This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0422
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/422 of 17 December 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the content, methodologies and presentation of information in respect of sustainability indicators in relation to adverse impacts on the climate and other environment-related adverse impacts
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/422 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise i leith táscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/422 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise i leith táscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol
C/2024/8782
IO L, 2025/422, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/422/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/422 |
31.3.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/422 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Nollaig 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise i leith táscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 6(12), an ceathrú fomhír, Airteagal 19(11), an ceathrú fomhír, Airteagal 51(15), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 66(6), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déantar idirbhearta a bhaineann le cripteashócmhainní, lena n-áirítear a n-eisiúint, a bhailíochtú agus a thaifeadadh trí shásraí comhthola, is é sin na rialacha agus na nósanna imeachta chun teacht ar chomhaontú maidir le hidirbheart a bhailíochtú i measc nóid líonra teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT), atá freagrach freisin as taifid a choinneáil de na hidirbhearta uile ar mhórleabhar dáilte. Comhthoil a bhaint amach, lena n-éilítear úsáid ábhar agus ríomhchumhachta, bíonn tionchair aige sin ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, rud atá éagsúil ar fud DLTanna ag brath ar a ngnéithe sonracha. |
(2) |
Dá bhrí sin, tá sainaithint agus nochtadh leordhóthanach na ndrochthionchar aeráide agus na ndrochthionchar eile a bhaineann leis an gcomhshaol a bhaineann le sásraí comhthola a úsáid chun cripteashócmhainní a eisiúint ríthábhachtach do chinnteoireacht na ndaoine sin a infheistíonn i gcripteashócmhainní. |
(3) |
Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh infheisteoirí faisnéis chruinn, chothrom, shoiléir, nach bhfuil míthreorach, shimplí, bheacht agus inchomparáide maidir le tionchair na dteicneolaíochtaí atá mar bhonn taca faoi eisiúint cripteashócmhainní ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. San am céanna, i bhfianaise chineál dáilte na teicneolaíochta atá idir lámha, d’fhéadfadh sé a bheith deacair faisnéis chruinn agus iontaofa a fháil agus a nochtadh ina leith sin. Is gá, dá bhrí sin, liosta táscairí a fhorbairt lena meastar na srianta sin chun faisnéis intuigthe agus inchomparáide a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir le drochthionchair na sásraí comhthola, bunaithe ar shonraí inrochtana agus iontaofa, lena n-áirítear meastacháin i gcás inar gá agus i gcás ina bhfuil údar cuí leo. |
(4) |
An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (j), Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, pointe (h), Airteagal 51(1), pointe (g), agus Airteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 atá le cur san áireamh sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus ar shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní maidir leis an aeráid agus tionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag sásraí comhthola agus, dá bhrí sin, tá dlúthnasc eatarthu. Chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas agus inchomparáideacht na faisnéise sin a áirithiú, is iomchuí í a rialáil trí bhíthin Rialachán aonair. |
(5) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an fhaisnéis a fhaightear sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní a eisítear tríd an sásra comhthola céanna, chomh maith le comhréireacht i gcomhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart é a bheith indéanta, gan dochar d’oibleagáidí dlíthiúla na n-eintiteas faoi seach, faisnéis a athúsáid maidir leis an sásra comhthola atá ábhartha do chripteashócmhainn dá n-ullmhaítear páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin cheana féin i gcomhthéacs páipéar bán eile maidir le cripteashócmhainní. |
(6) |
Ós rud é go leanann na heintitis nochta uile de bheith freagrach as a nochtaí féin, lena n-áirítear i gcás ina bhfoinsíonn siad faisnéis ó pháipéir bhána maidir le cripteashócmhainní atá ann cheana, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tráthrialta ar fhaisnéis a áirítear sna páipéir bhána agus ar fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus í a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. Ós rud é go bhféadfaidh eintitis nochta úsáid a bhaint as tríú páirtithe neamhspleácha chun faisnéis atá le nochtadh a fháil nó a fhíorú, ba cheart úsáid na tríú páirtithe neamhspleácha sin chun na gcríoch sin a nochtadh agus ba cheart an tríú páirtí neamhspleách ábhartha a shainaithint. |
(7) |
Chun cumas infheisteoirí comparáid a dhéanamh idir drochthionchair na sásraí comhthola ar a n-eisítear cripteashócmhainní éagsúla, leis an bhfaisnéis ar shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ba cheart é a bheith ar a gcumas don phobal comparáid a dhéanamh idir na drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag na sásraí comhthola agus a struchtúir dreasachta ar fud na gcripteashócmhainní go léir a soláthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí cripteashócmhainní ina leith. |
(8) |
Chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an tsásra comhthola a úsáidtear chun gach cripteashócmhainn a eisiúint ar an aeráid agus ar thionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol, is iomchuí bailíochtú gach idirbhirt sa chripteashócmhainn ábhartha a chur san áireamh, agus nóid líonra DLT a bhfuil baint ghníomhach acu le bailíochtú á gcur san áireamh, agus cothabháil shláine DLT ag gach nód líonra DLT a chur san áireamh chomh maith. |
(9) |
Ba cheart príomhtháscairí a úsáid chun tuiscint éasca a fháil ar na tionchair ar an aeráid agus ar na tionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag na sásraí comhthola. Chun úsáid sásraí comhthola atá níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus don chomhshaol a dhreasú agus chun cleachtais ghlas-snasaithe a chosc, tá sé ríthábhachtach brath a mhéid is féidir ar mhéadracht chainníochtúil. Ba cheart olltomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí a léiriú sa mhéadracht chainníochtúil, gan sásraí fritháirimh a d’fhéadfadh a bheith ann a chuimsiú. |
(10) |
Ba cheart tomhaltas fuinnimh bliantúil a úsáid mar phríomhtháscaire sainordaitheach toisc go meastar gurb é sin an ceann is fabhraí le haghaidh fheasacht na n-infheisteoirí maidir le tionchar na sásraí comhthola. I bhfianaise phríomhról an leictreachais in oibriú líonraí DLT, ba cheart tomhaltas leictreachais a mheas mar athróg ionadach oiriúnach le haghaidh tomhaltas fuinnimh. |
(11) |
Chun cur chuige comhréireach i leith faisnéis inbhuanaitheachta a áirithiú, is iomchuí faisnéis bhreise a iarraidh maidir le sásraí comhthola ag a bhfuil drochthionchair aeráide níos mó agus drochthionchair níos mó eile a bhaineann leis an gcomhshaol, go háirithe i gcás ina sáraíonn siad leibhéal áirithe tomhaltais fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart príomhtháscairí forlíontacha maidir le hastaíochtaí fuinnimh agus gás ceaptha teasa (GCT) a úsáid le haghaidh cripteashócmhainní a eisítear trí shásraí comhthola ina bhfuil leibhéil níos airde tomhaltais fuinnimh bhliantúil chun tuiscint níos doimhne a thabhairt d’infheisteoirí ar dhrochthionchair na sásraí comhthola sin. |
(12) |
De bhreis ar phríomhtháscairí sainordaitheacha agus forlíontacha, ba cheart go bhféadfaí a áireamh go deonach, i gcuid shonrach de na páipéir bhána nó de shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis maidir leis an aeráid agus táscairí eile a bhaineann leis an gcomhshaol a bhféadfadh sé a bheith níos casta measúnú a dhéanamh orthu nó a bhféadfadh sé a bheith níos deacra sonraí ábhartha a aimsiú ina leith, mar shampla maidir le táirgeadh dramhaíola agus úsáid acmhainní nádúrtha, amhail uisce. |
(13) |
Chun glas-snasú a chosc agus chun inchomparáideacht na faisnéise atá le háireamh sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus ar shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú, ba cheart faisnéis maidir le táscairí roghnacha a bheith faoi réir na rialacha comhchuibhithe céanna maidir le cur i láthair faisnéise agus maidir leis na modheolaíochtaí agus atá san fhaisnéis maidir le táscairí sainordaitheacha agus forlíontacha. Tá feidhm aige sin, mar shampla, maidir le hastaíochtaí GCT indíreacha, amhail astaíochtaí réamhtheachtacha atá nasctha leis an trealamh a cheannaíonn nóid líonra DLT nó astaíochtaí iartheachtacha a bhaineann le bainistiú dramhaíola. |
(14) |
Chun comhsheasmhacht na faisnéise nochta a chothú in éagmais comhthola maidir le tacar sonrach modheolaíochtaí iontaofa chun na táscairí sainaitheanta a ríomh ag an gcéim sin, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail chomhchuibhithe mar sin féin chun inchomparáideacht na faisnéise nochta a áirithiú, chun aon chlaontacht mhodheolaíoch a sheachaint, agus chun comhsheasmhacht na modheolaíochtaí a úsáidtear a áirithiú leo siúd dá dtagraítear faoi chuimsiú chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Mar thoradh air sin, ba cheart faisnéis maidir le tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí GCT a ailíniú leis an treoraíocht maidir le ríomh a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún (3), agus ba cheart an mhodheolaíocht a úsáidtear chun ríomh a dhéanamh ar gach méadracht chainníochtúil agus aon diall ón treoraíocht sin maidir le ríomh a nochtadh. |
(15) |
I gcás nach bhfuil faisnéis a bhaineann le táscairí ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta, ba cheart meastacháin a nochtadh in éineacht le toimhdí réasúnta a úsáidtear chun meastacháin den sórt sin a ríomh agus le mionsonraí faoi na hiarrachtaí is fearr a rinneadh chun an fhaisnéis a fháil. Dá bhrí sin, i gcás nach féidir suíomh nód a shainaithint mar shuíomh atá riachtanach le haghaidh nochtaí áirithe, ba cheart sonraí áitiúla, réigiúnacha nó domhanda a úsáid de réir mar is gá agus is iomchuí. Ba cheart na sonraí sin a nochtadh in éineacht le sonraí maidir leis na hiarrachtaí is fearr a úsáideadh chun an fhaisnéis a fháil. |
(16) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’), i gcomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, faoi bhráid an Choimisiúin. |
(17) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘struchtúr dreasachta’ an tacar dreasachtaí agus pionós a bhunaítear mar chuid de shásra comhthola chun nóid líonra teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) a dhreasú go heacnamaíoch chun comhoibriú ó thaobh rialacha agus nósanna imeachta an tsásra comhthola a chur i bhfeidhm chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú; |
(b) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT)’ astaíochtaí gás a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2; |
(c) |
ciallaíonn ‘táscairí aeráide agus táscairí eile a bhaineann leis an gcomhshaol’ na táscairí a liostaítear sa roinn ‘Príomhtháscaire sainordaitheach maidir le tomhaltas fuinnimh’ de Thábla 2 den Iarscríbhinn, sa roinn ‘Príomhtháscairí forlíontacha maidir le fuinneamh agus astaíochtaí GCT’ de Thábla 3 den Iarscríbhinn, agus sa roinn ‘Táscairí roghnacha’ de Thábla 4 den Iarscríbhinn; |
(d) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí GCT DLT scóip 1’ astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a ghintear ó fhoinsí atá á rialú ag nóid líonra na teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) agus úsáid á baint as an sásra comhthola; |
(e) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí GCT DLT scóip 2’ astaíochtaí GCT ó thomhaltas leictreachais cheannaithe, gaile, nó foinsí eile fuinnimh a ghintear go réamhtheachtach ó nóid líonra DLT agus úsáid á baint as an sásra comhthola; |
(f) |
ciallaíonn ‘astaíochtaí GCT DLT scóip 3’ na hastaíochtaí GCT indíreacha, réamhtheachtacha agus iartheachtacha uile nach gcumhdaítear le pointí (d) agus (e) a tharlaíonn i slabhra luacha nóid líonra DLT agus úsáid á baint as an sásra comhthola; |
(g) |
ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite’ nó ‘fuinneamh inathnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite nó fuinneamh inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); |
(h) |
ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2018/2001; |
(i) |
ciallaíonn ‘dramhthrealamh leictreach agus leictreonach’ (DTLL) dramhthrealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (e), de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); |
(j) |
ciallaíonn ‘dramhaíl neamh-athchúrsáilte’ aon dramhaíl nach n-athchúrsáiltear de réir bhrí ‘athchúrsáil’ in Airteagal 3, pointe 17, de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8); |
(k) |
ciallaíonn ‘dramhaíl ghuaiseach’ dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir 2008/98/CE; |
(l) |
ciallaíonn ‘acmhainní nádúrtha’ acmhainní nádúrtha mar a shainmhínítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772. |
Airteagal 2
Cur i láthair faisnéise sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní
1. Déanfar faisnéis i bpáipéir bhána maidir le cripteashócmhainní, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (j), Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, pointe (h), nó Airteagal 51(1), an chéad fhomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) 2023/1114, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta.
2. I gcás inar féidir teacht ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i bpáipéir bhána eile maidir le cripteashócmhainní a eisítear tríd an sásra comhthola céanna, féadfar an fhaisnéis sin a fháil ó na páipéir bhána eile sin maidir le cripteashócmhainní.
Airteagal 3
Prionsabail ghinearálta maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis a chur i láthair
1. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le faisnéis atá le cur ar fáil go poiblí ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar a suíomh gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114:
(a) |
cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce; |
(b) |
beidh sí i bhfoirm comhaid in-íoslódáilte agus cuirfear i láthair í ar bhealach atá éasca le léamh, le carachtair de mhéid inléite agus stíl scríbhneoireachta lena n-éascaítear a tuiscint agus lena n-éascaítear comparáidí idir an fhaisnéis a bhaineann le gach ceann de na cripteashócmhainní a soláthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí ina leith. |
2. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, uair sa bhliain ar a laghad. I gcás athruithe ábhartha, déanfar an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta gan moill mhíchuí agus beidh léirithe soiléire ar na hathruithe a rinneadh ag gabháil léi. Déanfar dáta foilsithe na faisnéise agus dáta an athbhreithnithe nó an nuashonraithe is déanaí a léiriú go soiléir ar shuíomh gréasáin na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.
3. Déanfar faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
I gcás ina bhfuil seirbhísí cripteashócmhainní á soláthar ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní i ndáil le cripteashócmhainn shonrach i mBallstát seachas a Bhallstát baile, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na cripteashócmhainne sin ar fáil freisin i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh sin nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
Airteagal 4
Faisnéis atá le cur san áireamh sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní
1. Maidir le daoine a tharraingíonn suas na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagail 6, 19 nó 51 de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh siad sna páipéir bhána sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (j), Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, pointe (h), agus Airteagal 51(1), an chéad fhomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) 2023/1114, mar a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn, san fhormáid a leagtar amach inti.
2. Soláthróidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 freisin sa pháipéar bán an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn, san fhormáid a leagtar amach inti, i gcás inar mó ná 500 000 cileavatuair an tomhaltas fuinnimh bliantúil a thuairiscítear i dTábla 2, réimse S.8, den Iarscríbhinn sin.
I gcás nach gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, féadfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis a sholáthar sa pháipéar bán maidir le ceann amháin nó níos mó de na táscairí forlíontacha a liostaítear i dTábla 3 den Iarscríbhinn i bhformáid na dteimpléad a leagtar amach inti. Nuair a chuirtear faisnéis den sórt sin san áireamh, soláthrófar freisin an fhaisnéis chomhfhreagrach maidir le foinsí agus modheolaíochtaí dá dtagraítear sa Tábla sin.
3. Féadfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis a sholáthar sa pháipéar bán maidir le ceann amháin nó níos mó de na táscairí a liostaítear i dTábla 4 den Iarscríbhinn, san fhormáid a leagtar amach inti. Nuair a chuirtear faisnéis den sórt sin san áireamh, soláthrófar freisin an fhaisnéis chomhfhreagrach maidir le foinsí agus modheolaíochtaí dá dtagraítear sa Tábla sin.
Airteagal 5
Faisnéis atá le cur san áireamh ar shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
1. I gcomhréir le hAirteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, san fhormáid a leagtar amach san Iarscríbhinn.
2. I gcomhréir le hAirteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, san fhormáid a leagtar amach san Iarscríbhinn, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a) |
soláthraíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3 (1) (16), pointí (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2023/1114; |
(b) |
is mó ná 500 000 cileavatuair an tomhaltas fuinnimh bliantúil a thuairiscítear i dTábla 2, réimse S.8, den Iarscríbhinn. |
I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, féadfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis a sholáthar ar a shuíomh gréasáin faoi cheann amháin nó níos mó de na táscairí forlíontacha dá dtagraítear i dTábla 3 den Iarscríbhinn san fhormáid a leagtar amach inti. Nuair a sholáthrófar faisnéis den sórt sin, soláthrófar freisin an fhaisnéis chomhfhreagrach maidir le foinsí agus modheolaíochtaí, dá dtagraítear sa Tábla sin.
3. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, an fhaisnéis a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na táscairí roghnacha dá dtagraítear i dTábla 4 den Iarscríbhinn a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, san fhormáid a leagtar amach san Iarscríbhinn. Nuair a sholáthrófar faisnéis den sórt sin, soláthrófar freisin an fhaisnéis chomhfhreagrach maidir le foinsí agus modheolaíochtaí, dá dtagraítear sa Tábla sin.
Airteagal 6
Rialacha maidir leis na nochtaí
1. Daoine a tharraingíonn suas na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagail 6, 19 agus 51 de Rialachán (AE) 2023/1114 agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, nochtfaidh siad an fhaisnéis uile seo a leanas sa roinn ‘Faisnéis ghinearálta’ i dTábla 2 den Iarscríbhinn:
(a) |
ainm agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a thuairiscítear, faoi seach, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984 ón gCoimisiún (9) nó de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/305 ón gCoimisiún (10); |
(b) |
faisnéis maidir le gnéithe na sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine mhórleabhar dáilte, na n-idirbheart agus an struchtúir dreasachta a chothabháil mar a thuairiscítear de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984; |
(c) |
tréimhse thagartha an ráitis, agus an tréimhse a n-úsáidtear meastacháin ina leith. |
2. Más rud é, de bhun Airteagal 2(2), go n-úsáideann daoine a tharraingíonn suas páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní faisnéis a fhaightear ó pháipéir bhána eile maidir le cripteashócmhainní chun Airteagal 4 a chomhlíonadh, soláthróidh siad ainm agus aitheantóir ábhartha an duine a tharraingíonn suas an páipéar bán eile sin maidir le cripteashócmhainní sa roinn maidir le ‘Foinsí agus modheolaíochtaí’ den Tábla ábhartha den Iarscríbhinn.
3. I gcás ina n-úsáideann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, de bhun Airteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, faisnéis a fhaightear ó pháipéir bhána maidir le cripteashócmhainní chun Airteagal 5 a chomhlíonadh, soláthróidh siad ainm agus aitheantóir ábhartha an duine a tharraingíonn suas an páipéar bán sin sa roinn maidir le ‘Foinsí agus modheolaíochtaí’ den Tábla ábhartha den Iarscríbhinn.
4. I gcás ina raibh an fhaisnéis dá dtagraítear i dTáblaí 2, 3 nó 4 den Iarscríbhinn faoi réir fíorú ag tríú páirtí amháin nó níos mó, léireofar ainmneacha na dtríú páirtithe sin sa roinn maidir le ‘Foinsí agus modheolaíochtaí’ sa Tábla ábhartha den Iarscríbhinn.
5. Na modheolaíochtaí a úsáidfear chun na táscairí aeráide agus táscairí eile a bhaineann leis an gcomhshaol a ríomh, beidh siad dian, córasach, oibiachtúil, inbhailíochtaithe agus cuirfear i bhfeidhm go leanúnach iad.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i dTábla 2, réimse S.8, Tábla 3, réimsí S.10 agus S.11, agus Tábla 4, réimsí S.17 agus S.18, den Iarscríbhinn a ríomh i gcomhréir leis an treoraíocht maidir le ríomh i bpointe AR 32 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Caighdeán Eorpach maidir le Tuairisciú um Inbhuanaitheacht E1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i dTábla 3, réimsí S.12, S.13 agus S.14, agus Tábla 4, réimsí S.19, S.20 agus S.21, den Iarscríbhinn a ríomh i gcomhréir leis an treoraíocht maidir le ríomh i bpointí AR 39, 43, 45, 46 agus 47 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Caighdeán Eorpach maidir le Tuairisciú um Inbhuanaitheacht E1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772.
6. I gcás ina n-úsáideann nóid líonra DLT sásraí chun a dtomhaltas fuinnimh agus a n-astaíochtaí GCT a fhritháireamh, féadfar úsáid na sásraí sin a nochtadh ar leithligh sa roinn ‘Foinsí agus modheolaíochtaí’ de Tháblaí 2, 3 agus 4 den Iarscríbhinn. Ní chuirfear éifeacht na sásraí fritháirimh sin san áireamh agus táscairí aeráide agus táscairí eile a bhaineann leis an gcomhshaol á ríomh.
7. I gcás nach bhfuil faisnéis a bhaineann leis an aeráid agus táscairí eile a bhaineann leis an gcomhshaol ar fáil go héasca, beidh meastacháin san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (j), Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, pointe (h), Airteagal 51(1), pointe (g), nó Airteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2023/1114, mar aon le mionsonraí faoi na hiarrachtaí is fearr a rinneadh chun an fhaisnéis sin a fháil, lena n-áirítear trí thaighde breise a dhéanamh, trí chomhoibriú le soláthraithe sonraí tríú páirtí nó le saineolaithe seachtracha nó trí thoimhdí réasúnta a dhéanamh.
Léireofar na mionsonraí sin sa roinn maidir le ‘Foinsí agus modheolaíochtaí’ de Tháblaí 2, 3 agus 4 den Iarscríbhinn agus áireofar iontu an méid seo a leanas:
(a) |
gur úsáideadh meastacháin, agus léiriú soiléir ar na táscairí inbhuanaitheachta a sholáthraítear bunaithe ar mheastacháin; |
(b) |
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na táscairí aeráide agus táscairí eile a bhaineann leis an gcomhshaol a ríomh, lena n-áirítear tuairisc ar dhialltaí ón treoraíocht maidir le ríomh dá dtagraítear i mír 5, an dara fomhír agus an tríú fomhír, míniú ar na cúiseanna atá leis na dialltaí sin, agus na príomhthoimhdí agus prionsabail réamhchúraim is bun leis na meastacháin sin. |
8. Sa roinn maidir le ‘Foinsí agus modheolaíochtaí’ de Tháblaí 2, 3 agus 4 den Iarscríbhinn, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:
(a) |
an mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar mhéadracht atá ar iarraidh, neamhthuairiscithe nó tearcthuairiscithe; |
(b) |
na tacair sonraí sheachtracha a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar mhéadracht atá ar iarraidh, neamhthuairiscithe nó tearcthuairiscithe; |
(c) |
ainm agus hipearnasc chuig suíomh gréasáin sholáthraí seachtrach na sonraí ar a bhfuil na meastacháin bunaithe, i gcás inarb ábhartha; agus |
(d) |
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun a dtomhaltas fuinnimh a fhritháireamh i gcomhréir le mír 6, i gcás inarb ábhartha. |
I gcás nach gcuirtear aon fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) ar fáil, cuirfear in iúl ar bhealach soiléir nach gcuirtear an fhaisnéis sin san áireamh.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta (IO L, 2023/2772, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2772/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:32010R1095).
(5) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE, agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).
(6) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
(7) Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/19/oj).
(8) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le foirmeacha, formáidí agus teimpléid le haghaidh na bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní (IO L, 2024/2984, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2984/oj).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/305 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur san áireamh in iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní (IO L, 2025/305, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/305/oj).
IARSCRÍBHINN
Teimpléad chun an fhaisnéis maidir le drochthionchair phríomha ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a chur i láthair sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus ar shuíomh gréasáin soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní
Tábla 1
Eochair eolais le haghaidh Tháblaí 2, 3 agus 4
Siombail |
Cineál sonraí |
Sainmhíniú |
{FORMÁIDDÁTA} |
Formáid dáta ISO 8601 |
Déanfar na dátaí a chur i láthair san fhormáid seo a leanas: BBBB-MM-LL. |
{DEACHÚIL-n/m} |
Uimhir dheachúlach suas le n digit/dhigit/ndigit san iomlán a bhféadfaidh suas le m digit/dhigit/ndigit di sin a bheith ina ndigití codáin |
Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna dearfacha agus diúltacha araon. Is deighilteoir deachúlach é ‘.’ (lánstad); Déantar ‘-’ (lúide) a chur roimh uimhreacha diúltacha; Déantar luachanna a shlánú agus ní chiorraítear iad. |
Tábla 2
Faisnéis shainordaitheach faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola
N |
Réimse |
Ábhar atá le tuairisciú |
Formáid agus caighdeáin atá le húsáid |
Faisnéis ghinearálta |
|||
S.1 |
Ainm |
Ainm a thuairiscítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984 ón gCoimisiún (1), Tábla 2, réimsí A.1, B.2 nó C.1, Tábla 3, réimse A.1, nó Tábla 4, nó ainm an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.2 |
Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh ábhartha |
Aitheantóir dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984, Tábla 2, réimsí A.6 nó A.7, B.7 nó B.8 nó C.6 nó C.7, Tábla 3, réimsí A.7 agus A.8 nó Tábla 4, réimsí A.7 agus A.8 nó aitheantóir an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/305 ón gCoimisiún (2) |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.3 |
Ainm na cripteashócmhainne. |
Ainm na cripteashócmhainne, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984, Tábla 2, réimse D.2, Tábla 3, réimse B.1, nó Tábla 4, réimse B.1 i gcás inarb ábhartha |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.4 |
Sásra Comhthola |
An sásra comhthola a thuairiscítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984, Tábla 2, réimse H.4, Tábla 3, réimse E.4, nó Tábla 4, réimse E.5, i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), den Rialachán seo. |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.5 |
Sásraí Dreasachta agus Táillí is Infheidhme |
Sásraí dreasachta chun idirbhearta agus aon táille is infheidhme a dhaingniú, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/xxx [C(2024) 6900], Tábla 2, réimse H.5, Tábla 3, réimse E.5 nó Tábla 4, réimse E.6, i gcás inarb ábhartha. Maidir le daoine a tharraingíonn suas páipéar bán maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagail 6, 19 nó 51 de Rialachán (AE) 2023/1114, féadfar an fhaisnéis a sholáthar trí chrostagairt do na réimsí thuasluaite chur isteach. |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.6 |
Tús na tréimhse lena mbaineann an fhaisnéis nochta |
Dáta tosaigh na tréimhse a chumhdaítear leis an bhfaisnéis nochta |
{FORMÁIDDÁTA} |
S.7 |
Deireadh na tréimhse lena mbaineann an fhaisnéis nochta |
Dáta deiridh na tréimhse a chumhdaítear leis an bhfaisnéis nochta |
{FORMÁIDDÁTA} |
Príomhtháscaire sainordaitheach maidir le tomhaltas fuinnimh |
|||
S.8 |
Tomhaltas fuinnimh |
An méid iomlán fuinnimh a úsáidtear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil, arna shloinneadh i gcileavatuaireanta in aghaidh na bliana féilire |
Méid i gcileavatuaireanta (kWh) {DEACHÚIL-18/5} |
Foinsí agus modheolaíochtaí |
|||
S.9 |
Foinsí agus modheolaíochtaí tomhaltais fuinnimh |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimse S.8 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
Tábla 3
Faisnéis fhorlíontach faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola
N |
Réimse |
Ábhar atá le tuairisciú |
Formáid agus caighdeáin atá le húsáid |
Príomhtháscairí forlíontacha maidir le fuinneamh agus astaíochtaí GCT |
|||
S.10 |
Tomhaltas fuinnimh in-athnuaite |
An sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáidtear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil, arna shloinneadh mar chéatadán den mhéid iomlán fuinnimh a úsáidtear in aghaidh na bliana féilire |
Céatadán {DEACHÚIL-11/10} |
S.11 |
Déine fuinnimh |
An meánmhéid fuinnimh a úsáidtear in aghaidh an idirbhirt bhailíochtaithe |
Méid in kWh {DEACHÚIL-18/5} |
S.12 |
Astaíochtaí GCT DLT Scóip 1 – Rialaithe |
Astaíochtaí GCT Scóip 1 in aghaidh na bliana féilire chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil |
Méid i dtonaí (t) de choibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2e) {DEACHÚIL-18/5} |
S.13 |
Astaíochtaí GCT DLT Scóip 2 – Ceannaithe |
Astaíochtaí GCT Scóip 2, arna sloinneadh in tCO2e in aghaidh na bliana féilire chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil |
Méid in tCO2e {DEACHÚIL-18/5} |
S.14 |
Déine GCT |
Meánastaíochtaí GCT (scóip 1 agus scóip 2) in aghaidh an idirbhirt bhailíochtaithe |
Méid i gcileagraim (kg) CO2e (Tx) {DEACHÚIL-18/5} |
Foinsí agus modheolaíochtaí |
|||
S.15 |
Príomhfhoinsí agus príomh-mhodheolaíochtaí fuinnimh |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimsí S.10 agus S.11 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.16 |
Príomhfhoinsí agus príomh-mhodheolaíochtaí GCT |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimsí S.12, S.13 agus S.14 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
Tábla 4
Faisnéis roghnach faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola
N |
Réimse |
Ábhar atá le tuairisciú |
Formáid agus caighdeáin atá le húsáid |
Táscairí roghnacha |
|||
S.17 |
Meascán fuinnimh |
Tuairisc ar rannchuidithe coibhneasta gach príomhfhoinse fuinnimh éagsúil a úsáidtear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil, arna sloinneadh mar chéatadáin |
Céatadán {DEACHÚIL-11/10} |
S.18 |
Úsáid fuinnimh a laghdú |
Spriocanna nó gealltanais maidir le húsáid fuinnimh a laghdú, arna sloinneadh i ndearbhlaghdú nó i laghdú coibhneasta ar úsáid fuinnimh thar 1 bhliain féilire amháin |
Méid in kWh {DEACHÚIL-18/5} nó Céatadán {DEACHÚIL-11/10} |
S.19 |
Déine carbóin |
Déine carbóin an fhuinnimh a úsáidtear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil |
Méid in kgCO2e in aghaidh an kWh {DEACHÚIL-18/5} |
S.20 |
Astaíochtaí GCT DLT Scóip 3 – Slabhra luacha |
Astaíochtaí GCT Scóip 3 chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil in aghaidh na bliana féilire |
Méid in tCO2e {DEACHÚIL-18/5} |
S.21 |
Spriocanna nó gealltanais maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú |
Spriocanna nó gealltanais maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú, arna sloinneadh i i ndearbhlaghdú nó laghdú coibhneasta ar astaíochtaí GCT thar 1 bhliain féilire |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.22 |
Giniúint dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh (DTLL) |
Méid iomlán DTLL a ghintear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil in aghaidh na bliana féilire |
Méid in t {DEACHÚIL-18/5} |
S.23 |
Cóimheas DTLL neamh-athchúrsáilte |
Sciar de mhéid iomlán DTLL a ghintear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil nach ndéantar athchúrsáil air in aghaidh na bliana féilire |
Céatadán {DEACHÚIL-11/10} |
S.24 |
Giniúint dramhaíola guaisí |
Méid iomlán dramhaíola guaisí a ghintear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil in aghaidh na bliana féilire |
Méid in t {DEACHÚIL-18/5} |
S.25 |
Giniúint dramhaíola (gach cineál) |
Méid iomlán dramhaíola a ghintear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil |
Méid in t {DEACHÚIL-18/5} |
S.26 |
Cóimheas dramhaíola neamh-athchúrsáilte (gach cineál) |
Sciar den mhéid iomlán dramhaíola a ghintear chun idirbhearta a bhailíochtú agus chun sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil nach ndéantar athchúrsáil uirthi in aghaidh na bliana féilire |
Céatadán {DEACHÚIL-11/10} |
S.27 |
Déine dramhaíola (gach cineál) |
Méid iomlán na dramhaíola a ghintear in aghaidh an idirbhirt arna bhailíochtú |
Méid i ngraim (g) in aghaidh Tx {DEACHÚIL-18/5} |
S.28 |
Spriocanna nó gealltanais maidir le dramhaíl a laghdú (gach cineál) |
Spriocanna nó gealltanais maidir le dramhaíl a laghdú, arna sloinneadh i ndearbhlaghdú nó laghdú coibhneasta i nginiúint dramhaíola thar 1 bhliain féilire |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.29 |
Tionchar na húsáide a bhaintear as trealamh ar acmhainní nádúrtha |
Tuairisc ar an tionchar ar acmhainní nádúrtha atá ag táirgeadh, úsáid agus diúscairt gléasanna na nód líonra DLT |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.30 |
Spriocanna nó gealltanais maidir le húsáid acmhainní nádúrtha a laghdú |
Spriocanna nó gealltanais maidir le húsáid acmhainní nádúrtha a laghdú, arna sloinneadh i ndearbhlaghdú nó i laghdú coibhneasta ar úsáid acmhainní nádúrtha thar 1 bhliain féilire |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.31 |
Úsáid uisce |
Tomhaltas uisce iomlán atá nasctha le hidirbhearta a bhailíochtú agus sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil, arna shloinneadh i méadair chiúbacha |
Méid i méadair chiúbacha {DEACHÚIL-18/5} |
S.32 |
Cóimheas uisce neamh-athchúrsáilte |
Sciar den uisce iomlán a thomhlaítear nach ndéantar athchúrsáil air agus nach n-athúsáidtear atá nasctha le bailíochtú idirbheart agus le sláine an mhórleabhair dháilte a chothabháil in aghaidh na bliana féilire, arna shloinneadh mar chéatadán |
Céatadán {DEACHÚIL-11/10} |
Foinsí agus modheolaíochtaí |
|||
S.33 |
Foinsí agus modheolaíochtaí fuinnimh eile |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimsí S.17 agus S.18 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.34 |
Foinsí agus modheolaíochtaí GCT eile |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimsí S.19, S.20 agus S.21 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.35 |
Foinsí agus modheolaíochtaí dramhaíola |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimsí S.22, S.23, S.24, S.25, S.26, S.27 agus S.28 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
S.36 |
Foinsí agus modheolaíochtaí acmhainní nádúrtha |
Foinsí agus modheolaíochtaí a úsáideadh i ndáil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh i réimsí S.29, S.30, S.31 agus S.32 |
Saorthéacs alfa-uimhriúil |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2984 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le foirmeacha, formáidí agus teimpléid le haghaidh na bpáipéar bán maidir le criptea-shócmhainní (IO L, 2024/2984, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2984/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/305 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur san áireamh in iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní (IO L, 2025/305, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/305/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/422/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)