This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0266
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/266 of 11 February 2025 correcting Implementing Regulation (EU) 2025/45 imposing a definitive anti-dumping duty and definitely collecting the provisional duty imposed on imports of mobile access equipment originating in the People’s Republic of China
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/266 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/266 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
C/2025/816
IO L, 2025/266, 12.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/266/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/266 |
12.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/266 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2025
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Mar gheall ar earráid theicniúil, bhí an Iarscríbhinn ina liostaítear cuideachtaí comhoibríocha eile, dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 ón gCoimisiún (2), ar iarraidh sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ní mór an Iarscríbhinn a chur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 chun cur chun feidhme cuí an ghnímh sin a áirithiú. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 a cheartú dá réir. |
|
(3) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45, chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán Cur Chun Feidhme sin i bhfeidhm go cuí maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile a bheidh faoi réir na dleachta frithdhumpála. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 mar Iarscríbhinn é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L, 2025/45, 9.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/45/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín):
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
An tSín |
Lingong Heavy Machinery Co., Ltd. |
89DP |
|
An tSín |
Zoomlion Intelligent Access Machinery Co., Ltd. |
89DQ |
|
An tSín |
XCMG Fire Fighting Safety Equipment Co., Ltd. |
89DR |
|
An tSín |
Sunward Intelligent Equipment Co., Ltd. |
89DS |
|
An tSín |
Haulotte Access Equipment Manufacturing (Changzhou) Co., Ltd. |
89DT |
|
An tSín |
Fronteq (Changzhou) Machinery Co., Ltd. |
89DU |
|
An tSín |
Jiangsu Liugong Machinery Co., Ltd. |
89DV |
|
An tSín |
Hangcha Group Co., Ltd. |
89DW |
|
An tSín |
Shandong Chufeng Heavy Industry Machinery Co., Ltd. |
89DX |
|
An tSín |
Reeslift Ltd. |
89DY |
|
An tSín |
Mantall Heavy Industry Co., Ltd |
89DZ |
|
An tSín |
Shandong Qiyun Group Co., Ltd |
89EA |
|
An tSín |
Jinan Juxin Machinery Co., Ltd |
89EB |
|
An tSín |
Shandong Yuntian Intelligent Machinery Equipment Co., Ltd. |
89EC |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/266/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)