This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D0175
Council Decision (CFSP) 2025/175 of 27 January 2025 amending Decision 2014/512/CFSP concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Cinneadh (CBES) 2025/175 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Cinneadh (CBES) 2025/175 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
ST/5173/2025/INIT
IO L, 2025/175, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/175/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/175 |
28.1.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/175 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Eanáir 2025
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go bhfuil rún daingean ag an Aontas leanúint de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a thabhairt don Úcráin agus dá muintir. |
(3) |
Fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):
‘1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2025.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/512/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/175/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)