Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0884

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/884 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 a mhéid a bhaineann le táillí a bhaineann leis an maoirseacht a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar sholáthraithe teilitéipe comhdhlúite

C/2025/2687

IO L, 2025/884, 2.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/884/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/884/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/884

2.9.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/884 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 a mhéid a bhaineann le táillí a bhaineann leis an maoirseacht a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar sholáthraithe teilitéipe comhdhlúite

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 38n(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 ón gCoimisiún (2), sonraítear na táillí a bhaineann leis an maoirseacht a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Bhí raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin teoranta do shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus do shásraí tuairiscithe formheasta atá faoi réir mhaoirseacht ESMA. Le raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin, níor cumhdaíodh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí eile atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, lena n-áirítear soláthraithe teilitéipe comhdhlúite (‘CTPanna’). Bhí an raon feidhme sin teoranta mar gheall nach raibh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí ag soláthar seirbhísí teilitéipe comhdhlúite san Aontas agus mar gheall ar an athbhreithniú a bhí ar feitheamh le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, a leasaíodh le Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘athchóiriú MiFIR’). Tháinig athchóiriú MiFIR i bhfeidhm an 28 Márta 2024.

(2)

Le hathchóiriú MiFIR, cuireadh deireadh leis na bacainní a bhí ar theacht chun cinn CTPanna san Aontas agus leagadh síos amlíne le haghaidh ESMA chun CTP le haghaidh bannaí, CTP le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán agus CTP le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar a roghnú agus a údarú. I bhfianaise an phróisis údaraithe CTP atá ar na bacáin, is gá raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 a leasú chun a áirithiú go gcumhdófar leis gach soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí atá faoi réir mhaoirseacht ESMA, lena n-áirítear CTPanna.

(3)

Ba cheart táille údaraithe sheasta agus táille mhaoirseachta bhliantúil a bheith i gceist leis na táillí maoirseachta le haghaidh CTPanna, d’fhonn na costais uile a bhaineann leis na cúraimí atá nasctha lena n-údarú agus lena maoirseacht leanúnach a chumhdach. Ní údaraítear CTPanna ach amháin nuair a roghnaítear iad i nós imeachta roghnúcháin iomaíoch arna eagrú ag ESMA i gcomhréir le hAirteagail 27da agus 27db de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Mar thoradh air sin, nuair a dhéanfaidh CTPanna iarratas ar údarú, beidh caidreamh bunaithe acu cheana féin le ESMA agus dá bhrí sin níor cheart táille iarratais ar leithligh a ghearradh orthu.

(4)

Leis an táille mhaoirseachta bhliantúil a ghearrann ESMA ar CTPanna, ba cheart, mar riail ghinearálta, gach gníomhaíocht a dhéantar i dtaca lena maoirseacht a chumhdach. Chun na críche sin, gach bliain, ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh ar na costais mhaoirseachta dhíreacha agus indíreacha i ndáil le CTPanna, lena n-áirítear an costas d’fhoireann ESMA a leithdháiltear go díreach ar chúraimí maoirseachta agus costas na seirbhísí cothrománacha, amhail an costas a bhaineann leis an tacaíocht oibríochtúil agus riaracháin a sholáthraítear do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu le cúraimí maoirseachta. Le measúnú den sórt sin, ba cheart é a bheith ar a chumas do ESMA táille a ghearradh ar gach CTP aonair, táille lena gcumhdaítear na costais sin agus atá comhréireach lena ioncam i gcomparáid le hioncam iomlán gach CTP. Ioncam CTP a bhaineann le gníomhaíochtaí atá coimhdeach go díreach le croísheirbhísí, ba cheart é sin a chumhdach i ríomh an láimhdeachais is infheidhme más dócha go mbeidh tionchar ag maoirseacht ESMA ar an CTP sin agus mura gcumhdaítear é cheana le gníomhaíochtaí maoirseachta ar leithligh. Chun teacht le costais mhaoirseachta mheasta ESMA, ba cheart na táillí maoirseachta bliantúla a choigeartú gach bliain. Ba cheart táillí maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta ESMA a dhéantar i ndáil le CTPanna a shocrú ar leibhéal lena seachnófaí easnamh nó carnadh mór barrachais. I gcás inarb ann do bharrachas nó d’easnamh athfhillteach, ba cheart leibhéal na dtáillí a athbhreithniú.

(5)

Ceanglaítear le hAirteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith i mbliain áirithe (n) le cinneadh ar bhonn a láimhdeachais is infheidhme. Tá an láimhdeachas is infheidhme sin le ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán Tarmligthe sin, lena gceanglaítear, mar riail, go bhfuil an láimhdeachas is infheidhme le ríomh ar bhonn chuntais iniúchta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin le haghaidh na bliana (n-2). I gcás CTPanna a bheidh ag soláthar seirbhísí den chéad uair, ní bheidh aon sonraí láimhdeachais iontaofa is infheidhme ann chun an táille mhaoirseachta bhliantúil a ríomh sa chéad 2 bhliain oibríochta. Dá bhrí sin, tá gá le córas speisialta le haghaidh na tréimhse sin, córas atá bunaithe ar tháille mhaoirseachta bhliantúil sheasta. Chun cruthú bacainní ar iontráil sa mhargadh a chosc agus chun comhréireacht a áirithiú, agus meastachán ar an gcaiteachas is gá chun na cúraimí maoirseachta a bhaineann le CTPanna a dhéanamh á léiriú, ba cheart an táille sheasta sin a shocrú ag EUR 400 000. Sa chéad bhliain oibríochta, ba cheart an táille sin a chur i bhfeidhm ar bhonn pro rata.

(6)

Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir CTPanna a chuireann tús le hoibríochtaí sa chéad leath den bhliain agus CTPanna a chuireann tús le hoibríochtaí sa dara leath den bhliain. I gcás CTPanna a chuireann tús le hoibríochtaí sa chéad leath den bhliain, sa bhliain oibríochta sin, ba cheart an táille mhaoirseachta bhliantúil a chinneadh ar bhonn chur i bhfeidhm pro rata na táille maoirseachta bliantúla seasta. Sa dara bliain, ba cheart do na CTPanna sin méid iomlán na táille maoirseachta bliantúla seasta a íoc. Ón tríú bliain ar aghaidh, níor cheart na CTPanna sin a bheith faoi réir an chórais speisialta a thuilleadh agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh an ghnáth-tháille mhaoirseachta bhliantúil a íoc. I gcás CTPanna a chuireann tús le hoibríochtaí sa dara leath den bhliain, sa bhliain oibríochta sin, ba cheart an táille mhaoirseachta bhliantúil a chinneadh ar bhonn chur i bhfeidhm pro rata na táille maoirseachta bliantúla seasta. Sa dara agus sa tríú bliain, ba cheart do na CTPanna sin méid iomlán na táille maoirseachta bliantúla seasta a íoc. Is gá an córas speisialta do na CTPanna sin a shíneadh go dtí an tríú bliain ós rud é gur dócha nach n-oibreoidh siad ach ar feadh tréimhse an-teoranta sa chéad bhliain. Ón gceathrú bliain ar aghaidh, níor cheart na CTPanna sin a bheith faoi réir an chórais speisialta a thuilleadh agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh an ghnáth-tháille mhaoirseachta bhliantúil a íoc.

(7)

Le haghaidh na tréimhse idir dáta údaraithe CTP agus an dáta a thiocfaidh an CTP sin chun bheith oibríochtúil, i gcás nach ionann na dátaí sin, ba cheart don CTP táille mhaoirseachta a íoc ar bhonn chur i bhfeidhm pro rata na táille údaraithe seasta chun na costais arna dtabhú ag ESMA trí na nithe seo a leanas a dhéanamh a chumhdach: (i) maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin an CTP le linn na tréimhse sin, go háirithe chun a áirithiú go gcuirfear socruithe conarthacha iomchuí agus comhéadain dhigiteacha éifeachtacha i bhfeidhm le rannchuiditheoirí sonraí, (ii) faireachán agus stiúradh a dhéanamh ar chur chun feidhme tráthúil na bhfeidhmiúlachtaí ábhartha ionghabhála sonraí agus infhaighteachta sonraí ag an CTP, (iii) measúnú a dhéanamh ar ullmhacht theicniúil an CTP, agus (iv) faireachán a dhéanamh ar ionduchtú na bpáirtithe uile lena mbaineann agus ar a gcuid sonraí.

(8)

Níor cheart feidhm a bheith ag an gcóras speisialta atá bunaithe ar tháille mhaoirseachta bhliantúil sheasta maidir le CTPanna a thairgeann seirbhísí CTPanna cheana féin don aicme sócmhainní chéanna agus a roghnaítear le haghaidh na haicme sócmhainní sin go ceann 5 bliana eile.

(9)

I gcás ina bhfuil CTP amháin ar a laghad faoi réir an chórais speisialta atá bunaithe ar tháille mhaoirseachta bhliantúil sheasta agus nach bhfuil CTP amháin eile ar a laghad faoi réir an chórais speisialta sin a thuilleadh, ní féidir an mhodheolaíocht chun táillí maoirseachta bliantúla a ríomh ar bhonn an láimhdeachais is infheidhme a úsáid. Is gá, dá bhrí sin, modheolaíocht a leagan síos chun an táille mhaoirseachta bhliantúil a chinneadh le haghaidh gach ceann de na CTPanna nach bhfuil faoin gcóras speisialta sin a thuilleadh, modheolaíocht nár cheart a chur san áireamh léi ach an caiteachas measta a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoirseachta maidir leis na CTPanna sin agus a láimhdeachas is infheidhme.

(10)

Chun a áirithiú go ndéanfar láimhdeachas is infheidhme na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a ríomh ar bhealach comhchuibhithe, ba cheart do ESMA ioncaim na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a shloinntear in airgeadra seachas an euro a chomhshó go euro. Chun na críche sin, ba cheart do ESMA ráta tagartha oifigiúil arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach a úsáid.

(11)

I gcásanna ina dtiocfaidh socrú formheasta maidir le foilsiú ar leith nó sásra tuairiscithe formheasta ar leith faoi réir mhaoirseacht ESMA tar éis an athmheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún (4), is gá an mhodheolaíocht, atá le húsáid chun an táille mhaoirseachta bhliantúil a ríomh le haghaidh na bliana ina dtiocfaidh an socrú formheasta maidir le foilsiú nó an sásra tuairiscithe formheasta faoi réir mhaoirseacht ESMA, a shonrú.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán Tarmligthe seo maidir le ‘soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (36a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, atá faoi réir mhaoirseacht ESMA.’

;

(2)

Cuirtear isteach an tAirteagal 1a seo a leanas:

‘Airteagal 1a

Aisghabháil costas maoirseachta ina n-iomlán

Cumhdófar an méid seo a leanas leis na táillí a ghearrfar ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí:

(a)

na costais dhíreacha agus indíreacha uile a bhaineann le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí ag ESMA i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(b)

na costais uile a bhaineann le haisíocaíocht na n-údarás inniúil a rinne obair de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o den Rialachán sin.’

;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 2 agus 3:

‘Airteagal 2

Táillí iarratais agus údaraithe

I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí iarratas ar údarú chun seirbhísí tuairiscithe a sholáthar, íocfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

i gcás socruithe formheasta maidir le foilsiú agus sásraí tuairiscithe formheasta, táille iarratais EUR 20 000 le haghaidh an chéad iarratais agus EUR 10 000 le haghaidh gach iarratais ina dhiaidh sin ar údarú maidir le seirbhísí breise tuairiscithe sonraí;

(b)

i gcás socruithe formheasta maidir le foilsiú agus sásraí tuairiscithe formheasta, táille údaraithe EUR 80 000 le haghaidh an chéad údaraithe agus EUR 40 000 le haghaidh gach údaraithe ina dhiaidh sin maidir le seirbhísí breise tuairiscithe sonraí;

(c)

i gcás CTPanna, táille údaraithe EUR 100 000 le haghaidh an chéad údaraithe agus EUR 50 000 le haghaidh gach údaraithe ina dhiaidh sin maidir le seirbhísí breise tuairiscithe sonraí.

‘Airteagal 3

Táillí maoirseachta bliantúla le haghaidh socruithe formheasta maidir le foilsiú agus sásraí tuairiscithe formheasta

1.   Gearrfar táille mhaoirseachta bhliantúil ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta atá faoi réir mhaoirseacht ESMA.

2.   Déanfar an táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán agus an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh socrú formheasta maidir le foilsiú áirithe nó sásra tuairiscithe formheasta áirithe a ríomh mar a leanas:

(a)

is é a bheidh sa táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán le haghaidh bliain áirithe (n) meastachán ar an gcaiteachas a bhaineann leis an maoirseacht ar ghníomhaíochtaí socruithe formheasta maidir le foilsiú agus sásraí tuairiscithe formheasta faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a áirítear i mbuiséad ESMA don bhliain sin;

(b)

is é a bheidh i dtáille mhaoirseachta bhliantúil i ndáil le socrú formheasta maidir le foilsiú nó sásra tuairiscithe formheasta le haghaidh bliain áirithe (n) an táille mhaoirseachta iomlán arna gcinneadh de bhun phointe (a) arna roinnt idir na socruithe formheasta maidir le foilsiú uile agus na sásraí tuairiscithe formheasta uile arna n-údarú i mbliain (n), i gcoibhneas lena láimhdeachas is infheidhme arna ríomh de bhun Airteagal 4.

3.   I gcás ar bith, ní íocfaidh socrú formheasta maidir le foilsiú nó sásra tuairiscithe formheasta arna údarú ag ESMA táille mhaoirseachta bhliantúil is lú ná EUR 30 000.

I gcás ina bhfuil socrú formheasta maidir le foilsiú nó sásra tuairiscithe formheasta faoi réir táillí maoirseachta íosta maidir le níos mó na seirbhís tuairiscithe sonraí amháin, íocfaidh sé an táille mhaoirseachta íosta as gach seirbhís a chuirtear ar fáil.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, agus gan dochar d’Airteagal 2, beidh táille na chéad bliana le haghaidh socruithe formheasta maidir le foilsiú nó sásraí tuairiscithe formheasta cothrom le méid na táille údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), arna iolrú faoi fhachtóir atá cothrom leis na laethanta idir an t-údarú agus deireadh na bliana, arna roinnt ar an líon iomlán laethanta sa bhliain sin. Dá bhrí sin, ríomhfar táille mhaoirseachta bhliantúil na chéad bliana mar a leanas:

Táille na chéad bliana le haghaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí = Táille údaraithe * Comhéifeacht

Comhéifeacht =

Formula

I gcás socrú formheasta maidir le foilsiú nó sásra tuairiscithe formheasta a údaraítear le linn mhí na Nollag, ní íocfaidh sé táille mhaoirseachta na chéad bliana.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, i gcás inarb é a thagann as an athmheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún maolú ar mhaoirseacht ESMA ar shocrú formheasta maidir le foilsiú nó ar shásra tuairiscithe formheasta, maidir leis an táille bhliantúil mhaoirseachta le haghaidh na bliana ina mbeidh feidhm ag an maolú, déanfar í a ríomh le haghaidh na 5 mhí sa bhliain sin, agus le haghaidh na 5 mhí sin amháin, ar lena linn a leanfaidh ESMA de bheith ina mhaoirseoir ar an socrú formheasta maidir le foilsiú nó ar an sásra tuairiscithe formheasta i gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 (*1).

6.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, i gcás inarb é a thagann as an athmheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 maoirseacht ESMA ar shocrú formheasta maidir le foilsiú nó ar shásra tuairiscithe formheasta, maidir leis an táille bhliantúil mhaoirseachta le haghaidh na bliana ina thosóidh feidhm a bheith ag an maolú, déanfar í a ríomh le haghaidh na 7 mí sa bhliain sin, agus le haghaidh na 7 mhí sin amháin, ar lena linn arb é ESMA ina mhaoirseoir ar an socrú formheasta maidir le foilsiú nó ar an sásra tuairiscithe formheasta i gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466.’;

(*1)  Rialacháin Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a shonrú le haghaidh mhaolú an phrionsabail gurb é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a dhéanfaidh maoirseacht ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta (OJ L 96 24.3.2022 lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/466/oj).’;"

(4)

Cuirtear isteach an tAirteagal 3a seo a leanas:

‘Airteagal 3a

Táillí maoirseachta bliantúla le haghaidh CTPanna

1.   Gearrfar táille mhaoirseachta bhliantúil ar CTP atá faoi réir mhaoirseacht ESMA.

2.   Déanfar an táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán agus an táille mhaoirseachta bhliantúil ar gach CTP aonair a ríomh mar a leanas:

(a)

is é a bheidh sa táille bhliantúil iomlán le haghaidh bliain áirithe (n) meastachán ar an gcaiteachas a bhaineann leis an maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na CTPanna faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a áirítear i mbuiséad ESMA don bhliain sin;

(b)

is é a bheidh sa táille mhaoirseachta bhliantúil maidir le CTP sonrach i mbliain áirithe (n) an táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán maidir le gach CTP arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) arna roinnt idir gach CTP arna n-údarú i mbliain (n), i gcomhréir lena láimhdeachas is infheidhme arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4.

3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina dtiocfaidh CTP chun bheith oibríochtúil roimh an 1 Iúil i mbliain áirithe (n), ríomhfar an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh an CTP sin le haghaidh na mblianta (n) agus (n+1) mar a leanas:

(a)

maidir le bliain (n), beidh feidhm ag míreanna 4 agus 5;

(b)

maidir le bliain (n+1), is é EUR 400 000 a bheidh sa táille mhaoirseachta bhliantúil.

De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina dtiocfaidh CTP chun bheith oibríochtúil an 1 Iúil i mbliain áirithe (n) nó ina dhiaidh sin, ríomhfar an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh na mblianta (n), (n+1) agus (n+2) mar a leanas:

(a)

maidir le bliain (n), beidh feidhm ag míreanna 4 agus 5;

(b)

maidir le blianta (n+1) agus (n+2), is é EUR 400 000 a bheidh sa táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh gach bliana.

Measfar go mbeidh CTP oibríochtúil lá an údaraithe arna dheonú ag ESMA de bhun Airteagal 27db de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó ar an lá tar éis dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 27db(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, i gcás ina ndeonaíonn ESMA an idirthréimhse sin.

4.   Beidh an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh na bliana (n) dá dtagraítear i mír 3 cothrom le méid na táille maoirseachta bliantúla EUR 400 000 arna iolrú faoi fhachtóir atá cothrom leis na laethanta idir an lá a thiocfaidh CTP chun bheith oibríochtúil agus deireadh na bliana (n), arna roinnt ar líon iomlán na laethanta sa bhliain sin. Dá bhrí sin, ríomhfar an táille mhaoirseachta bhliantúil mar a leanas:

Táille CTP le haghaidh na bliana (n) = EUR 400 000 × Comhéifeacht

Comhéifeacht =

Formula

5.   Gan dochar d’Airteagal 2, i gcás ina mbeidh idirthréimhse deonaithe ag ESMA do CTP de bhun Airteagal 27db(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, áireofar leis an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh na bliana (n) táille le haghaidh na laethanta idir lá an údaraithe agus an lá a thiocfaidh CTP chun bheith oibríochtúil. Beidh an táille sin cothrom le méid na táille údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), arna iolrú faoi fhachtóir atá cothrom leis na laethanta idir lá an údaraithe agus an lá a thiocfaidh CTP chun bheith oibríochtúil, arna roinnt ar líon iomlán na laethanta i mbliain (n). Dá bhrí sin, ríomhfar an táille mar a leanas:

Táille CTP le haghaidh na laethanta idir an t-údarú agus an lá a thiocfaidh CTP chun bheith oibríochtúil = Táille údaraithe * Comhéifeacht

Comhéifeacht =

Formula

6.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina ríomhfar an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh CTP amháin ar a laghad i gcomhréir le mír 3 agus nach ríomhfar an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh CTP amháin eile ar a laghad i gcomhréir leis an mír sin, déanfar an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh an CTP eile sin nó le haghaidh na CTPanna eile sin a ríomh mar a leanas:

(a)

is é a bheidh sa táille bhliantúil iomlán le haghaidh bliain áirithe (n) meastachán ar an gcaiteachas a bhaineann leis an maoirseacht ar ghníomhaíochtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, gníomhaíochtaí na CTPanna uile nach ríomhtar a dtáillí maoirseachta bliantúla i gcomhréir le mír 3, mar a áirítear i mbuiséad ESMA le haghaidh na bliana sin;

(b)

is é a bheidh sa táille mhaoirseachta bhliantúil maidir le CTP sonrach i mbliain áirithe (n) an táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán maidir le gach CTP arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) arna roinnt idir gach CTP arna n-údarú i mbliain (n) nach ríomhtar a dtáillí maoirseachta bliantúla i gcomhréir le mír 3, i gcomhréir lena láimhdeachas is infheidhme arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4.’

;

(5)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach na pointí (e) agus (f) seo a leanas:

‘(e)

ioncam a ghintear as seirbhísí CTP;

(f)

ioncam a ghintear as sheirbhísí coimhdeacha le haghaidh seirbhísí CTP.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Is é a bheidh i láimhdeachas is infheidhme an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le haghaidh bliain áirithe (n) suim na nithe seo a leanas:

(a)

ioncam an tsoláthraí a ghintear as na príomhfheidhmeanna a bhaineann le seirbhísí sásra tuairiscithe formheasta, seirbhísí socraithe formheasta maidir le foilsiú nó seirbhísí a sholáthar ar bhonn chuntais iniúchta na bliana (n-2), nó, i gcás nach bhfuil na cuntais iniúchta sin ar fáil go fóill, ar bhonn chuntais na bliana roimhe sin (n-3) agus

(b)

ioncam is infheidhme an tsoláthraí as seirbhísí coimhdeacha ar bhonn chuntais iniúchta na bliana (n-2) nó, i gcás nach bhfuil na cuntais iniúchta sin ar fáil go fóill, ar bhonn chuntais na bliana roimhe sin (n-3),

arna roinnt ar shuim na nithe seo a leanas:

(c)

ioncam iomlán na sásraí tuairiscithe formheasta, na socruithe formheasta maidir le foilsiú nó na CTPanna údaraithe uile a ghintear as príomhfheidhmeanna maidir le seirbhísí sásra tuairiscithe formheasta, socraithe formheasta maidir le foilsiú nó CTP a sholáthar ar bhonn an chuntais iniúchta le linn na bliana (n-2) nó, i gcás nach bhfuil na cuntais iniúchta sin ar fáil go fóill, ar bhonn chuntais na bliana roimhe sin (n-3) agus

(d)

an t-ioncam iomlán is infheidhme as seirbhísí coimhdeacha na sásraí tuairiscithe formheasta, na socruithe formheasta maidir le foilsiú nó na CTPanna uile ar bhonn chuntais iniúchta na bliana (n-2) nó, i gcás nach bhfuil na cuntais iniúchta sin ar fáil go fóill, ar bhonn chuntais na bliana roimhe sin (n-3).’

;

(c)

cuirtear an mhír 5 seo a leanas isteach:

‘5.   I gcás ina dtuairisceofar an t-ioncam dá dtagraítear i mír 1 in airgeadra eile seachas an euro, déanfaidh ESMA an t-ioncam sin a chomhshó go euro trí úsáid a bhaint as an meánráta malairte eachtraí euro is infheidhme maidir leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam.

Chun na críche sin, úsáidfidh ESMA an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.’

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a bhaineann le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (IO L 162, 17.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/930/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, le deireadh a chur le bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe (IO L, 2024/791, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a shonrú le haghaidh mhaolú an phrionsabail gurb é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a dhéanfaidh maoirseacht ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta (IO L 96, 24.3.2022, lch. 1). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/466/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/884/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top