This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0969
Council Decision (CFSP) 2025/969 of 20 May 2025 amending Decision (CFSP) 2024/2643 concerning restrictive measures in view of Russia’s destabilising activities
Cinneadh (CBES) 2025/969 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
Cinneadh (CBES) 2025/969 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
ST/8228/2025/INIT
IO L, 2025/969, 21.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/969/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/969 |
21.5.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/969 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2643 (1). |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2024/2643, measann an Chomhairle gur cheart an fhaisnéis aitheantais agus an ráiteas ar chúiseanna san iontráil a bhaineann le duine nádúrtha amháin i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643, faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘14. |
Anatolii PRIZENKO |
Fear gnó Dáta breithe: 26.11.1974 Áit bhreithe: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois) Náisiúntacht: Moldóvach Inscne: fireann |
Is fear gnó i bPoblacht na Moldóive é Anatolii Prizenko. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, chomhordaigh sé roinnt saoránach de chuid Phoblacht na Moldóive a chur chun na Fraince, áit ar phéinteáil siad Réalta Dháiví ar na sráideanna agus íocadh iad as sin a dhéanamh. Thuairiscigh na meáin an oibríocht sin go forleathan agus bhí éifeacht dhíchobhsaitheach shuntasach aici i gcomhthéacs na coinbhleachta idir Iosrael agus Hamas tar éis na n-ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair 2023. Scaip an líonra meán Recent Reliable News íomhánna den oibríocht sin ar dtús, líonra a bhfuil baint aige le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a úsáideann gníomhaithe na Rúise chun feachtais bhréagaisnéise a stiúradh. Ghlac Anatolii Prizenko freagracht go poiblí as an oibríocht sin a eagrú. De réir tuairiscí sna meáin, rinneadh an oibríocht dhíchobhsaitheach sin ar mhaithe le seirbhís faisnéise míleata na Rúise, GRU, agus bhí mar aidhm aici teannas a spreagadh i sochaí na Fraince. Dá bhrí sin, tá Anatolii Prizenko freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais de chuid Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo nó as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht i mBallstát agus, dá bhrí sin, san Aontas, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh nó páirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh inti. |
16.12.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/969/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)