This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0288
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/288 of 5 February 2025 on the registration of the geographical indication Melon de Cavaillon (PGI) in the Union register of geographical indications pursuant to Regulation (EU) 2024/1143 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/288 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2025 maidir le clárú an táisc gheografaigh Melon de Cavaillon (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/288 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2025 maidir le clárú an táisc gheografaigh Melon de Cavaillon (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/874
IO L, 2025/288, 12.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/288/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/288 |
12.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/288 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Feabhra 2025
maidir le clárú an táisc gheografaigh ‘Melon de Cavaillon’ (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachtaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas na Fraince ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Melon de Cavaillon’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). |
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Melon de Cavaillon’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Melon de Cavaillon’ (TGFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Christophe HANSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj).
(3) IO C, C/2024/6211, 18.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6211/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/288/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)