Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0326

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/326 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2025 lena gcuirtear allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

C/2025/838

IO L, 2025/326, 19.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/326/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/326/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/326

19.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/326 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Feabhra 2025

lena gcuirtear allmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Nollaig 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí vailín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir Eurolysine SAS isteach an 5 Samhain 2024 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán vailín an Aontais acu.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é atá sa táirge atá faoi réir an chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) vailín agus a eistir, agus salainn díobh sin, mar chomhdhúile orgánacha ar leith a shainítear go ceimiceach, bíodh eisíontais iontu nó ná bíodh.

(4)

Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chóid AC ex 2922 49 85 (cód TARIC 2922 49 85 87) faoi láthair agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

2.   CLÁRÚ

(5)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

(6)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(7)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(8)

De réir na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála 65 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir [150-250 %] (3) a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

(9)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(10)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí vailín agus a eistir, agus salainn díobh sin, mar chomhdhúile orgánach ar leith a shainítear go ceimiceach, bíodh eisíontais iontu nó ná bíodh, isteach san Aontas a chlárú, a aicmítear faoi chóid AC 2922 49 85 (cód TARIC 2922 49 85 87) faoi láthair, agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/7460, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7460/oj.

(3)  Cuirtear sonraí ar fáil i raonta mar gheall ar chúiseanna rúndachta.

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/326/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top