This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0273
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/273 of 12 February 2025 concerning the authorisation of a preparation of Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 as a feed additive for all animal species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/273 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2025 maidir le hullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/273 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2025 maidir le hullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
C/2025/855
IO L, 2025/273, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/273/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/273 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/273 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Feabhra 2025
maidir le hullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. |
|
(4) |
Sa tuairim uaidh an 26 Meitheamh 2024 (2), tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid go bhfuil Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 agus an breiseán foirmlithe sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Maidir le sábháilteacht úsáideoirí, ba cheart a mheas go bhféadfadh sé gur íogróir craicinn agus riospráide é an tsubstaint agus go bhfuil riosca ag gabháil le haon teagmháil tríd an gcraiceann agus an conair riospráide. Léiríodh go raibh ullmhúchán amháin neamhghreannach don chraiceann nó do na súile. Trí Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 a chur leis ar íosleibhéal 1×108 CFU/kg d’ábhar plandaí úr, d’fhéadfaí feabhas a chur ar tháirgeadh sadhlais ó ábhar úr ina bhfuil cion DM idir 30 % agus 35 %. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8903.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||
|
CFU/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||||
|
1k20763 |
Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 ina bhfuil íoschion 4 × 1011 CFU/g de bhreiseán Foirm sholadach --------------------- Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271 --------------------- Modh anailíse (1) Áireamh sa bhreiseán beathaithe Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271:
Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum DSM 34271:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
— |
— |
|
an 5 Márta 2035 |
||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(2) Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha ina ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/273/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)