Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0278

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/278 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2025 maidir le hola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

C/2025/820

IO L, 2025/278, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/278/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/278/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/278

13.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/278 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Feabhra 2025

maidir le hola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Rinneadh an tsubstaint ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun hola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí an breiseán lena úsáid in uisce óil freisin. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú.

(5)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 18 Aibreán 2024 (3) go bhfuil ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. sábháilte do gach speiceas ainmhíoch ar uastiúchaintí áirithe a shonraítear a thuilleadh le haghaidh gach speicis. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid nach dócha go mbeadh aon ábhar imní sábháilteachta ann do thomhaltóirí mar gheall ar úsáid ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. suas leis an uasleibhéal úsáide atá beartaithe i mbeatha agus nach mbeadh sé ina riosca don chomhshaol ar an uasleibhéal úsáide atá beartaithe i mbeatha. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. a mheas mar ghreannaitheoir craicinn agus súl agus mar íogróir craicinn agus riospráide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin ós rud é go bhfuil comhpháirteanna aonair d’ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. aitheanta mar bhlastáin bhia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, nach raibh gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar na breiseáin bheathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Measann an Coimisiún nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, uaschion a shocrú le haghaidh ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud. Ionas gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann.

(8)

Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Tá an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraithe mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe ola eisintiúil chéadar Texas ó Juniperus deppeana Steud., mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Meán Fómhair 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Márta 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na breiseáin beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Márta 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22(5):8799.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b91722-eo

Ola eisintiúil chéadar Texas

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ola eisintiúil ó adhmad Juniperus deppeana Steud. (synonym: Juniperus mexicana Schiede)

Foirm leachtach

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Ola eisintiúil chéadar Texas

Ola eisintiúil mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1) a fhaightear ó adhmad Juniperus deppeana Steud trí ghaldriogadh agus comhdhlúthú breise comhábhar luaineach agus ansin iad a scaradh ón gcéim uiscí trí scinceáil.

Uimhir CAS: 91722-61-1

Uimhir Einecs: 294-461-7

Sonraíochtaí

cios-tújóipséin: 25–35 %

(+)-Céadról: ≥ 20 %

α-Céidréin: 15–25 %

β-Céidréin: 3–8 %

Modh anailíse  (2)

Maidir le cios-Tújópséin (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:

crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (GC-FID) (ISO 4725)

Gach speiceas ainmhíoch

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú: ‘Uaschion molta den tsubstaint gníomhach in aghaidh an kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:

7 mg le haghaidh turcaithe lena ramhrú;

5 mg le haghaidh sicíní lena ramhrú, speicis eile d’éanlaith chlóis lena ramhrú agus gach speicis d’éanlaith chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin;

5 mg le haghaidh éin ornáideacha;

8 mg le haghaidh gach speicis d’eanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin;

12 mg le haghaidh muca lena ramhrú;

10 mg le haghaidh bainbh uile Suidae (bainbh diúil agus scoite);

10 mg le haghaidh muca de mhionspeicis Suidae lena ramhrú;

14 mg le haghaidh Suidae uile le haghaidh atáirgthe;

15 mg le haghaidh laonna lena ramhrú suas le 6 mhí d’aois;

15 mg le haghaidh caorach agus gabhar;

15 mg le haghaidh eallach lena ramhrú, athchogantaigh eile lena ramhrú seachas caoirigh agus gabhair, agus Camelidae lena ramhrú;

14 mg le haghaidh gach athchogantaigh eile agus gach Camelidae eile;

15 mg le haghaidh Equidae;

8,5 mg le haghaidh coiníní;

15 mg le haghaidh salmainidí agus mionspeicis iasc eite;

15 mg le haghaidh madraí;

4 mg le haghaidh cat;

15 mg le haghaidh éisc ornáideacha;

4 mg le haghaidh speicis agus catagóirí eile.’.

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar an lipéad sin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, suífidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú.

5 Márta 2035


(1)  Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/278/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top