Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0377

Cinneadh (CBES) 2025/377 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

ST/5867/2025/INIT

IO L, 2025/377, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/377/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/377/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/377

25.2.2025

CINNEADH (CBES) 2025/377 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2135 (1).

(2)

An 8 Samhain 2024, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó CSNA beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an mbeirt a liostaigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i mí na Samhna 2024 a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/2135 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135, faoin gceannteideal ‘A. Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1)’, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

4.

Abdulrahman JUMA BARAKALLAH;

10.

Osman Mohamed HAMID.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/377/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top