This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0412
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/412 of 3 March 2025 making imports of Acrylonitrile-Butadiene-Styrene Resins originating in the Republic of Korea and Taiwan subject to registration
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/412 ón gCoimisiún an 3 Márta 2025 lena gcuirtear allmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine faoi réir a gcláraithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/412 ón gCoimisiún an 3 Márta 2025 lena gcuirtear allmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine faoi réir a gcláraithe
C/2025/1289
IO L, 2025/412, 4.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/412/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/412 |
4.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/412 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Márta 2025
lena gcuirtear allmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Nollaig 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine isteach san Aontas. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir INEOS Styrolution Switzerland SA, Versalis SpA, agus Trinseo Europe GmbH (‘na gearánaithe’) isteach an 4 Samhain 2024. Ba é tionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚ
|
(3) |
Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle, comhpholaiméir theirmeaplaisteach ina bhfuil aicrilinítríl, bútaidhé-éin, agus stiréin i gcion éagsúil, beag beann ar dhath nó aon tsaintréith fhisiceach nó mheicniúil eile, bídís próiseáilte nó cóireáilte a thuilleadh chun saintréithe fisiceacha shonracha bhreise a thabhairt dóibh nó ná bíodh, agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 9003-56-9 ag gabháil léi (‘ABS’ nó ‘an táirge faoi imscrúdú’). |
2. CLÁRÚ
|
(4) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(5) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(6) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé. |
|
(7) |
De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 30 % agus 40 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir 12 % agus 17 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. |
|
(8) |
Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(9) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a thabhairt chun allmhairí Roisíní Stiréin Bhútaidhé-éine Aicrilinítríle, comhpholaiméir theirmeaplaisteach ina bhfuil aicrilinítríl, bútaidhé-éin, agus stiréin i gcion éagsúil, beag beann ar dhath nó aon tsaintréith fhisiceach nó mheicniúil eile, bídís próiseáilte nó cóireáilte a thuilleadh chun saintréithe fisiceacha shonracha bhreise a thabhairt dóibh nó ná bíodh, agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 9003-56-9 ag gabháil léi, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC 3903 30 00 agus ar de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Téaváine iad.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/7490, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7490/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/412/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)