This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2931
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2931 of 27 November 2024 amending Implementing Regulation (EU) 2018/2019 as regards certain plants for planting of Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus, Prunus pseudocerasus and Prunus spinosa originating in the United Kingdom, and Implementing Regulation (EU) 2020/1213 as regards the phytosanitary measures for the introduction of those plants for planting into the Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2931 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus, Prunus pseudocerasus agus Prunus spinosa le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2931 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus, Prunus pseudocerasus agus Prunus spinosa le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach san Aontas
C/2024/8289
IO L, 2024/2931, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2931/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2931 |
28.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2931 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Samhain 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus, Prunus pseudocerasus agus Prunus spinosa le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach san Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Tá an géineas Prunus L. ar an liosta sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach bhfuil ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu ar an liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 (4) ón gCoimisiún, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go gcuirfear leis an liosta sin iad tar éis measúnú riosca iomlán breise. |
|
(4) |
An 31 Márta 2023, chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas a onnmhairiú chuig an Aontas: bata bachlóg/beangán nódaithe Prunus avium atá suas le 1 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas; plandaí Prunus avium agus Prunus avium beangaithe ar fhréamhstoic Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus nó Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú i ndamhna fáis, atá suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; plandaí Prunus avium agus Prunus avium beangaithe ar fhréamhstoic Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus nó Prunus pseudocerasus atá suas le 7 mbliana d’aois, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus plandaí Prunus avium le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 15 bliana d’aois, nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais (‘na plandaí a luaitear sa chéad iarraidh’). Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin (sainchomhad teicniúil an 31 Márta 2023). |
|
(5) |
An 23 Bealtaine 2024 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch uaidh maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí a luaitear sa chéad iarraidh (6) (Tuairim an 23 Bealtaine 2024). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha), Colletotrichum aenigma, Eulecanium excrescens, Scirtothrips dorsalis, Takahashia japonica, víreas fáinnebhall an Phlanda Tobac agus víreas fáinnebhall an Tráta mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe ar a dtugtar tuairisc i sainchomhad teicniúil an 31 Márta 2023 agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. |
|
(6) |
An 9 Meitheamh 2023 chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas a onnmhairiú chuig an Aontas: bata bachlóg/beangán nódaithe Prunus spinosa atá suas le 1 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas; plandaí Prunus spinosa le haghaidh plandú atá suas le 7 mbliana d’aois, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus plandaí Prunus spinosa le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 7 bliana d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais (‘na plandaí a luaitear sa dara hiarraidh’). Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin (sainchomhad teicniúil an 9 Meitheamh 2023). |
|
(7) |
An 19 Meitheamh 2024 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí a luaitear sa dara hiarraidh (7) (Tuairim an 19 Meitheamh 2024). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha), Eulecanium excrescens agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe ar a dtugtar tuairisc sa sainchomhad agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. |
|
(8) |
Ar bhonn Thuairimí an 23 Bealtaine 2024 agus an 19 Meitheamh 2024, agus a mhéid a bhaineann leis an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as na plandaí a luaitear sa chéad iarraidh agus na plandaí a luaitear sa dara hiarraidh a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, meastar go bhfuil sé laghdaithe go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin. |
|
(9) |
I gcás na bplandaí ábhartha a luaitear sa chéad iarraidh, shainaithin an tÚdarás na lotnaidí arb eol go n-úsáideann siad Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus nó Prunus pseudocerasus mar óstaigh. Ós rud é go meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach crann mór agus crann níos sine (80 mm agus 15 bliana d’aois) i gcríoch an Aontais laghdaithe go leibhéal inghlactha agus bearta iomchuí á gcur i bhfeidhm, tá údar maith ann, dá bhrí sin, le teacht ar an gconclúid go ndéantar an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach na bplandaí Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus agus Prunus pseudocerasus uile le haghaidh plandú, gan beann ar a méid, a n-aois, iad a bheith beangaithe nó gan bheith beangaithe, nó fréamhlom nó i ndamhna fáis, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, go ndéantar an riosca sin a laghdú go leibhéal inghlactha agus bearta iomchuí á gcur i bhfeidhm. |
|
(10) |
Dá réir sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ardriosca leo iad plandaí Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus agus Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú, bata bachlóg/beangán nódaithe Prunus avium atá suas le 1 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas, agus plandaí Prunus spinosa le haghaidh plandú nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (‘na plandaí ábhartha’). Ba cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den liosta de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe i sainchomhaid an 31 Márta 2023 agus an 9 Meitheamh 2023, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a eascraíonn as na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a leagan síos mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú. |
|
(13) |
Liostaítear Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus liostaítear Scirtothrips dorsalis mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(14) |
Tá víreas fáinnebhall an Phlanda Tobac agus víreas fáinnebhall an Phlanda Trátaí liostaithe anois mar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. |
|
(15) |
Níl Takahashia japonica san áireamh go fóill i liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Mar sin féin, ar bhonn fianaise a sholáthair na Ballstáit ina léirítear nach bhfuil tionchar suntasach ag an lotnaid sin ar a plandaí óstacha san Aontas, níl gá le ceanglais allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin. |
|
(16) |
Níl Colletotrichum aenigma ná Eulecanium excrescens san áireamh go fóill i liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán a chur ar fáil chun a chinneadh ar cheart an lotnaid a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus ar cheart, dá thoradh sin, na plandaí ábhartha, chomh maith leis na ceanglais shonracha ábhartha, a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú chun na lotnaidí Colletotrichum aenigma agus Eulecanium excrescens, agus a gceanglais chomhfhreagracha, a chur san áireamh. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(5) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87)) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(6) Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2024. Measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Prunus avium ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal, 22(7), e8836. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8836.
(7) Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2024. Measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Prunus spinosa ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal, 22(7), e8893. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8893.
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, i bpointe 1, sa tábla, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Prunus L.:
‘Prunus L., seachas:
|
— |
plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera agus atá de thionscnamh na hÚcráine; |
|
— |
beangáin shuanacha, gan fréamhacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis atá suas le 2 bhliain d’aois agus de thionscnamh na Tuirce; |
|
— |
plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois agus atá de thionscnamh na Tuirce; |
|
— |
plandaí Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus agus Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; |
|
— |
bata bachlóg/beangán nódaithe Prunus spinosa atá suas le 1 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; agus |
|
— |
plandaí Prunus spinosa le haghaidh plandú nach plandaí beangaithe iad atá suas le 7 mbliana d’aois agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’ |
IARSCRÍBHINN II
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, sa tábla, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas idir an iontráil ‘Beangáin gan fréamhacha, gan duilleoga Prunus persica agus Prunus dulcis atá suas le 2 bhliain d’aois’; plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus persica, Prunus dulcis, Prunus armeniaca agus Prunus davidiana le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois.’ agus an iontráil ‘ Quercus petraea agus Quercus robur, plandaí atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais’:
|
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód AC |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||||||
|
‘Plandaí Prunus avium, Prunus canescens, Prunus cerasus agus Prunus pseudocerasus le haghaidh plandú. |
ex 0602 10 90 ex 0602 20 20 ex 0602 20 80 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 |
An Ríocht Aontaithe |
|
||||||||||||||||||
|
Prunus spinosa,
|
ex 0602 10 90 ex 0602 20 20 ex 0602 20 80 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48 |
An Ríocht Aontaithe |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2931/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)