Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0309

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/309 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2025 lena gcuirtear allmhairí cineálacha ullmhaithe nó leasaithe áirithe gráin mhilis ina ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

C/2025/801

IO L, 2025/309, 17.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/309/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/309/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/309

17.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/309 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2025

lena gcuirtear allmhairí cineálacha ullmhaithe nó leasaithe áirithe gráin mhilis ina ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí cineálacha ullmhaithe nó leasaithe áirithe gráin mhilis ina ghráinní isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(2)

Tháinig an tionscnamh seo i ndiaidh gearán a rinne ‘Association Européenne des Transformateurs de Maïs Doux (AETMD)’ an 25 Deireadh Fómhair 2024 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de chineálacha ullmhaithe nó leasaithe áirithe gráin mhilis ina ghráinní.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é an táirge atá faoi réir an chláraithe seo (‘an táirge lena mbaineann’) grán milis (Zea mays var. saccharata) ina eithní, iad ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, gan iad a bheith reoite agus grán milis (Zea mays var. saccharata) ina eithní, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, gan iad a bheith reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006.

(4)

Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chóid AC ex 2001 90 30 (cód TARIC 2001 90 30 10) agus ex 2005 80 00 (cód TARIC 2005 80 00 10) faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

2.   CLÁRÚ

(5)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

(6)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(7)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé.

(8)

De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála a bheith idir 95 % agus 105 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir 110 % agus 120 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

(9)

Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(10)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(11)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí grán milis (Zea mays var. saccharata) ina eithní, iad ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, gan iad a bheith reoite agus grán milis (Zea mays var. saccharata) ina eithní, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, gan iad a bheith reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006 , a aicmítear faoi chóid AC ex 2001 90 30 (cód TARIC 2001 90 30 10) agus ex 2005 80 00 (cód TARIC 2005 80 00 10) faoi láthair, agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/7407, 9.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7407/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/309/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top