This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D00669
Council Decision of 21 January 2025 replacing a member of the Advisory Committee on Safety and Health at Work for France
Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Fraince
Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Fraince
ST/16944/2024/INIT
IO C, C/2025/669, 27.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/669/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2025
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2025/669 |
27.1.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Fraince
(C/2025/669)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh an 24 Feabhra 2022 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Márta 2022 go dtí an 28 Feabhra 2025. |
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Anne AUDIC a bheith éirithe as oifig. |
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Fraince don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Marie-Lise CARTON-ZITO ina comhalta den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Anne AUDIC, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 28 Feabhra 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO C 218, 13.9.2003, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 92, 25.2.2022, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/669/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)