This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1233
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1233 of 17 June 2025 amending for the 347th time Council Regulation (EC) No 881/2002 imposing certain specific restrictive measures directed against certain persons and entities associated with the ISIL (Da'esh) and Al-Qaida organisations
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1233 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 lena leasaítear den 347ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1233 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 lena leasaítear den 347ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
C/2025/3994
IO L, 2025/1233, 19.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1233/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1233 |
19.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1233 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2025
lena leasaítear den 347ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1), pointe (a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 9 Meitheamh 2025, rinne Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tar éis dó a bhreithniú ar an iarraidh ar dhíliostú arna cur isteach trí Oifig an Ombudsman arna bunú de bhun Rún 1904(2009) ón gComhairle Slándála a thabhairt chun críche, iontráil amháin a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’:
‘Hajjaj Bin Fahd al Ajmi (ainm bréige (a). Hijaj Fahid Hijaj Muhammad Sahib al-Ajmi, (b) Hicac Fehid Hicac Muhammed Sebib al-Acmi, (c) Hajjaj bin-Fahad al-Ajmi, (d) Sheikh Hajaj al-Ajami, (e) Hajaj al-Ajami, (f) Ajaj Ajami). Dáta breithe: 10 Lúnasa 1987. Áit bhreithe: Cuáit. Náisiúntacht: Cuátach. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 15.8.2014.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1233/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)