This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0297
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/297 of 31 October 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the conditions for the establishment and functioning of consultative supervisory colleges
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/297 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha maidir le bunú agus feidhmiú coláistí maoirseachta comhairleacha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/297 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha maidir le bunú agus feidhmiú coláistí maoirseachta comhairleacha
C/2024/6911
IO L, 2025/297, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/297/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/297 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/297 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha maidir le bunú agus feidhmiú coláistí maoirseachta comhairleacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí cripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 119(8) an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Faoi Airteagal 119(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (‘ÚBE’) coláiste maoirseachta comhairleach (‘an coláiste’) a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, do gach eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, chun cur i gcrích cúraimí maoirseachta a éascú agus chun comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta faoin Rialachán sin a cheadú. Liostaítear in Airteagal 119(2) na heintitis a chuimsíonn príomhbhallraíocht an choláiste. |
(2) |
Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí sin ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú, tá ÚBE le cinneadh, faoi Airteagal 119(8), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114, cé na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d), (e), (f), (h), den Rialachán sin a mheastar is ábhartha agus, faoi Airteagal 119(2), pointe (l), den Rialachán sin, cé na Ballstáit ina meastar go n-úsáidtear comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid ar mhórscála. Chun na críche sin, ba cheart do ÚBE na heintitis is airde rangú a chur san áireamh bunaithe ar chritéir oiriúnacha, ar shainiúlachtaí gach cáis agus ar an gcothromaíocht idir an gá atá le hionadaíocht iomchuí ar na húdaráis inniúla ábhartha sa choláiste a áirithiú agus an gá atá le feidhmiú éifeachtach an choláiste a áirithiú. |
(3) |
Ba cheart do ÚBE a bheith in ann a chinneadh freisin cuireadh a thabhairt d’údaráis inniúla roinnt de na heintitis is ábhartha faoi Airteagal 119(2), pointí (d), (e), (f) agus (h), de Rialachán (AE) 2023/1114 le bheith ina gcomhaltaí den choláiste, i gcás ina bhfuil ÚBE den tuairim gurb iad na heintitis sin amháin atá ábhartha ina gcatagóir d’obair an choláiste. |
(4) |
Ba cheart do ÚBE athmheasúnú a dhéanamh, gach 2 bhliain ar a laghad, ar na húdaráis a cháilíonn le bheith ina gcomhaltaí den choláiste faoi Airteagal 119(2), pointí (d), (e), (f), (h) agus (l), de Rialachán (AE) 2023/1114. Ba cheart minicíocht an athmheasúnaithe a chinneadh agus aird á tabhairt ar an ngá atá le hionadaíocht iomchuí na n-údarás inniúil ábhartha sa choláiste a áirithiú, ós rud é go bhféadfadh athrú teacht orthu sin le himeacht ama, go háirithe mar thoradh ar fhorbairtí margaidh a dhéanann difear don chomhartha sócmhainn-tagartha nó don chomhartha ríomh-airgid, chomh maith leis an ngá atá le cobhsaíocht an choláiste a áirithiú. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart bunú agus feidhmiú an choláiste a bheith bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí. Agus an amlíne a leagtar amach in Airteagal 119(1) den Rialachán sin maidir le bunú an choláiste á cur san áireamh, is iomchuí na socruithe praiticiúla chun an comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích a shonrú sa Rialachán seo. |
(6) |
Maidir le haon chúram a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar iontaoibh, ba cheart do chomhaltaí an choláiste plé a dhéanamh faoi sin i measc chomhaltaí an choláiste faoi Airteagal 119(5), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114. I gcás ina mbunaítear coláiste d’institiúid creidmheasa a eisíonn comhartha ríomh-airgid suntasach, a bhfanann an fhreagracht mhaoirseachta ina leith faoi Rialachán (AE) 2023/1114 leis an údarás maoirseachta stuamachta inniúil agus nach n-aistrítear chuig ÚBE í, ba cheart do ÚBE, mar chathaoirleach ar an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 119(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart dó a bheith in ann a chúraimí a chur ar iontaoibh nó iad a chomhroinnt leis an údarás maoirseachta stuamachta is inniúil atá chun maoirseacht a dhéanamh ar an institiúid creidmheasa sin. B’fhéidir go mbeadh gá le cúraimí a chur ar iontaoibh nó a chomhroinnt chun chun comhar níos éifeachtúla an choláiste a áirithiú, ós rud é gur fearr is féidir leis an údarás sin comhordú agus cumarsáid a dhéanamh le húdaráis eile atá ábhartha don institiúid creidmheasa i dtrácht agus go bhfuil eolas níos fearr aige ar staid na hinstitiúide creidmheasa sin. Mar sin féin, ba cheart do ÚBE leanúint de bheith i gceannas ar shocruithe agus nósanna imeachta i scríbhinn a bhunú maidir le feidhmiú an choláiste, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste, mar a cheanglaítear le hAirteagal 119(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, chun a áirithiú go gcoinneoidh sé formhaoirseacht ar chathaoirleacht an choláiste. Sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 119(6) den Rialachán sin, ba cheart tuairisc a thabhairt freisin ar na socruithe maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh go deonach i measc a chomhaltaí faoi Airteagal 119(5), pointe (c), den Rialachán sin, i gcás ina ndéanfar na cúraimí sin a chur ar iontaoibh |
(7) |
Ba cheart an deis a bheith ag cathaoirleach an choláiste cuireadh a thabhairt d’údaráis eile, nach comhaltaí den choláiste iad, freastal ar chruinniú coláiste, nó ar mhír ar leith a chur ar an gclár oibre. D’fhéadfaí a áireamh leis sin údaráis a bhaineann le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó leis an ngrúpa lena mbaineann sé, ar bhonn reachtaíocht earnálach eile, amhail maoirseoir comhdhlúthacháin institiúide creidmheasa, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (41), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nó príomhmhaoirseoir an choláiste maoirseachta ábhartha um fhrithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, de réir mar a bheidh. Ba cheart do chathaoirleach an choláiste cinneadh a dhéanamh faoin bhfaisnéis atá ábhartha do na húdaráis sin agus iad a thabhairt isteach i gcruinniú nó i ngníomhaíocht ábhartha an choláiste dá réir sin. |
(8) |
Ba cheart do chomhaltaí an choláiste atá rannpháirteach i gcruinniú nó i ngníomhaíocht ar leith de chuid an choláiste doiciméid agus rannchuidithe le doiciméid oibre a mhalartú in am trátha roimh ré ionas go mbeidh na rannpháirtithe uile i gcruinniú an choláiste in ann cur go gníomhach leis an bplé. Ba cheart na hachair ama íosta le haghaidh measúnaithe ar an doiciméadacht ábhartha ag comhaltaí an choláiste a shonrú sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2023/1114, agus castacht na hoibre agus méid an choláiste, an topaic faoi chaibidil agus aon amlíne ábhartha a leagtar amach sa Rialachán sin á gcur san áireamh. |
(9) |
Chun comhar agus malartú faisnéise i measc chomhaltaí an choláiste a éascú, is iomchuí an creat ginearálta le haghaidh malartú faisnéise idir comhaltaí an choláiste a shonrú a thuilleadh. |
(10) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo. |
(11) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na heintitis is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d), (e), (f) agus (h) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chinneadh
1. Chun na heintitis is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chinneadh, cuirfidh ÚBE na nithe uile seo a leanas san áireamh, go háirithe:
(a) |
i gcás ina mbunaítear coláiste maoirseachta comhairligh d’eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó d’institiúid ríomh-airgid a eisíonn comhartha ríomh-airgid suntasach, na trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta a shealbhaíonn an luach is airde de na cúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2023/1114 faoi chumhdach le linn na tréimhse tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo; |
(b) |
i gcás ina mbunaítear coláiste d’institiúid creidmheasa a eisíonn comhartha ríomh-airgid suntasach, na trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta a raibh an céatadán is airde de na cistí a fuarthas mar mhalairt ar chomharthaí ríomh-airgid á choimeád faoi chumhdach acu, le linn na tréimhse tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo. |
2. Chun na heintitis is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (e) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chinneadh, cuirfidh ÚBE na nithe uile seo a leanas san áireamh, go háirithe:
(a) |
na trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a áirithíonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú a rinne an meánlíon is airde idirbheart in aghaidh an lae leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach, le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo; |
(b) |
na trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a áirithíonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a oibriú a rinne an meánluach comhiomlánaithe is airde idirbheart in aghaidh an lae leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach, le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo. |
3. Chun na heintitis is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (f) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chinneadh, cuirfidh ÚBE na nithe uile seo a leanas san áireamh, go háirithe:
(a) |
na trí sholáthraí seirbhísí íocaíochta a rinne an meánlíon is airde idirbheart íocaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i ndáil leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach in aghaidh an lae, le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo; |
(b) |
na trí sholáthraí seirbhísí íocaíochta a rinne an meánluach comhiomlán is airde idirbheart íocaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5) de Threoir (AE) 2015/2366, i ndáil leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach in aghaidh an lae, le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo. |
4. Chun na heintitis is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (h) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chinneadh, cuirfidh ÚBE na nithe uile seo a leanas san áireamh, go háirithe:
(a) |
na trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant a rinne an meánlíon is airde idirbheart in aghaidh an lae leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach, le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo; |
(b) |
na trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant a rinne an meánluach comhiomlánaithe is airde idirbheart in aghaidh an lae leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach, le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo. |
5. Féadfaidh ÚBE a chinneadh iarraidh ar údaráis inniúla roinnt de na heintitis amháin dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a bheith ina gcomhaltaí den choláiste i gcás ina bhfuil ÚBE den tuairim gurb iad na heintitis sin amháin atá ábhartha ina gcatagóir d’obair an choláiste.
Airteagal 2
Coinníollacha faoina meastar comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a bheith á úsáid ar mhórscála dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (l) de Rialachán (AE) 2023/1114
1. Chun críoch Airteagal 119(2), pointe (l) de Rialachán (AE) 2023/1114, measfar comhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó comhartha ríomh-airgid suntasach a bheith in úsáid ar mhórscála i mBallstát, sna cásanna seo a leanas:
(a) |
líon shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá lonnaithe sa Bhallstát sin, ar lá amháin ar a laghad le linn na tréimhse tagartha is infheidhme, a bheith cothrom le 20 % ar a laghad de dhaonra an Bhallstáit sin; nó |
(b) |
go bhfuil meánlíon agus meánluach comhiomlán na n-idirbheart in aghaidh an lae leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach le linn na tréimhse tagartha a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, i gcás ina bhfuil páirtí amháin ar a laghad sna hidirbhearta lonnaithe sa Bhallstát sin, níos airde ná 1 250 000 idirbheart agus EUR 250 000 000 faoi seach. |
2. Chun críoch mhír 1, pointe (a), ciallaíonn sealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh sealbhóir an chomhartha sin a thairbhíonn de cheart fuascailte faoi Rialachán (AE) 2023/1114.
3. Chun críoch mhír 1, is d’aon cheann de na nithe seo a leanas a thagraíonn suíomh shealbhóir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, nó suíomh páirtí in idirbheart leis na comharthaí sin:
(a) |
i gcás daoine nádúrtha, an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu; |
(b) |
i gcás daoine dlítheanacha, an seoladh oifige cláraithe. |
4. Údarás inniúil a iarrann a bheith ina chomhalta den choláiste bunaithe ar phointe (l) d’Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh sé iarraidh réasúnaithe faoi bhráid ÚBE agus soláthróidh sé sonraí lena léirítear go gcomhlíontar na critéir a luaitear i mír 1.
Airteagal 3
Tréimhse thagartha agus idirbhearta
1. Is éard a bheidh sa tréimhse thagartha dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 an tréimhse 6 mhí is déanaí a chumhdaítear leis an oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/1114.
2. Chun críoch Airteagal 1(2) agus (4), agus Airteagal 2(1), pointe (b), ciallóidh ‘idirbheart’ aon athrú an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá i dteideal comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid mar thoradh ar aistriú an chomhartha sin ó sheoladh nó cuntas mórleabhair dháilte amháin go ceann eile.
Airteagal 4
Athmheasúnú ar chomhdhéanamh an choláiste
1. Déanfaidh ÚBE athmheasúnú, gach 2 bhliain ar a laghad, ar na húdaráis a cháilíonn le bheith ina gcomhaltaí den choláiste faoi Airteagal 119(2), pointí (d), (e), (f), (h) agus (l), de Rialachán (AE) 2023/1114.
2. Chun críoch an athmheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh gach údarás inniúil, ar comhalta den choláiste é faoi Airteagal 119(2), pointe (l) de Rialachán (AE) 2023/1114, an fhaisnéis is gá ar fáil do ÚBE, arna iarraidh sin dó agus gan moill mhíchuí, chun a mheas an leanann na húdaráis sin de bheith cáilithe chun bheith ina chomhalta den choláiste bunaithe ar na critéir a shonraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo.
Airteagal 5
Tabhairt i gcrích an chomhaontaithe i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2023/1114
1. Cuirfidh ÚBE a thogra maidir leis an gcomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2023/1114 in iúl do chomhaltaí an choláiste arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 119(2) den Rialachán sin, ina n-iarrfar orthu a dtuairimí a chur ar fáil laistigh de 10 lá féilire.
2. Chun an comhaontú i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche, cuirfidh ÚBE san áireamh aon tuairimí agus aon fhorchoimeádais a chuirfidh comhaltaí an choláiste in iúl. Tabharfaidh ÚBE cúiseanna gan na tuairimí ná na forchoimeádais sin a ionchorprú sa chomhaontú i scríbhinn.
3. Ar thabhairt chun críche an chomhaontaithe i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚBE na socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn in iúl do chomhaltaí an choláiste.
Airteagal 6
Rannpháirtíocht sa choláiste
1. Ainmneoidh gach comhalta den choláiste rannpháirtí amháin, a roghnófar mar an rannpháirtí is iomchuí agus na hábhair a pléadh agus na cuspóirí a saothraíodh á gcur san áireamh, chun freastal ar chruinnithe nó ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar chomhalta den choláiste sin ag cruinnithe an choláiste. Féadfaidh gach comhalta den choláiste comhalta malartach amháin a ainmniú, cé is moite de ÚBE, a ainmneoidh ionadaí amháin agus féadfaidh sé iarraidh ar rannpháirtithe breise freastal, gan cearta vótála, ar chruinnithe laistigh den choláiste nó ar ghníomhaíochtaí an choláiste.
2. I gcás ina bhfuil sé de cheart ag údarás inniúil a bheith ina chomhalta den choláiste in dhá chás nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (c) go (h), (j), agus (l), de Rialachán (AE) 2023/1114, nó i gcás ina bhfuil sé de cheart ag roinnt údarás ón tríú tír chéanna a bheith ina gcomhaltaí den choláiste faoi Airteagal 119(2), pointe (m), den Rialachán sin, féadfaidh na húdaráis sin rannpháirtí breise amháin a ainmniú chun freastal ar chruinnithe nó ar ghníomhaíochtaí an choláiste, gan cearta vótála a bheith acu, agus féadfaidh siad malartach amháin a ainmniú don rannpháirtí sin.
3. I gcás ina bhfuil roinnt comhaltaí den choláiste ann in aghaidh an Bhallstáit, cuirfidh comhaltaí an choláiste sin in iúl do chathaoirleach an choláiste cé acu a bheidh ina chomhalta vótála.
4. Bunaithe ar an gclár oibre, nó ar mhír ar leith de, ar ábhair agus ar chuspóirí cruinnithe nó gníomhaíochta coláiste, féadfaidh cathaoirleach an choláiste cuireadh a thabhairt d’údaráis eile nach comhaltaí den choláiste iad freastal ar an gcruinniú nó ar an ngníomhaíocht sin. Déanfaidh cathaoirleach an choláiste cinneadh faoin bhfaisnéis atá ábhartha do na húdaráis sin agus iad a thabhairt isteach i gcruinniú nó i ngníomhaíocht an choláiste dá réir sin. Ní bheidh aon chearta vótála ag na húdaráis sin. Cuirfidh cathaoirleach an choláiste comhaltaí uile an choláiste ar an eolas dá réir sin, gan moill mhíchuí.
5. Chun tuairim ón gcoláiste nó moladh a áirítear i dtuairim ón gcoláiste i gcomhréir le hAirteagal 120(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2023/1114 a ghlacadh, beidh gá le córam de leath de chomhaltaí an choláiste a bhfuil vóta acu. Mura mbainfear an córam sin amach, féadfaidh cathaoirleach an choláiste cruinniú urghnách a chomóradh ina bhféadfar cinntí a ghlacadh gan chóram.
6. Is éard a bheidh sa tromlach dá dtagraítear in Airteagal 120(3) de Rialachán (AE) 2023/1114 tromlach simplí de chomhaltaí an choláiste a bhfuil ceart vótála acu i gcruinniú den choláiste sin. Measfar tromlach simplí a bheith bainte amach freisin i gcás ina vótálann níos mó comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu i bhfabhar togra ná iad siúd a vótálann ina choinne. Ní áireofar staonadh ó vótáil mar vóta ar son ná mar vóta i gcoinne, ná ní chuirfear san áireamh sin agus líon na vótaí a caitheadh á ríomh.
Airteagal 7
Liosta teagmhálaithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta
1. Coimeádfaidh cathaoirleach an choláiste liosta teagmhálaithe de chomhaltaí an choláiste, lena n-áirítear sonraí teagmhála iomlána, agus cuirfidh sé in iúl do chomhaltaí an choláiste é.
2. Cuirfidh comhaltaí an choláiste a sonraí teagmhála ar fáil do chathaoirleach an choláiste agus cuirfidh siad an cathaoirleach ar an eolas faoi aon athrú ar na sonraí sin gan moill mhíchuí.
3. Cuirfidh cathaoirleach an choláiste aon leagan cothrom le dáta den liosta teagmhálaithe in iúl do chomhaltaí an choláiste gan moill mhíchuí.
Airteagal 8
Gnéithe oibríochtúla de chruinnithe coláiste
1. Cinnfidh cathaoirleach an choláiste minicíocht chruinnithe an choláiste ag féachaint do chúraimí an choláiste mar a leagtar amach in Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2023/1114, agus d’iarrataí a d’fhéadfadh comhaltaí an choláiste a dhéanamh.
2. Comórfaidh cathaoirleach an choláiste cruinniú amháin ar a laghad den choláiste in aghaidh na bliana. Cinnfidh cathaoirleach an choláiste an gcomórfar cruinniú i bhformáid fhisiciúil nó fhíorúil, bunaithe ar na cuspóirí a shocróidh cathaoirleach an choláiste don chruinniú sin.
3. Féadfaidh comhaltaí an choláiste a iarraidh ar chathaoirleach an choláiste cruinniú den choláiste a thionól. Tabharfaidh cathaoirleach an choláiste cúiseanna le haon diúltú d’iarraidh den sórt sin.
4. Seolfaidh cathaoirleach an choláiste an clár oibre atá beartaithe do chruinniú an choláiste chuig comhaltaí uile an choláiste, agus iarrfaidh sé orthu aon mhíreanna breise ar an gclár oibre a mholadh. Cuirfidh cathaoirleach an choláiste aon mholtaí a dhéanfaidh na comhaltaí maidir le míreanna ar an gclár oibre san áireamh agus míneoidh sé, má iarrtar sin, an chúis nár ioncorpraíodh iad.
5. Déanfaidh comhaltaí an choláiste atá rannpháirteach i gcruinniú nó i ngníomhaíocht ar leith de chuid an choláiste doiciméid agus rannchuidithe le doiciméid oibre a mhalartú in am trátha roimh ré ionas go mbeidh na rannpháirtithe uile sa chruinniú nó sa ghníomhaíocht sin in ann cur go gníomhach leis na pléití i dtrácht.
Airteagal 9
Malartú faisnéise idir comhaltaí an choláiste
1. Soláthróidh gach comhalta coláiste, arna iarraidh sin agus gan moill mhíchuí, do ÚBE agus, i gcás inarb infheidhme, don údarás inniúil ar cuireadh ar a iontaoibh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 119(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo, aon fhaisnéis is gá chun feidhmiú chumhachtaí maoirseachta ÚBE faoi Airteagal 117 de Rialachán (AE) 2023/1114 a éascú agus malartóidh sé faisnéis nuair a cheanglaítear sin leis an Rialachán sin.
2. Gheobhaidh ÚBE agus, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás inniúil ar cuireadh ar a iontaoibh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 119(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo gach malartuithe faisnéise idir comhaltaí an choláiste.
3. Féadfaidh ÚBE agus, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás inniúil ar cuireadh ar a iontaoibh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 119(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo a chinneadh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a roinnt le comhaltaí eile den choláiste i gcás ina measann sé go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha do na comhaltaí sin.
4. I gcás ina dtairgeann eisitheoir níos mó ná comhartha sócmhainn-tagartha suntasach amháin nó comhartha ríomh-airgid suntasach amháin, féadfaidh ÚBE a chinneadh roinnt coláistí a eagrú, ceann amháin do gach comhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó comhartha ríomh-airgid suntasach, nó grúpa comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh-airgid suntasacha.
5. I gcás ina n-eagraítear roinnt coláistí de bhun mhír 4, coinneoidh cathaoirleach gach coláiste comhaltaí uile an choláiste go hiomlán ar an eolas, ar bhealach tráthúil, faoi na gníomhaíochtaí nó na bearta a dhéantar sna coláistí eile a dhéileálann le comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha eile nó le comharthaí ríomh-airgid suntasacha eile de chuid an eisitheora chéanna.
6. Tiocfaidh comhaltaí an choláiste ar chomhaontú maidir leis na modhanna chun faisnéis a mhalartú eatarthu agus sonróidh siad na modhanna sin sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2023/1114.
7. Déanfar faisnéis rúnda a tharchur idir comhaltaí an choláiste trí bhealaí slána cumarsáide.
Airteagal 10
Cúraimí a chur ar iontaoibh i measc chomhaltaí an choláiste
1. Beidh malartú tuairimí ag comhaltaí an choláiste maidir le cúraimí a d’fhéadfaí a chur ar iontaoibh orthu go deonach faoi Airteagal 119(5), pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/1114.
2. Féadfar a áireamh freisin i gcur ar iontaoibh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1 na cúraimí uile nó cuid de na cúraimí a luaitear in Airteagal 119(7), pointí (b) go (e), de Rialachán (AE) 2023/1114.
3. Sonrófar sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2023/1114 tuairisc ar na socruithe maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
(4) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/297/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)