This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0910
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/910 of 20 May 2025 concerning the non-renewal of the approval of the active substance flufenacet, in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council, and amending Commission Implementing Regulations (EU) No 540/2011 and (EU) 2015/408
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/910 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/910 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún
C/2025/3070
IO L, 2025/910, 21.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/910/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/910 |
21.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/910 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Bealtaine 2025
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2003/84/CE ón gCoimisiún (2), cuimsíodh fluifeanaicéat mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a chuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Meitheamh 2025. |
(4) |
Cuireadh iarratas faoi bhráid na Polainne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Fraince, an Ballstát is comhrapóirtéir, ar fhormheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. Tá feidhm fós ag an Rialachán sin chun críocha an nós imeachta maidir le formheas fluifeanaicéit a athnuachan de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (6). |
(5) |
Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 7 Meitheamh 2017. Sa dréacht-tuarascáil sin maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir nach ndéanfaí formheas fluifeanaicéit a athnuachan. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(8) |
An 29 Lúnasa 2024, chuir an tÚdarás an chonclúid (7) uaidh in iúl don Choimisiún i dtaobh an féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh fluifeanaicéat na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(9) |
Shainaithin an tÚdarás roinnt ábhair imní. Go háirithe, tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann fluifeanaicéat na critéir chun é a shainaithint mar shuaiteoir inchríneach i gcás daoine agus orgánaigh nach spriocorgánaigh iad maidir le módúlacht na faireoga tíoróidigh agus nach bhfuil sé léirithe gur diomaibhseach é nochtadh an duine agus nochtadh orgánach nach spriocorgánaigh iad don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí, faoi choinníollacha úsáide réalaíocha atá beartaithe. |
(10) |
Shainaithin an tÚdarás go bhféadfadh an mheitibilít fluifeanaicéit aigéad trífhluaraicéiteach screamhuisce a éilliú ar leibhéil a sháraíonn go suntasach an teorainn reachtúil 0,1 μg/l, dá bhforáiltear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), faoi gach cás ábhartha maidir le measúnú ar screamhuisce le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha uile a ndearnadh measúnú orthu. Tá feidhm ag an teorainn sin maidir le meitibilítí atá ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta de mar a shainmhínítear in Airteagal 3(32) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus i gcomhréir le pointe 2.5.1.2 (i) de Chuid A de na prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 546/2011 ón gCoimisiún (9). |
(11) |
Maidir le hairíonna tocsaineolaíocha intreacha na meitibilíte sin, tugtar faoi deara gur nuashonraigh cláraithe áirithe aigéid thrífhluaraicéitigh agus a shalann faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a sainchomhaid chlárúcháin chun a thabhairt le fios go gcomhlíonann na substaintí sin na critéir maidir lena n-aicmiú mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 2 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Thairis sin, chuir údaráis na Gearmáine togra isteach maidir le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe aigéid thrífhluaraicéitigh mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1B faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Ar deireadh, i gcomhréir leis an Treoirdhoiciméad is infheidhme maidir le measúnú a dhéanamh ar ábharthacht meitibilítí i screamhuisce (12), na meitibilítí a láisteann isteach i screamhuisce atá incháilithe d’aicmiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 de bharr a dtocsaineachta atáirgthe, gan beann ar an gcatagóir, meastar go bhfuil na meitibilítí sin ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta de. Bunaithe ar na heilimintí sin, measann an Coimisiún gur meitibilít atá ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta de aigéad trífhluaraicéiteach agus tá ardacmhainneacht aige screamhuisce a éilliú. Dá bhrí sin, níor léiríodh, i bhfianaise an eolais reatha eolaíoch agus theicniúil, nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha ag fluifeanaicéat ar screamhuisce ná nach mbeadh aon éifeacht do-ghlactha aige ar an gcomhshaol. |
(12) |
Shainaithin an tÚdarás freisin ardriosca d’algaí in ocht as naoi gcás ábhartha le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha uile fluifeanaicéit. Ós rud é go measann an tÚdarás go bhfuil aon chás amháin inghlactha, ní bhaintear de thátal as sainaithint den sórt sin nach gcomhlíonann fluifeanaicéat na critéir athnuachana. |
(13) |
Thairis sin, maidir leis an measúnú ar ábharthacht meitibilítí fluifeanaicéit, seachas aigéad trífhluaraicéiteach, i screamhuisce agus an measúnú ar rioscaí do thomhaltóirí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nárbh fhéidir na measúnuithe sin a chur i gcrích de bharr na heaspa sonraí atá ann maidir le nochtadh do mheitibilítí áirithe. |
(14) |
An 4 Nollaig 2024 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
(15) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus tugadh aird chuí orthu. |
(16) |
D’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní maidir leis an tsubstaint ghníomhach fluifeanaicéat a chur as an áireamh. |
(17) |
Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil fluifeanaicéat, níl sé suite go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (b), den Rialachán sin. |
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(19) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (13), liostaíodh fluifeanaicéat mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú. I bhfianaise an neamh-athnuachana ar fhormheas fluifeanaicéit, níl an liostú sin ábhartha a thuilleadh. Dá réir sin, ba cheart fluifeanaicéat a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408. |
(20) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil fluifeanaicéat a tharraingt siar. |
(21) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil fluifeanaicéat, i gcás ina ndeonódh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 18 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(22) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún (14), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh fluifeanaicéit go dtí an 15 Meitheamh 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachadh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndéantar cinneadh maidir le neamh-athnuachan ar an bhformheas roimh dháta éaga na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
(23) |
Leis an Rialachán seo ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach fluifeanaicéat a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(24) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí fluifeanaicéat a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 65 maidir le fluifeanaicéat.
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408
Scriostar an iontráil a bhaineann le fluifeanaicéat ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil fluifeanaicéat mar shubstaint ghníomhach faoin 10 Nollaig 2025.
Airteagal 5
Tréimhse chairde
Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 10 Nollaig 2026.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Treoir 2003/84/CE ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun flurtamón, fluifeanaicéat, iadasulfúrón, démheitéanaimíd-p, piococsastróibin, foistiasáit agus siltiafam a chuimsiú mar shubstaintí gníomhacha (IO L 247, 30.9.2003, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/84/oj).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiúin (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).
(7) EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2024. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach fluifeanaicéat (EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22(9):8997, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8997).
(8) Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/118/oj).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 546/2011 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 155, 11.6.2011, lch. 127, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/546/oj).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).
(12) Treoirdhoiciméad maidir le measúnú a dhéanamh ar ábharthacht meitibilítí substaintí a rialaítear faoi Threoir 91/414/CEE ón gComhairle i screamhuisce ( doiciméad Sanco/221/2000 — rev.10 an 25 Feabhra 2003, https://food.ec.europa.eu/system/files/2016-10/pesticides_ppp_app-proc_guide_fate_metabolites-groundwtr.pdf).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/408/oj).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beansulfúrón, clóirmeacuat, clóratolúrón, clómasón, daimínisíd, deiltemheitrin, eoigeanól, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, fluimeitrilin, foistiasáit, géiréiniól, MCPA, MCPB, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, o-nítrifeanóláit sóidiam, p-nítrifeanóláit sóidiam, fluairíd sulfairile, teabúifeinpiorad, tíomól agus tríteasulfúrón (IO L 224, 12.9.2023, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1757/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/910/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)