Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0160

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/160 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 maidir le L-tréóinín arna tháirgeadh le Escherichia coli CGMCC 7.455 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

C/2025/534

IO L, 2025/160, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/160/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/160/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/160

30.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/160 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2025

maidir le L-tréóinín arna tháirgeadh le Escherichia coli CGMCC 7.455 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le L-tréóinín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CGMCC 7.455 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le L-tréóinín arna tháirgeadh ag Escherichia coli CGMCC 7.455 a údarú mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 12 Márta 2024 (2) go bhfuil L-tréóinín arna tháirgeadh le Escherichia coli CGMCC 7.455 sábháilte do na spriocspeicis, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Mar sin féin, tá imní ar an Údarás maidir le sábháilteacht na substainte do na spriocspeicis, imní a thagann as L-tréóinín a thabhairt go comhuaineach trí uisce óil agus trí bheatha, mar gheall ar an riosca go mbeadh míchothromaíochtaí sna haimíonaigéid ann nó ar chúiseanna sláinteachais. Meastar go bhfuil úsáid L-tréóinín a tháirgtear le E. coli CGMCC 7.455 i gcothú ainmhithe sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Níorbh fhéidir leis an Údarás teacht ar chonclúid maidir le hacmhainneacht an bhreiseáin a bheith ina ghreannaitheoir craicinn nó súl nó ina íogróir craicinn, in éagmais sonraí. Maidir leis an ngníomhaíocht iontocsaine sa bhreiseán, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil riosca ag baint léi don úsáideoir trína ionanálú. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-tréóinín í an tsubstaint le haghaidh ainmhithe neamh-athchogantacha, agus gur cheart an L-tréóinín a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé lán-éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Níor mheas an tÚdarás go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-tréóinín arna tháirgeadh le Escherichia coli CGMCC 7.455 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin mar bhreiseán beathaithe a údarú. Má thugtar d’athchogantaigh é, ní mór L-tréóinín a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach. Is iomchuí an t-úsáideoir a chur ar an eolas chun go gcuirfidh sé an soláthar cothaithe san áireamh le gach aimíonaigéad atá riachtanach agus gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as L-tréóinín mar fhorlíonadh in uisce óil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA] 22(4), e8708.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga

3c412

L-tréóinín

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Púdar inarb é 98,5 % an t-íosmhéid L-tréóinín agus 1 % an t-uaschion taise

Tréithriú na substainte gníomhaí

L-tréóinín arna tháirgeadh le Escherichia coli CGMCC 7.455

Foirmle cheimiceach: C4H9NO3

Uimhir CAS: 72-19-5

Modh anailíse  (1)

Maidir le L-tréóinín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:

Codex na gCeimiceán Bia ‘Monagraf L-tréóinín’

Maidir le L-tréóinín sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD) – EN ISO 17180

Maidir le tréóinín i réamh-mheascáin a chinneadh:

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD) – EN ISO 17180 nó

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS) – Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (2)

Maidir le tréóinín i mbeatha chumaisc a chinneadh:

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS) – Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (2)

Maidir le tréóinín in uisce a chinneadh:

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS nó IEC-VIS/FLD)

Gach speiceas ainmhíoch

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus uisce a shonrú.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil.

3.

Áiritheoidh oibreoirí gnólachtaí beatha go mbeidh L-tréóinín cosanta ar dhíghrádú cogansaí nuair a thabharfar d’athchogantaigh é.

4.

Ar lipéad an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

‘Agus forlíonadh á dhéanamh le L-tréóinín, go háirithe trí uisce óil, cuirfear gach aimíonaigéad atá riachtanach agus gach aimíonaigéad atá riachtanach go coinníollach san áireamh chun míchothromaíochtaí a sheachaint.’

5.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

19 Feabhra 2035


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26/02/2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/160/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top