This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1392
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1392 of 15 July 2025 concerning the authorisation of a preparation of 3-phytase produced with Komagataella phaffii CECT 13171 as a feed additive for poultry species for fattening or reared for laying or for breeding, minor poultry species for breeding, laying hens and pigs for fattening of all Suidae species (holder of authorisation: Fertinagro Biotech S.L.)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1392 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin, béaróg agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1392 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin, béaróg agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.)
C/2025/4650
IO L, 2025/1392, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1392/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1392 |
16.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1392 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Iúil 2025
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin, béaróg agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, muca lena ramhrú agus mionspeicis mhucúla lena ramhrú, agus iarrtar san iarratas sin go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 27 Meán Fómhair 2022 (2) agus an 17 Meán Fómhair 2024 (3) go bhfuil an ullmhóid arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171, go bhfuil na foirmlithe leachtacha agus soladacha araon sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Maidir le sábháilteacht an úsáideora, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir leis an ullmhóid arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171, nach greannaitheoir craicinn ná súl í i gceachtar den dá fhoirm. Thairis sin, luaigh sé nach íogróir deirmeach é foirmliú leachtach na hullmhóide, ach gur íogróir deirmeach é a foirmliú soladach, agus gur cheart a mheas go bhféadfadh sé gur íogróir craicinn agus riospráide iad an dá fhoirmliú. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an ullmhóid arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 éifeachtúil ag 500 FTU/kg (aonad fíotáise) de bheatha i speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh pórúcháin, i muca lena ramhrú agus i mionspeicis mhucúla lena ramhrú agus ag 1 000 FTU/kg de bheatha i mbéaróga. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo i ndáil leis an mbreiseán céanna bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún maidir leis an ullmhóid arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 go gcomhlíonann sí na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin, béaróg agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, arb ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(11):7614. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7614.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22:e9023. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9023.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta. |
|||||||||||||||
|
4a50 |
Fertinagro Biotech S.L. |
3-fíotáis (EC 3.1.3.8) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 ag a bhfuil íosghníomhaíocht: I bhoirm sholadach: 10 000 FTU (1)/g I bhfoirm leachtach: 1 000 FTU/mL. Saintréithriú na substainte gníomhaí 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 Modh anailíse (2) Chun gníomhaíocht 3-fíotáise sa bhreiseán beathaithe, i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chainníochtú:
|
Speiceis éanlaithe clóis lena ramhrú, a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin Mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin Muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae |
- |
500 FTU |
- |
|
an 5 Lúnasa 2035 |
||||||
|
Béaróga |
1 000 FTU |
||||||||||||||
(1) Is é atá in 1 FTU méid na heinsíme lena scaoiltear 1 μmol d’fhosfáit neamhorgánach ó fhíotáit sóidiam in aghaidh an nóiméid ag 37 °C agus pH 5,5.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1392/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)