This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025L0516
Council Directive (EU) 2025/516 of 11 March 2025 amending Directive 2006/112/EC as regards VAT rules for the digital age
Treoir (AE) 2025/516 ón gComhairle an 11 Márta 2025 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach
Treoir (AE) 2025/516 ón gComhairle an 11 Márta 2025 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach
ST/15342/2024/INIT
IO L, 2025/516, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/516/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/516 |
25.3.2025 |
TREOIR (AE) 2025/516 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2025
lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá tionchar suntasach ag teacht chun cinn an gheilleagair dhigitigh ar fheidhmiú chóras cáin bhreisluacha (CBL) an Aontais, toisc nach bhfuil sé oiriúnach do na samhlacha nua gnó dhigitigh, agus ní cheadaíonn sé úsáid iomlán a bhaint as na sonraí a ghintear leis an digiteáil. Ba cheart Treoir 2006/112/CE (3) ón gComhairle a leasú chun an fhorbairt seo a chur san áireamh. |
|
(2) |
Ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe CBL a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar ardán agus chun an gá atá le clárúcháin iolracha CBL san Aontas a laghdú. |
|
(3) |
Measadh gurbh ionann ‘an bhearna CBL’ agus EUR 93 bhilliún san Aontas in 2020, agus bhí calaois ina cuid shuntasach den mhéid sin, go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí ar iarraidh, a measadh a bheith sa raon idir EUR 40 billiún agus EUR 60 billiún. I dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, a foilsíodh i mí Bealtaine 2022, d’éiligh saoránaigh bearta beartas cánach a chomhchuibhiú agus a chomhordú laistigh de na Ballstáit chun imghabháil agus seachaint cánach a chosc, mar aon le bearta chun comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn t chun a áirithiú go n-íocann gach cuideachta san Aontas a sciar chothrom den cháin. Tá an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach i gcomhréir leis na spriocanna sin. |
|
(4) |
Chun bailiú cánach ar idirbhearta trasteorann a mhéadú agus chun deireadh a chur leis an ilroinnt atá ann faoi láthair a eascraíonn as cur chun feidhme córais tuairiscithe éagsúla i measc na mBallstát, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le ceanglais tuairiscithe dhigitigh san Aontas. Leis na rialacha sin, ba cheart faisnéis a sholáthar do riaracháin chánach ar bhonn gach idirbhirt, chun crosmheaitseáil sonraí a cheadú, chun cumais rialaithe na riarachán cánach a mhéadú agus chun éifeacht dhíspreagthach ar neamhchomhlíonadh a chruthú, agus ag an am céanna costais chomhlíontachta a laghdú do ghnólachtaí a oibríonn i mBallstáit éagsúla agus deireadh a chur le bacainní laistigh den mhargadh inmheánach. |
|
(5) |
Chun uathoibriú an phróisis tuairiscithe a éascú do dhaoine inchánacha agus do riaracháin chánach araon, ba cheart na hidirbhearta atá le tuairisciú do na riaracháin chánach a dhoiciméadú go leictreonach. Ba cheart an ríomhshonrascadh a bheith ina chóras réamhshocraithe chun sonraisc a eisiúint. Mar sin féin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sonraisc eile a údarú le haghaidh soláthairtí intíre. |
|
(6) |
Chun an idir-inoibritheacht a uasmhéadú, ba cheart, i bprionsabal, go gcomhlíonfadh ríomhshonraisc an caighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún (4) (‘an caighdeán Eorpach’), lena gcomhlíontar an iarraidh a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le caighdeán Eorpach a chruthú le haghaidh shamhail sonraí séimeantacha na bpríomhghnéithe a bhíonn i ríomhshonrasc. Mar sin féin, féadfaidh ba cheart na Ballstáit a bheith in ann caighdeáin eile a cheadú fós le haghaidh soláthairtí intíre. |
|
(7) |
Ba cheart do na Ballstáit atá inniúil chun na rialacha sonraiscthe a leagan síos bearta a dhéanamh, lena bhféadfaí, scéimeanna creidiúnaithe a áireamh, chun a áirithiú go gcomhlíonann ríomhshonraisc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha comhréir theicniúil agus séimeantaic na gcaighdeán ceadaithe agus go bhfuil na sonraí uile is gá arna gcinneadh leis an riail sin iontu. Ba cheart na bearta sin a dhéanamh maidir le daoine inchánacha ar gá dóibh an sonrasc a eisiúint nó maidir le soláthraithe seirbhísí tríú páirtí, nó maidir leis an dá ghrúpa sin. Is iad na daoine a ndíreofar na bearta sin orthu a bheidh freagrach as na bearta sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh na bearta sin cosc ar dhaoine inchánacha na modhanna a roghnú chun a sonraisc a eisiúint agus a sheoladh chuig a gcustaiméir, is é sin go díreach iad féin, nó le hidirghabháil tríú páirtithe nó, má tá sé ar fáil, trí thairseach poiblí. |
|
(8) |
Chuirfí éifeachtacht na gcóras náisiúnta tuairiscithe dhigitigh i mbaol mura gcomhlíonann daoine inchánacha an oibleagáid maidir le ríomhshonraisc a eisiúint i ndáil leis na hidirbhearta atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe. I bhfianaise dhigiteáil na n-idirbheart agus na malartuithe eacnamaíocha, agus i bhfianaise chuspóirí na Treorach seo maidir le CBL a dhigiteáil, lena n-áirítear d’fhonn comhrac níos éifeachtaí in aghaidh na calaoise a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh gur coinníoll substainteach a bheidh i sealbhú ríomhshonraisc arna eisiúint i gcomhréir leis an gcaighdeán riachtanach a leagtar síos i dTreoir 2006/112/CE chun bheith i dteideal an CBL atá dlite nó íoctha a asbhaint nó a aiséileamh. |
|
(9) |
Ba cheart an sainmhíniú ar ríomhshonrasc a ailíniú leis an sainmhíniú a úsáidtear i dTreoir 2014/55/AE chun caighdeánú a bhaint amach i réimse an tuairiscithe CBL. Mar thoradh air sin, ní chumhdófar leis an sainmhíniú ar ríomhshonrasc ach ríomhshonraisc a eiseofar, a tharchuirfear agus a fhaightear i bhformáid struchtúrtha leictreonach lena gceadaítear a bpróiseáil uathoibríoch nó leictreonach. Leis an oibleagáid maidir le formáid struchtúrtha a úsáid, ba cheart, ar a laghad, na sonraí atá le tuairisciú chumhdach. Dá bhrí sin, na sonraisc hibrideacha lena gcomhcheanglaítear sonraí atá leabaithe i bhformáid struchtúrtha agus sonraí atá leabaithe i bhformáid neamhstruchtúrtha atá inléite ag an duine, ba cheart iad a chumhdach leis an sainmhíniú sin má áirítear leis na sonraisc sin na sonraí go léir atá le tuairisciú i bhformáid struchtúrtha. |
|
(10) |
Chun an córas tuairiscithe CBL a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, is gá go sroichfidh an fhaisnéis an riarachán cánach gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc-am chun sonrasc a eisiúint le haghaidh idirbhearta trasteorann a shocrú ag 10 lá tar éis don teagmhas inmhuirir tarlú. |
|
(11) |
Leis an ríomhshonrasc, ba cheart tarchur uathoibrithe na sonraí is gá chuig an riarachán cánach chun críocha rialaithe a éascú. Chun na críche sin, ba cheart na sonraí uile nach mór a tharchur chuig an riarachán cánach faoi na ceanglais tuairiscithe dhigitigh a bheith sa ríomhshonrasc i bhformáid struchtúrtha. |
|
(12) |
Ní fhéadfaí an ríomhshonrasc a chur chun feidhme mar an modh réamhshocraithe chun idirbhearta a dhoiciméadú chun críocha CBL má fhanann úsáid an ríomhshonraisc faoi réir a ghlactha ag an bhfaighteoir, go háirithe i gcomhthéacs gnólacht le gnólacht. Dá bhrí sin, i gcás sonrasc a eisítear do dhaoine inchánacha agus do dhaoine dlítheanacha neamh-inchánacha, níor cheart an glacadh sin a cheangal a thuilleadh chun ríomhshonraisc a chomhlíonann an caighdeán Eorpach a eisiúint, ach amháin má bhain Ballstát úsáid as an rogha sonraisc pháipéir nó sonraisc i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad a cheadú. I gcásanna ina gceadóidh Ballstát caighdeáin eile a úsáid le haghaidh soláthairtí earraí nó seirbhísí laistigh dá chríoch, ba cheart an Ballstát sin a bheith in ann cinneadh a dhéanamh nach gá don fhaighteoir sonraisc arna n-eisiúint de réir na gcaighdeán sin a ghlacadh. Nuair a eisítear ríomhshonraisc do dhaoine eile, féadfaidh siad leanúint de bheith faoi réir a nglactha ag an bhfaighteoir. |
|
(13) |
Chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid maidir le tuarascáil a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le tionchar na rialacha sonraiscthe is infheidhme ón 1 Eanáir 2013 agus go háirithe ar a mhéid atá laghdú ann anois ar ualaí riaracháin do ghnólachtaí dá bharr, mar a éilítear le hAirteagal 237 de Threoir 2006/112/CE. Ós rud é gur comhlíonadh an oibleagáid sin cheana féin, ba cheart í a bhaint den Treoir sin. |
|
(14) |
Ba cheart an oibleagáid maidir le ráitis achoimreacha a chur isteach chun tuairisciú a dhéanamh ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal a bhaint, ós rud é go cumhdófar idirbhearta den sórt sin faoi raon feidhme na gceanglas tuairiscithe dhigitigh le haghaidh soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí, ach le faisnéis atá níos tapúla agus níos mionsonraithe. |
|
(15) |
Chun tarchur na sonraí sonraisc chuig an riarachán cánach a éascú do dhaoine inchánacha, ba cheart do na Ballstáit na modhanna is gá chun an tarchur sin a dhéanamh a chur ar fáil do na daoine inchánacha. Leis na modhanna sin, ba cheart a cheadú do na daoine inchánacha na sonraí a sheoladh go díreach nó do thríú páirtí thar a gceann, nó na sonraí a sheoladh trí thairseach phoiblí, má tá sé ar fáil. |
|
(16) |
Cé gur cheart an fhaisnéis atá le tarchur trí na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí a bheith cosúil leis an méid a tarchuireadh trí na ráitis achoimreacha, is gá iarraidh ar dhaoine inchánacha sonraí breise a sholáthar, lena n-áirítear sonraí bainc, chun gur féidir le riaracháin chánach ní hamháin na hearraí ach na sreabha airgeadais a leanúint freisin. |
|
(17) |
Ualach riaracháin gan ghá a chur ar dhaoine inchánacha a oibríonn i mBallstáit éagsúla, ba cheart é a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart na daoine inchánacha sin a bheith in ann an fhaisnéis is gá a sholáthar dá riaracháin chánach trí úsáid a bhaint as an gcaighdeán Eorpach. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le formáidí breise maidir leis na sonraí a thuairisciú a d’fhéadfadh a bheith níos éasca do dhaoine inchánacha áirithe a chomhlíonadh. |
|
(18) |
Chun an comhchuibhiú is gá a bhaint amach agus sonraí ar sholáthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí á dtuairisciú, ba cheart na sonraí atá le tuairisciú a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát, gan na Ballstáit a bheith in ann sonraí breise a iarraidh. |
|
(19) |
Tá se tábhachtach go mbeadh na sonraí is gá ar fáil do riaracháin chánach maidir le gach idirbheart faoi réir oibleagáid tuairiscithe. Chun baint amach an chuspóra sin a áirithiú, is iomchuí ceangal a chur ar an gcustaiméir an t-idirbheart a thuairisciú. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí na sonraí sin a chros-seiceáil leis na sonraí a sholáthar an soláthróir agus go soláthrófaí an fhaisnéis nuair nár chomhlíon an soláthróir an oibleagáid tuairiscithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit i ndáil le heisiúint sonrasc agus tuairisciú dóthain ráthaíochtaí a thabhairt go gcuirfidh an soláthróir na sonraí ar fáil don riarachán cánach aon uair a eiseofar sonrasc. Sna himthosca sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit diúltú don riail sin agus faighteoir na n-earraí agus faighteoir na seirbhísí a eisiamh ón oibleagáid na sonraí maidir leis na hidirbhearta sin a thuairisciú. |
|
(20) |
Tá ceanglais tuairiscithe éagsúla curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát maidir le hidirbhearta laistigh dá gcríocha, agus bíonn ualaí suntasacha riaracháin ann mar thoradh air sin do dhaoine inchánacha a oibríonn i mBallstáit éagsúla, toisc gur gá do na daoine sin a gcórais chuntasaíochta a oiriúnú chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Chun na costais a eascraíonn as an éagsúlacht sin a sheachaint, ba cheart do na córais a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánacha laistigh dá gcríoch a thuairisciú na gnéithe den chóras a chuirtear chun feidhme le haghaidh soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna leictreonacha chun an fhaisnéis a tharchur agus, mar is amhlaidh i gcás soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí, ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a chur isteach i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach, cé go bhféadfadh an Ballstát ábhartha foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin bhreise chun na sonraí a tharchur. Ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a tharchur go díreach nó ba cheart do thríú páirtí iad a tharchur thar ceann an duine inchánach sin nó trí thairseach phoiblí, má tá sé ar fáil. |
|
(21) |
Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit ceanglais tuairiscithe dhigitigh fíor-ama bunaithe ar idirbhearta a chur chun feidhme le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí ar chomaoin laistigh dá gcríoch, seachas na cinn sin atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe maidir le soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí. Mar sin féin, má tá siad chun an ceanglas sin a chur chun feidhme amach anseo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha nua i dtaca le ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh féinsoláthairtí agus soláthairtí earraí agus seirbhísí arna ndéanamh idir daoine inchánacha laistigh de chríoch Ballstáit ailínithe leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh soláthairtí trasteorann earraí agus seirbhísí. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil córas tuairiscithe le haghaidh na n-idirbheart sin i bhfeidhm acu cheana féin na córais sin a oiriúnú chun a áirithiú go dtuairiscítear na sonraí i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh féinsoláthairtí agus soláthairtí earraí agus seirbhísí arna ndéanamh idir daoine inchánacha laistigh de chríoch Ballstáit. |
|
(22) |
Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe dhigitigh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheasúnachta a ullmhú ina ndéanfar meastóireacht ar thionchar an ríomhshonrasctha agus na gceanglas tuairiscithe dhigitigh laistigh den Chomhphobal agus na gceanglas tuairiscithe dhigitigh intíre ar éifeachtacht bhailiú CBL agus ar laghdú na bearna CBL agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme agus le comhlíontacht do dhaoine inchánacha agus do riaracháin chánach, chun a fhíorú an bhfuil a chuspóirí bainte amach ag an gcóras nó an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe. |
|
(23) |
Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann leanúint de bhearta eile a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbaileofar CBL i gceart agus chun imghabháil a chosc. Mar sin féin, níor cheart dóibh a bheith in ann oibleagáidí tuairiscithe ginearálta breise atá bunaithe ar idirbhearta a fhorchur ar na hidirbhearta a chumhdaítear leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh, ach amháin má cheanglaítear é ar an leibhéal náisiúnta chun tuairisceán CBL a ullmhú agus a chur isteach nó chun críoch iniúchóireachta. Ciallaíonn sé sin go mba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, mar aon leis na hoibleagáidí tuairiscithe fíor-ama a shonraítear sa Treoir, a n-uirlisí tuairiscithe intíre a choinneáil bunaithe, mar shampla, ar chóras SAF-T, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe nach de chineál ginearálta iad, mar shampla scipéid airgid. Ina theannta sin, níl na Ballstáit teoranta maidir lena bhféidearthachtaí faisnéis a iarraidh ó dhaoine inchánacha tráth na n-iniúchtaí, ós rud é nach bhfaightear an fhaisnéis sin ach ar iarraidh ón mBallstát agus nach toradh í ar thuairisciú gníomhach na ndaoine inchánacha. |
|
(24) |
Chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc, chuir roinnt Ballstát oibleagáid intíre i bhfeidhm maidir le tuairisciú digiteach fíor-ama bunaithe ar idirbhearta, le húdarú a fuarthas roimhe seo ar bhonn Airteagal 395 de Threoir 2006/112/CE i gcásanna inar ghá. Rinne na Ballstáit sin agus na daoine inchánacha atá bunaithe ina gcríocha infheistíochtaí suntasacha le déanaí chun feidhmiú na gcóras sin agus gnóthú na gcuspóirí sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh ar na Ballstáit sin, ar bhonn eisceachtúil, a gcórais a oiriúnú chun a áirithiú go dtuairisceofar na sonraí i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh féinsoláthairtí agus soláthairtí earraí agus seirbhísí arna ndéanamh idir daoine inchánacha laistigh dá gcríoch faoi 2035, ach amháin má nochtar sa tuarascáil mheasúnaithe ón gCoimisiún easnaimh i bhfeidhmiú an chórais tuairiscithe dhigitigh trasteorann, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le síneadh breise a chur leis an spriocdháta chun gur féidir a gcóras tuairiscithe intíre a ailíniú, más gá. |
|
(25) |
D’eascair deacrachtaí áirithe as an ngeilleagar ardán maidir le cur i bhfeidhm na rialacha CBL, go háirithe bunú an stádais inchánaigh do sholáthróir na seirbhíse agus cothrom iomaíochta idir fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí eile. |
|
(26) |
Mar thoradh ar an ngeilleagar ardán, tá saobhadh gan údar ann ar an iomaíocht idir soláthairtí a dhéantar trí ardáin ar líne a éalaíonn ó chánachas CBL, agus soláthairtí a dhéantar sa gheilleagar traidisiúnta atá faoi réir CBL. Tar éis na ríomhthráchtála ba ghéire an saobhadh sa dá earnáil is mó de chuid an gheilleagair ardán, is é sin earnáil na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus an earnáil iompair paisinéirí de bhóthar. Aithnítear, áfach, go bhféadfadh an éagothromaíocht sin a bheith níos soiléire i roinnt Ballstát ná i mBallstáit eile. |
|
(27) |
Chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh na hiomaíochta in earnáil na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus in earnáil an iompair paisinéirí de bhóthar, ba cheart rialacha a leagan síos chun an ról a bhíonn ag ardáin ioncam CBL a bhailiú a athrú (ag teacht chun bheith ina ‘soláthróir measta’). Faoi shamhail an tsoláthróra mheasta sin, ar ficsean dlíthiúil é nach bhfuil aon tionchar aige ar rialacha atá lasmuigh den reachtaíocht CBL, ba cheart ceangal a chur ar ardáin CBL a ghearradh i gcás nach ngearrann soláthróirí foluiteacha CBL toisc, mar shampla, gur daoine neamh-inchánacha nó gur daoine inchánacha iad a bhaineann leas as an scéim speisialta d’fhiontair bheaga. |
|
(28) |
Chun neodracht CBL a chaomhnú, níor cheart a mheas gur ‘soláthróir measta’ é ardán, agus dá bhrí sin níor cheart dó CBL a ghearradh, nuair a sholáthraíonn soláthróirí foluiteacha uimhir aitheantais chun críocha CBL agus nuair a dhearbhaíonn siad go ngearrfaidh siad an CBL a bheadh dlite ar shlí eile ag an soláthróir measta. |
|
(29) |
Mar sin féin, i gcás ina measann na Ballstáit nach bhfuil aon saobhadh iomaíochta den sórt sin ina gcríoch, is iomchuí an deis a thabhairt dóibh daoine inchánacha a bhaineann leas as an scéim speisialta d’fhiontair bheaga laistigh dá gcríoch a eisiamh ó raon feidhme ‘riail an tsoláthróra mheasta’, ar daoine iad a bheadh faoi réir na rialach sin go córasach murach sin. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha a bhunú faoina mbaintear feidhm as an rogha sin. Agus iad ag baint feidhm as an rogha sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann í a fheidhmiú ar bhealach nach gcuirfeadh aon ualach riaracháin díréireach ar an duine a sholáthraíonn an soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair de bhóthar do phaisinéirí, nó ar an duine a éascaíonn an soláthar sin. I ndáil leis sin, níor cheart a mheas gur díréireach é faisnéis a éileamh atá riachtanach lena bhunú an mbaineann an soláthróir foluiteach úsáid as an scéim speisialta d’fhiontair bheaga. Mar sin féin, i gcás ina mbaineann Ballstát leas as rogha mar sin, beidh sin gan dochar don fhreagracht ghinearálta atá ar na hardáin rialacha an soláthróra mheasta a chomhlíonadh. |
|
(30) |
Chun leibhéal íosta comhsheasmhachta a áirithiú idir córais éagsúla náisiúnta CBL maidir leis an gcaoi a gcaitear le soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, ba cheart a mheas go bhfuil feidhm chomhchosúil ag an tseirbhís cíosa sin le hearnáil na n-óstán i gcás ina mbíonn an tseirbhís sin gan bhriseadh, ina soláthraítear don duine céanna í, ar feadh 30 oíche ar a mhéad. Mar sin féin, chun oiriúnú do shainiúlachtaí náisiúnta éagsúla na hearnála, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit go mbeadh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach faoi réir critéir, coinníollacha agus teorainneacha áirithe i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta. |
|
(31) |
Déanann Ballstáit áit an tsoláthair le haghaidh na seirbhíse éascaithe arna soláthar ag na hardáin do dhaoine neamh-inchánacha a léirmhíniú ar bhealach difriúil. Is gá, dá bhrí sin, an riail sin a shoiléiriú agus critéar coiteann a áirithiú. |
|
(32) |
Chun cásanna a sheachaint ina n-áirítear ardáin sa scéim speisialta do ghníomhairí taistil i leith idirbhearta faoina meastar iad a bheith ina ‘soláthróir measta’, ba cheart a shoiléiriú nach dtagann na hidirbhearta sin faoi raon feidhme na scéime speisialta sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart a áirithiú nach gcumhdaítear gníomhairí taistil leis an riail maidir le ‘soláthróir measta’. |
|
(33) |
Agus na cleachtais éagsúla sna Ballstáit maidir le daoine inchánacha a shainaithint á chur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh d’idirthréimhse níos faide maidir le teacht i bhfeidhm riail an tsoláthróra mheasta d’fhonn aistriú go réidh chuig an riail nua. |
|
(34) |
Tá an Treoir seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar na seirbhísí ag ardáin ar líne, amhail oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe. |
|
(35) |
Treoracha (AE) 2017/2455 (7) agus (AE) 2019/1995 (8) ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis na rialacha CBL lena rialaítear an cháin ar ghníomhaíocht ríomhthráchtála trasteorann idir gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas. Leis na Treoracha leasaitheacha sin laghdaíodh saobhadh iomaíochta, comhar riaracháin feabhsaithe agus tugadh isteach roinnt rudaí a shimpliú. Cé gur éirigh go maith, den chuid is mó, leis na leasuithe a tugadh isteach leis na Treoracha sin a bhfuil feidhm acu ón 1 Iúil 2021, tá gá ann le feabhsuithe áirithe. |
|
(36) |
Ba cheart roinnt rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shoiléiriú. Áirítear leis sin an riail maidir le ríomh na tairsí EUR 10 000 bliain-féilire-bhunaithe a leagtar síos in Airteagal 59c de Threoir 2006/112/CE, agus faoina bhun sin tá soláthairtí seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin agus leictreonacha (TCL) agus ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal, arna soláthar ag soláthróir atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin, is féidir leis nó léi fós a bheith faoi réir CBL sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí TCL sin bunaithe, nó sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí sin suite tráth a chuirtear tús lena seoladh nó lena n-iompar. Ba cheart Airteagal 59c de Threoir 2006/112/CE a leasú chun a áirithiú nach n-áirítear i ríomh an tairseach EUR 10 000 ach ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal arna soláthar ón mBallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe ach nach n-áireofar ciandíol a dhéantar as stoc earraí i mBallstát eile. Tá gá le mionleasuithe eile chun gnéithe praiticiúla áirithe a shoiléiriú, mar shampla seoladh suímh gréasáin a sholáthar. |
|
(37) |
Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú freisin chun a shoiléiriú go dtagann soláthairtí seirbhísí uile idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a soláthraíodh laistigh den Aontas ag daoine inchánacha bunaithe lasmuigh den Aontas faoi raon feidhme na scéime speisialta maidir le seirbhísí a sholáthraíonn daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe laistigh den Aontas, eadhon scéim an ionaid ilfhreastail (‘OSS’) neamh-Aontais (‘OSS neamh-Aontais’), agus ní amháin soláthairtí seirbhísí do chustaiméirí atá bunaithe san Aontas Eorpach. Tar éis na rialacha nua maidir le rátaí CBL a thabhairt isteach le Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle (9) agus chun díolúintí a chumhdach faoi Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí, inter alia, faoi shocruithe taidhleoireachta agus consalachta agus soláthairtí chuig comhlachtaí idirnáisiúnta áirithe eile, is gá freisin scéimeanna OSS faoi Theideal XII, Caibidil 6 de Threoir 2006/112/CE a leathnú trína áirithiú go dtagann soláthairtí atá saor ó rátaí agus atá díolmhaithe ó CBL lena ngabhann ceart asbhainte, faoi raon feidhme na scéimeanna sin. Ina theannta sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun an tráth faoinar féidir leis an duine inchánach a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as na scéimeanna speisialta seo leasuithe a dhéanamh ar na tuairisceáin CBL ábhartha feadh na dtrí scéim simplithe atá ann faoi láthair; OSS neamh-Aontais, OSS an Aontais agus an OSS allmhairiúcháin (‘IOSS’). Leis an soiléiriú sin, ba cheart a cheadú do dhaoine inchánacha atá cláraithe do na scéimeanna leasuithe a dhéanamh ar na tuairisceáin CBL ábhartha suas go dtí an sprioc-am atá socraithe leis na tuairisceáin sin a chur isteach. Ina theannta sin, ba cheart a sholéiriú nach gceadaítear ceartúcháin ar thuairisceáin CBL a bhí ann roimhe seo ach amháin i dtuairisceáin CBL ar thréimhsí cánach ina dhiaidh sin. Ar deireadh, ba cheart uainiú an teagmhais inmhuirir i leith soláthairtí faoi na scéimeanna simplithe OSS neamh-Aontais a shocrú go soiléir chun difríochtaí i gcur i bhfeidhm na rialacha i measc na mBallstát a sheachaint. |
|
(38) |
Go ginearálta, tá gá le haitheantas CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn idirbhearta inchánacha. Chun na cásanna ina bhfuil gá le clárúcháin CBL iolracha a laghdú, áfach, thug Treoir (AE) 2017/2455 roinnt beart isteach i dTreoir 2006/112/CE chun an gá le clárúcháin CBL iolracha a íoslaghdú. Chun an gá le clárúcháin CBL iolracha a laghdú a thuilleadh, sainaithníodh roinnt beart sínidh chun tacú leis an gcuspóir go mbeadh clárú aonair CBL san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun foráil a dhéanamh maidir leis na bearta sínidh sin. |
|
(39) |
I measc beart eile, le Treoir (AE) 2017/2455, leathnaíodh raon feidhme den Mhion-ionad ilfhreastail a bheith ina OSS níos leithne, a chumhdaíonn na soláthairtí trasteorann seirbhísí go léir do dhaoine neamh-inchánacha a tharlaíonn san Aontas agus ciandíol earraí ar fad laistigh den Chomhphobal. Go heisceachtúil, is féidir le comhéadain leictreonacha, mar shampla margaí agus ardáin a thagann chun bheith ina soláthróirí measta le haghaidh soláthairtí earraí áirithe laistigh den Aontas soláthairtí intíre earraí áirithe a dhearbhú freisin i scéim OSS an Aontais. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart raon feidhme scéim an Aontais a leathnú a thuilleadh chun soláthairtí eile earraí a chumhdach, lena n-áirítear soláthairtí earraí intíre idir gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas ag daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát tomhaltais, á áirithiú nach gá do ghnólachtaí clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin do thomhaltóirí. |
|
(40) |
De ghnáth, gearrtar CBL agus tugann soláthróir na n-earraí nó na seirbhísí cuntas uirthi. In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh faoin sásra aistrithe táillí go mbeidh oibleagáid ar fhaighteoir an tsoláthair seachas an soláthróir cuntas a thabhairt ar an CBL atá dlite. Chun tacaíocht níos mó a thabhairt don chuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart rialacha a leagan síos chun go ndéanfar an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm go héigeantach i gcásanna nach bhfuil na soláthróirí bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite agus nach n-aithnítear iad chun críocha CBL sa Bhallstát sin. Agus earraí nó seirbhísí á soláthar do dhuine atá sainaitheanta le haghaidh CBL sa Bhallstát ina bhfuil an soláthar inchánach, ba cheart do na soláthróirí sin an t-aistriú táillí a chur i bhfeidhm. Chun críocha rialála, ba cheart soláthairtí den sórt sin a thuairisciú sa ráiteas achoimreach. Sa bhreis ar an úsáid éigeantach, féadfaidh na Ballstáit an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm freisin maidir le soláthairtí trádálaithe neamhbhunaithe a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí do chustaiméir, gan beann ar stádas an chustaiméara sin. Mar sin féin, déantar soláthairtí atá faoi réir na scéime corrlaigh mar a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE a eisiamh ón sásra aistrithe táillí. |
|
(41) |
Thug Treoir (AE) 2017/2455 isteach i dTreoir 2006/112/CE simpliú sonrach, eadhon IOSS, a dearadh chun an t-ualach comhlíontachta CBL atá bainteach le hallmhairiú d’earraí ar luach íseal do thomhaltóirí san Aontas a laghdú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Treoir 2006/112/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an úsáid cheart agus an próiseas fíoraithe d’uimhreacha aitheantais CBL IOSS a dhaingniú i mbealach níos fearr chun críocha na díolúine dá bhforáiltear sa Threoir sin. Leis an cumhachtú sin, ba cheart a cheadú don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Áirítearsna bearta speisialta sin uimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL IOSS. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(42) |
Bíonn clárúchán CBL soláthróra de dhíth nuair nach sainaithnítear an soláthróir sin chun críocha CBL sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Go háirithe, le haistriú a chuid earraí féin de chuid duine inchánach chuig Ballstát eile chun críocha, inter alia, gníomhaíocht a bhaineann le ríomhthráchtáil, spreagtar gá le clárú sna Ballstáit óna n-aistrítear agus chuig a n-aistrítear na hearraí. Ag teacht leis an gcuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart na cásanna ina bhfuil gá le clárúcháin CBL iolracha a laghdú tuilleadh trí fhoráil a dhéanamh do scéim nua faoi chuimsiú na scéimeanna OSS a chur i bhfeidhm. Ba cheart scéim nua da leithéid a bheith deartha go sonrach chun na hoibleagáidí comhlíontachta a bhaineann le haistrithe áirithe earraí dílse a shimpliú. Ina theannta sin, i gcás ina ndéanann duine inchánach aistriú earraí dílse thar ceann duine inchánach eile, agus sa mhéid nach ndéantar an t-aistriú ar iarraidh shainráite an duine inchánach eile sin, ceanglaítear ar an duine inchánach sin faisnéis áirithe maidir leis an aistriú a chur in iúl d’úinéir na n-earraí sin. |
|
(43) |
Le Treoir 2006/112/CE, déantar foráil maidir le cóireáil shimplithe CBL le haghaidh earraí a aistrítear faoi shocruithe stoic ar glao i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Ós rud é go bhfuil an scéim shimplithe OSS le haghaidh aistrithe earraí dílse cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear faoi láthair le socruithe stoic ar glao faoi Airteagal 17a de Threoir 2006/112/CE sin, is gá deireadh a chur de réir a chéile leis na socruithe seo trí dháta deiridh a chur san áireamh sula mbainfear na forálacha stoic ar glao ina n-iomláine i dTreoir 2006/112/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta deiridh an 30 Meitheamh 2028 a leagan síos, agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé indéanta a thuilleadh aon socruithe stoic ar glao nua a dhéanamh. Maidir le socruithe stoic ar glao dar tús an 30 Meitheamh 2028 nó roimhe sin, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha ábhartha fós, lena n-áirítear teorainn ama 12 mhí chun úinéireacht na n-earraí sin a aistriú chuig an gceannaitheoir beartaithe. I gcomhthráth leis an dáta deiridh nua a chur san áireamh, ba cheart foráil a dhéanamh go scoirfidh na socruithe sin d’fheidhm a bheith acu an 30 Meitheamh 2029, mar ní bheidh gá a thuilleadh leo ina dhiaidh sin. |
|
(44) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad ina mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur. |
|
(45) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is é sin an córas CBL a thabhairt isteach sa ré dhigiteach, a ghnóthú go leordhóthanach, ach, de bharr an gá le húsáid cheanglais maidir le tuairisciú digiteach a chomhchuibhiú agus a spreagadh, le feabhas a chur ar chóireáil CBL maidir le hardáin, agus le laghdú a chur ar na cásanna ina n-éilítear ar ghnó clárú i mBallstáit eile, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(46) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo
Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 143, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘1a. Chun críocha na díolúine dá bhforáiltear i mír 1, pointe (ca), den Airteagal seo glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc trí, inter alia, uimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 369q den Treoir seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Tabharfaidh an Buanchoiste um Chomhar Riaracháin cúnamh don Choimisiún arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (*2). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*1) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus comhrac na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/904/oj).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 218, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, de réir na gcoinníollacha a fhéadfaidh siad a leagan síos, an oibleagáid a fhorchur ar dhaoine inchánacha atá bunaithe laistigh dá gcríoch sonraisc leictreonacha a eisiúint le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí laistigh dá gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 262.’ ; |
|
(3) |
in Airteagal 232, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar an gcéad mhír den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a bhaineann leas as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 218, an dara mír, foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe laistigh dá gcríoch faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe ina gcríoch.’. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2027
Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14a: ‘Airteagal 14a 1. I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modhanna comhchosúla eile, ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha i gcoinsíneachtaí nach mó ná EUR 150 a luach intreach, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine inchánach sin na hearraí sin iad féin. 2. I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí úsáid a bhaint as comhéadan leictreonach, amhail margadh, ardán, tairseach nó modhanna comhchosúla, soláthar earraí laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal do dhuine inchánach, nó do dhuine dlítheanach neamh-inchánach, nach bhfuil a bhfálacha earraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1) nó d’aon duine neamh-inchánach eile, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine inchánach a éascaíonn an soláthar na hearraí sin é féin. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Iúil 2027, tuarascáil mheasúnaithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó na Ballstáit, maidir le feidhmiú na rialach soláthraithe measta a leagtar amach sa chéad fhomhír agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach chun a leathnú tuilleadh.’ |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 17a mar a leanas:
|
|
(3) |
i dTeideal V, Caibidil 3a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil: ‘CAIBIDIL 3a Tairseach do dhaoine inchánacha a dhéanann soláthairtí áirithe d’earraí a chumhdaítear le hAirteagal 33, pointe (a), agus soláthairtí áirithe seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 58 ’ |
|
(4) |
leasaítear Airteagal 59c mar a leanas:
|
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 66: ‘Airteagal 66 1. De mhaolú ar Airteagail 63, 64 agus 65, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil CBL le bheith inmhuirearaithe i leith idirbhearta áirithe nó catagóirí áirithe de dhuine inchánach, ag ceann de na hamanna a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear i mír 1 maidir leis na soláthairtí a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre in Airteagal 167a: ‘Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh, laistigh de scéim roghnach, maidir le ceart asbhainte duine inchánach nach dtagann a CBL de bheith inmhuirir ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 66(1), pointe (b), go gcuirfear an ceart asbhainte sin siar go dtí go mbeidh an CBL ar na hearraí nó ar na seirbhísí arna soláthar don duine inchánach sin íoctha leis an soláthróir.’ ; |
|
(7) |
in Airteagal 226, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7a):
; |
|
(8) |
scriostar Airteagal 237; |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 359: ‘Airteagal 359 Ceadóidh na Ballstáit d’aon duine inchánach nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal agus a sholáthraíonn seirbhísí do dhuine neamh-inchánach an scéim speisialta seo a úsáid. Beidh feidhm ag an scéim speisialta sin maidir leis na seirbhísí uile sin a sholáthraítear laistigh den Chomhphobal.’ |
|
(10) |
in Airteagal 361(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 368: ‘Airteagal 368 An duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Chomhphobal a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as an scéim speisialta seo, i leith seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé nó sí CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sa Bhallstát tomhaltais de bhun Airteagal 168 den Treoir seo. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1) de Threoir 86/560/CEE, déanfar aisíocaíocht leis an duine inchánach atá i gceist i gcomhréir leis an Treoir sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) ná ag Airteagal 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a úsáidtear chun críocha soláthairtí seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo. I gcás ina gceanglaítear ar an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige as an scéim speisialta seo a bheith cláraithe i mBallstát le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis an scéim speisialta seo, déanfaidh sé CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sa Bhallstát sin i leith a ngníomhaíochtaí inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, sa tuairisceán CBL atá le cur isteach de bhun Airteagal 250 den Treoir seo.’ |
|
(12) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 369aa Maidir le soláthar gáis trí chórais gáis nádúrtha laistigh de chríoch an Chomhphobail nó aon líonra atá nasctha le córas den sórt sin, soláthar leictreachais agus soláthar fuinnimh teasa nó fuaraithe trí líonraí téimh nó fuaraithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 39, i gcás ina ndéanann duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL an méid sin a sholáthar do dhuine inchánach nó duine dlítheanach neamh-inchánach, nach bhfuil a bhfálacha hearraí laistigh den Chomhphobal faoi réir CBL de bhun Airteagal 3(1) nó d’aon duine neamh-inchánach eile, meastar, chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 369b, gur ciandíolacháin earraí laistigh den Chomhphobal atá sa mhéid sin go dtí an 30 Meitheamh 2028.’ |
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre in Airteagal 369j: ‘An duine inchánach a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as an scéim speisialta seo, i leith a ngníomhaíochtaí inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé nó sí CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sna Ballstáit tomhaltais de bhun Airteagal 168 den Treoir seo. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1) de Threoir 86/560/CEE agus Airteagal 2, pointe (1), Airteagal 3, agus Airteagal 8(1), pointe (e) de Threoir 2008/9/CE, déanfar an duine inchánach i gceist a aisíoc i gcomhréir leis na Treoracha sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) ná ag Airteagal 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a úsáidtear chun críocha soláthairtí earraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo.’ ; |
|
(14) |
in Airteagal 369m, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘1a. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le daoine inchánacha atá faoi réir na scéime speisialta dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 1, Roinn 2.’ |
|
(15) |
leasaítear Airteagal 369p mar a leanas:
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre in Airteagal 369w: ‘An duine inchánach a bhfuil leas á bhaint aige nó aici as an scéim speisialta seo, i leith a ngníomhaíochtaí inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé nó sí CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sna Ballstáit tomhaltais de bhun Airteagal 168 den Treoir seo. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1) de Threoir 86/560/CEE, agus Airteagal 2, pointe (1), Airteagal 3, agus Airteagal 8(1), pointe (e), de Threoir 2008/9/CE, déanfar an duine inchánach i gceist a aisíoc i gcomhréir leis na Treoracha sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) ná ag Airteagal 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a úsáidtear chun críocha soláthairtí earraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo.’ ; |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Iúil 2028
Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28a 1. D’ainneoin Airteagal 28, maidir le duine inchánach a éascaíonn laistigh den Aontas, trí chomhéadan leictreonach, amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, is é sin, cóiríocht a ligean ar cíos gan bhriseadh don duine céanna ar feadh uasmhéid 30 oíche, nó soláthar iompair paisinéirí de bhóthar, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin iad féin, ach amháin más duine é an duine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil a rinne an méid seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, ciallaíonn seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar a dhéantar laistigh den Aontas an chuid den tseirbhís a ndéantar difear di idir dhá phointe den Aontas. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthairtí arna ndéanamh faoin scéim speisialta dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 3. 4. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbailíochtóidh an duine inchánach a éascaíonn an soláthar dá dtagraítear i mír 1 an uimhir aitheantais chun críocha CBL dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír sin, agus úsáid á baint as na modhanna iomchuí arna mbunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 5. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit soláthairtí seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar, nó iad araon, a dhéantar laistigh dá gcríoch faoin scéim speisialta i dTeideal XII, Caibidil 1, Roinn 2 a eisiamh ó raon feidhme mhír 1. 6. I gcás inar fheidhmigh Ballstát an rogha a leagtar amach i mír 5, cuirfidh sé sin in iúl don Choiste um CBL. Foilseoidh an Coimisiún liosta cuimsitheach de na Ballstáit a d’fheidhmigh an rogha sin. 7. Faoin 1 Iúil 2033, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle ina ndéanfar meastóireacht ar oibriú an Airteagail seo agus ar chur i bhfeidhm na rialacha CBL maidir le seirbhísí éascaíochta, lena n-áirítear an tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus éifeachtacht bhailiú CBL. Déanfaidh an Coimisiún togra reachtach iomchuí, má mheastar gur gá sin.’ |
|
(2) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 46a Is éard a bheidh in áit soláthair na seirbhíse éascaíochta a sholáthraítear do dhuine neamh-inchánach trí chomhéadan leictreonach a úsáid, amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile, an áit a soláthraítear an t-idirbheart foluiteach i gcomhréir leis an Treoir seo.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 135 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 136b I gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair duine inchánach seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 28a, díolmhóidh Ballstáit soláthar na seirbhísí sin don duine inchánach sin.’ |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 138 mar seo a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 172a I gcás ina meastar go bhfuair agus gur sholáthair duine inchánach seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 28a, ní dhéanfaidh na soláthairtí sin difear do cheart asbhainte an duine inchánach sin, gan beann ar cé acu atá CBL in-asbhainte i leith na soláthairtí sin.’ |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 194: ‘Airteagal 194 1. Gan dochar d’Airteagail 195 agus 196, i gcás inar duine inchánach nach bhfuil bunaithe agus nach sainaithnítear chun críocha CBL trí bhíthin uimhir aitheantais aonair CBL dá dtagraítear in Airteagal 214, sa Bhallstát ina bhfuil an CBL dlite, a dhéanann an soláthar inchánach earraí nó seirbhísí, is é an duine dá soláthraítear na hearraí nó na seirbhísí an duine inchánach atá dlite CBL a íoc, i gcás inar sainaithníodh an duine sin chun críocha CBL sa Bhallstát sin cheana féin. Ina theannta sin, i gcás ina soláthraíonn duine inchánach soláthar inchánach na n-earraí nó na seirbhísí nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagann siad síos, foráil a dhéanamh gurb é an duine dá soláthraítear na hearraí nó na seirbhísí a bheidh faoi dhliteanas i leith CBL a íoc. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthar earraí a dhéanann déileálaí inchánach mar a shainmhínítear in Airteagal 311(1), pointe (5), i gcás ina bhfuil na hearraí faoi réir CBL i gcomhréir leis na socruithe speisialta dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 4, Roinn 2.’ |
|
(8) |
in Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Maidir le soláthairtí earraí a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 138 nó maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 agus 196, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná an cúigiú lá dhéag den mhí i ndiaidh na míosa ina dtarlaíonn an teagmhas inmhuirir.’ ; |
|
(9) |
in Airteagal 226, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):
; |
|
(10) |
leasaítear Airteagal 242a mar a leanas:
|
|
(11) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 242b I gcás ina n-aistríonn duine inchánach earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1) thar ceann duine inchánach eile, cuirfidh an chéad duine inchánach sin in iúl don dara duine inchánach, ar a dhéanaí ar iompar nó ar sheoladh na n-earraí, go bhfuil a gcuid earraí á n-aistriú nó go mbeidh a gcuid earraí sin á n-aistriú, mura ndéantar an t-aistriú arna iarraidh sin go sainráite ag an dara duine inchánach.’ |
|
(12) |
in Airteagal 262, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 1: ‘1. Cuirfidh gach duine inchánach a shainaithnítear chun críocha CBL ráiteas achoimreach isteach maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 288(1),, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(14) |
in Airteagal 306, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Ní bheidh feidhm ag an scéim speisialta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthairtí a dhéantar faoi Airteagal 28a.’ |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil de Chaibidil 6 i dTeideal XII: ‘CAIBIDIL 6 Scéimeanna speisialta le haghaidh daoine inchánacha a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánacha nó a dhéanann earraí, soláthairtí intíre áirithe earraí nó aistriú earraí dílse a chiandíol ’ |
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 365: ‘Airteagal 365 Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais aonair CBL maidir leis an scéim speisialta seo a chur i bhfeidhm agus, le haghaidh gach Ballstáit tomhaltais ina bhfuil CBL dlite, an luach iomlán, gan CBL san áireamh, maidir le soláthairtí seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo ar tharla an teagmhas inmhuirir ina leith le linn na tréimhse cánach agus an méid iomlán in aghaidh an ráta CBL chomhfhreagraigh. Tabharfar na rátaí CBL is infheidhme agus an méid iomlán CBL dlite le fios sa tuairisceán freisin, i gcás inarb ábhartha. I gcás inar gá aon leasuithe ar an tuairisceán CBL go dtí an dáta a gceanglaítear an tuairisceán CBL sin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 364, áireofar na leasuithe sin sa tuairisceán CBL sin. I gcás ina dteastaíonn aon leasú ar thuairisceán CBL tréimhse cánach roimhe sin i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 364, cuirfear na leasuithe sin san áireamh i dtuairisceán CBL tréimhse cánach ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL bunaidh a chur isteach i gcomhréir leis anAirteagal sin. Sainaithneofar an Ballstát tomhaltais ábhartha, an tréimhse cánach agus an méid CBL a n-éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin.’ |
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 3 i dTeideal XII, Caibidil 6: ‘ROINN 3 SCÉIM SPEISIALTA DO CHIANDÍOL EARRAÍ LAISTIGH DEN CHOMHPHOBAL, DO SHOLÁTHAIRTÍ ÁIRITHE EARRAÍ LAISTIGH DE BHALLSTÁT A DHÉANANN DUINE INCHÁNACH AGUS DO SHEIRBHÍSÍ ÁIRITHE A SHOLÁTHRAÍONN DAOINE INCHÁNACHA ATÁ BUNAITHE LAISTIGH DEN CHOMHPHOBAL ACH NÍ SA BHALLSTÁT TOMHALTAIS’ |
|
(18) |
leasaítear Airteagal 369a mar a leanas:
|
|
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 369b: ‘Airteagal 369b Ceadóidh na Ballstáit do na daoine inchánacha seo a leanas, seachas iad siúd a dhéanann soláthairtí díolmhaithe earraí agus seirbhísí nach n-eascraíonn in-asbhainteacht astu agus sin amháin, an scéim speisialta sin a úsáid:
Tá feidhm ag an scéim speisialta seo maidir leis na soláthairtí incháilithe sin uile sa Chomhphobal a dhéanann an duine inchánach lena mbaineann.’ |
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 369g: ‘Airteagal 369g ‘1. Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 369d agus, le haghaidh gach Ballstáit tomhaltais, an luach iomlán gan CBL san áireamh, agus i gcás inarb ábhartha, na rátaí CBL is infheidhme, an méid iomlán in aghaidh an ráta CBL comhfhreagraigh agus an méid iomlán CBL atá dlite, i leith na soláthairtí seo a leanas a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo ar tharla an teagmhas inmhuirir ina leith le linn na tréimhse cánach:
Áireofar leasuithe a bhaineann le tréimhsí cánacha roimhe sin dá bhforáiltear i mír 5, an dara fomhír sa tuairisceán CBL freisin. 2. I gcás ina soláthraítear earraí gan seoladh nó iompar nó i gcás ina seoltar nó ina n-iompraítear iad i mBallstáit nó uathu seachas an Ballstát aitheantais, áireofar sa tuairisceán CBL freisin an luach iomlán gan CBL san áireamh, agus i gcás inarb ábhartha, na rátaí CBL is infheidhme, an méid iomlán in aghaidh an ráta CBL comhfhreagraigh agus an méid iomlán CBL atá dlite, i leith na soláthairtí seo a leanas a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, le haghaidh gach Ballstáit ina soláthraítear earraí gan seoladh nó iompar nó a seoltar agus a iompraítear na hearraí sin iontu nó uathu:
I ndáil leis na soláthairtí dá dtagraítear sa mhír seo, áireofar sa tuairisceán CBL freisin an uimhir aitheantais aonair CBL nó an uimhir thagartha cánach arna leithdháileadh ag gach Ballstát ina soláthraítear earraí gan seoladh nó iompar nó a seoltar nó a n-iompraítear na hearraí sin iontu nó uathu, más infhaighte. Áireofar sa tuairisceán CBL an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo arna briseadh síos de réir an Bhallstáit tomhaltais. 3. I gcás ina bhfuil buanbhunaíocht ghnó amháin nó níos mó ag an duine inchánach a sholáthraíonn na seirbhísí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo seachas an ceann sa Bhallstát aitheantais, óna soláthraítear na seirbhísí, áireofar sa tuairisceán CBL freisin an luach iomlán gan CBL san áireamh, agus i gcás inarb ábhartha, na rátaí CBL is infheidhme, an méid iomlán in aghaidh an ráta CBL comhfhreagraigh agus an méid iomlán CBL atá dlite i leith na soláthairtí sin, le haghaidh gach Ballstáit ina bhfuil bunaíocht ghnó ag an duine inchánach sin, maille leis an uimhir aitheantais aonair CBL nó le huimhir thagartha cánach na bunaíochta sin, arna mbriseadh síos de réir an Bhallstáit tomhaltais. 4. I gcás ina bhfuil gá le coigeartú asbhainte i leith earraí a aistríodh i gcomhréir leis an scéim speisialta i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 5, áireofar sa tuairisceán CBL na fachtóirí ábhartha as ar eascair an coigeartú agus an CBL atá dlite agus, i gcás earraí caipitiúla, dáta tosaigh na tréimhse coigeartaithe a thosaíonn tar éis an aistrithe. 5. I gcás inar gá aon leasuithe ar an tuairisceán CBL go dtí an dáta a gceanglaítear an tuairisceán CBL sin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369f, áireofar na leasuithe sin sa tuairisceán CBL sin. I gcás ina dteastaíonn aon leasú ar thuairisceán CBL tréimhse cánach roimhe sin i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369f, cuirfear na leasuithe sin san áireamh i dtuairisceán CBL tréimhse cánach ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL bunaidh a chur isteach i gcomhréir leis an Airteagal sin. Sainaithneofar an Ballstát tomhaltais ábhartha, an tréimhse cánach agus an méid CBL a n-éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin. 6. Chun críche an Airteagail seo, ní áireofar sa tuairisceán CBL soláthairtí díolmhaithe earraí agus seirbhísí nach n-eascraíonn in-asbhainteacht astu.’ |
|
(21) |
leasaítear Airteagal 369p mar a leanas:
|
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 369t: ‘Airteagal 369t 1. Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 369q agus, le haghaidh gach Ballstáit tomhaltais ina bhfuil CBL dlite, an luach iomlán, gan CBL san áireamh, maidir le ciandíol earraí a onnmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha a bhfuil an CBL inmhuirearaithe ina leith le linn na tréimhse cánach agus an méid iomlán in aghaidh an ráta CBL comhfhreagraigh. Tabharfar na rátaí CBL is infheidhme agus an méid iomlán CBL dlite le fios sa tuairisceán freisin, i gcás inarb ábhartha. 2. I gcás inar gá aon leasuithe ar an tuairisceán CBL go dtí an dáta a gceanglaítear an tuairisceán CBL sin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369s, áireofar na leasuithe sin sa tuairisceán CBL sin. I gcás ina dteastaíonn aon leasú ar thuairisceán CBL tréimhse cánach roimhe sin i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369s, cuirfear na leasuithe sin san áireamh i dtuairisceán CBL tréimhse cánach ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL bunaidh a chur isteach i gcomhréir leis an Airteagal sin. Sainaithneofar an Ballstát tomhaltais ábhartha, an tréimhse cánach agus an méid CBL a n-éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin.’ |
|
(23) |
i dTeideal XII, Caibidil 6, cuirtear an roinn seo a leanas isteach,: ‘ROINN 5 SCÉIM SPEISIALTA D’AISTRITHE EARRAÍ DÍLSE Airteagal 369xa 1. Chun críocha na Roinne seo, agus gan dochar d’fhorálacha eile de chuid poian Chomhphobail, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, pointe (b), i gcás nach bhfuil a ngnó bunaithe sa Chomhphobal ag duine inchánach, ach tá níos mó ná buanbhunaíocht amháin ag an duine inchánach sin ann, is é an Ballstát ina bhfuil buanbhunaíocht agus ar ann a thugann an duine inchánach sin le tuiscint go mbainfidh sé úsáid as an scéim speisialta seo, a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin ar feadh na bliana féilire lena mbaineann agus ar feadh an 2 bhliain féilire ina dhiaidh sin. I gcás nach bhfuil a ngnó bunaithe sa Chomhphobal ag duine inchánach agus nach bhfuil buanbhunaíocht ag an duine inchánach sin ann, is é an Ballstát ina dtosaíonn seoladh nó aistriú na n-earraí a bheidh sa Bhallstát aitheantais. I gcás ina bhfuil níos mó ná aon Bhallstát amháin ann ina dtosaíonn seoladh nó aistriú na n-earraí, tabharfaidh an duine inchánach le fios cén ceann de na Ballstáit sin a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin ar feadh na bliana féilire lena mbaineann agus ar feadh an 2 bhliain féilire ina dhiaidh sin. 3. D’ainneoin mhír 1, pointe (b), agus mhír 2 den Airteagal seo, ibeidh an Ballstát aitheantais don scéim speisialta seo, comhionann leis an mBallstát aitheantais don scéim speisialta a leagtar síos i Roinn 3 de Chaibidil 6 de Theideal XII, i gcás ina bhfuil an duine inchánach sin cláraithe le haghaidh na scéime speisialta sin.’; Airteagal 369xb Ceadóidh Ballstáit d’aon duine inchánach a dhéanann aistrithe earraí dílse úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo. Beidh feidhm ag an scéim speisialta seo maidir le gach aistriú earraí dílse a dhéanann duine inchánach atá cláraithe don scéim speisialta seo. Airteagal 369xc Cuirfidh duine inchánach in iúl don Bhallstát aitheantais nuair a thosaíonn an duine inchánach sin a ngníomhaíochtaí inchánacha agus nuair a chuireann sé deireadh leo, ar gníomhaíochtaí iad a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, nó nuair a athraíonn sé na gníomhaíochtaí sin ar bhealach a fhágann nach gcomhlíonann an duine inchánach sin na coinníollacha is gá chun úsáid a bhaint as an scéim speisialta seo a thuilleadh. Déanfaidh an duine inchánach sin an fhaisnéis sin a chur in iúl go leictreonach. Airteagal 369xd Ní dhéanfar duine inchánach a bhaineann úsáid as an scéim speisialta seo, maidir leis na hidirbhearta inchánacha a dhéantar faoin scéim speisialta seo, a shainaithint chun críocha CBL ach sa Bhallstát aitheantais agus sa Bhallstát sin amháin. Chun na críche sin, bainfidh an Ballstát úsáid as an uimhir aitheantais aonair CBL a leithdháileadh cheana féin ar an duine inchánach i leith oibleagáidí an duine sin faoin gcóras inmheánach. Airteagal 369xe Déanfaidh an Ballstát aitheantais duine inchánach a eisiamh ón scéim speisialta seo in aon cheann de na cásanna a leanas:
Airteagal 369xf Déanfaidh an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige as an scéim speisialta seo tuairisceán CBL le haghaidh gach míosa a chur faoi bhráid an Bhallstáit aitheantais trí mhodhanna leictreonacha, cé acu a rinneadh na haistrithe earraí a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo nó nach ndearnadh. Cuirfear an tuairisceán CBL isteach faoi dheireadh na míosa i ndiaidh dheireadh na tréimhse cánach a chumhdaítear leis an tuairisceán CBL. Airteagal 369xg 1. Taispeánfar sa tuairisceán CBL an uimhir aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 369xd agus, le haghaidh gach Ballstáit a seoltar nó a n-aistrítear earraí chucu, luach iomlán gan CBL san áireamh na n-aistrithe a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo ar tharla an teagmhas inmhuirir ina leith le linn na tréimhse cánach. Beidh leasuithe a bhaineann le tréimhsí cánacha roimhe sin dá bhforáiltear i mír 3 sa tuairisceán CBL freisin. 2. I gcás ina seoltar nó ina n-iompraítear earraí ó Bhallstáit seachas an Ballstát aitheantais, áireofar sa tuairisceán CBL an luach iomlán gan CBL san áireamh de na haistrithe a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, maidir le gach Ballstát óna seoltar nó óna n-iompraítear na hearraí sin. Áireofar sa tuairisceán CBL freisin an uimhir aitheantais aonair CBL nó an uimhir thagartha cánach arna leithdháileadh ag gach Ballstát óna seoltar nó óna n-iompraítear na hearraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más infhaighte. Áireofar sa tuairisceán CBL an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo arna briseadh síos de réir an Bhallstáit a ndéantar na hearraí sin a sheoladh nó a iompar chuige. 3. I gcás inar gá aon leasuithe ar an tuairisceán CBL go dtí an dáta a gceanglaítear an tuairisceán CBL sin a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369xf, áireofar na leasuithe sin sa tuairisceán CBL sin. I gcás ina dteastaíonn aon leasú ar thuairisceán CBL tréimhse cánach roimhe sin i ndiaidh an dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 369xf, cuirfear na leasuithe sin san áireamh i dtuairisceán CBL tréimhse cánach ina dhiaidh sin laistigh de 3 bliana ón dáta ar ar éilíodh an tuairisceán CBL bunaidh a chur isteach i gcomhréir leis an Airteagal sin. Sainaithneofar an Ballstát ábhartha a ndéantar na hearraí a sheoladh nó a iompar chuige agus uaidh, an tréimhse cánach agus an méid inchánach a n-éilítear aon leasú ina leith sa tuairisceán CBL sin ina dhiaidh sin. Airteagal 369xh 1. Is in euro a shloinnfear an tuairisceán CBL. Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu a cheangal go sloinnfear an tuairisceán CBL ina n-airgeadra náisiúnta. Más in airgeadraí eile a rinneadh na soláthairtí, úsáidfidh an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige as an scéim speisialta seo an ráta malairte is infheidhme ar an dáta deiridh den tréimhse cánach, chun críocha an tuairisceán CBL a chomhlíonadh. 2. Déanfar an comhshó trí na rátaí malairte arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach don lá sin a chur i bhfeidhm, nó, mura bhfuil aon fhoilsiú ann an lá sin, ar an gcéad lá eile a bhfoilseofar é. Airteagal 369xi Chun críocha na scéime speisialta seo, tá díolúine ag fáil earraí laistigh den Chomhphobal sa Bhallstát a ndéantar na hearraí a sheoladh nó a iompar chuige. D’ainneoin Airteagal 214(1), leis an bhfáil earraí laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear sa chéad mhír, ní eascróidh oibleagáid chlárúcháin i gcomhréir le Airteagal 214(1). Chun críche Airteagail 16, 18, 26, 185 go 189 agus 192, meastar gurb ionann an díolúine sin dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo agus feidhmiú cirt iomláin asbhainte CBL a bheadh dlite mura mbeadh an díolúine sin infheidhme. Airteagal 369xj An duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige as an scéim speisialta seo, i leith a ngníomhaíochtaí inchánacha a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo, ní fhéadfaidh sé an CBL in-asbhainte de bhun Airteagal 168 sna Ballstáit a seoltar nó a n-iompraítear na hearraí chucu nó uathu a fhógairt sa tuairisceán CBL den scéim sin. D’ainneoin Airteagal 1, pointe (1), de Threoir 86/560/CEE, agus Airteagal 2, pointe (1), Airteagal 3, agus Airteagal 8(1), pointe (e), de Threoir 2008/9/CE, déanfar an duine inchánach i gceist a aisíoc i gcomhréir leis na Treoracha sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 2(2) ná 4(2) de Threoir 86/560/CEE maidir le haisíocaíochtaí a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a úsáidtear chun críocha aistrithe earraí dílse a chumhdaítear faoin scéim speisialta seo. I gcás ina gceanglaítear ar an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige as an scéim speisialta seo bheith cláraithe i mBallstát le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear leis an scéim speisialta seo, déanfaidh sé CBL a asbhaint, ar CBL é a thabhaítear sa Bhallstát sin i leith earraí nó seirbhísí arna soláthar dó sa Bhallstát sin, sa tuairisceán CBL atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 250. Airteagal 369xk 1. Déanfaidh an duine inchánach a bhfuil úsáid á baint aige nó aici as an scéim speisialta seo taifid ar na haistrithe earraí dílse a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo a choimeád. Ní mór do na taifid sin a bheith mionsonraithe a dhóthain lena chur ar chumas údaráis chánach na mBallstát a ndearnadh earraí a sheoladh nó a iompar chucu a fhíorú go bhfuil an tuairisceán CBL ceart. 2. Cuirfear na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go leictreonach don Bhallstát a ndearnadh na hearraí a sheoladh nó a iompar uaidh agus chuige agus don Bhallstát aitheantais arna iarraidh sin. Coimeádfar na taifid sin ar feadh tréimhse 10 mbliana ón 31 Nollaig sa bhliain ar lena linn a rinneadh an t-aistriú earraí dílse.’. |
Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Iúil 2029
Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 243, scriostar mír 3; |
|
(2) |
in Airteagal 262, scriostar mír 2; |
Airteagal 5
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Iúil 2030
Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(2) |
in Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a: ‘1a. Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i gcás nár chomhlíon an soláthróir an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagail 262 agus 263 chun na sonraí faoi idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chur in iúl, ná i gcás nach bhfuil an fhaisnéis cheart sna sonraí sin a aistríodh maidir leis an soláthar mar a éilítear faoi Airteagal 264, ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an soláthróir údar cuí a thabhairt le haon easnamh chun sástacht na n-údarás inniúil.’ |
|
(3) |
in Airteagal 168, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘I gcás ina bhfuil an t-idirbheart faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 271a(1), féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos acu, a fhoráil nach mbeidh an custaiméir i dteideal an CBL atá dlite nó íoctha a asbhaint nó a aiséileamh ach amháin má tá ríomhshonrasc a eisíodh de réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 218, mír 3 ina sheilbh aige.’ ; |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 217: ‘Airteagal 217 Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “ríomhshonrasc” sonrasc ina bhfuil an fhaisnéis a éilítear leis an Treoir seo, agus atá, ar a laghad a mhéid a bhaineann leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 262 agus 271b, eisithe, tarchurtha agus faighte i bhformáid leictreonach struchtúrtha lena bhféadtar é a phróiseáil go huathoibrithe agus go leictreonach.’ |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 218: ‘Airteagal 218 1. Ríomhshonraisc agus doiciméid nó teachtaireachtaí ar pháipéar nó i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo le go nglacfar leo mar shonraisc. 2. Chun críocha na Treorach seo, is mar ríomhshonraisc a eiseofar sonraisc. Féadfaidh Ballstáit, áfach, glacadh le doiciméid nó teachtaireachtaí ar pháipéar nó i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad mar shonraisc le haghaidh idirbheart nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i gCaibidil 6. 3. Comhlíonfaidh ríomhshonraisc an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Féadfaidh na Ballstáit úsáid caighdeán eile a cheadú le haghaidh ríomhshonraisc a bhaineann le soláthairtí earraí agus seirbhísí laistigh dá gcríoch, cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 262 den Treoir seo. 4. Maidir le ríomhshonraisc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid a leanas a áirithiú:
5. Glacfaidh na Ballstáit leis go bhfuil na bearta a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh ag an duine inchánach a bhfuil an sonrasc á eisiúint aige nó ag tríú páirtí atá ag gníomhú ina ainm agus dá chuntas. Féadfaidh na Ballstáit úsáid tairsí poiblí a cheadú freisin, a mhéid atá sí ar fáil. (*3) Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/55/oj).’;" |
|
(6) |
in Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Maidir le soláthairtí earraí a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 138 nó maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 go 197, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná 10 lá i ndiaidh an teagmhais inmhuirir. I gcás ina ndéantar íocaíocht ar cuntas sula gcuirtear soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 go 197 i gcrích, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an íocaíocht ar cuntas a fháil.’ ; |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 223: ‘Airteagal 223 Ceadóidh Ballstáit do dhaoine inchánacha sonraisc achoimre a eisiúint ina mionsonraítear roinnt soláthairtí earraí nó seirbhísí ar leithligh ar an gcuntar go mbeidh CBL ar na soláthairtí a luaitear sa sonrasc achomair inmhuirearaithe le linn na míosa féilire céanna. Maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 222, eiseofar sonraisc achoimre tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dheireadh na míosa féilire dá dtagraíonn an sonrasc achomair. Féadfaidh na Ballstáit a eisiamh go bhféadfaí sonraisc achomair a eisiúint in earnálacha áirithe atá íogair ó thaobh calaoise de. Cuirfidh na Ballstáit an Coiste um CBL ar an eolas maidir le heisiaimh atá curtha chun feidhme acu.’ |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 226 mar a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 232: ‘Airteagal 232 Eisiúint ríomhshonraisc, a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE, chuig duine inchánach nó chuig duine dlítheanach neamh-inchánach, ní bheidh sí faoi réir a glactha ag an bhfaighteoir. Féadfaidh na Ballstáit áfach, sonraisc a chomhlíonann an caighdeán a chur faoi réir a nglactha ag an bhfaighteoir le haghaidh idirbhearta nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i gCaibidil 6 den Teideal seo i gcás inar bhain an Ballstát sin úsáid as an rogha leagtar amach in Airteagal 218(2) den Treoir seo. Eisiúint ríomhshonraisc, a chomhlíonann caighdeán eile, nó eisiúint sonrasc i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad, chuig duine inchánach nó chuig duine dlítheanach neamh-inchánach, beidh sí faoi réir a glactha ag an bhfaighteoir. Mar sin féin, féadfaidh Ballstáit a bhain úsáid as an rogha a leagtar amach in Airteagal 218(3) foráil a dhéanamh nach mbeidh ríomhshonraisc a úsáideann caighdeáin eile faoi réir a nglactha ag an bhfaighteoir atá bunaithe laistigh dá gcríoch. Féadfaidh Ballstáit a bhain úsáid as an rogha a leagtar amach in Airteagal 221(1) eisiúint ríomhshonrasc nó sonrasc i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad a chur faoi réir a nglactha ag an bhfaighteoir.’ |
|
(10) |
in Airteagal 233(2), leasaítear an fhoclaíocht réamhráiteach mar a leanas: ‘Seachas trí bhíthin an chineáil rialuithe gnó a thuairiscítear i mír 1, is samplaí iad seo a leanas de theicneolaíochtaí lena n-áirithítear barántúlacht thionscnaimh agus sláine inneachar ríomhshonraisc nó doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad:’ ; |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 235: ‘Airteagal 235 Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha sonracha a leagan síos maidir le ríomhshonraisc nó doiciméid nó teachtaireachtaí leictreonacha i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad arna n-eisiúint i leith earraí nó seirbhísí arna soláthar ina gcríoch ó thír nach ann d’ionstraim dlí ina leith a bhaineann le cúnamh frithpháirteach atá comhchosúil ó thaobh raon feidhme de leis an raon feidhme dá bhforáiltear i dTreoir 2010/24/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.’ |
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 236: ‘Airteagal 236 I gcás ina ndéantar baisceanna ina bhfuil ríomhshonraisc éagsúla nó doiciméid nó teachtaireachtaí éagsúla i bhformáidí leictreonacha nach ríomhshonraisc iad a sheoladh chuig an bhfaighteoir céanna nó a chur ar fáil don fhaighteoir céanna, ní fhéadfar na sonraí is coiteann do na sonraisc aonair a lua ach an t-aon uair amháin i gcás, le haghaidh gach sonraisc, ina bhfuil an fhaisnéis go léir inrochtana.’ |
|
(13) |
i dTeideal XI, Caibidil 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil: ‘CAIBIDIL 6 Ceanglais maidir le tuairisciú digiteach’ |
|
(14) |
i dTeideal XI, Caibidil 6, cuirtear isteach ceannteideal na Ranna seo a leanas tar éis na Caibidle sin: ‘ROINN 1 CEANGLAIS MAIDIR LE TUAIRISCIÚ DIGITEACH LE HAGHAIDH SOLÁTHAIRTÍ TRASTEORANN EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ LAISTIGH DEN CHOMHPHOBAL A DHÉANTAR IDIR DAOINE INCHÁNACHA’ |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 262: ‘Airteagal 262 1. Cuirfidh gach duine inchánach a shainaithnítear chun críocha CBL na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 264 a isteach maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:
2. Cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 264 maidir leis na hidirbhearta a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Bhallstáit a d’eisigh an uimhir aitheantais CBL don duine inchánach, uimhir a d’úsáid an duine inchánach sin don idirbheart dá dtagraíonn na sonraí. 3. De mhaolú mhír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ní chuirfidh daoine inchánacha atá cláraithe faoin scéim speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 5, na sonraí isteach maidir le haistrithe earraí dílse nó maidir leis na hidirbhearta a gcaitear leo mar fhálacha laistigh den Chomhphobal de bhun Airteagail 21 nó 22 a bhaineann leis na hearraí céanna. 4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhfuil daoine inchánacha a shainaithnítear chun críocha CBL le cur isteach na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 264 maidir leis na hidirbhearta a liostaítear i mír 1, pointí (b) agus (d) den Airteagal seo. Tabharfaidh na Ballstáit a bhaineann feidhm as an rogha sin fógra don Choimisiún, a chuirfidh na Ballstáit eile ar an eolas faoin méid seo a leanas:
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 263: ‘Airteagal 263 1. Na daoine inchánacha a bhfuil d’oibleagáid orthu sonrasc a eisiúint a bhaineann leis na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 262(1), déanfaidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 262(1) a tharchur le haghaidh gach idirbhirt aonair, tráth a eiseofar an sonrasc nó ar cheart é a bheith eisithe. I gcás ina n-eisíonn faighteoir na n-earraí nó faighteoir na seirbhísí an sonrasc thar ceann an duine inchánach a bhfuil d’oibleagáid air sonrasc a eisiúint, tarchuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 262(1) le haghaidh gach idirbhirt aonair tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis an sonrasc a eisiúint nó tar éis an dáta ba cheart é a bheith eisithe. 2. Na daoine inchánacha a gcaithfear sonrasc a eisiúint chucu a bhaineann leis na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (d) d’Airteagal 262(1), déanfaidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 262(1) a tharchur le haghaidh gach idirbhirt aonair, tráth nach déanaí ná 5 lá ó gheofar an sonrasc. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tarchur sonraí faoi na hidirbhearta sin i gcás nach mbeidh an sonrasc faighte in am trátha ag an duine a gcaithfear an sonrasc a eisiúint chuige. 3. Is é an duine inchánach nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach sin a tharchuirfidh na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na modhanna leictreonacha chun na sonraí sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ceadóidh Ballstáit tarchur na sonraí sin a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE. 4. Cinnfear an teachtaireacht leictreonach choiteann chun na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur ar fáil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.’ |
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 264: ‘Airteagal 264 Beidh an méid uile seo a leanas sna sonraí a tharchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 263:
|
|
(18) |
scriostar Airteagail 265 go 271; |
|
(19) |
i dTeideal XI, Caibidil 6, cuirtear an roinn seo a leanas leis: ‘ROINN 2 CEANGLAIS MAIDIR LE TUAIRISCIÚ DIGITEACH LE HAGHAIDH FÉINSOLÁTHAIRTÍ AGUS SOLÁTHAIRTÍ EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ A DHÉANTAR IDIR DAOINE INCHÁNACHA LAISTIGH DE CHRÍOCH BHALLSTÁIT Airteagal 271a 1. Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánacha atá bunaithe nó a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n-údarás cánach sonraí faoi na soláthairtí earraí agus seirbhísí, cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 262, a dhéantar laistigh dá gcríoch chucu féin nó chuig daoine inchánacha eile. 2. Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánacha atá bunaithe nó a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n-údarás cánach sonraí faoi na soláthairtí earraí agus seirbhísí, cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 262, a dhéanann siad féin, laistigh dá gcríoch, chucu féin nó a dhéanann daoine inchánacha eile chucu. Airteagal 271b 1. I gcás ina gceanglaíonn Ballstát na sonraí a sheoladh de bhun Airteagal 271a(1), tarchuirfidh an duine inchánach a bhfuil d’oibleagáid air an sonrasc a eisiúint, nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach sin, tarchuirfidh sé na sonraí sin maidir le gach idirbheart aonair tráth a eiseofar an sonrasc nó ar cheart é a bheith eisithe. I gcás ina n-eisíonn faighteoir na n-earraí nó faighteoir na seirbhísí an sonrasc thar ceann an duine inchánach a bhfuil d’oibleagáid air sonrasc a eisiúint, tarchuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 271a(1) le haghaidh gach idirbhirt aonair tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis an sonrasc a eisiúint nó tar éis an dáta ba cheart é a bheith eisithe. 2. I gcás ina gceanglaíonn Ballstát na sonraí a sheoladh de bhun Airteagal 271a(2), tarchuirfidh an duine inchánach ar eisíodh sonrasc chuige, nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach sin, tarchuirfidh sé na sonraí sin maidir le gach idirbheart aonair tráth nach déanaí ná 5 lá ó gheofar an sonrasc. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tarchur sonraí faoi na hidirbhearta sin i gcás nach mbeidh an sonrasc faighte in am trátha ag an duine a gcaithfear an sonrasc a eisiúint chuige. 3. Ceadóidh na Ballstáit tarchur sonraí ó ríomhshonraisc a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE. Féadfaidh na Ballstáit tarchur sonraí ó ríomhshonraisc a cheadú agus úsáid á baint as formáidí eile sonraí seachas an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ar choinníoll go n-áirithítear leis na formáidí eile sonraí idir-inoibritheacht leis an gcaighdeán Eorpach sin maidir le ríomhshonrascadh. 4. Na Ballstáit a éilíonn tarchur na sonraí de bhun Airteagal 271a, féadfaidh siad raon feidhme na hoibleagáide sin a theorannú do chatagóirí áirithe daoine inchánacha, nó do chineálacha áirithe idirbheart. Cinnfidh siad freisin na sonraí is gá a tharchur. Airteagal 271c Faoin 31 Márta 2033, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag Ballstáit, tuarascáil eatramhach mheastóireachta a chur faoi bhráid na Comhairle faoi fheidhmiú an ríomhshonrasctha a leagtar amach i gCaibidil 3 agus faoi fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe dhigitigh laistigh den Chomhphobal agus intíre a leagtar amach sa Chaibidil seo. I ndáil leis an tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún:
|
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 273: ‘Airteagal 273 Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí eile a fhorchur, ar oibleagáidí iad a mheasann siad a mbeidh gá leo chun bailiúchán ceart CBL a áirithiú agus chun imghabháil a sheachaint, faoi réir an cheanglais maidir le cóir chomhionann amhail idir idirbhearta intíre agus idirbhearta a dhéantar idir Ballstáit ag daoine inchánacha agus ar choinníoll nach n-eascraíonn foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha as na hoibleagáidí sin maidir le trádáil idir Ballstáit. Ní fhéadtar brath ar an rogha faoin gcéad mhír den Airteagal seo chun oibleagáidí breise maidir le sonrascadh a fhorchur os cionn na n-oibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil 3, ná chun oibleagáid nua ginearálta tuairiscithe breise, bunaithe ar idirbhearta, a chur chun feidhme le haghaidh soláthairtí nó fálacha earraí agus seirbhísí idir daoine inchánacha arna sainaithint chun críocha CBL laistigh den Aontas, os cionn na n-oibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil 6. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar dhaoine inchánacha sonraí a stóráil maidir lena n-idirbhearta chun tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí a éilítear chun tuairisceán CBL a ullmhú nó a chur isteach chun críoch iniúchóireachta. Na Ballstáit a raibh oibleagáid tuairiscithe ghinearálta bunaithe ar idirbhearta orthu, an 1 Eanáir 2024, le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 262, féadfaidh siad na hoibleagáidí tuairiscithe sin a choinneáil ar bun go dtí go gcuirfidh siad córas tuairiscithe digiteach agus fíor-ama chun feidhme maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 6, Roinn 2. Na Ballstáit a raibh oibleagáid tuairiscithe ghinearálta bunaithe ar idirbhearta orthu, an 1 Eanáir 2024, le haghaidh fálacha earraí agus seirbhísí cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 262, féadfaidh siad na hoibleagáidí tuairiscithe sin a choinneáil ar bun go dtí go gcuirfidh siad córas tuairiscithe digiteach agus fíor-ama chun feidhme maidir le fálacha earraí agus seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 6, Roinn 2. Féadfaidh na Ballstáit an ceanglas ar dhaoine inchánacha a choinneáil sonraí a stóráil maidir lena n-idirbhearta chun tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí a éilítear chun tuairisceán CBL a ullmhú nó a chur isteach nó chun críoch iniúchóireachta. Féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí tuairiscithe a fhorchur maidir le hidirbhearta cé is moite de na hidirbhearta sin a chumhdaítear leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i gCaibidil 6.’. |
Airteagal 6
Trasuí
1. Féadfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin maidir le hAirteagal 1, pointí 2 agus 3 a chur i bhfeidhm ón 14 Aibreán 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
2. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2026, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2 a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027.
3. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh 2028, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 3 a chomhlíonadh.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2028.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, feidhmeoidh na Ballstáit na forálacha is gá chun Airteagal 3, pointe (1), den Treoir seo a chomhlíonadh ar a luaithe ón 1 Iúil 2028 agus ar a dhéanaí ón 1 Eanáir 2030.
4. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh 2029, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 4 a chomhlíonadh.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2029.
5. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh 2030, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 5 a chomhlíonadh.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2030.
De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, na Ballstáit a bhfuil oibleagáid intíre maidir le tuairisciú digiteach fíor-ama bunaithe ar idirbhearta curtha i bhfeidhm acu an 1 Eanáir 2024 nó ar deonaíodh údarú dóibh ar bhonn Airteagal 395 roimh an 1 Eanáir 2024 lena gceadaítear dóibh an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm nó, i gcás nach raibh gá leis an údarú sin, a ghlac reachtaíocht náisiúnta roimh an 1 Eanáir 2024 lena bhforáiltear do thabhairt isteach na hoibleagáide intíre sin maidir tuairisciú digiteach fíor-ama bunaithe ar idirbhearta, cuirfidh siad i bhfeidhm na forálacha in Airteagal 5, pointe (5), a bhaineann le hAirteagal 218, agus na bearta maidir le hAirteagal 5, pointe (19), a bhaineann le hAirteagail 271a agus 271b, faoin 1 Eanáir 2035, a mhéid a bhaineann le ríomhshonrascadh agus tuairisciú intíre. I gcás ina léirítear sa tuarascáil eatramhach mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 271c go bhfuil easnaimh ann, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le bearta breise agus, más gá, déanfaidh sé moladh iomchuí d’fhonn an spriocdháta sin a chur siar go dtí go dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh sin.
6. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach a ndéanfar an tagairt sin.
7. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 8
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Toiliú ón 12 Feabhra 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) IO C, 228, 29.6.2023, lch. 149.
(3) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le foilsiú na tagartha don chaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 266, 17.10.2017, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/1870/oj).
(5) Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/55/oj).
(6) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).
(7) Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe cánach breisluacha i ndáil le soláthairtí seirbhísí agus ciandíol earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/2455/oj).
(8) Treoir (AE) 2019/1995 ón gComhairle an 21 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann le ciandíol earraí agus le soláthairtí intíre earraí áirithe(IO L 310, 2.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1995/oj).
(9) Treoir (AE) 2022/542) ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha (IO L 107, 6.4.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/542/oj).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/516/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)