Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0136

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/136 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2025 lena bhformheastar mionleasú ar shonraíocht táirge an táisc gheografaigh faoi chosaint Espárrago de Huétor-Tájar de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/452

IO L, 2025/136, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/136/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/136/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/136

28.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/136 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2025

lena bhformheastar mionleasú ar shonraíocht táirge an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Espárrago de Huétor-Tájar’ de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagail 50(2), pointe (a) agus Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh iarratas na Spáinne ar fhormheas ar leasú nach mionleasú é ar shonraíocht táirge an táisc gheografaigh faoi chosaint ‘Espárrago de Huétor-Tájar’, arb iarratas é a fuair an Coimisiún roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, atá infheidhme maidir leis an iarratas ar fhormheas ar leasú nach mionleasú é i gcomhréir le hAirteagal 90(2) den Rialachán sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an t-iarratas ar fhormheas ar leasú nach mionleasú é a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an tásc geografach faoi chosaint ‘Espárrago de Huétor-Tájar’ (TGFC), formheastar leis seo é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Christophe HANSEN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj).

(3)   IO C, C/2024/5439, 6.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5439/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/136/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top