This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0296
Commission Delegated Regulation (EU) 2025/296 of 31 October 2024 supplementing Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the procedure for the approval of a crypto-asset white paper
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/296 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/296 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas
C/2024/6914
IO L, 2025/296, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/296/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/296 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/296 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir an 31 Bealtaine 2023 le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 17(8), an tríú fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá dlúthnasc idir an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas de bhun Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114 agus an nós imeachta is infheidhme maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis ábhartha don údarás inniúil de bhun Airteagal 17(1), pointe (b), den Rialachán sin toisc nach féidir leis an údarás inniúil an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas i gcás tuairim dhiúltach ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) nó, i gcás inarb infheidhme, ón mbanc ceannais ábhartha de bhun Airteagal 17(5), an tríú fomhír, den Rialachán sin. Ag an am céanna, de réir Airteagal 17(5) den Rialachán sin, maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear faoi bhráid BCE agus, i gcás inarb infheidhme, faoi bhráid an bhainc ceannais ábhartha, ar faisnéis í ar ar a bonn atá siad chun tuairim a eisiúint, ní mór di a bheith iomlán agus ní mór a bheith ar áireamh inti an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a chuir an t-eisitheoir faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17(1), pointe (a), den Rialachán sin. Dá bhrí sin, leis na forálacha lena sonraítear a thuilleadh an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart próiseas a bhunú atá comhchosúil leis an bpróiseas a leagtar amach in Airteagal 17(3) den Rialachán sin. Go háirithe, leis na forálacha sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le measúnú ar iomláine leis na rialacha agus na tráthchláir chéanna a leagtar amach in Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
(2) |
Chun a áirithiú go gcuirfear próiseas formheasa an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní i gcrích go tapa agus go héifeachtúil ar an mbealach is comhréirí, ba cheart an t-iarratas chun an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas agus aon chumarsáid nó malartú eile faisnéise idir an institiúid creidmheasa agus an t-údarás inniúil agus idir an t-údarás inniúil agus BCE nó, de réir mar is infheidhme, banc ceannais ábhartha, a chur isteach trí mhodhanna leictreonacha, rud a fhágann gur féidir cumarsáid agus coimeád taifead a dhéanamh ar bhealach níos éasca agus níos tapúla. I bhfianaise na n-ionchas ard díchill atá ar údaráis phoiblí agus ar institiúidí araon, ba cheart a bheith ag coinne go mbainfear ardleibhéal slándála amach. |
(3) |
I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil, le linn an mheasúnaithe ar iomláine, go bhfuil cuid de na heilimintí a cheanglaítear le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 in easnamh sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, agus iarrfaidh sé ar na hinstitiúidí creidmheasa an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a chur isteach arís leis na heilimintí breise sin, ba cheart don institiúid creidmheasa a bheith in ann a léiriú don údarás inniúil conas a thugtar aghaidh ar an iarraidh sin san fhaisnéis bhreise sa pháipéar bán athbhreithnithe. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go mbeidh míniú den sórt sin i ngach leagan athbhreithnithe den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a chuirtear faoi bhráid an údaráis inniúil, chomh maith le comhad marcáilte den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní ina gcuirtear na hathruithe uile i dtábhacht a rinneadh ón leagan a cuireadh isteach roimhe sin, agus comhad glan nach gcuirtear na hathruithe sin i dtábhacht ann. |
(4) |
Maidir le sonraíocht bhreise an nós imeachta is coiteann d’fhormheas an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní agus d’fhógra a thabhairt don údarás inniúil, agus go háirithe maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a bhaineann leis an bhfaisnéis iomlán a chuireann an t-údarás inniúil in iúl do BCE agus, i gcás inarb infheidhme, don bhanc ceannais ábhartha, is gá praiticiúlachtaí agus lóistíocht an mhalartaithe faisnéise sin a shonrú chun a áirithiú go rithfear go rianúil agus go héifeachtúil é. |
(5) |
Leagtar amach in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 amlíne chun tuairim BCE agus, de réir mar is infheidhme, tuairim ábhartha an bhainc ceannais a eisiúint, ach ní shonraítear ann na himpleachtaí a bhaineann le dul in éag na hamlíne don mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás inniúil ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú gur cheart don údarás inniúil tús a chur le measúnú substainteach ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní tar éis tuairim dhearfach a fháil nó tar éis dhul in éag an sprioc-ama chun an tuairim a eisiúint. I gcás ina n-eisíonn BCE nó an banc ceannais ábhartha tuairim mhoillithe, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil í a mheas fós ach amháin mura bhfuil an sprioc-am do phróiseas formheasa an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní imithe in éag. |
(6) |
Le linn don údarás inniúil measúnú substainteach a dhéanamh ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, arb é is aidhm dó a áirithiú go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ceanglais Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann feabhsuithe a iarraidh ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní arna chur faoi bhráid an údaráis inniúil ag an institiúid creidmheasa. Tá gá leis sin chun a áirithiú go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin ar an mbealach is éifeachtúla, i.e. gan gá leis an nós imeachta iomlán a atosú chun an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas, rud a d’fhéadfadh moill dhíréireach a chur ar sheoladh an chomhartha sócmhainn-tagartha. Tugann sé féidearthacht freisin don údarás inniúil a iarraidh ar an institiúid creidmheasa aghaidh a thabhairt ar aon bharúil nó aon mholadh ó BCE nó ón mbanc ceannais ábhartha ina thuairim dhearfach. Chun go mbeidh cur chuige rianúil comhchuibhithe ann i dtaca leis an nós imeachta formheasa, ba cheart an amlíne le haghaidh chinneadh críochnaitheach an údaráis inniúil i dtaca le formheas an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní a shonrú. |
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. D’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus le BCE. |
(8) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarratas ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas
1. Nuair a chuireann institiúid creidmheasa an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní faoi bhráid an údaráis inniúil lena fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1114, soláthróidh an institiúid creidmheasa pointe teagmhála don údarás inniúil chun gach cumarsáid a chur faoina bráid.
2. Soláthróidh údaráis inniúla sonraí teagmhála ar a suíomh gréasáin chun críoch páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas.
3. Is trí mheán leictreonach a chuirfear an t-iarratas isteach ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas mar aon le fógraí nó cumarsáid idir na húdaráis inniúla, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus bainc cheannais agus institiúidí creidmheasa ábhartha eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Admháil go bhfuarthas iarratas ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas
1. Admhóidh an t-údarás inniúil go bhfuarthas an t-iarratas ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas laistigh de 2 lá oibre tar éis dó an t-iarratas a fháil.
2. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san admháil dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
uimhir thagartha an iarratais; |
(b) |
an pointe teagmhála laistigh den údarás inniúil ar féidir ceisteanna maidir leis an iarratas a chur chuige. |
Airteagal 3
Measúnú ar iomláine an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní
Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas, measúnú ar iomláine an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/1114.
Airteagal 4
Iarraidh ar fhaisnéis atá in easnamh ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní
1. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nach bhfuil an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní iomlán maidir le ceanglais Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, cuirfidh an t-údarás inniúil an institiúid creidmheasa ar an eolas faoin bhfaisnéis atá in easnamh agus leagfaidh sé síos sprioc-am faoina gceanglaítear ar an institiúid creidmheasa sin an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.
2. Ní rachaidh an sprioc-am chun aon fhaisnéis atá in easnamh dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar thar 20 lá oibre ó dháta na hiarrata. Go dtí go rachaidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 in éag, cuirfear an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 3 ar fionraí. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil aon iarraidh breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú na faisnéise don mheasúnú faoi Airteagal 3 ach ní chuirfear an tréimhse shocraithe ar fionraí dá mbarr.
3. Tar éis aon iarraidh a fháil ón údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid creidmheasa páipéar bán athbhreithnithe maidir le cripteashócmhainní faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh den sprioc-am a leagtar síos san iarraidh. Áireofar an méid uile seo a leanas i dtíolacadh na hinstitiúide creidmheasa:
(a) |
an páipéar bán athbhreithnithe maidir le cripteashócmhainní i leagan glan gan mharcáil; |
(b) |
an páipéar bán athbhreithnithe maidir le cripteashócmhainní i leagan ina mbeidh na hathruithe uile marcáilte go soiléir, agus r an fhaisnéis fhorlíontach uile á cur i dtábhacht atá nua i gcomparáid leis an leagan bunaidh den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 1; |
(c) |
míniú maidir leis an gcaoi a dtugann an fhaisnéis fhorlíontach, a léirítear sa leagan dá dtagraítear i bpointe (b), aghaidh ar iarraidh an údaráis inniúil de bhun mhír 1 maidir le faisnéis atá in easnamh a sholáthar. |
Airteagal 5
Fógra maidir le hiomláine an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní
1. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, tar éis an próiseas a leagtar amach in Airteagal 4 a bheith curtha i gcrích, go bhfuil an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní iomlán, tabharfaidh sé fógra don institiúid creidmheasa faoi iomláine an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní. Socrófar san fhógra an dáta a mheasfar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a bheith críochnaithe.
2. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, tar éis an próiseas a leagtar amach in Airteagal 4 a bheith curtha i gcrích, go bhfuil an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní neamhiomlán, diúltóidh sé an t-iarratas ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a fhormheas agus tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh don institiúid creidmheasa.
Airteagal 6
Malartú faisnéise idir an t-údarás inniúil agus BCE agus na bainc cheannais ábhartha i dtaca leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní
1. Déanfaidh an t-údarás inniúil an teachtaireacht dá dtagraítear in Airteagal 17(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114 tráth nach déanaí ná 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo.
2. BCE agus, i gcás inarb infheidhme, an banc ceannais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17(5), an chéad fhomhír, de Rialachán 2023/1114, soláthróidh siad, laistigh de 2 lá oibre ón bhfaisnéis iomlán a fháil, an dá rud seo a leanas don údarás inniúil:
(a) |
admháil go bhfuarthas an fhaisnéis; |
(b) |
an pointe teagmhála ar féidir ceisteanna maidir leis an iarratas a chur chuige. |
Airteagal 7
Measúnú substainteach ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní
Tar éis tuairim dhearfach ó BCE nó, i gcás inarb infheidhme, ón mbanc ceannais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114, nó tar éis dhul in éag na tréimhse 20 lá oibre a leagtar síos in Airteagal 17(5), an dara fomhír, den Rialachán sin gan aon tuairim arna heisiúint ag BCE nó ag an mbanc ceannais ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú substainteach ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán sin.
Airteagal 8
Athruithe ar pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a iarraidh
1. Laistigh de 10 lá oibre ó thuairim dhearfach a fháil ó BCE nó, i gcás inarb infheidhme, ón mbanc ceannais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114, nó tar éis dhul in éag na tréimhse 20 lá oibre a leagtar síos in Airteagal 17(5), an dara fomhír, den Rialachán sin gan aon tuairim arna heisiúint ag BCE nó ag an mbanc ceannais ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil fógra a thabhairt don institiúid creidmheasa faoi iarraidh chuí-réasúnaithe ar athruithe ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Leis an iarraidh leagfar síos sprioc-am faoina gceanglófar ar an institiúid creidmheasa sin an páipéar bán cothrom le dáta maidir le cripteashócmhainní a sholáthar.
2. Ní rachaidh an sprioc-am don institiúid creidmheasa chun an páipéar bán cothrom le dáta maidir le cripteashócmhainní arna iarraidh ag an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar thar 10 lá oibre tar éis don údarás inniúil an iarraidh ar athruithe a eisiúint.
3. Tar éis aon iarraidh a fháil ón údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid creidmheasa páipéar bán athbhreithnithe maidir le cripteashócmhainní faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh den sprioc-am a leagtar amach san iarraidh. Áireofar an méid uile seo a leanas i dtíolacadh na hinstitiúide creidmheasa:
(a) |
an páipéar bán athbhreithnithe maidir le cripteashócmhainní i leagan glan gan mharcáil; |
(b) |
an páipéar bán athbhreithnithe maidir le cripteashócmhainní i leagan ina mbeidh na hathruithe uile marcáilte go soiléir, agus na hathruithe uile á gcur i dtábhacht a rinneadh i gcomparáid leis an leagan den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 1, nó, i gcás inar iarr an t-údarás inniúil faisnéis bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 4; |
(c) |
míniú ar an gcaoi a dtugann na hathruithe a rinneadh, agus a léirítear sa leagan dá dtagraítear i bpointe (b), aghaidh ar iarraidh an údaráis inniúil, de bhun mhír 1, chun athruithe substainteacha a dhéanamh ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní. |
Airteagal 9
Formheas an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní
1. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don institiúid creidmheasa faoina chinneadh críochnaitheach maidir le formheas an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní laistigh de 10 lá oibre ón bpáipéar bán nua maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a fháil nó, i gcás nach n-iarrtar aon athrú ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, laistigh de 10 lá oibre ó thuairim dhearfach ó BCE nó, i gcás inarb infheidhme, ón mbanc ceannais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17(5), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/1114, nó tar éis dhul in éag na tréimhse 20 lá oibre a leagtar síos in Airteagal 17(5), an dara fomhír, den Rialachán sin gan aon tuairim arna heisiúint ag BCE ná ag an mbanc ceannais ábhartha.
2. Ní fhoilseofar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní go dtí go bhformheasfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile é.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/296/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)