This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0723
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/723 of 6 February 2025 supplementing Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council by laying down detailed rules for the yearly calculation of price differences between eligible aviation fuels and fossil kerosene and for the EU ETS allocation of allowances for the use of eligible aviation fuels
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/723 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le ríomh bliantúil na ndifríochtaí sa phraghas idir breoslaí eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise agus maidir le leithdháileadh lamháltas CTA AE le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/723 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le ríomh bliantúil na ndifríochtaí sa phraghas idir breoslaí eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise agus maidir le leithdháileadh lamháltas CTA AE le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe
C/2025/681
IO L, 2025/723, 16.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/723/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/723 |
16.4.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/723 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Feabhra 2025
lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le ríomh bliantúil na ndifríochtaí sa phraghas idir breoslaí eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise agus maidir le leithdháileadh lamháltas CTA AE le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 3c(6), an seachtú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déantar gníomhaíochtaí eitlíochta a áireamh sa chóras i ndáil le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (‘CTA AE’) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE. |
(2) |
Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh Treoir 2003/87/CE a leasú chun í a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ina socraítear sprioc mar atá laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990. |
(3) |
Chun tacú leis an aistriú ó úsáid breoslaí iontaise agus chun dícharbónú aeriompair tráchtála a dhreasú, tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958 tacaíocht CTA bhreise trí uasmhéid 20 milliún lamháltas a chur i leataobh lena leithdháileadh chun cuid den difríocht sa phraghas atá fágtha idir ceirisín iontaise agus na breoslaí eitlíochta incháilithe a úsáideann oibreoirí aeriompair tráchtála ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030 a chumhdach. |
(4) |
An cúlchiste 20 milliún lamháltas, is as líon iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i leith oibreoirí aerárthaí a thagann sé agus tá sé le leithdháileadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, lena úsáid le haghaidh breoslaí eitlíochta incháilithe a úsáidtear ar eitiltí a chumhdaítear le hoibleagáid tabhairt suas CTA AE agus le heitiltí a chumhdaítear le hAirteagal 3c(8) de Threoir 2003/87/CE agus le haghaidh na mbreoslaí sin amháin. |
(5) |
Leithdháileadh an 20 milliún lamháltas atá curtha i leataobh chun tacú le cur ar bord breoslaí eitlíochta incháilithe, chun an méid sin a chur i ngníomh ba cheart na rialacha mionsonraithe maidir le ríomh bliantúil na difríochta sa phraghas idir breoslaí eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise agus na rialacha mionsonraithe maidir le leithdháileadh na lamháltas sin a leagan síos. |
(6) |
Chun na hiarrachtaí riaracháin a cheanglaítear ar oibreoirí aerárthaí tráchtála agus ar údaráis inniúla a íoslaghdú, ba cheart oibreoirí aerárthaí tráchtála a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh lamháltas ach úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe a thuairisciú ina dtuarascáil astaíochtaí bhliantúil. Chun gur féidir próiseas cuíchóirithe agus leithdháileadh tráthúil a bheith ann, níor cheart a mheas go bhfuil an t-iarratas bailí ach amháin i gcás inar cuireadh isteach an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil faoin 31 Márta gach bliain mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (4). Chun go mbeidh oibreoirí aerárthaí tráchtála in ann úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe a thuairisciú ar chúiseanna trédhearcachta nó ar chúiseanna eile gan iarratas a dhéanamh ar lamháltais, ba cheart oibreoirí aerárthaí tráchtála a bheith in ann roghnú gan a bheith páirteach sa tacaíocht. |
(7) |
De bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh le tuairisciú ar phraghsanna breoslaí eitlíochta, i measc nithe eile, ina dtuarascáil theicniúil bhliantúil (‘tuarascáil theicniúil EASA’). Foilsíonn EASA an tuarascáil sin ar bhonn bliantúil agus cuimsítear inti praghsanna margaidh ceirisín iontaise agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thrádáiltear go poiblí agus i gcás nach bhfuil an praghas margaidh ar fáil, cuimsítear costais táirgeachta mheasta inti. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart don Choimisiún a áirithiú, a mhéid is féidir, go ndéanfaí na praghsanna breoslaí eitlíochta a cheanglaítear a chinneadh agus a fhoilsiú faoin Rialachán seo a ailíniú leis na praghsanna a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) 2023/2405. |
(8) |
Tá margadh na mbreoslaí eitlíochta malartacha ag athrú de réir mar a fhéachann an tionscal leis an eitlíocht a dhícharbónú agus na sainorduithe soláthair atá le teacht do sholáthróirí breosla á gcomhlíonadh ag an am céanna mar aon le gealltanais dheonacha ó oibreoirí aerárthaí chun na breoslaí sin a chur ar bord. Chun go n-úsáidfear na difríochtaí praghais is cruinne sa Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún praghsanna do gach breosla eitlíochta incháilithe sonrach a fhoilsiú ar leithligh i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ós rud é go mbraitheann praghas gach breosla eitlíochta incháilithe ar an mbunábhar agus ar an gconair táirgeachta breosla a úsáidtear. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as praghsanna ionadaíocha trédhearcacha ag a ndéantar na breoslaí sin a thrádáil go poiblí. Mar gheall ar chineál nuaghinte an mhargaidh, áfach, ní dhéantar gach breosla eitlíochta incháilithe a thrádáil go poiblí, fiú má tháirgtear agus má úsáidtear i gcainníochtaí beaga iad. Dá réir sin, ba cheart praghas na mbreoslaí eitlíochta incháilithe a chinneadh trí úsáid a bhaint as praghsanna margaidh arna bhfoilsiú i dtuarascáil theicniúil EASA le haghaidh na mbreoslaí arna dtrádáil go poiblí, na praghsanna breosla iarbhír arna n-íoc ag oibreoirí aerárthaí tráchtála, nó as íosphraghas díola arna ríomh ag an gCoimisiún. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh praghsanna sonracha ar fáil do gach breosla eitlíochta incháilithe, ba cheart liosta íosta fochatagóirí breosla eitlíochta incháilithe a bhunú inar cheart na breoslaí eitlíochta incháilithe féideartha uile a chuimsiú. Sna fochatagóirí sin ba cheart breoslaí eitlíochta incháilithe sonracha a ghrúpáil agus ba cheart iad a bheith ina bhfochatagóirí de na catagóirí a leagtar síos in Airteagal 3c(6), an tríú fomhír de Threoir 2003/87/CE. |
(9) |
I gcás breoslaí eitlíochta incháilithe, nach bhfuil aon phraghas margaidh ar fáil ina leith i dtuarascáil theicniúil EASA toisc nach ndéantar iad a thrádáil go poiblí, ba cheart oibreoirí aerárthaí tráchtála a bheith in ann na praghsanna iarbhír a íocadh as an mbreosla eitlíochta incháilithe a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn deonach d’fhonn na praghsanna iarbhír a íocadh a chur san áireamh agus na praghsanna breosla á gcinneadh. Ba cheart fianaise a bheith ag gabháil leis na praghsanna arna dtuairisciú ag oibreoirí aerárthaí tráchtála lena gcumhdaítear conarthaí agus cur ar bord don bhliain féilire iomlán chomh maith le toirt iomlán an bhreosla arna chur ar bord a thuairiscíonn an t-oibreoir aerárthaí tráchtála sin. Thairis sin, chun leibhéal leordhóthanach ionadaíochta a áirithiú, ba cheart an breosla a dtuairiscítear praghsanna ina leith a bheith cothrom le haon cheathrú ar a laghad de bhreosla uile na catagóire sin arna thuairisciú sa bhliain sin ag gach oibreoir aerárthaí tráchtála chun é a úsáid chun praghas na mbreoslaí eitlíochta incháilithe a chinneadh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaí na sonraí sin a thuairisciú agus a láimhseáil faoi rúndacht iomlán. Mar sin féin, i gcás ina dtuairiscíonn níos lú ná trí oibreoir aerárthaí tráchtála don Choimisiún na praghsanna iarbhír a íocadh, ní féidir rúndacht staidrimh na sonraí a áirithiú. Sa chás sin, ba cheart do na hoibreoirí aerárthaí tráchtála an ceanglas rúndachta a tharscaoileadh, más mian leo go gcuirfí a bpraghsanna san áireamh i ríomh na bpraghsanna breosla. Chun bunú nósanna imeachta iomchuí a éascú maidir le praghsanna iarbhír a thuairisciú, agus chun leibhéal iomchuí rúndachta a áirithiú freisin, ba cheart feidhm a bheith ag an rogha maidir le praghsanna iarbhír a thuairisciú ó 2026 ar aghaidh, i gcás breoslaí a úsáidtear ón 1 Eanáir 2025. |
(10) |
Chun tuairisciú praghsanna iarbhír arna n-íoc ag oibreoirí aerárthaí tráchtála a spreagadh i gcás nach bhfuil praghsanna margaidh ar fáil i dtuarascáil theicniúil EASA, ba cheart na praghsanna tuairiscithe a chur san áireamh agus níor cheart an difríocht iomchuí i bpraghas a úsáid agus leithdháileadh an lamháltais ar an oibreoir aerárthaí tráchtála á ríomh ach amháin má tá praghas tuairiscithe ag aon cheathrú ar a laghad de thoirt na mbreoslaí tuairiscithe uile. Mar sin féin, i gcás na n-oibreoirí sin nár thuairiscigh na praghsanna iarbhír a íocadh agus a d’úsáid breosla eitlíochta incháilithe nach bhfuil praghas margaidh ar fáil ina leith i dtuarascáil theicniúil EASA, ba cheart líon na lamháltas a ríomh trí úsáid a bhaint as íosphraghas díola na fochatagóire breosla eitlíochta incháilithe. |
(11) |
Ba cheart an t-íosphraghas díola a chinneadh trí chorrlach iomchuí a chur i bhfeidhm ar mheastachán an chostais táirgeachta le haghaidh an bhreosla eitlíochta incháilithe a thuairiscítear i dtuarascáil theicniúil EASA. Ba cheart an corrlach a bheith ina luach coimeádach de 10 % bunaithe ar íosráta toraidh de thart ar 12–16 %. Tá an t-íosráta toraidh sin ailínithe le fianaise earnála arna bailiú ag an gCoimisiún, amhail na híosrátaí toraidh a chuirtear i bhfeidhm i nginiúint leictreachais. Thairis sin, ba cheart a áirithiú leis an gcorrlach a úsáidtear nach ndéantar rómheastachán ar an íosphraghas díola agus ba cheart oibreoirí aerárthaí tráchtála a spreagadh chun praghsanna iarbhír arna n-íoc a thuairisciú. |
(12) |
Chun a áirithiú go ndéanfar cuntasaíocht iomchuí ar líon na lamháltas atá ar fáil, sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le leithdháileadh lamháltas le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe, ba cheart don Choimisiún a sheiceáil cé acu an leor nó nach leor an líon lamháltas atá fágtha agus atá curtha i leataobh de bhun Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE chun an t-éileamh ar leithdháileadh lamháltas a chumhdach. I gcás nach leor an líon sin, ba cheart don Choimisiún fachtóir laghdaithe lamháltais a ríomh a bheidh le cur i bhfeidhm ar bhealach comhionann maidir leis na hoibreoirí aerárthaí tráchtála uile a mbaineann an leithdháileadh don bhliain sin leo. |
(13) |
Chun rannchuidiú ioncaim CTA AE leis an aistriú aeráide a aithint, ba cheart d’oibreoirí aerárthaí tráchtála a áirithiú go mbeidh fáil na tacaíochta infheicthe ina gcumarsáid, amhail ina dtuarascálacha bliantúla, ina ráitis inbhuanaitheachta nó ina dticéid paisinéirí. |
(14) |
Tá an t-iarratas ar thacaíocht chun breoslaí eitlíochta incháilithe a chur ar bord le tuairisciú ag oibreoirí aerárthaí tráchtála in éineacht le tuairisciú ar astaíochtaí le haghaidh 2024. Chun cur i bhfeidhm tráthúil na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú roimh an spriocdháta chun na hastaíochtaí sin a thuairisciú, ba cheart don Rialachán teacht i bhfeidhm gan mhoill, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
(1) Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le ríomh bliantúil na ndifríochtaí sa phraghas idir breoslaí eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise agus maidir le leithdháileadh lamháltas de bhun Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe ag oibreoirí aerárthaí tráchtála ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030.
(2) Féadfaidh oibreoirí aerárthaí tráchtála iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh i leith breoslaí eitlíochta incháilithe a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 54a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus a úsáidtear ar na heitiltí foshonacha seo a leanas:
(a) |
eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/87/CE; |
(b) |
eitiltí a chumhdaítear le hAirteagal 3c(8) de Threoir 2003/87/CE. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘oibreoir aerárthaí tráchtála’ oibreoir aeriompair tráchtála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p) de Threoir 2003/87/CE; |
(2) |
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta incháilithe’ cineálacha breosla atá incháilithe don tacaíocht faoi Airteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE; |
(3) |
ciallaíonn ‘íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais’ íosleibhéil an chánachais is infheidhme maidir le ceirisín iontaise agus breoslaí eitlíochta incháilithe a leagtar amach i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle (6); |
(4) |
ciallaíonn ‘tuarascáil theicniúil EASA’ an tuarascáil theicniúil arna foilsiú ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2023/2405. |
Airteagal 3
Iarratas ar lamháltais le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe ag oibreoirí aerárthaí tráchtála
(1) Déanfaidh oibreoirí aerárthaí tráchtála iarratas ar leithdháileadh lamháltas le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta incháilithe trí mhéideanna fíoraithe na mbreoslaí eitlíochta incháilithe a úsáideadh sa bhliain tuairiscithe roimhe sin a thuairisciú ina dtuarascáil astaíochtaí bhliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 54a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
(2) I gcás ina gcinnfidh oibreoirí aerárthaí tráchtála gan iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh lamháltas chun breoslaí eitlíochta incháilithe a úsáid, cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl sa tuarascáil astaíochtaí bhliantúil.
(3) Beidh an t-iarratas bailí ar choinníoll go gcuirfear an tuarascáil astaíochtaí bhliantúil faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin tar éis na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 68(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
Airteagal 4
Ríomh bliantúil na ndifríochtaí sna meánphraghsanna idir breoslaí eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise
(1) Déanfar an difríocht sa mheánphraghas idir breosla eitlíochta incháilithe agus ceirisín iontaise le haghaidh bliain áirithe a ríomh mar a leanas:
Difríocht i bpraghsanna (y) = praghas an bhreosla eitlíochta incháilithe (y) – (praghas an cheirisín iontaise + praghas CTA + difríocht sa chánachas (y))
i gcás:
Praghas an bhreosla eitlíochta incháilithe(y) |
= |
praghas an bhreosla eitlíochta incháilithe y nó praghas na fochatagóire breosla eitlíochta incháilithe y a liostaítear san Iarscríbhinn arna chinneadh i gcomhréir le mír 2, in EUR in aghaidh an tona; |
Praghas an cheirisín iontaise |
= |
praghas an cheirisín iontaise Jet A1 arna chinneadh i gcomhréir le mír 4, in EUR in aghaidh an tona; |
Praghas CTA |
= |
an praghas ar úsáid ceirisín iontaise de bhun Threoir 2003/87/CE arna chinneadh i gcomhréir le mír 5, in EUR in aghaidh an tona; |
Difríocht i gcánachas(y) |
= |
difríocht idir íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar cheirisín iontaise agus an breosla eitlíochta incháilithe y, in EUR in aghaidh an tona. |
(2) Cinnfear praghas na mbreoslaí eitlíochta incháilithe le haghaidh breoslaí eitlíochta incháilithe sonracha i gcás ina bhfuil siad ar fáil, agus ar a laghad le haghaidh na bhfochatagóirí breosla eitlíochta incháilithe a liostaítear san Iarscríbhinn mar a leanas:
(a) |
i gcás ina mbeidh praghas margaidh ar fáil i dtuarascáil theicniúil EASA, is é an praghas margaidh a fhoilsítear sa tuarascáil sin a bheidh sa phraghas; |
(b) |
i gcás nach mbeidh praghas margaidh ar fáil i dtuarascáil theicniúil EASA, cinnfear an praghas mar a leanas:
|
(3) Cinnfidh an Coimisiún an t-íosphraghas díola ar bhonn na sonraí is fearr atá ar fáil agus faisnéis ábhartha atá ar fáil i dtuarascáil theicniúil EASA maidir le meastacháin ar chostais táirgeachta á cur san áireamh agus cuirfidh sé corrlach breise 10 % i bhfeidhm.
(4) Is é praghas an cheirisín iontaise an praghas a foilsíodh nó atá le foilsiú i dtuarascáil theicniúil EASA. Mura mbeidh na praghsanna ar fáil i dtuarascáil theicniúil EASA a foilsíodh nó atá le foilsiú faoin tráth a fhoilseoidh an Coimisiún na difríochtaí i bpraghsanna i gcomhréir le mír 7, beidh praghas an cheirisín iontaise bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil don Choimisiún.
(5) Ríomhfar praghas CTA go dtí an dara hionad deachúil trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
Praghas CTA = fachtóir astaíochta ceirisín iontaise x praghas lamháltas astaíochtaí CTA
i gcás:
Fachtóir astaíochta ceirisín iontaise |
= |
fachtóir astaíochta ceirisín scairdeitleáin mar a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066; |
Praghas lamháltas astaíochtaí CTA |
= |
meánphraghas na lamháltas astaíochtaí a chinntear mar mheánphraghas ualaithe na gceantanna a dhéantar i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE le linn na bliana féilire roimhe sin mar a foilsíodh ar an ardán ceantála coiteann, in EUR in aghaidh an lamháltais. |
Nialas a bheidh i bpraghas CTA i gcás nach breosla nialas-rátaithe é an breosla eitlíochta incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 54c de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus i gcás ina dtuairiscítear an breosla eitlíochta incháilithe ar eitiltí faoi phointe (b) d’Airteagal 1(2).
(6) I gcás nach mbeidh praghsanna ar fáil in euro, úsáidfear meán bliantúil na rátaí malairte arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach le haghaidh an mhalartaithe airgeadra.
(7) Faoin 31 Bealtaine gach bliain, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an difríocht i bpraghsanna le haghaidh na bliana féilire roimhe sin arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus luachanna eilimintí uile na foirmle a leagtar amach i mír 1.
Airteagal 5
Tuairisciú ar phraghsanna iarbhír arna n-íoc ag oibreoirí aerárthaí tráchtála
(1) I gcás breoslaí eitlíochta incháilithe a úsáidtear ón 1 Eanáir 2025, faoin 28 Feabhra gach bliain dar tús 2026, féadfaidh oibreoir aerárthaí tráchtála na praghsanna iarbhír a íocadh as an mbreosla a úsáideadh sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún. I gcás ina roghnaíonn oibreoir praghsanna iarbhír a thuairisciú, soláthróidh an t-oibreoir an méid seo a leanas in éineacht leis an tuarascáil:
(a) |
doiciméadacht leordhóthanach, lena n-áirítear conarthaí agus sonraisc, lena nasctar an breosla eitlíochta incháilithe leis an oibreoir aerárthaí tráchtála agus lena léirítear na haerfoirt uile inar seachadadh agus inar tuairiscíodh an breosla eitlíochta incháilithe; |
(b) |
fianaise go gcumhdaítear méid iomlán an bhreosla eitlíochta incháilithe thuairiscithe leis na conarthaí agus leis na sonraisc a sholáthraítear, i ngach suíomh ina gcuirtear ar bord an breosla eitlíochta incháilithe lena mbaineann. |
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gan praghsanna tuairiscithe a mheas chun praghas an bhreosla eitlíochta incháilithe a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) ó oibreoir aerárthaí tráchtála i gcás nach leor an fhianaise a cuireadh isteach nó ina bhfuil easpa inchreidteachta inti.
(2) Áiritheoidh an Coimisiún gur ar bhealach rúnda a dhéileáiltear leis na sonraí agus leis an bhfianaise a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 1.
(3) De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach dtuairiscíonn ach aon oibreoir aerárthaí tráchtála amháin nó dhá oibreoir aerárthaí tráchtála na praghsanna iarbhír a íocadh as breosla eitlíochta incháilithe, ní chuirfidh an Coimisiún na praghsanna tuairiscithe san áireamh ach amháin má dhéanann na hoibreoirí aerárthaí tráchtála ceanglais rúndachta a tharscaoileadh.
Cuirfidh an Coimisiún na hoibreoirí aerárthaí tráchtála lena mbaineann ar an eolas a luaithe is féidir tar éis an spriocdháta thuairiscithe nuair nár thuairiscigh ach aon oibreoir aerárthaí tráchtála amháin nó dhá oibreoir aerárthaí tráchtála na praghsanna iarbhír a íocadh as breosla eitlíochta incháilithe agus iarrfaidh sé tarscaoileadh rúndachta i scríbhinn. I gcás nach soláthraíonn na hoibreoirí aerárthaí tráchtála lena mbaineann an tarscaoileadh a iarradh laistigh de 15 lá oibre ón iarraidh, ní chuirfear na praghsanna tuairiscithe san áireamh agus an difríocht i bpraghsanna á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4.
(4) Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit cé na hoibreoirí aerárthaí tráchtála a chuir isteach na praghsanna tuairiscithe.
(5) Beidh na forálacha sa Rialachán Tarmligthe seo gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.
Airteagal 6
Méid na lamháltas atá le leithdháileadh ar oibreoirí aerárthaí tráchtála a ríomh
(1) Cinnfidh na húdaráis inniúla an t-éileamh ar lamháltais le haghaidh gach oibreora aerárthaí tráchtála a riarann siad. Ríomhfar an t-éileamh mar shuim an éilimh ar gach breosla eitlíochta incháilithe nó gach fochatagóir breosla eitlíochta incháilithe a liostaítear san Iarscríbhinn, ar cinneadh an praghas ina leith de bhun Airteagal 4(2), arna chinneadh i gcomhréir le míreanna 2 nó 3, de réir mar is infheidhme, agus déanfar é a shlánú síos go dtí an tslánuimhir is gaire.
(2) An t-éileamh ar lamháltais arna leithdháileadh le haghaidh úsáid gach breosla eitlíochta incháilithe nó gach fochatagóire breosla eitlíochta incháilithe a liostaítear san Iarscríbhinn, ar cinneadh an praghas ina leith de bhun Airteagal 4(2), a cuireadh ar bord ag aerfoirt a shainaithnítear in Airteagal 3c(6), an tríú fomhír, pointe (c), de Threoir 2003/87/CE, cinnfear é le haghaidh gach oibreora aerárthaí tráchtála trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás:
Breosla a úsáidtear(y) |
= |
méid an bhreosla eitlíochta incháilithe íon y nó méid na fochatagóire breosla eitlíochta incháilithe y a liostaítear san Iarscríbhinn mar a thuairiscítear sa tuarascáil astaíochtaí bhliantúil, i dtonaí; |
Difríocht i bpraghsanna(y) |
= |
difríocht sa phraghas idir an breosla eitlíochta incháilithe y nó an fhochatagóir breosla eitlíochta incháilithe y a liostaítear san Iarscríbhinn agus ceirisín iontaise, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 4(1), in EUR in aghaidh an tona; |
Praghas lamháltais |
= |
meánphraghas na lamháltas arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(5), in EUR in aghaidh an lamháltais. |
(3) An t-éileamh ar lamháltais arna leithdháileadh le haghaidh úsáid gach breosla eitlíochta incháilithe nó gach fochatagóire breosla eitlíochta incháilithe a liostaítear san Iarscríbhinn, ar cinneadh an praghas ina leith de bhun Airteagal 4(2), a cuireadh ar bord ag aerfoirt cé is moite de na haerfoirt sin a shainaithnítear in Airteagal 3c(6), an tríú fomhír, pointe (c), de Threoir 2003/87/CE, cinnfear é le haghaidh gach oibreora aerárthaí tráchtála trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
I gcás:
Breosla a úsáidtear(y) |
= |
méid an bhreosla eitlíochta incháilithe íon y nó méid na fochatagóire breosla eitlíochta incháilithe y a liostaítear san Iarscríbhinn mar a thuairiscítear sa tuarascáil astaíochtaí bhliantúil, i dtonaí; |
Difríocht i bpraghsanna(y) |
= |
difríocht sa phraghas idir an chatagóir breosla eitlíochta incháilithe y nó an fhochatagóir breosla eitlíochta incháilithe y a liostaítear san Iarscríbhinn agus ceirisín iontaise, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 4(2), in EUR in aghaidh an tona; |
Praghas lamháltais |
= |
meánphraghas na lamháltas arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(5), in EUR in aghaidh an lamháltais. |
Leibhéal thacaíocht CTA AE (y) |
= |
sciar den difríocht i bpraghsanna atá le cumhdach le haghaidh catagóir breosla eitlíochta incháilithe y mar a shonraítear in Airteagal 3c(6), an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE. |
(4) Faoin 15 Meitheamh gach bliain, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún faoin bhfaisnéis seo a leanas maidir le gach oibreoir aerárthaí tráchtála a rinne iarratas ar an leithdháileadh:
(a) |
ainm agus uimhir aitheantais CTA an oibreora aerárthaí tráchtála; |
(b) |
méid an bhreosla eitlíochta incháilithe in aghaidh na catagóire a chumhdaítear leis an iarratas, i dtonaí; |
(c) |
an t-éileamh ar leithdháileadh lamháltas arna ríomh i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3. |
(5) Déanfaidh an Coimisiún comhiomlánú ar an éileamh iomlán ar leithdháileadh lamháltas agus déanfaidh sé a mheas nach bhfuil an t-éileamh i mbliain ar leith níos airde ná méid na lamháltas atá fágtha ón méid a chuirtear i leataobh chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE.
I gcás ina bhfuil an t-éileamh iomlán ar leithdháileadh lamháltas i mbliain ar leith níos airde ná infhaighteacht lamháltas, ríomhfaidh an Coimisiún fachtóir laghdaithe lamháltais. Cuirfear an fachtóir sin i bhfeidhm ar bhealach comhionann maidir leis na hoibreoirí aerárthaí tráchtála uile a mbaineann an leithdháileadh le haghaidh na bliana sin leo chun leithdháileadh deiridh na lamháltas le haghaidh gach oibreora aerárthaí tráchtála a chinneadh. Ríomhfar an fachtóir laghdaithe lamháltais leis an bhfoirmle seo a leanas:
Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas nuair is gá fachtóir laghdaithe lamháltais a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh sé luach an fhachtóra laghdaithe ríofa le fios. Ar bhonn na faisnéise sin, déanfaidh na húdaráis inniúla an leithdháileadh deiridh in aghaidh an oibreora aerárthaí tráchtála a athríomh agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún ina leith.
Déanfar an leithdháileadh deiridh in aghaidh an oibreora aerárthaí tráchtála a shlánú síos go dtí an tslánuimhir is gaire.
(6) Faoin 31 Lúnasa gach bliain, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh ina léirítear an leithdháileadh lamháltas in aghaidh an oibreora aerárthaí tráchtála bunaithe ar na fógraí a fuarthas, cuirfidh sé na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé na hathruithe isteach i gClárlann an Aontais, arna chur ar bun de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/87/CE, agus sa loga idirbheartaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 20 den Treoir sin.
Airteagal 7
Nós imeachta um cheartúchán
(1) I gcás inar gá ceartúcháin a dhéanamh ar mhéid na lamháltas a chuimsítear sa Chinneadh de bhun Airteagal 6(6) den Rialachán seo, déanfar na ceartúcháin sin trí lamháltais a úsáid ó mhéid na lamháltas a chuirtear i leataobh i gcomhréir le hAirteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE nó trí lamháltais a chur ar ais chuig an gcúlchiste sin.
(2) I gcás inar gá, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, lamháltais a úsáid ó mhéid na lamháltas a chuirtear i leataobh i gcomhréir le hAirteagal 3c(6) de Threoir 2003/87/CE agus i gcás nach bhfuil aon lamháltas den sórt sin fágtha, ní dhéanfar an ceartúchán lena n-éilítear lamháltais bhreise.
Airteagal 8
Infheictheacht
Beidh oibreoirí aerárthaí tráchtála a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo faoi réir na n-oibleagáidí seo a leanas:
(a) |
aithneoidh siad foinse na tacaíochta ón Aontas agus áiritheoidh sé infheictheacht na tacaíochta sin, go háirithe nuair a bhíonn úsáid breoslaí malartacha agus na torthaí ón úsáid sin á gcur chun cinn, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do phobail éagsúla, lena n-áirítear do phaisinéirí, do na meáin agus don phobal, agus i ráitis inbhuanaitheachta agus tuarascálacha bliantúla an oibreora aerárthaí tráchtála; |
(b) |
úsáidfidh siad an lipéad le haghaidh gach gníomhaíochta cumarsáide agus comhroinnte eolais, lena n-áirítear ar thicéid paisinéirí, agus ar chláir fógraí in áiteanna straitéiseacha atá infheicthe ag an bpobal, ar a bhfuil ‘(comh)chistithe ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais’, chomh maith le suaitheantas an Aontais agus an méid tacaíochta. |
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.
(2) Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).
(3) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).
(5) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(6) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj).
IARSCRÍBHINN
FOCHATAGÓIRÍ BREOSLA EITLÍOCHTA INCHÁILITHE
|
Fochatagóir breosla eitlíochta incháilithe |
Leibhéal na tacaíochta dírí ó CTA AE a leagtar síos in Airteagal 3c(6), an tríú fomhír, de Threoir 2003/87/CE (1) |
Mionsonraí |
1 |
Breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch |
95 % |
Breoslaí in-athnuaite inionadaithe de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001 agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin |
2 |
Breoslaí comhphróiseáilte in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch |
95 % |
Comhtháirgí i ngnáthscaglann, ar breoslaí in-athnuaite inionadaithe de thionscnamh neamhbhitheolaíoch iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001 agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin |
3 |
Bithbhreoslaí forbartha eitlíochta |
70 % |
Bithbhreoslaí a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin |
4 |
Breoslaí comhphróiseáilte forbartha |
70 % |
Comhtháirgí i ngnáthscaglann a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin |
5 |
Hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta |
70 % |
Hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/2405 |
6 |
Bithbhreoslaí eitlíochta |
50 % |
Bithbhreoslaí a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin |
7 |
Bithbhreoslaí eitlíochta eile |
50 % |
Bithbhreoslaí a tháirgtear ón mbunábhar nach liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 agus nach dtáirgtear ó bharra bia agus beatha, agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin |
8 |
Hidrigin ísealcharbóin neamhiontaise le haghaidh eitlíochta |
50 % |
Hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/2405 nach ndíorthaítear ó bhreoslaí iontaise |
9 |
Breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin neamhiontaise |
50 % |
Breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2023/2405 nach ndíorthaítear ó bhreoslaí iontaise |
10 |
Breoslaí comhphróiseáilte |
50 % |
Comhtháirgí i ngnáthscaglann cé is moite de bhreoslaí comhphróiseáilte forbartha agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 |
(1) Leibhéal tacaíochta ach amháin i gcás ina gcuirtear an breosla ar bord ag aerfort a shainaithnítear in Airteagal 3c(6), an tríú fomhír, pointe (c), de Threoir 2003/87/CE, i gcás inarb 100 % é an leibhéal tacaíochta.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/723/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)