This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D1226
Commission Implementing Decision (EU) 2025/1226 of 24 June 2025 amending Implementing Decision (EU) 2021/1772 pursuant to Regulation (EU) 2016/679 of the European Parliament and of the Council on the adequate protection of personal data by the United Kingdom (notified under document C(2025) 3928)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1226 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3928)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1226 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3928)
C/2025/3928
IO L, 2025/1226, 26.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1226/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1226 |
26.6.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1226 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Meitheamh 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3928)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (1), agus go háirithe Airteagal 45(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún (2), thángthas ar an gconclúid, chun críocha Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, go n-áirithíonn an Ríocht Aontaithe leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach chuig an Ríocht Aontaithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin (3). |
|
(2) |
Agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 á ghlacadh ag an gCoimisiún, chuir sé san áireamh, ag deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4) agus a luaithe a scoirfeadh an fhoráil eatramhach faoi Airteagal 782 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (5) d’fheidhm a bheith aici, go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe córas nua cosanta sonraí a ghlacadh, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, córas a bheidh difriúil ón gceann a bhí i bhfeidhm nuair a bhí sí faoi cheangal ag dlí an Aontais. Ós rud é go bhféadfadh baint a bheith aige sin go háirithe le leasuithe ar an gcreat cosanta sonraí a ndearnadh measúnú air i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 nó le forbairtí ábhartha eile, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh go mbeadh feidhm ag an gCinneadh sin ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta a theacht i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 le dul in éag an 27 Meitheamh 2025, mura gcuirfear síneadh leis i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(3) |
Chun cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772, ní mór don Choimisiún a mheas an bhfuil údar fíorasach agus dlíthiúil fós leis an gconclúid go n-áirithíonn an Ríocht Aontaithe leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach chuig an Ríocht Aontaithe. Ní féidir an measúnú sin a dhéanamh ach amháin ar bhonn creat dlíthiúil cobhsaí a bheith i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe. |
|
(4) |
Leanfaidh an creat cosanta sonraí a ndearnadh measúnú air i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772, atá bunaithe ar dhlí an Aontais, d’fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, an 23 Deireadh Fómhair 2024, thug an Rialtas an Bille Sonraí (Úsáid agus Rochtain) (6) isteach sa Pharlaimint, agus mhol sé leasuithe ar Rialachán Ginearálta na Ríochta Aontaithe maidir le Cosaint Sonraí agus ar an Acht um Chosaint Sonraí 2018. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart síneadh 6 mhí a chur le bailíocht Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 chun go mbeidh an Coimisiún in ann a mheasúnú a dhéanamh ar an leibhéal leordhóthanach cosanta le haghaidh sonraí pearsanta arna soláthar ag an Ríocht Aontaithe ar bhonn creat dlíthiúil cobhsaí, tar éis an próiseas reachtach leanúnach a thabhairt i gcrích os comhair Pharlaimint na Ríochta Aontaithe. |
|
(6) |
D’fhoilsigh An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a thuairim (7), a tugadh san áireamh agus an Cinneadh seo á ullmhú. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear faoi Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2016/679, |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772:
‘Airteagal 4
Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 27 Nollaig 2025, mura gcuirfear síneadh leis i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) 2016/679.’
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Michael MCGRATH
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1772 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta ag an Ríocht Aontaithe (IO L 360, 11.10.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1772/oj).
(3) Féach Airteagal 1(1) de Chinneadh (AE) 2021/1772. Faoi Airteagal 1(2) den Chinneadh sin, ní chumhdaítear leis an gCinneadh sonraí pearsanta a aistrítear chun críocha rialú inimirce na Ríochta Aontaithe nó a thagann ar shlí eile faoi raon feidhme na díolúine maidir le cearta áirithe ábhair sonraí chun rialú inimirce éifeachtach a choinneáil ar bun de bhun mhír 4(1) de Sceideal 2 a ghabhann le hAcht um Chosaint Sonraí na Ríochta Aontaithe 2018.
(4) IO C 384I, 12.11.2019, lch. 1.
(5) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
(6) Ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://bills.parliament.uk/bills/3825/news.
(7) Tuairim 6/2025 maidir le síneadh a chur leis na Cinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún Eorpach faoi RGCS agus faoi LED maidir le cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta sa Ríocht Aontaithe, ar fáil ag an nasc seo a leanas https://www.edpb.europa.eu/system/files/2025-05/edpb-opinion-202506-uk-adequacyextension-gdpr-led_en.pdf.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1226/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)