This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0774
Council Implementing Decision (CFSP) 2025/774 of 14 April 2025 implementing Decision 2011/235/CFSP concerning restrictive measures directed against certain persons and entities in view of the situation in Iran
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/774 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2025/774 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/6824/2025/INIT
IO L, 2025/774, 14.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/774/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/774 |
14.4.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2025/774 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES. |
(2) |
Cuireadh i bhfios sna conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 gur dhiúltaigh an tAontas go láidir do chleachtas na hIaráine saoránaigh eachtracha, lena n-áirítear dénáisiúnaigh, a choinneáil go treallach agus gur iarr sé ar an Iaráin deireadh a chur leis an gcleachtas anacrach trína gcoimeádtar sibhialtaigh eachtracha neamhchiontacha d’fhonn buntáistí polaitiúla a bhaint amach. Mheabhraigh an tAontas don Iaráin a hoibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiúin Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus ar Chaidreamh Consalachta agus thathantaigh sé ar údaráis na hIaráine na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. |
(3) |
An 20 Feabhra 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais inar dearbhaíodh gur cúis imní dó líon méadaitheach na saoránach den Aontas atá á gcoinneáil ag an Iaráin faoi láthair ar fhorais bhréagacha. Tá go leor de na saoránaigh sin den Aontas á gcoinneáil faoi choinníollacha táireacha fós gan aon seans go mbeidh triail chóir ann. Thairis sin, d’iarr an tAontas ar an Iaráin cloí go docht lena hoibleagáidí idirnáisiúnta, go háirithe faoi Choinbhinsiúin Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta agus Consalachta agus faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a bhfuil an Iaráin ina páirtí ann. Chuir sé i bhfios go láidir gur sárú díreach ar an dlí idirnáisiúnta fós é an beartas atá á shaothrú ag an Iaráin faoi láthair, lena n-áirítear na srianta atá á bhforchur ar rochtain chonsalach ar náisiúnaigh na mBallstát, cosaint chonsalach a dhiúltú agus an ceart chun triail chóir a fháil. Tá an tAontas ag súil go n-éascóidh údaráis na hIaráine feidhmiú feidhmeanna consalachta na mBallstát lena mbaineann trí chead a thabhairt dóibh cumarsáid a dhéanamh lena náisiúnaigh agus teagmháil rialta a bheith acu leo, mar a cheanglaítear leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún Vín 1963 ar Chaidreamh Consalachta, a bhfuil an Iaráin ina páirtí ann. I gcomhréir lena measúnuithe riosca náisiúnta faoi seach, mhol na Ballstáit dá náisiúnaigh, mar gheall ar an mbaol géar atá ann dá slándáil phearsanta, gan taisteal go dtí an Iaráin, á chur in iúl dóibh go leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcás agus gníomhóidh siad de réir mar is iomchuí. |
(4) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach ábhar imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart seachtar agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 100, 14.4.2011, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/235/oj.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:
Daoine
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
‘238. |
HOWZAN Abbasali |
Feidhm: Breitheamh i mbrainse 36 den Court of Appeal of Tehran Province [an Chúirt Achomhairc i gCúige Tehran] Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Abbasali Howzan i mbrainse 36 den Chúirt Achomhairc i gCúige Tehran. Sa cháil sin, sheas sé le hachomharc maidir le ciontú an iliomad freasúra polaitiúil (lena n-áirítear iad siúd atá nasctha le hagóidí “Women, Life, Freedom” [Mná, Beatha, Saoirse]), gníomhaithe, ban mar nár chloígh siad le rialacha na hIaráine maidir leis an hijab agus daoine ó mhionlaigh reiligiúnacha, go háirithe ón bpobal Baha’i. I roinnt de na cásanna sin, bunaíodh na ciontuithe ar admhálacha faoi iallach a fuarthas trí chéastóireacht agus ba thoradh iad ar na nósanna imeachta a rinneadh de shárú ar ráthaíochtaí maidir le triail chóir. Dá bhrí sin, tá Abbasali Howzan freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
14.4.2025 |
239. |
FARZADI Hedayatollah |
Feidhm: Ceann Phríosún Evin Áit bhreithe: Basht, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Hedayatollah Farzadi Ceann Phríosún Evin, príosún atá liostaithe ag an Aontas. Tá freagracht dhíreach air maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta daonna na bpríosúnach polaitiúil, go háirithe maidir lena gcearta cumarsáide agus cuairte a shrianadh agus maidir le gaibhniú aonair a ordú go treallach. Is é atá freagrach freisin as an meath atá tagtha ar choinníollacha coinneála na bpríosúnach polaitiúil. Thairis sin, is ionad coinneála é Príosún Evin, atá liostaithe ag an Aontas, inar coimeádadh príosúnaigh pholaitiúla agus gialla agus ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céastóireacht, cearta cumarsáide a dhiúltú, agus bac ar rochtain ar chúram leighis, le blianta fada anuas. Mar thoradh air sin, tríd an mbaint atá aige le riaradh Phríosún Evin, príosún atá liostaithe ag an Aontas, tá Hedayatollah Farzadi é féin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin agus tá baint aige le heintiteas atá liostaithe ag an Aontas atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
14.4.2025 |
240. |
NEMATI Mehdi |
Feidhm: Head of the Fars Prisons Protection and Intelligence Department [Ceann na Roinne Cosanta agus Faisnéise i bPríosún Fars] Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Mehdi Nemati Ceann na Roinne Cosanta agus Faisnéise i bPríosún Fars ó 2018 i leith. Tá an Roinn Cosanta agus Faisnéise i bPríosún Fars freagrach as Shiraz Central Prison [Príosún Lárnach Shiraz], atá liostaithe ag an Aontas, a riaradh, príosún ina sáraítear cearta an duine go córasach agus inar cuireadh an iliomad duine a bhí i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine chun báis. Coimeádadh roinnt giall ó thíortha Eorpacha go neamhdhleathach sa phríosún seo, inar diúltaíodh rochtain ar thriail chóir dóibh agus ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha ar na cearta is bunúsaí atá acu. Thairis sin, tá an príosún seo páirteach sa chos ar bolg atá á dhéanamh ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha i ndeisceart na hIaráine (lena n-áirítear Arabaigh, Coirdíngh, na Bálúchaigh, treibheanna leath-fháin agus lucht Baha’i) trí bhásuithe atá beagnach córasach. Tá Príosún Lárnach Shiraz freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. Trína ról i dtaca le Príosún Lárnach Shiraz, atá liostaithe ag an Aontais, a riaradh, príosún a bhfuil baint aige le sáruithe ar chearta daonna na gcimí, tá baint ag Mehdi Nemati le heintiteas atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
14.4.2025 |
241. |
ZAREH Kamran |
Feidhm: Breitheamh ag Shiraz Court of Appeal [Cúirt Achomhairc Shiraz] Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is Breitheamh é Kamran Zareh ag Cúirt Achomhairc Shiraz. Sa ról sin, thug sé pianbhreitheanna déine go córasach ar easaontóirí síochánta, agus ar an gcaoi sin, chuir sé chun feidhme feachtas Phoblacht Ioslamach na hIaráine maidir le cos ar bolg ar an bhfreasúra polaitiúil. Thairis sin, bhí baint ag Cúirt Achomhairc Shiraz le cuid mhór sáruithe ar chearta an duine, go háirithe cinn a bhain le hionchúiseamh easaontóirí polaitiúla agus daoine aonair ó phobail mhionlaigh (go háirithe pobal Baha’i). Tríd an mbaint a bhí aige leis an gcúirt seo, tá Kamran Zareh freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin agus tá baint aige le heintiteas atá freagrach as na sáruithe sin. |
14.4.2025 |
242. |
SADATI Sayyed Mahmood |
Feidhm: Breitheamh ag Shiraz Revolutionary Court [Cúirt Réabhlóideach Shiraz] Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is Breitheamh é Sayyed Sadati ag Cúirt Réabhlóideach Shiraz, cúirt atá liostaithe ag an Aontas. Sa ról sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe admhálacha faoi iallach, sáruithe ar ráthaíochtaí maidir le triail chóir agus pianbhreitheanna a fhorghníomhú, in aghaidh gníomhaithe, easaontóirí polaitiúla agus daoine aonair ó phobail mhionlaigh (go háirithe pobal Baha’i). Thairis sin, thug sé pianbhreitheanna déine ar easaontóirí síochánta go córasach, agus ar an gcaoi sin, chuir sé chun feidhme feachtas Phoblacht Ioslamach na hIaráine maidir le cos ar bolg ar an bhfreasúra polaitiúil. Ina theannta sin, tá baint ag Cúirt Réabhlóideach Shiraz, cúirt atá liostaithe ag an Aontas, le cuid mhór sáruithe ar chearta an duine. Dá bhrí sin, tríd an mbaint atá aige le Cúirt Réabhlóideach Shiraz, tá Sayyed Sadati freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin agus tá baint aige le heintiteas atá freagrach as na sáruithe sin. |
14.4.2025 |
243. |
SALEHI Ali |
Feidhm: Public Prosecutor of Tehran [Ionchúisitheoir Poiblí Tehran] Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Ali Saleh Ionchúisitheoir Poiblí Tehran. Sa ról sin, bhí baint aige le hionchúiseamh roinnt ban a dhiúltaigh cloí le dlí an hijab éigeantaigh, mac léinn agus agóideoirí. Bhí baint aige freisin le pianbhreitheanna báis ar phríosúnaigh a eisiúint agus a chur chun feidhme chomh maith le húsáid cleachtas céastóireachta in aghaidh príosúnach a údarú. Dá bhrí sin, tá Ali Salehi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
14.4.2025 |
244. |
KHOSRAVANI Mohammad |
Feidhm: Special Prosecutor of the Shiraz Revolutionary Court [Ionchúisitheoir Speisialta i gCúirt Réabhlóideach Shiraz] Dáta breithe: 16.9.1980 Áit bhreithe: Shiraz, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Uimhir aitheantais náisiúnta: 2296246941 (an Iaráin) Uimhir teastais bhreithe: 1565 Sraithuimhir an teastais bhreithe: 225889221 |
Is é Mohammad Khosravani an tIonchúisitheoir Speisialta i gCúirt Réablóideach Shiraz. Sa cháil sin, tá sé freagrach as cuid mhór sáruithe ar chearta an duine agus bhí baint aige leis na sáruithe sin. Baineann na cásanna sin le heasaontóirí polaitiúla, baill de ghrúpaí mionlaigh agus roinnt daoine aonair eile. Chuir sé féin iallach agus brú ar chimí, sháraigh sé cearta na gcosantóirí agus mhaoirsigh sé gabhálacha treallacha. Go pointe áirithe de bharr a chuid gníomhaíochtaí, tá clú ar Chúirt Réabhlóideach Shiraz as pianbhreitheanna éagóracha agus sáruithe ar chearta an duine. Tá Mohammad Khosravani freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
14.4.2025’ |
Eintitis
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
‘44. |
Shiraz Central Prison [Príosún Lárnach Shiraz] (dá ngairtear freisin Adel Abad Prison) |
Cineál eintitis: Príosún Áit chlárúcháin: Shiraz, cúige Fars, an Iaráin |
Tá Príosún Lárnach Shiraz, Adel Abad, lonnaithe in Shiraz, cúige Fars, san Iaráin, agus is príosún é ina ndéantar cearta daonna na gcimí a shárú go córasach agus inar cuireadh a lán daoine a d’easaontaigh le Poblacht Ioslamach na hIaráine chun báis, ar bhonn pionóis chomhchoiteann san áireamh. Coimeádadh roinnt giall ó thíortha Eorpacha go neamhdhleathach sa phríosún seo, inar diúltaíodh rochtain ar thriail chóir dóibh agus ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha ar na cearta is bunúsaí atá acu. Thairis sin, tá an príosún seo páirteach sa chos ar bolg atá á dhéanamh ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha i ndeisceart na hIaráine (lena n-áirítear Arabaigh, Coirdínigh, na Bálúchaigh, treibheanna leath-fháin agus lucht Baha’i) trí bhásuithe atá beagnach córasach. |
14.4.2025 |
45. |
1st branch of the Revolutionary Court of Shiraz [an chéad bhrainse de Chúirt Réabhlóideach Shiraz] |
Cineál eintitis: Príosún Áit chlárúcháin: Shiraz, cúige Fars, an Iaráin |
Bhí baint ag an gcéad bhrainse de Chúirt Réabhlóideach Shiraz, atá lonnaithe i gcúige Fars, san Iaráin, le cuid mhór sáruithe ar chearta an duine, go háirithe cinn a bhain le trialacha éagóracha agus le heasaontóirí polaitiúla a chur chun báis, agus le géarleanúint daoine aonair ó phobail mhionlaigh (go háirithe pobal Baha’i). Leagann na gníomhaíochtaí sin béim ar ról na cúirte i sáruithe tromchúiseach ar chearta an duine a bhuanú, sna breithiúna a úsáid mar uirlis ar mhaithe le cos ar bog polaitiúil agus in easaontú polaitiúil agus pobail mhionlacha san Iaráin a chur faoi chois. |
14.4.2025’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/774/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)