Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1255

Cinneadh (CBES) 2025/1255 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/9911/2025/INIT

IO L, 2025/1255, 23.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1255/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1255/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1255

23.6.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1255 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meitheamh 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1).

(2)

An 8 Nollaig 2020, trí bhíthin Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, leagtar béim ar a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach ag an Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

(3)

I mí an Mhárta 2025, bhí líon mór íospartach ann, lena n-áirítear go leor sibhialtach, mar thoradh ar rabharta foréigin i réigiún cósta na Siria. An 11 Márta 2025, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin an tAontas na coireanna uafásacha a rinneadh i gcoinne sibhialtach, lena n-áirítear maruithe treallacha. Ina theannta sin, tá ról díchobhsaitheach fós ag gníomhaithe a bhfuil baint acu le hiar-réimeas al-Assad agus tá siad freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine sa tSiria nó tugann siad tacaíocht dóibh.

(4)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart cúigear a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘121.

Miqdad Lu’ay FATIHA

ar a dtugtar freisin Miqdad FATIHA, Miqdad FUTAIHA, Abu Jafar, Abu Jaafar, Abu Ja’ afar

مقداد لؤيّ فتيحة

مقداد فتيحة

(litriú Araibise)

Dáta breithe: 19.6.1989

Áit bhreithe: Jableh, Latakia, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach

Inscne: fireann

Seoladh: An tSiria/an Liobáin

Is iarchomhalta Miqdad Fatiha de Gharda Poblachtach na Siria, a díscaoileadh ó shin. Sa ról sin, bhí sé freagrach as go leor sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh na bpríosúnach agus íde chruálach eile a thabhairt.

Tar éis thitim réimeas al-Assad i mí na Nollag 2024, bhunaigh Miqdad Fatiha mílístí i réigiúin chósta na Siria, rud a chuir leis an teannas seicteach agus a ghríosaigh daoine chun foréigean. Bhí baint ag na haonaid faoina cheannas le foréigean seicteach mhí an Mhárta 2025 i réigiún cósta na Siria inar cailleadh na céadta sibhialtach.

Mar cheannaire ar na mílístí, tá Miqdad Fatiha freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

23.6.2025

122.

Ghaith DALLA

ar a dtugtar freisin Ghiath Suleiman DALLA, Ghyath DALLA, Ghayth DALLA

غياث سليمان دلا

غياث سليمان دلّا

(litriú Araibise)

Dáta breithe: 31.7.1971

Áit bhreithe: Beit Yashout, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Maher Al-Assad

Eintitis chomhlachaithe: An Ceathrú Rannán d’Arm na Siria, an Chomhairle Mhíleata um Shaoirse na Siria

Is iar-Bhriogáidire-Ghinearál é Ghaith Dalla sa Cheathrú Rannán d’Arm na Siria le linn réimeas al-Assad, ar rannán é ar a bhfuil míchlú. Sa ról sin, bhí sé freagrach as go leor sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha doiciméadaithe i réimse chearta an duine, lena n-áirítear maruithe seachbhreithniúnacha agus íde chruálach an ocrais.

Tar éis thitim réimeas al-Assad, bhunaigh Ghaith Dalla “an Chomhairle Mhíleata um Shaoirse na Siria” i mí an Mhárta 2025 agus is é a stiúrann í. Tá teannas seicteach agus foréigean á ngríosú ó shin ag a mhílíste i réigiún cósta na Siria. Bhí baint ag aonaid Ghaith Dalla le foréigean seicteach mhí an Mhárta 2025 i réigiún cósta na Siria inar cailleadh na céadta sibhialtach.

Dá bhrí sin, tá Ghaith Dalla freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine.

23.6.2025

123.

Suhayl AL-HASAN

ar a dtugtar freisin Suhail Salman AL-HASAN, Suhail AL-HASSAN

سهيل سلمان الحسن

(litriú Araibise)

Dáta breithe: 10.6.1970

Áit bhreithe: Jableh, Latakia, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach

Inscne: fireann

Seoladh: Tartus, an tSiria

Is Iar-Cheannasaí Suhayl al-Hasan ar Rannán 25 d’Fhórsaí Misin Speisialta fhórsaí armtha na Siria faoi réimeas al-Assad. Sa ról sin agus sna poist iomadúla eile a bhí aige i bhfórsaí armtha na Siria, rinne sé nó bhí sé i gceannas nuair a rinneadh an iliomad sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, lena n-áirítear céasadh, maruithe seachbhreithiúnacha agus gabhálacha treallacha. Tuairiscítear freisin gurb é a bhí i gceannas nuair a ordaíodh go n-úsáidfí airm cheimiceacha.

Tar éis thitim réimeas al-Assad, bhunaigh Suhayl al-Hasan briogáid ar a dtugtar an “Coastal Shield Brigade” i mí an Mhárta 2025. Tá teannas seicteach agus foréigean á ngríosú ó shin ag a mhílíste i réigiún cósta na Siria. Bhí baint ag aonaid Suhayl al-Hasan le foréigean seicteach mhí an Mhárta 2025 i réigiún cósta na Siria inar cailleadh na céadta sibhialtach.

Dá bhrí sin, tá Suhayl al-Hasan freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine.

23.6.2025

124.

Mudalal KHOURY

ar a dtugtar freisin Madalal (Mtanyus) KHURI, Mudallal KHOURY Mudallal KHOURI

مدلل خوري

(litriú Araibise)

Dáta breithe: 18.6.1957

Áit bhreithe: Homs, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach, Rúiseach

Inscne: fireann

Seoladh: Moscó

Duine aonair comhlachaithe: Imad Khoury

Is fear gnó Siriach-Rúiseach é Mudalal Khoury arb í an Rúis a bhunáit ghníomhaíochta. Tá sé ar dhuine de na pearsana gnó is mó le rá sa tSiria a thacaigh le réimeas al-Assad. I gcomhthéacs inar bhain réimeas al-Assad úsáid as buamaí bairille agus airm cheimiceacha i gcoinne phobal sibhialtach na Siria, rinne Mudalal Khoury ionadaíocht ar leasanna gnó agus airgeadais an réimis sa Rúis. I measc nithe eile, chuir sé cuideachtaí caocha ar fáil lena n-úsáid le haghaidh chláir arm ceimiceach agus balaistíoch réimeas al-Assad.

Dá bhrí sin, thug Mudalal Khoury tacaíocht airgeadais, theicniúil agus ábhartha do sháruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, go háirithe coireanna in aghaidh an chine dhaonna.

23.6.2025

125.

Imad KHOURY

ar a dtugtar freisin Emad KHOURY, Mtanyus KHURY, KHURI, KHOURI

عماد خوري

(litriú Araibise)

Dáta breithe: 3.10.1964

Náisiúntacht: Siriach, Rúiseach

Inscne: fireann

Duine aonair comhlachaithe: Mudalal Khoury

Tá Imad Khoury ar dhuine de na pearsana gnó is mó le rá sa tSiria a thacaigh le réimeas al-Assad. I gcomhthéacs inar bhain réimeas al-Assad úsáid as buamaí bairille agus airm cheimiceacha i gcoinne phobal sibhialtach na Siria, rinne Imad Khoury ionadaíocht ar leasanna gnó agus airgeadais an réimis. I measc nithe eile, bhunaigh sé cuideachta a bhí mar chuid de scéim sciúrtha airgid a bhí mar thaca le réimeas al-Assad. Ar an gcaoi sin, in éineacht lena dheartháir Mudalal Khoury, chuidigh sé leis an maoiniú ar na coireanna tromchúiseacha in aghaidh an chine dhaonna a rinneadh faoi réimeas al-Assad.

Dá bhrí sin, thug Imad Khoury tacaíocht airgeadais, theicniúil agus ábhartha do sháruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, go háirithe coireanna in aghaidh an chine dhaonna.

23.6.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1255/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top