airteagal 21(2) de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

2.   Áireofar sa mhodheolaíocht fíorúcháin nósanna imeachta agus próisis chun ról a thabhairt d’údaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, a dhéanann gníomhaíochtaí maoirseachta chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí iontaoibhe.

Airteagal 2

Trédhearcacht

Cuirfidh comhlachtaí maoirseachta an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí:

(1)

sonraí teagmhála an chomhlachta maoirseachta;

(2)

na bealaí cumarsáide atá le húsáid nuair a chuireann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe fógra isteach go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le seirbhís iontaoibhe cáilithe a sholáthar;

(3)

liosta na doiciméadachta atá le soláthar ag soláthraithe seirbhísí iontaoibhe mar chuid d’fhógra go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le seirbhís iontaoibhe cáilithe a sholáthar;

(4)

na nósanna imeachta chun gearáin a láimhseáil a bhaineann leis an bpróiseas chun a fhíorú go gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le seirbhís iontaoibhe cáilithe a sholáthar, na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus in Airteagal 21(2) de Threoir (AE) 2022/2555;

(5)

tuairisc ghinearálta ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 3

Fógraí ó sholáthraí seirbhísí iontaoibhe

Soláthróidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina bhfógraí go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le seirbhís iontaoibhe cáilithe a sholáthar:

(1)

i gcás inar duine dlítheanach é an soláthraí seirbhísí iontaoibhe, a ainm agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir chlárúcháin, ainm an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe agus ainm an duine nó na ndaoine a shíníonn nó a thíolacann an fógra thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(2)

i gcás inar duine nádúrtha é an soláthraí seirbhíse iontaoibhe, a ainm agus a uimhir aitheantais phearsanta , agus ina éagmais sin a dháta breithe agus cineál agus uimhir a ndoiciméid aitheantais;

(3)

uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus seoladh poist an tsoláthraí seirbhísí iontaoibhe;

(4)

na hAitheantóirí Aonfhoirmeacha Acmhainne (URI) inar féidir le húsáideoirí faisnéis bhreise a fháil maidir leis an soláthraí seirbhísí iontaoibhe sin, lena n-áirítear na ráitis chleachtais agus na beartais chleachtais, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus na beartais chúraim do chustaiméirí a bhfuil feidhm acu maidir leis an tseirbhís iontaoibhe a bhfuil fógra á thabhairt ina leith;

(5)

an anailís riosca is bun leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (fa) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus an anailís riosca is bun leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555;

(6)

gach seirbhís iontaoibhe cáilithe a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí iontaoibhe tús a chur lena soláthar;

(7)

maidir le gach seirbhís iontaoibhe a bhfuil sé ar intinn ag an soláthraí seirbhísí iontaoibhe tús a chur lena soláthar mar sheirbhís iontaoibhe cáilithe:

aitheantóir amháin nó níos mó, agus i gcás inarb infheidhme, deimhniú amháin nó níos mó de chuid na seirbhíse iontaoibhe, atá le háireamh ar an liosta iontaofa náisiúnta i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

an dáta tosaigh atá beartaithe do sholáthar na seirbhíse iontaoibhe;

tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta de chuid na seirbhíse iontaoibhe agus sonraí teagmhála an chomhlachta um measúnú comhréireachta;

i gcás inarb infheidhme, tuarascálacha teicniúla a thacaíonn leis an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta.

(8)

an plean foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 24(2), pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

Airteagal 4

Fíoruithe arna ndéanamh ag comhlachtaí maoirseachta

1.   Chun a chinneadh an bhfuil ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555 á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus ag an tseirbhís iontaoibhe cáilithe a bhfuil sé beartaithe aige a sholáthar, déanfaidh comhlachtaí maoirseachta anailís ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus féadfaidh siad, sa bhreis ar aon bheart a bhfuil tuairisc orthu sa mhodheolaíocht a bunaíodh de bhun Airteagal 1, fíoruithe ar an láthair a dhéanamh, chomh maith le hagallaimh le hionadaithe an tsoláthraí seirbhísí iontaoibhe agus an chomhlachta um measúnú comhréireachta.

2.   Fíoróidh comhlachtaí maoirseachta na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

léirítear go leordhóthanach sa tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a cuireadh isteach comhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí iontaoibhe agus na seirbhíse iontaoibhe cáilithe a bhfuil sé beartaithe aige a sholáthar leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555;

(b)

comhlíonann an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta arna tíolacadh na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 20(4) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(c)

aon fhaisnéis atá sa tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a cuireadh isteach lena léirítear neamh-chomhréireacht le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(d)

aon fhaisnéis bhreise a mheastar a bheith riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus in Airteagal 21 de Threoir (AE) 2022/2555 a fhíorú.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 19 Lúnasa 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(5)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1572/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top