Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0355

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/355 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a mhéid a bhaineann le rátaí minicíochta a bhunú le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas

C/2025/1039

IO L, 2025/355, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/355/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/355/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/355

24.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/355 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a mhéid a bhaineann le rátaí minicíochta a bhunú le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lenan-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 54(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 ón gCoimisiún (2), bunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 a thagann isteach san Aontas agus atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas. Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 leagtar amach an liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá faoi réir seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ag rátaí minicíochta áirithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, aon phlanda, táirge planda nó réad eile atá faoi réir beart dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 28(1), 30(1) agus 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), níl sé faoi réir na rátaí minicíochta laghdaithe dá dtagraítear i mír 3; dá bhrí sin, tá sé faoi réir ráta minicíochta 100 % le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar theacht isteach san Aontas dó.

(3)

Leagtar amach go minic sna gníomhartha sin, inter alia, bearta nach gcuireann allmhairiú plandaí faoi réir ceanglas sonrach ach nach bhforchuireann ach ceanglais a bhaineann le plandaí atá lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais, amhail suirbhéanna ar phlandaí óstacha lotnaidí sonracha. Mar is léir ón taithí a fuarthas le cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, ní iomchuí ráta minicíochta 100 % a chur i bhfeidhm go córasach maidir le hallmhairiú na bplandaí sin isteach san Aontas, nuair nach bhfuil a dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais faoi réir aon cheanglas sonrach de bhun na ngníomhartha sin.

(4)

Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, is iomchuí Airteagal 4(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a leasú ionas nach mbeidh feidhm ag na rátaí minicíochta laghdaithe le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá faoi réir bearta sonracha a bhaineann lena dtabhairt isteach san Aontas, dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 28(1), 30(1) agus 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, tá na rátaí minicíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin le modhnú ag féachaint do na critéir a leagtar amach i bpointí (i), (ii), (iv), (v) agus (vi) d’Airteagal 54(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625, do na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb iomchuí, ag féachaint don fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. I gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, déanfar na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile, nó catagóirí díobh, a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad, chun faisnéis nua a bhaileofar trí CBFRO nó a sholáthróidh na Ballstáit a chur san áireamh, agus déanfar iad a mhodhnú dá réir.

(6)

Bhunaigh an Coimisiún meitheal saineolaithe a scrúdaigh allmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 in 2022, 2023 agus 2024, ar nithe iad atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas. Ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, thug an mheitheal le fios íosrátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus na seiceálacha fisiceacha a mheas sí a bheith iomchuí le haghaidh plandaí, táirgí plandaí agus reáda áirithe eile ó thríú tíortha tionscnaimh áirithe.

(7)

Úsáideadh modh a bhí bunaithe ar riosca agus ar staidreamh agus cuireadh sraith athróg san áireamh, lenan-áirítear: innéacs soghluaisteachta measta na lotnaidí coraintín de chuid an Aontais ag an gcéim is soghluaiste a fhéadfaidís a bhaint amach ar na plandaí ábhartha, na táirgí plandaí ábhartha nó réada ábhartha eile, nó catagóirí díobh; líon na gcoinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile, nó catagóirí díobh, a ndearnadh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha orthu le linn na bliana roimhe sin; maidir le coinsíneachtaí a allmhairíodh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389, líon iomlán na neamhchomhlíontachtaí mar gheall ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bheith ann, agus sonraí na neamhchomhlíontachtaí sin; líon iomlán na gcoinsíneachtaí earraí lena mbaineann ar tugadh fógra fúthu ar chúiseanna seachas lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a bheith iontu, agus na sonraí a bhaineann leis sin; agus aon ghné ábhartha eile chun an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis an trádáil lena mbaineann a chinneadh.

(8)

Go háirithe, agus de bharr líon níos lú idircheaptha coinsíneachtaí dá ndéanann lotnaidí coraintín de chuid an Aontais difear go príomha, ba cheart íosrátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha a laghdú le haghaidh bláthanna gearrtha ó Dianthus agus Gypsophila ó Eacuadór, Gypsophila ón gCéinia, torthaí ó Malus, Prunus agus Pyrus ó thríú tíortha Eorpacha, Citrus ón Eigipt agus Iosrael, Citrus agus Prunus ón Tuirc, Pyrus ón tSín, glasraí ó Solanum lycopersicum ó na hOileáin Chanáracha agus innealra athláimhe ó gach tríú tír.

(9)

Thairis sin, chun a áirithiú go ndéanfar líon íosta seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha i ngach cás, d’ainneoin líon níos lú coinsíneachtaí allmhairithe, i gcás torthaí Citrus de thionscnamh Mharacó agus na Stát Aontaithe, Malus de thionscnamh na hAirgintíne agus an Nua-Shéalainn, agus Prunus agus Vaccinium ón tSile, ba cheart íosrátaí minicíochta ábhartha na seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a mhéadú.

(10)

Ba cheart íosrátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha a mhéadú de thoradh idircheapadh coinsíneachtaí dá ndéanann lotnaidí coraintín de chuid an Aontais difear i gcás bláthanna gearrtha de Aster ón tSiombáib, Rosa ón tSaimbia, torthaí ó Fragaria ón Eigipt, Persea americana ó Chamarún, agus fréamhacha agus tiúbairíní ó Curcuma longa ón Téalainn.

(11)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, measann an Coimisiún gur cheart na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a mhodhnú.

(12)

Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 a ionadú.

(13)

Chun am leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla iad féin a oiriúnú do na rátaí minicíochta nua, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Márta 2025.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(4):

‘4.   Ní bheidh feidhm ag na rátaí minicíochta de réir mhír 3 maidir leis na rudaí seo a leanas:

(a)

plandaí atá le cur;

(b)

aon phlanda, táirge planda nó réad eile atá faoi réir beart maidir lena thabhairt isteach san Aontas, dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1), Airteagal 30(1) agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.’

(b)

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2389 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thagann isteach san Aontas (IO L 316, 08/12/2022, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2389/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lenan-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj).


IARSCRÍBHINN

‘‘IARSCRÍBHINN I

Rátaí minicíochta seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí de phlandaí áirithe, de tháirgí plandaí áirithe agus de réada áirithe eile, nó catagóirí díobh, dá dtagraítear in Airteagal 4(3):

Planda, táirge plandaí nó réad eile, nó catagóir díobh

An tír thionscnaimh

Íosráta minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha (%)

Bláthanna gearrtha

Dianthus

An Cholóim

3

Dianthus

Eacuadór

10

Dianthus

An Chéinia

5

Dianthus

An Tuirc

25

Gypsophila

Eacuadór

3

Gypsophila

An Chéinia

5

Phoenix

Cósta Ríce

50

Rosa

An Cholóim

3

Rosa

Eacuadór

1

Rosa

An Aetóip

25

Rosa

An Chéinia

25

Torthaí

Actinidia

Gach tríú tír

10

Carica papaya

Gach tríú tír

10

Fragaria

Gach tríú tír (1)

5

Persea americana

Gach tríú tír (2)

1

Rubus

Gach tríú tír

5

Vitis

Gach tríú tír

1

Malus

Tríú tíortha Eorpacha (3)

10

Prunus

Tríú tíortha Eorpacha (3)  (4)

3

Pyrus

Tríú tíortha Eorpacha (3)

10

Vaccinium

Tríú tíortha Eorpacha (3)

50

Citreas

An Éigipt

50

Citreas

Iosrael

25

Citreas

Meicsiceo

25

Citreas

Maracó

5

Citreas

Peiriú

10

Citreas

An Tuirc

5

Citreas

Stáit Aontaithe Mheiriceá

75

Malus

An Airgintín

75

Malus

An tSile

5

Malus

An Nua-Shéalainn

15

Malus

An Afraic Theas

15

Mangifera

An Bhrasaíl

75

Passiflora

An Cholóim

5

Passiflora

La Réunion

10

Passiflora

An Afraic Theas

75

Passiflora

Vítneam

15

Prunus

An tSile

25

Prunus

An Afraic Theas

10

Prunus

An Tuirc

25

Pyrus

An Airgintín

25

Pyrus

An tSile

15

Pyrus

An tSín

50

Pyrus

An Afraic Theas

10

Vaccinium

An Airgintín

50

Vaccinium

An tSile

15

Vaccinium

Peiriú

5

Glasraí

Solanum lycopersicum

Na hOileáin Chanáracha

15

Solanum lycopersicum

Maracó

1

Glasraí fréimhe agus tiúbairín, seachas tiúbair de Solanum tuberosum L. (5)  (6)

Gach tríú tír (2)

5

Fréamhacha agus tiúbairíní Curcuma longa

An Téalainn

35

Innealra athláimhe

Innealra agus feithiclí a úsáideadh chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta

Gach tríú tír

5

’ ’

(1)  Seachas an Éigipt.

(2)  Seachas Camarún.

(3)  An Albáin, Andóra, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Fharó, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mholdóiv, Monacó, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Rúis (na codanna seo a leanas amháin: an Ceantar Cónaidhmeach Lárnach (Tsentralny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Thiar Thuaidh (Severo-Zapadny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Theas (Yuzhny federalny okrug), Ceantar Cónaidhmeach Chugais Thuaidh (Severo-Kavkazsky federalny okrug) agus Ceantar Cónaidhmeach Volga (Privolzhsky federalny okrug)), San Mairíne, an tSeirbia, an Tuirc, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe.

(4)  Seachas an Tuirc.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn VII, pointe 12 (IO L 319, 10.12.2019, lch. 103; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

(6)  Gan Curcuma longa agus Zingiber officinale ó Pheiriú, agus Curcuma longa ón Téalainn a áireamh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/355/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top