This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0298
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/298 of 31 October 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the methodology to estimate the number and value of transactions associated to uses of asset-referenced tokens and of e-money tokens denominated in a currency that is not an official currency of a Member State as a means of exchange
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/298 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear an mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar líon agus luach na n-idirbheart a bhaineann le húsáidí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid arna n-ainmniú in airgeadra nach airgeadra de chuid an Aontais é mar mhodh malartaithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/298 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear an mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar líon agus luach na n-idirbheart a bhaineann le húsáidí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid arna n-ainmniú in airgeadra nach airgeadra de chuid an Aontais é mar mhodh malartaithe
C/2024/6910
IO L, 2025/298, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/298/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/298 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/298 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear an mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar líon agus luach na n-idirbheart a bhaineann le húsáidí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid arna n-ainmniú in airgeadra nach airgeadra de chuid an Aontais é mar mhodh malartaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 22(6), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá coincheap an ‘idirbhirt’ in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 neafaiseach ar an gcineál tiachóg a úsáideann an t-íocóir nó an t-íocaí chun idirbheart a thionscnamh nó a fháil, is idirbheart a bhaineann le húsáid comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe. Dá réir sin, chun an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 22(6) de Rialachán (AE) 2023/1114 a shonrú, is gá a mheas gur cheart a áireamh sa tuairisciú in Airteagal 22(1), pointe (d), den Rialachán sinidirbhearta idir tiachóga coinneála chomh maith le hidirbhearta idir tiachóg choinneála, ar thaobh amháin, agus tiachóg neamhchoinneála nó cineálacha eile seoltaí mórleabhair dháilte nach bhfuil á rialú ag sealbhóir comhartha sócmhainn-tagartha nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, ar an taobh eile. Maidir le hidirbhearta idir tiachóga neamhchoinneála, nó idir tiachóga neamhchoinneála agus cineálacha eile seoltaí mórleabhair dháilte nach bhfuil á rialú ag sealbhóir comhartha sócmhainn-tagartha nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, níor cheart iad a áireamh i raon feidhme an tuairiscithe in Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis is gá ag eisitheoirí chun idirbhearta den sórt sin a thuairisciú faoi na forálacha sin. Ba cheart nár dhochar an méid sin d’oibleagáidí tuairiscithe eisitheoirí i leith na n-idirbheart sin faoi Airteagal 22(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 (2). |
(2) |
De réir Airteagal 22(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114, níl in idirbhearta a bhaineann le húsáidí mar mhodh malartaithe ach idirbhearta as a n-eascraíonn athrú ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá i dteideal an chomhartha sócmhainn-tagartha. Tá feidhm aige sin fiú i gcás nach dtagann athrú ar an úinéir tairbhiúil de réir bhrí Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus gan beann ar na hidirbhearta sin a bheith socraithe ar an mórleabhar dáilte (‘ar an slabhra’) nó lasmuigh den mhórleabhar dáilte (‘seachshlabhra’). Dá réir sin, chun críoch an tuairiscithe faoi Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114,níor cheart a áireamh sna sonraí atá le tuairisciú ag an eisitheoir don údarás inniúil aistrithe comhartha sócmhainne-tagartha idir seoltaí nó cuntais éagsúla de chuid an duine chéanna. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 22(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114 nach measfar go bhfuil baint ag idirbhearta áirithe le húsáidí comharthaí sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe. Go háirithe, mar a shoiléirítear in aithris 61 den Rialachán sin, is éard atá in idirbhearta a bhaineann le húsáidí comharthaí sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe na hidirbhearta sin a bhaineann le híocaíochtaí fiachas lena n-áirítear i gcomhthéacs idirbheart le ceannaithe agus níor cheart idirbhearta a bhaineann le feidhmeanna agus seirbhísí infheistíochta a áireamh iontu, amhail modh malartaithe le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile, mura bhfuil fianaise ann go n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha chun idirbhearta i gcripteashócmhainní eile a shocrú. Dá bhrí sin, is gá sonrú breise a dhéanamh ar an gcineál idirbheart atá le tuairisciú faoi Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114. |
(4) |
Ba cheart don eisitheoir meastachán a dhéanamh ar líon agus luach na n-idirbheart a bhaineann le húsáidí comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe, dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, trí idirbhearta a asbhaint ó líon agus luach iomlán na n-idirbheart a shocraítear sa chomhartha sócmhainn-tagartha, le linn na ráithe ábhartha, i gcás ina malartaítear an comhartha sócmhainn-tagartha le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile leis an eisitheoir nó le soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nó i gcás ina n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhthaobhacht chun idirbhearta a sheoladh le hionstraimí airgeadais agus i gcás ina n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha chun conradh díorthach a shocrú. Ina theannta sin, féadfaidh an t-eisitheoir idirbhearta eile leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha a asbhaint freisin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an eisitheoir glacadh leis nach é cuspóir na n-idirbheart faoi seach íoc as earraí nó seirbhísí, ar choinníoll go bhféadfaidh an t-eisitheoir a léiriú don údarás inniúil, ar é a iarraidh, go raibh forais réasúnacha aige glacadh leis nach mbaineann na hidirbhearta sin le húsáid an chomhartha sócmhainn-tagartha chun íoc as earraí nó seirbhísí. |
(5) |
Ba cheart a áireamh freisin ar idirbhearta a bhaineann le húsáidí comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe idirbhearta ina n-úsáidtear cripteashócmhainn amháin nó roinnt cripteashócmhainní atá éagsúil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha chun íoc as earraí agus seirbhísí, ar choinníoll go socraítear na hidirbhearta sin sa chomhartha sócmhainn-tagartha. Féadfar a áireamh air sin, mar shampla, cásanna ina n-úsáidtear comhartha sócmhainn-tagartha mar shócmhainn idirlinne chun idirbhearta a shocrú le cripteashócmhainn atá éagsúil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha, i gcás inarb é cuspóir an idirbhirt sin íoc as earraí nó seirbhísí, agus cásanna ina n-úsáidtear comhartha sócmhainn-tagartha mar shócmhainn idirlinne chun idirbheart a shocrú ina bhfuil dhá chripteashócmhainn atá éagsúil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha, i gcás inarb é cuspóir an idirbhirt sin íoc as earraí nó seirbhísí. I gcodarsnacht leis sin, maidir le hidirbhearta inar mian leis na páirtithe dhá chripteashócmhainn ar leith atá éagsúil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha a thrádáil nó a mhalartú agus ina gcomhaontaíonn siad an t-idirbheart a shocrú trí chomhartha sócmhainn-tagartha a úsáid, gan é a bheith de chuspóir ag an idirbheart foluiteach íoc as earraí nó seirbhísí, níor cheart go dtiocfaidís faoi raon feidhme an tuairiscithe in Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114. |
(6) |
Ba cheart don eisitheoir an limistéar airgeadra aonair ar cheart an t-idirbheart sin a thuairisciú ina leith a chinneadh le haghaidh gach idirbhirt faoi raon feidhme Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114. Ba cheart a chumhdach leis na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (d), den Rialachán sin idirbhearta i gcás ina bhfuil an t-íocóir agus an t-íocaí araon lonnaithe sa limistéar airgeadra aonair céanna laistigh den Aontas. |
(7) |
Chun a áirithiú go ndéantar meánlíon ráithiúil agus meánluach comhiomlán ráithiúil na n-idirbheart in aghaidh an lae a mheas ar bhonn sonraí iontaofa fónta agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an tuairiscithe, ba cheart don eisitheoir córais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm aige lena gceadaítear dó na sonraí arna bhfáil ó sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an íocaí a réiteach nó, i gcás idirbheart ó thiachóg choinneála chuig tiachóg neamhchoinneála, na sonraí arna bhfáil ó sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an íocóra de bhun Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 leis na sonraí atá ar fáil don eisitheoir ó fhoinsí eile, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sonraí idirbheartaíochta atá ar fáil ar an mórleabhar dáilte. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, beidh feidhm ag forálacha Airteagail 22 agus 23, agus Airteagal 24(3) den Rialachán sin freisin maidir le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é. Dá réir sin, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag an Rialachán seo maidir le comharthaí ríomh-airgid den sórt sin. |
(9) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach. |
(10) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
1. Sonraítear sa Rialachán seo an mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar mheánlíon ráithiúil agus meánluach comhiomlán ráithiúil na n-idirbheart in aghaidh an lae a bhaineann le húsáidí comharthaí sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe laistigh de limistéar airgeadra aonair, i gcomhréir le hAirteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114.
2. I gcomhréir le hAirteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá feidhm ag an Rialachán seo freisin mutatis mutandis maidir le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘limistéar airgeadra aonair’ tír amháin nó roinnt tíortha a bhfuil an t-airgeadra oifigiúil céanna acu; |
(2) |
ciallaíonn ‘tiachóg choinneála’ seoladh tiachóige cripteashócmhainní i gcás ina n-áirithíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní go ndéantar cripteashócmhainní a choimeád slán nó a rialú, thar ceann a chliaint, nó go ndéantar na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní den sórt sin a choimeád slán nó a rialú, i gcás inarb infheidhme i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha; |
(3) |
ciallaíonn ‘tiachóg neamhchoinneála’ seoladh tiachóige cripteashócmhainní ina rialaíonn an t-úsáideoir na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní, i gcás inarb infheidhme i bhfoirm eochracha cripteagrafacha príobháideacha. |
Airteagal 3
Idirbhearta a bhaineann le húsáidí comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe
1. Déanfaidh an t-eisitheoir líon agus luach na n-idirbheart a bhaineann le húsáidí comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe, dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114, tríd an méid seo a leanas a asbhaint ó líon agus luach iomlán na n-idirbheart leis an gcomhartha sin le linn na ráithe ábhartha:
(a) |
idirbhearta ina malartaítear an comhartha sócmhainn-tagartha le haghaidh cistí nó cripteashócmhainní eile leis an eisitheoir nó le soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní; |
(b) |
idirbhearta ina n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha mar chomhthaobhacht chun idirbhearta a dhéanamh le hionstraimí airgeadais; |
(c) |
idirbhearta ina n-úsáidtear an comhartha sócmhainn-tagartha chun conradh díorthach a shocrú; |
(d) |
idirbhearta eile leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag an eisitheoir glacadh leis nach é cuspóir na n-idirbheart faoi seach íoc as earraí nó seirbhísí. |
Chun na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a eisiamh ón meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an t-eisitheoir in ann a léiriú don údarás inniúil, ar é a iarraidh, go raibh forais réasúnacha aige glacadh leis nach mbaineann na hidirbhearta sin le húsáid an chomhartha sócmhainn-tagartha chun íoc as earraí nó seirbhísí.
2. Áireofar ar idirbhearta a bhaineann le húsáidí comhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe idirbhearta ina n-úsáidtear cripteashócmhainn amháin nó roinnt cripteashócmhainní atá éagsúil leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha chun íoc as earraí agus seirbhísí, ar choinníoll go socraítear na hidirbhearta sin sa chomhartha sócmhainn-tagartha.
3. Sna hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1, áireofar an méid seo a leanas:
(a) |
idirbhearta a shocraítear ar mhórleabhar dáilte; |
(b) |
idirbhearta a shocraítear lasmuigh de mhórleabhar dáilte; |
(c) |
idirbhearta idir tiachóga coinneála; |
(d) |
idirbhearta idir tiachóg choinneála agus tiachóg neamhchoinneála nó cineál eile seoltaí mórleabhair dháilte nach bhfuil á rialú ag sealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha ná ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní. |
4. Sna hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1, ní áireofar aistrithe idir cuntais nó seoltaí éagsúla de chuid an duine chéanna.
5. Sna hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1, ní áireofar ach idirbhearta ina bhfuil an t-íocóir agus an t-íocaí araon lonnaithe sa limistéar airgeadra aonair céanna laistigh den Aontas. Tagraíonn suíomh íocóra nó íocaí don áit ina bhfuil gnáthchónaí air, do dhaoine nádúrtha, agus don seoladh oifige cláraithe, do dhaoine dlítheanacha.
Airteagal 4
Meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart a ríomh
1. Ríomhfaidh an t-eisitheoir meánlíon ráithiúil agus meánluach comhiomlán ráithiúil na n-idirbheart in aghaidh an lae dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114 le haghaidh gach limistéir airgeadra aonair, mar atá an fhaisnéis sin ar na dátaí tagartha tuairiscithe seo a leanas: an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig.
2. Tuairisceofar luach na n-idirbheart dá dtagraítear i mír 1 in airgeadra oifigiúil Bhallstát baile an eisitheora.
3. Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:
(a) |
i gcás ina n-áirítear ar an mbascaed sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha airgeadra oifigiúil amháin nó níos mó atá éagsúil leis an airgeadra oifigiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart faoi seach in aghaidh an lae trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte ábhartha is infheidhme ag deireadh gach lae féilire in imeacht na tréimhse tuairiscithe is infheidhme i gcomhréir le luacháil, nó i gcomhréir le prionsabail luachála, an chomhartha sócmhainn-tagartha dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114; |
(b) |
i gcás ina n-áirítear ar an mbascaed sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha sócmhainní seachas airgeadra oifigiúil, cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart faoi seach in aghaidh an lae trí úsáid a bhaint as praghsanna an mhargaidh arna ríomh ag deireadh gach lae féilire in imeacht na tréimhse tuairiscithe is infheidhme, aon uair is féidir, i gcomhréir le luacháil, nó i gcomhréir le prionsabail luachála, an chomhartha sócmhainn-tagartha dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (c), agus in Airteagal 36(11) agus (12) de Rialachán (AE) 2023/1114; |
(c) |
maidir le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é, cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart faoi seach in aghaidh an lae trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte ábhartha is infheidhme ag deireadh gach lae féilire le linn na tréimhse tuairiscithe is infheidhme. |
Airteagal 5
Cáilíocht sonraí
1. Beidh córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an eisitheoir chun a áirithiú go bhfuil na sonraí arna gcur faoi bhráid an údaráis inniúil de bhun Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114 ceart, iomlán agus curtha isteach laistigh den tréimhse ama a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902.
2. Ceadófar leis na córais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 don eisitheoir na sonraí arna bhfáil ó sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an íocaí a réiteach, nó, i gcás idirbheart ó thiachóg choinneála chuig tiachóg neamhchoinneála, na sonraí arna bhfáil ó sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an íocóra de bhun Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 leis na sonraí atá ar fáil don eisitheoir ó fhoinsí eile, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sonraí idirbheartaíochta atá ar fáil ar an mórleabhar dáilte.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha agus le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é (IO L, 2024/2902, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2902/oj).
(3) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/298/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)