This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0781
Council Decision (CFSP) 2025/781 of 14 April 2025 in support of the Siem Reap-Angkor Action Plan for the implementation of the 1997 Convention on the Prohibition of the Use, Stockpiling, Production and Transfer of Anti-Personnel Mines and on their Destruction
Cinneadh (CBES) 2025/781 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú
Cinneadh (CBES) 2025/781 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú
ST/7098/2025/INIT
IO L, 2025/781, 15.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/781/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/781 |
15.4.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/781 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
chun tacú le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, sainaithnítear dúshláin agus bagairtí domhanda, agus iarrtar ord idirnáisiúnta riailbhunaithe bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach agus ar institiúidí idirnáisiúnta dea-fheidhmiúla. Le tacaíocht do chur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (‘an Coinbhinsiún’), rannchuidítear le slándáil níos fearr don duine mar a bheartaítear leis an Straitéis Dhomhanda. |
(2) |
Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú i bhfeidhm an 1 Márta 1999. Is é an t-aon ionstraim idirnáisiúnta a thugann freagairt chuimsitheach chun deireadh a chur leis an bhfulaingt agus leis na taismigh mar gheall ar mhianaigh fhrithphearsanra, lena n-áirítear trína n-úsáid, a stoc-charnadh, a dtáirgeadh, a dtrádáil agus a n-aistriú a chosc agus a ndíothú a áirithiú, chomh maith lena áirithiú go dtugtar cúnamh d’íospartaigh. |
(3) |
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le seasamh an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an gcosc ar mhianaigh fhrithphearsanra a threisiú i bhfianaise an chúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin ar an gCoinbhinsiún maidir le cosc ar mhianaigh fhrithphearsanra. |
(4) |
Rannchuidigh an tAontas le huiliú agus le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin trí Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/487/CBES ón gComhairle (1); Cinneadh 2012/700/CBES ón gComhairle (2); Cinneadh (CBES) 2017/1428 ón gComhairle (3) (arna leasú le Cinneadh (CBES) 2020/905 ón gComhairle (4)); agus Cinneadh (CBES) 2021/257 ón gComhairle (5). |
(5) |
Ag an gcúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin den Choinbhinsiún in Siem Reap (an Chambóid) in 2024, ghlac na Stáit is Páirtithe Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029. Le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor, cuirtear treochlár ar fáil do na Stáit is Páirtithe maidir le cur chun feidhme agus uiliú an Choinbhinsiúin, ag tógáil ar an méid a baineadh amach leis na Pleananna Gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Rannchuideoidh an tAontas a thuilleadh le cur chun feidhme agus uiliú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (‘an Coinbhinsiún’) trí ghníomhaíocht oibríochtúil lena dtacaítear le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029.
2. Is é a bheidh i gcuspóirí na gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 tacú leis an méid seo a leanas:
(a) |
Airteagal 5 den Choinbhinsiún a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr; |
(b) |
cur chuige cearta-bhunaithe cur chun feidhme níos fearr maidir le ‘cúnamh d’íospartaigh’ (Airteagal 6.3 den Choinbhinsiún); |
(c) |
cur chun cinn agus comhlíonadh an Choinbhinsiúin agus a ghnáthnós a chothú; |
(d) |
comhlíonadh Airteagal 3 den Choinbhinsiún lena n-áirítear trí chomhar agus cúnamh a chothú; |
(e) |
cur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta faoi Airteagal 9 den Choinbhinsiún a chur chun cinn; agus |
(f) |
tiomantas an Aontais agus na mBallstát don Choinbhinsiún a léiriú. |
3. Saothrófar na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 ar bhealach ina dtreiseoidh siad traidisiún an Choinbhinsiúin, is é sin comhpháirtíocht agus comhoibriú idir na Stáit, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eile, lena n-áirítear ionadaithe ó na pobail a mbíonn tionchair ag mianaigh orthu. Déanfar cur chuige cuimsitheach a áirithiú ar gach leibhéal a ionchorprú sna gníomhaíochtaí go léir.
4. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1 de chúram ar an Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme, arb é Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil a dhéanfaidh ionadaíocht dó.
3. Is faoi fhreagracht an Ardionadaí a chuirfidh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme na cúraimí dá dtagraítear in mír 2 i gcrích. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil.
Airteagal 3
1. Is é EUR 2 700 000,00 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar síos i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin i gcrích le Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil, ina leagfar síos go n-áiritheoidh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú airgeadais chun críche.
5. Cuirfidh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme chun feidhme an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(3) i gcomhréir leis an gCinneadh maidir le rialachas airgeadais agus trédhearcacht a neartú san Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme, a rinneadh ag an 14ú Cruinniú de na Stáit is Páirtithe in 2015. Cuirfidh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme ar fáil, i dteannta tuairisciú eile, tuarascálacha tuairisciúla agus ráithiúla eile, mar aon le creat loighciúil agus maitrís ghníomhaíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag an Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn leis an measúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme an Chinnidh seo.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 48 mí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích nó 6 mhí tar éis dháta a ghlactha mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/487/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 chun tacú le huiliú agus cur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú, faoi chuimsiú Straitéis Slándála na hEorpa (IO L 165, 26.6.2008, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2008/487/oj).
(2) Cinneadh 2012/700/CBES ón gComhairle an 13 Samhain 2012 faoi chuimsiú Straitéis Slándála na hEorpa chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Cartagena 2010-2014, arna ghlacadh ag na Stáit is Páirtithe i gCoinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 314, 14.11.2012, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/700/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2017/1428 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Mhapútó le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 204, 5.8.2017, lch. 101, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1428/oj).
(4) Cinneadh (CBES) 2020/905 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1428 chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Maputo le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 207, 30.6.2020, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/905/oj).
(5) Cinneadh (CBES) 2021/257 ón gComhairle an 18 Feabhra 2021 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Osló le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (IO L 58, 19.2.2021, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/257/oj).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
Gníomhaíocht chun tacú le Cur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc agus Plean Gníomhaíochta Siem Reap – Angkor 2025-2029 a ghabhann leis
1. Sprioc
Rannchuidiú le slándáil níos fearr don duine trí ghlacadh le noirm, úinéireacht náisiúnta níos mó, agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (‘an Coinbhinsiún maidir le cosc ar mhianaigh fhrithphearsanra’, nó ‘an Coinbhinsiún’).
Thacódh an tionscadal lena seasann an tAontas Eorpach (AE) le hiarrachtaí na Stát is Páirtithe téacs an Choinbhinsiúin agus na gnéithe éagsúla de Phlean Gníomhaíochta Siem Reap – Angkor (SRAAP) 2025-2029 a chur chun feidhme.
Chuirfeadh an Tionscadal atá beartaithe leis an obair a rinneadh faoi Chinneadh (CBES) 2021/257 ón gComhairle – ar obair í a chuir leis an rath agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh trí Chinntí (CBES) 2017/1428, 2012/700/CBES ón gComhairle, agus trí Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/487/CBES, ar tionscadail iad uile a chuir Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin (ISU) chun feidhme.
Chuideodh an tionscadal atá beartaithe leis an gclár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil de Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme a thuilleadh.
2. Tionscadal
2.1. Airteagal 5 a chur chun feidhme níos mó
2.1.1. Cuspóir
Úinéireacht náisiúnta agus tuiscintí níos mó ar oibleagáidí faoi Airteagal 5 a chur chun cinn chomh maith le bealaí chun iad a bhaint amach, lena n-áirítear trí chomhar a chothú (idirnáisiúnta, réigiúnach, triantánach, theas-theas) faoi Airteagal 6, agus an gá atá le trédhearcacht agus malartú faisnéise faoi Airteagal 7 a chur chun cinn freisin; lena n-áirítear trí dhea-chleachtais agus gníomhaíochtaí ábhartha a chumhdaítear i bPlean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029 a chur i bhfeidhm.
2.1.2. Torthaí
— |
Mar a bhaineann sé le hAirteagal 5, déanfaidh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas:
|
— |
Mar a bhaineann sé le hAirteagal 6, déanfaidh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas:
|
— |
Mar a bhaineann sé le hAirteagal 7, déanfaidh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas:
|
2.1.3. Tairbhithe
— |
Na 30+ Stát is Páirtithe atá i mbun oibleagáidí Airteagal 5 a chur chun feidhme (1) nó iad siúd a chomhlíon na hoibleagáidí sin le déanaí nó a bhfuil na hoibleagáidí sin beagnach comhlíonta acu nó a bhfuil éilliú nua nó éilliú nach rabhthas ar an eolas faoi roimhe seo aimsithe acu, lena n-áirítear mianaigh fhrithphearsanra de chineál seiftithe. |
— |
Mná, cailíní, buachaillí agus fir i Stáit is Páirtithe a mbíonn tionchar ar a saol ag mianaigh fhrithphearsanra a bheith i láthair nó ag an amhras iad a bheith i láthair, lena n-áirítear mianaigh de chineál seiftithe. |
2.1.4. Gníomhaíochtaí
Féadfaidh Stáit is Páirtithe agus is Tairbhithe spéis a léiriú nó féadfar iad a ainmniú i dtaca le gníomhaíochtaí náisiúnta nó réigiúnacha a óstáil. Pé slí, bheadh ionchur ón gCoiste maidir le cur chun feidhme Airteagal 5 chun tairbhe don phróiseas. Dhéanfadh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme agus an Stát is Páirtí agus is Tairbhí idirphlé a eagrú agus a chomhéascú. De mheon an chomhair, ar cuid lárnach é den Choinbhinsiún agus den Tionscadal, rachfaí i gcomhairle le Stáit ábhartha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha agus/nó bheidís rannpháirteach sna gníomhaíochtaí. Bheadh feidhm aige sin freisin i gcás ina mbeadh baint ag an Stát is tairbhí le ‘comhghuaillíocht’ tíre nó le comhpháirtíocht leis an Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit.
Féadfar dul i mbun gníomhaíochtaí leantacha mar fhreagairt ar mholtaí ar toradh iad ar an idirphlé, ar na tuairimí ón gCoiste, agus/nó ar chinneadh ábhartha ó na Stáit is Páirtithe (e.g. cinntí maidir le hiarrataí ar shíneadh).
— |
Suas le ceithre (4) idirphlé réigiúnacha nó náisiúnta le páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar ábhair a bhaineann le hAirteagal 5/slándáil an duine, lena n-áirítear úsáid mianach frithphearsanra seiftithe agus iarmhairtí daonnúla a eascraíonn astu, nó le spriocdhátaí maidir le dímhianú atá ar na bacáin a dteastaíonn tacaíocht uathu nó arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an idirphlé le páirtithe leasmhara. |
— |
Suas le ceithre (4) ghníomhaíocht tacaíochta leantacha. |
Féadfar dul i mbun gníomhaíochtaí leantacha mar fhreagairt ar mholtaí, ar toradh iad ar an idirphlé, ar na tuairimí ón gCoiste, agus/nó ar chinntí ábhartha na Stát is Páirtithe nó chun ailíniú ar bhealach níos fearr le caighdeáin maidir le gníomhaíochtaí mianach nó le Plean Gníomhaíochta Siem Reap – Angkor.
2.2. Cur chuige cearta-bhunaithe a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr maidir le ‘cúnamh d’íospartaigh’ (Airteagal 6.3)
2.2.1. Cuspóir
Úinéireacht náisiúnta, tuiscintí agus cur chun feidhme níos fearr oibleagáidí faoi Airteagal 6.3 agus comhar agus cúnamh feabhsaithe (Airteagal 6) a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar chlár oibre 2030 don fhorbairt, agus trédhearcacht agus malartú faisnéise faoi Airteagal 7, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais agus gníomhaíochtaí ábhartha Phlean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029 a chur i bhfeidhm.
2.2.2. Torthaí
— |
Mar a bhaineann le hAirteagal 6.3, déanfaidh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas:
|
— |
Mar a bhaineann le hAirteagal 6, déanfaidh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas:
|
— |
Mar a bhaineann sé le hAirteagal 7, déanfaidh na húdaráis ábhartha an méid seo a leanas:
|
2.2.3. Tairbhithe
— |
Na 30+ Stát is Páirtithe (2) a thuairiscigh íospartaigh mianach i gcríoch atá faoina ndlínse nó faoina rialú agus cleachtóirí um chearta míchumais atá ag obair sna Stáit sin is Páirtithe. |
— |
Mná, cailíní, buachaillí agus fir ar íospartaigh mianach agus fuílleach pléascach eile cogaidh iad agus/nó pobail a raibh tionchar acu orthu. |
2.2.4. Gníomhaíochtaí
Féadfaidh Stáit is Páirtithe agus is Tairbhithe spéis a léiriú nó féadfar iad a ainmniú i dtaca le gníomhaíochtaí náisiúnta nó réigiúnacha a óstáil. Pé slí, bheadh ionchur ón gCoiste um Chúnamh d’Íospartaigh chun tairbhe don phróiseas. Dhéanfadh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme agus an Stát is Tairbhí idirphlé a eagrú agus a chomhéascú. De mheon an chomhair, ar cuid lárnach é den Choinbhinsiún agus den Ghníomhaíocht, rachfaí i gcomhairle le Stáit ábhartha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha agus/nó bheidís rannpháirteach sna gníomhaíochtaí. Bheadh feidhm aige sin freisin i gcás ina mbeadh baint ag an Stát is tairbhí le ‘comhghuaillíocht’ tíre nó le comhpháirtíocht leis an Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit.
— |
Comhdháil dhomhanda amháin (1) – an ceathrú comhdháil dá leithéid, ar comhdháil í atá de chineál ar leith sa mhéid go dtéann sí chun tairbhe do phobal an Choinbhinsiúin agus don phobal i gcoitinne Suas le trí (3) idirphlé le páirtithe leasmhara náisiúnta nó réigiúnacha |
— |
Suas le dhá (2) chruinniú de shaineolaithe um chúnamh d’íospartaigh |
— |
Suas le trí (3) ghníomhaíocht tacaíochta leantacha |
Féadfar dul i mbun gníomhaíochtaí leantacha mar fhreagairt ar mholtaí, ar toradh iad ar an idirphlé, ar na tuairimí ón gCoiste, agus/nó ar chinneadh ábhartha na Stát is Páirtithe nó chun iarrachtaí ar chúnamh d’íospartaigh a ailíniú ar bhealach níos fearr leis na hiarrachtaí a dhéantar chun oibleagáidí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chomhlíonadh.
2.3. Cur chun cinn agus comhlíonadh an Choinbhinsiúin agus an noirm a ghabhann leis a chothú
2.3.1. Cuspóir
Aontachas leis an gCoinbhinsiún agus tuiscintí air agus an norm a ghabhann leis ar ardleibhéal agus ar leibhéal teicniúil a chur chun cinn i Stáit nach páirtithe iad.
2.3.2. Torthaí
— |
Feasacht mhéadaithe ar an gCoinbhinsiún agus ar na noirm a ghabhann arna léiriú ag taidhleoirí ardleibhéil agus/nó ag oifigigh i Stáit nach páirtithe iad; |
— |
Tuiscint níos fearr ar an tacaíocht arna tabhairt ag teicnealathaithe le haghaidh aontachais; |
— |
Gnóthachain arna bhfáil ar mhoratóir nó ar thaifead vótála Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ag Stáit nach páirtithe iad; |
— |
Rannpháirtíocht fheabhsaithe/nua leis an gCoinbhinsiún ag Stáit nach páirtithe iad; |
— |
Tiomantas athnuaite arna léiriú ag geallsealbhóirí an Choinbhinsiúin maidir le huiliú de réir SRAAP. |
2.3.3. Tairbhithe agus spriocanna
— |
30+ Stát nár dhaingnigh, nár fhormheas, nár ghlac an Coinbhinsiún go fóill nó nár aontaigh dó. |
— |
Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha atá páirteach in iarrachtaí uiliú an Choinbhinsiúin a chur chun cinn. |
— |
Mná, cailíní, buachaillí agus fir i stáit ina gcuirtear cosc ar mhianaigh i bhfeidhm. |
2.3.4. Gníomhaíochtaí
Chun na críche sin, agus le hionchur ó Uachtarán an Choinbhinsiúin - agus ón ngrúpa neamhfhoirmiúil um uiliú de réir mar is ábhartha - thacódh an tionscadal le hiarrachtaí ardleibhéil agus teicniúla ar mhaithe le huiliú. De mheon an chomhair ar cuid lárnach é den Choinbhinsiún agus den Tionscadal, rachfaí i gcomhairle le Stáit ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus/nó bheadh baint acu leis na gníomhaíochtaí. Bheadh feidhm aige sin freisin i gcás ina mbeadh baint ag an Stát is tairbhí le ‘comhghuaillíocht’ tíre nó le comhpháirtíocht leis an Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit.
Bheadh an méid seo a leanas i gceist leis na gníomhaíochtaí:
— |
Suas le dhá (2) mhisean ardleibhéil lena mbaineann Toscairí Speisialta agus/nó Uachtarán an Choinbhinsiúin, nó oifigeach stáit eile atá in ann páirt a ghlacadh ar ardleibhéal i Stáit nach páirtithe iad, nó cruinnithe ar leibhéal ambasadóra i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe (NA) nó i gceanncheathrú réigiúnach, nó i Stát is Páirtí de réir mar is ábhartha; nó, |
— |
Suas le dhá (2) chruinniú taidhleoireachta nó theicniúla náisiúnta nó réigiúnacha le Stáit nach páirtithe iad; nó, |
— |
Meascán de chruinniú ardleibhéil agus teicniúil. |
Féadfar gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh – lena n-áirítear urraíocht ar oifigigh ábhartha ó spriocstáit chun go bhfreastalóidh siad ar chruinnithe an Choinbhinsiúin – mar fhreagairt ar mholtaí a eascraíonn as na misin um uiliú, barúlacha an Uachtaráin, straitéisí neamhfhoirmiúla agus/nó grúpa nó grúpaí náisiúnta, agus/nó Cinneadh ábhartha na Stát is Páirtithe.
2.4. Comhlíonadh Airteagal 3, lena n-áirítear trí chomhar agus cúnamh a chothú
2.4.1. Cuspóir
Cur chun feidhme Airteagal 3, Airteagal 7 agus Airteagal 8 (comhlíonadh) a chothú tríd an méid seo a leanas a chur chun cinn: gur cheart na mianaigh fhrithphearsanra a coinníodh a úsáid mar a beartaíodh, is é sin iad a scriosadh, nó roghanna malartacha ar na mianaigh sin a mheas i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029.
2.4.2. Torthaí
Stáit is Páirtithe:
— |
Comhlíonadh a mhéadú mar thoradh ar thuiscintí níos fearr ar oibleagáidí Airteagal 3; |
— |
Trédhearcacht agus tuairisciú méadaithe trí thuarascálacha bliantúla agus ráitis bhliantúla; |
— |
Líon na mianach a choinnítear mar thoradh ar an idirghabháil a laghdú; |
— |
Comhar a athnuachan chun féachaint ar roghanna malartacha ar mhianaigh fhrithphearsanra bheo nó chun mianaigh a coinníodh a scriosadh. |
2.4.3. Tairbhithe
— |
Na 60+ Stát is Páirtithe a thug gealltanais faoi Airteagal 3 agus pearsanra atá freagrach as na mianaigh sin. |
— |
Stáit is Páirtithe ar mian leo comhar agus cúnamh a chur ar fáil ina leith sin. |
— |
Mná, cailíní, buachaillí agus fir i stáit ina ndéantar mianaigh a coinníodh a dhíothú. |
2.4.4. Gníomhaíochtaí
Féadfaidh Stáit is Páirtithe agus is Tairbhithe spéis a léiriú nó féadfar iad a ainmniú chun gníomhaíochtaí a óstáil nó chun páirt a ghlacadh iontu. Bealach amháin nó bealach eile, rachaidh ionchur ó Uachtarán an Choinbhinsiúin agus ón gCoiste um Chomhar Comhlíontachta chun tairbhe don phróiseas.
Dhéanfadh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme agus Stát is tairbhí nó an Stát óstach gníomhaíochtaí a eagrú agus a chomhéascú. De mheon an chomhair, ar cuid lárnach é den Choinbhinsiún agus den Tionscadal, rachfaí i gcomhairle le Stáit ábhartha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha agus/nó bheidís bainteach leis na gníomhaíochtaí. Bheadh feidhm aige sin freisin i gcás ina mbeadh baint ag an Stát is tairbhí le ‘comhghuaillíocht’ tíre nó le comhpháirtíocht leis an Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit.
Bheadh an méid seo a leanas i gceist leis na gníomhaíochtaí:
— |
Suas le ceardlann theicniúil amháin (1) réigiúnach, náisiúnta nó ar líne, nó tacaíocht náisiúnta |
— |
Suas le gníomhaíocht leantach amháin (1) - lena n-áirítear urraíocht ar oifigigh ábhartha ó spriocstáit chun go bhfreastalóidh siad ar chruinnithe an Choinbhinsiúin nó ar chruinnithe Stát eile is Páirtithe chun iniúchadh breise a dhéanamh ar theicnící, nó ar shaineolaithe chun go dtabharfaidh siad cuairt ar na stáit sin. |
Féadfar obair leantach a dhéanamh mar fhreagairt ar mholtaí a eascraíonn as conclúidí na ceardlainne, as barúlacha an Uachtaráin, agus/nó as Cinneadh ábhartha na Stát is Páirtithe.
2.5. Cur chun feidhme na Reachtaíochta Náisiúnta faoi Airteagal 9 a chur chun cinn
2.5.1. Cuspóir
Comhlíonadh Airteagal 9 a chur chun cinn, trí fhaisnéis a chothú agus tacú le reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear aon ghníomhaíocht arna déanamh ag aon duine a thoirmisctear ar Stát is Páirtí nó a dhéantar ar chríoch atá faoina dhlínse nó faoina rialú. Tacú leis na Stáit is Páirtithe a dtiomantas faoi Airteagal 9 a chur chun feidhme agus tuairisciú faoi Airteagal 7 ar na bearta a rinneadh i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Siem Reap-Angkor 2025-2029.
2.5.2. Torthaí
— |
Comhlíonadh méadaithe oibleagáidí Airteagal 9 arna dhéanamh ag Stáit is Páirtithe nach bhfuil bearta náisiúnta cur chun feidhme bunaithe acu nó nach ndearna tuairisciú ar cé acu a mheasann nó nach measann siad gur leor an reachtaíocht atá ann cheana; |
— |
Trédhearcacht mhéadaithe arna léiriú ag na Stáit is Páirtithe agus tuairisciú méadaithe arna dhéanamh acu freisin trí thuarascálacha bliantúla agus ráitis; |
— |
Comhar athnuaite i measc na Stát is Páirtithe nó le heagraíochtaí chun comhlíonadh a fhiosrú. |
2.5.3. Tairbhithe
— |
Na 40+ Stát is Páirtithe a bhfuil oibleagáidí orthu faoi Airteagal 9 atá gan íoc (3) agus pearsanra atá freagrach as na dlíthe sin. |
— |
Stáit is Páirtithe ar mian leo comhar agus cúnamh a chur ar fáil ina leith sin. |
— |
Mná, cailíní, buachaillí agus fir i stáit ina bhfuil reachtaíocht leordhóthanach ann. |
2.5.4. Gníomhaíochtaí
Féadfaidh Stáit is Páirtithe agus is Tairbhithe spéis a léiriú nó féadfar iad a ainmniú chun ceardlann náisiúnta a óstáil. Bealach amháin nó bealach eile, rachaidh ionchur ó Uachtarán an Choinbhinsiúin agus ón gCoiste um Chomhar Comhlíontachta chun tairbhe don phróiseas. Dhéanfadh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme agus Stát is tairbhí nó an Stát óstach gníomhaíochtaí a eagrú agus a chomhéascú. De mheon an chomhair ar cuid lárnach é den Choinbhinsiún agus den Tionscadal, rachfaí i gcomhairle le Stáit ábhartha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha (e.g. Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge) agus/nó bheadh baint acu leis na gníomhaíochtaí.
Bheadh an méid seo a leanas i gceist leis na gníomhaíochtaí:
— |
Suas le ceardlann theicniúil amháin (1) réigiúnach, náisiúnta nó ar líne |
— |
Suas le gníomhaíocht tacaíochta leantach amháin (1) |
Féadfar gníomhaíocht leantach a dhéanamh – lena n-áirítear urraíocht ar oifigigh ábhartha ó na spriocstáit chun go bhfreastalóidh siad ar chruinnithe an Choinbhinsiúin agus chun go rachaidh siad i mbun plé ar ábhair a bhaineann le hAirteagal 9 nó ar shaineolaithe idirnáisiúnta chun go dtabharfaidh siad cuairt ar na stáit sin – mar fhreagairt ar mholtaí a eascraíonn as conclúidí na ceardlainne, as Barúlacha an Uachtaráin agus/nó as Cinneadh ábhartha na Stát is Páirtithe.
2.6. Tiomantas an Aontais agus na mBallstát don Choinbhinsiún a léiriú
2.6.1. Cuspóir
An Coinbhinsiún a chur chun cinn agus béim a leagan ar an méid a chuireann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit lena chur chun feidhme.
2.6.2. Torthaí
— |
Tuiscint mhéadaithe arna cothú ag an gCoinbhinsiún agus ag an bpobal um ghníomhaíocht mianach ar ról an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát; |
— |
Feasacht mhéadaithe ar an gCoinbhinsiún i measc an phobail i gcoitinne. |
2.6.3. Tairbhithe agus sprioc
— |
Na + 190 Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe lena n-áirítear na 164 Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún |
— |
Toscaireachtaí agus struchtúir an Aontais Eorpaigh, stáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha agus an pobal i gcoitinne in áiteanna ina dtarlaíonn gníomhaíochtaí |
2.6.4. Gníomhaíochtaí
De réir mar ab amhlaidh i gcás na dtionscadal de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo, ghabhfadh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme de chúram air féin aird a tharraingt ar ról an Aontais agus na mBallstát i measc chomhphobal an Choinbhinsiúin agus sna Stáit is tairbhithe agus sna spriocstáit. Chun na críche sin agus faoin bPlean Cumarsáide agus Infheictheachta, dhéanfadh an tAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme na gníomhaíochtaí seo a leanas:
— |
Suas le dhá (2) ghníomhaíocht ard-infheictheachta nó cur chun cinn; agus |
— |
Suas le ceithre (4) sheisiún faisnéise – mar shampla, seoladh an tionscadail agus/nó deireadh a chur leis mar aon le seisiúin faisnéise bhliantúla le linn na céime cur chun feidhme. |
(1) An Aetóip, An Afganastáin, Angóla, an Airgintín, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Buircíne Fasó, an Chambóid, an Chipir, an Cholóim, an Chróit, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Eacuadór, Éimin, an Eiritré, Guine Bissau, an Iaráic, Mailí, an Mháratáin, an Nígir, an Nigéir, Óman, Peiriú, Sead, an tSeineagáil, an tSeirbia, an tSiombáib, an tSomáil, Srí Lanca, Stát na Palaistíne, an tSúdáin, an tSúdáin Theas, an Táidsíceastáin, an Téalainn, an Tuirc agus an Úcráin.
(2) An Aetóip, an Afganastáin, an Ailgéir, an Albáin, Angóla, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhurúin, an Chambóid, an Cholóim, an Chróit, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Éimin, an Eiritré, Guine Bissau, an Iaráic, an Iordáin, an Mháratáin, Mósaimbíc, Nicearagua, an Nígir, an Nigéir, Stát na Palaistíne, Peiriú, an tSalvadóir, Sead, an tSeineagáil, an tSeirbia, an tSile, an tSiombáib, an tSomáil, Srí Lanca, an tSúdáin, an tSúdáin Theas, an Táidsíceastáin, an Téalainn, an Tuirc, Uganda agus an Úcráin.
(3) Antigua agus Barbúda, na Bahámaí, an Bhanglaidéis, Barbadós, Beinin, an Bholaiv, an Bhotsuáin, Brúiné Darasalám, Camarún, Cabo Verde, Oileáin Chomóra, an Congó, Doiminice, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, an Ghuine Mheánchiorclach, Easuaitíní, an Ghabúin, an Ghaimbia, Gána, Greanáda, an Ghuine, Háítí, Iamáice, an Libéir, Madagascar, an Mhaláiv, Oileáin Mhaildíve, Nárú, an Nigéir, Oileáin Palau, Ruanda, Saint Lucia, San Mairíne, São Tomé agus Príncipe, Siarra Leon, Oileáin Sholomón, an tSomáil, an tSúdáin Theas, Suranam, Tóga, an Tuircméanastáin, Túvalú, Uganda, Uragua agus Vanuatú.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/781/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)