Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0348

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/348 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

C/2025/1125

IO L, 2025/348, 18.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/348/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/348/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/348

18.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/348 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh 2011/101/CBES (2) ón gComhairle, sainaithnítear na daoine agus na heintitis a bhfuil feidhm ag bearta sriantacha maidir leo.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 tugtar éifeacht do Chinneadh 2011/101/CBES a mhéid is gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 na daoine agus na heintitis arna gcumhdach leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(3)

An 18 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/335 (3) lena mbaintear an t-eintiteas deireanach de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 55, 24.2.2004, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/314/oj.

(2)  Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/101(1)/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2025/335 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L, 2025/335, 18.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/335/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle, roinn II, scriostar an iontráil seo a leanas:

‘Zimbabwe Defence Industries

10ú hurlár, Trustee House, 55 Ascaill Samora Machel, Bosca Poist 6597, Harare, an tSiombáib

Tá baint ag Zimbabwe Defence Industries leis an Aireacht Cosanta agus leis an ngrúpa ZANU-PF i Rialtas na Siombáibe.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/348/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top