This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0924
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/924 of 19 May 2025 making imports of certain cast iron articles originating in India and Türkiye subject to registration
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/924 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 lena gcuirtear allmhairí earraí áirithe d’iarann teilgthe de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce faoi réir a gcláraithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/924 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 lena gcuirtear allmhairí earraí áirithe d’iarann teilgthe de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce faoi réir a gcláraithe
C/2025/3044
IO L, 2025/924, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/924/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/924 |
20.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/924 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Bealtaine 2025
lena gcuirtear allmhairí earraí áirithe d’iarann teilgthe de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’) agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Feabhra 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí earraí áirithe d’iarann teilgthe de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce isteach san Aontas. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí tar éis do EUROFONTE gearán a chur isteach an 13 Eanáir 2025 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán earraí áirithe d’iarann teilgthe an Aontais acu. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) earraí áirithe d’iarann teilgthe graifíte lannógaí (iarann liath) nó d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí (ar a dtugtar iarann teilgthe insínte freisin), agus codanna de na hearraí sin. |
|
(4) |
Tá na hearraí sin de chineál a úsáidtear mar a leanas:
|
|
(5) |
Is féidir na hearraí a bheith meaisínithe, brataithe, péinteáilte agus/nó feistithe le hábhair eile amhail coincréit, leaca pábhála, nó tíleanna, ach gan a bheith teoranta dóibh. |
|
(6) |
Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann:
|
|
(7) |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chóid AC ex 7325 10 00 agus ex 7325 99 10 (cóid TARIC 7325 10 00 31 agus 7325 99 10 60). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
2. CLÁRÚ
|
(8) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(9) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(10) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé. |
|
(11) |
De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, measadh corrlaigh dhumpála idir 17,6 % agus 44,3 % don India agus idir 52,9 % agus 61,2 % don Tuirc agus leibhéal díothaithe díobhála idir 106 % agus 113 % maidir leis an India agus idir 45 % agus 97 % maidir leis an Tuirc agus le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(12) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás earraí áirithe d’iarann teilgthe graifíte lannógaí (iarann liath) nó d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí (ar a dtugtar iarann teilgthe insínte freisin), agus codanna de na hearraí sin ar de thionscnamh na hIndia agus na Tuirce iad.
Tá na hearraí sin de chineál a úsáidtear mar a leanas:
|
— |
chun córais talún nó córais faoi dhromchla, agus/nó oscailtí chuig córais talún nó córais faoi dhromchla, a chlúdach, agus freisin |
|
— |
chun rochtain ar chórais talún nó ar chórais faoi dhromchla a sholáthar agus/nó chun radharc ar chórais talún nó ar chórais faoi dhromchla a sholáthar. |
Is féidir na hearraí a bheith meaisínithe, brataithe, péinteáilte agus/nó feistithe le hábhair eile amhail coincréit, leaca pábhála, nó tíleanna, ach gan a bheith teoranta dóibh.
Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann:
|
— |
grátaí cainéil agus bairr theilgthe atá faoi réir chaighdeán EN 1433 agus atá le feistiú mar chomhpháirt ar chainéil pholaiméire, phlaistigh, cruach ghalbhánaithe nó choincréite chun a ligean d’uisce dromchla sreabhadh isteach sa chainéal, |
|
— |
draenacha urláir, draenacha dín, oscailtí glantacháin agus clúdaigh d’oscailtí glantacháin atá faoi réir chaighdeán EN 1253, |
|
— |
iarainn runga, eochracha ardaithe, agus hiodraint dóiteáin. |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chóid AC ex 7325 10 00 agus ex 7325 99 10 (cóid TARIC 7325 10 00 31 agus 7325 99 10 60). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2025/1276, 26.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1276/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/924/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)