This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2861
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2861 of 12 November 2024 laying down implementing technical standards for the application of Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council with regard to the technical means for the appropriate public disclosure of inside information and for delaying the public disclosure of that information
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2861 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na modhanna teicniúla chun faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí agus chun nochtadh poiblí na faisnéise sin a mhoilliú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2861 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na modhanna teicniúla chun faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí agus chun nochtadh poiblí na faisnéise sin a mhoilliú
C/2024/7772
IO L, 2024/2861, 13.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2861/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2861 |
13.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2861 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Samhain 2024
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na modhanna teicniúla chun faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí agus chun nochtadh poiblí na faisnéise sin a mhoilliú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 88(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ós rud é gur cheart go sroichfeadh foilsiú na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 87 de Rialachán (AE) 2023/1114 an oiread infheisteoirí agus is féidir agus ós rud é gur cheart é a bheith infhíoraithe, ba cheart d’eisitheoirí, do thairgeoirí agus do dhaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu an fhaisnéis sin a scaipeadh trí na meáin agus í a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin. Chun dáileadh éifeachtach na faisnéise ón taobh istigh a chur chun cinn, ba cheart an fhaisnéis ón taobh istigh a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu a bheith in-íoslódáilte chun stóráil áitiúil a cheadú agus chun scaipeadh breise na faisnéise sin ag tríú páirtithe a éascú. |
(2) |
Chun rochtain ar fhaisnéis a éascú, ba cheart go gcuirfí ar chumas úsáideoirí ar an suíomh gréasáin rochtain a fháil ar fhaisnéis ón taobh istigh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus saor in aisce agus an fhaisnéis ón taobh istigh a aimsiú i roinn thiomnaithe atá inaitheanta go héasca. Chun é a chur ar chumas úsáideoirí stair iomlán na nochtaí faisnéise ón taobh istigh a fhíorú go héasca, ba cheart dáta agus am an nochta a léiriú i ngach foilsiú ar an suíomh gréasáin, agus ba cheart foilsithe a bheith eagraithe in ord croineolaíoch. I bhfianaise chineál trasteorann na trádála cripteashócmhainní, tá sé ríthábhachtach nach gcuirfí teorainn leis an rochtain ar an bhfaisnéis foilsithe de bharr bacainní teanga. Dá bhrí sin, ba cheart d’eisitheoirí, do thairgeoirí agus do dhaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu an fhaisnéis ón taobh istigh a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin sa teanga nó sna teangacha ina dtarraingítear suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb indéanta, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Chun dáileadh gníomhach na faisnéise ón taobh istigh a éascú, ba cheart go gcuirfí ar chumas infheisteoirí le suíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige brúfhógraí nó foláirimh a fháil maidir le haon fhoilsiú nua a bhaineann le faisnéis ón taobh istigh ar bhonn rogha a bheith páirteach. |
(3) |
I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na meán sóisialta agus na n-ardán gréasánbhunaithe maidir le faisnéis a chur in iúl i ndáil le cripteashócmhainní, féadfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu úsáid a bhaint freisin as na meáin shóisialta nó as ardáin ghréasánbhunaithe chun faisnéis ón taobh istigh a scaipeadh nuair a dhealraíonn sé gurb iad sin na meáin a bhfuil an pobal ag brath orthu go réasúnta. Chun a áirithiú go scaipfear an fhaisnéis ón taobh istigh ar phobal atá chomh leathan agus is féidir, ba cheart d’eisitheoir, do thairgeoirí nó do dhaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu a mheas ar an bhfaisnéis a scaipeadh trí níos mó ná meán amháin nó cineál amháin meáin nuair nach leor scaipeadh trí mheán amháin. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an pobal ag brath go réasúnta ar mheán, ba cheart d’eisitheoir, do thairgeoirí nó do dhaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu a mheas nach ag brath go réasúnta ar mheán atá an pobal i gcás gan ach úsáid á baint as meán amháin nó as cineál amháin meáin ag a bhfuil rochtain theoranta. D’fhéadfaí gur amhlaidh atá, mar shampla, i gcás scaipeadh trí ardán meán sóisialta a bhfuil líon teoranta úsáideoirí i gceist leis. |
(4) |
Chun rochtain ar fhoilsiú na faisnéise ón taobh istigh a éascú tuilleadh, ba cheart nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear an fhaisnéis ón taobh istigh a bheith in aon sampla d’fhoilsiú na faisnéise sin ar na meáin shóisialta nó ar na hardáin ghréasánbhunaithe. Ba cheart foilsiú ar na meáin shóisialta agus ar ardáin ghréasánbhunaithe a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart ach na hardáin sin atá oscailte don phobal a mheas chun rochtain ar nochtaí sna meáin shóisialta agus ar ardáin ghréasánbhunaithe ar bhonn neamh-idirdhealaitheach a áirithiú. Cé go bhfuil ceanglais chlárúcháin inghlactha, ní cháileodh meáin nach bhfuil inrochtana ach ar bhonn cuiridh mar mheáin neamh-idirdhealaitheacha. |
(5) |
Chun lárú faisnéise ón taobh istigh a éascú, féadfar faisnéis den sórt sin a bhaineann le heisitheoirí nó tairgeoirí a dtrádáiltear a gcripteashócmhainní ar ardán trádála a phostáil freisin ar shuíomh gréasáin an ardáin trádála, nuair is féidir é sin a dhéanamh ar an ardán trádála. Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an nochtadh arna dhéanamh ag an eisitheoir, ag an tairgeoir, nó ag an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, ba cheart nasc a áireamh san fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an ardáin trádála chuig an leathanach gréasáin ar shuíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige ar a nochtadh an fhaisnéis i dtosach. |
(6) |
Chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil aon athbhreithniú nó imscrúdú riachtanach atá nasctha le faisnéis ón taobh istigh a scaipeadh nó le cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le drochúsáid mhargaidh a dhéanamh go caoithiúil agus chun a áirithiú, i gcás inar gá, go bhféadfaidh údaráis inniúla teagmháil a dhéanamh go tapa le daoine atá i gceannas ar fhaisnéis ón taobh istigh a scaipeadh, is gá na daoine sin laistigh den eisitheoir, den tairgeoirí agus na daoine a bhfuil ligean isteach chun trádáil cripteashócmhainní á iarraidh acu a shainaithint le faisnéis faoina n-ainm, a sloinne agus a bpost laistigh den eintiteas ábhartha. |
(7) |
Chun a áirithiú go mbeidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu in ann a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir lena n-údaráis inniúla a chur ar an eolas go bhfuil moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, mar a leagtar síos in Airteagal 88(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart a áirithiú leis na modhanna teicniúla chun moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh go ndéantar taifead ar fhaisnéis bhunriachtanach faoin bpróiseas chun moill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh. |
(8) |
Chun ionracas agus rúndacht na faisnéise ón taobh istigh agus luas a tarchuir a áirithiú, ba cheart d’eisitheoirí, do thairgeoirí nó do dhaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu a n-údarás inniúil a chur ar an eolas faoin moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh agus, i gcás inar gá, míniú a thabhairt, i scríbhinn agus trí úsáid a bhaint as na modhanna leictreonacha slána arna sonrú ag a n-údarás inniúil, ar an gcaoi ar comhlíonadh na coinníollacha uile is infheidhme maidir leis an moill. |
(9) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann imscrúduithe a dhéanamh go héifeachtúil ar chásanna féideartha drochúsáide margaidh. Chun é sin a dhéanamh, is gá é a chur ar chumas na n-údarás inniúil sainaithint a dhéanamh ar na daoine laistigh den eisitheoir, den tairgeóir nó ar an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige atá ag dul i ngleic leis an moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh, gan an fhaisnéis sin a iarraidh ar an eintiteas ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige céannacht an duine a chuir an t-údarás inniúil ar an eolas faoin moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, agus céannacht an duine nó na ndaoine a chinn moill a chur ar an nochtadh sin, a chur in iúl dá n-údarás inniúil. Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 88(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 á gcomhlíonadh, ba cheart don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige a n-údarás inniúil a chur ar an eolas freisin faoi fhad na moille. |
(10) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. |
(11) |
Sheol an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Modhanna teicniúla chun faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí
1. Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádáil cripteashócmhainní á iarraidh acu faisnéis ón taobh istigh a nochtadh trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla lena n-áirithítear go scaiptear an fhaisnéis ón taobh istigh:
(a) |
ar phobal chomh leathan agus is féidir ar bhonn neamh-idirdhealaitheach; |
(b) |
saor in aisce; |
(c) |
go comhuaineach ar fud an Aontais. |
2. Chun scaipeadh éifeachtach a áirithiú, déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu faisnéis ón taobh istigh a chur in iúl, go díreach nó trí thríú páirtí, do na meáin a bhfuil an pobal ag brath orthu go réasúnta, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(a) |
na meáin thraidisiúnta; |
(b) |
na meáin shóisialta lena gceadaítear foilsiú i bhfoirm scríofa; |
(c) |
ardáin ghréasánbhunaithe lena gceadaítear foilsiú nuachta a bhaineann le heisitheoirí, tairgeoirí nó daoine a bhfuil ligean isteach chun trádáil cripteashócmhainní á iarraidh acu. |
Maidir le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le cripteashócmhainní a ligeadh isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní, féadfar í a phostáil ar shuíomh gréasáin an ardáin trádála sin le haghaidh cripteashócmhainní nuair a chuireann an t-ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní an foilsiú sin ar fáil d’eisitheoirí nó do thairgeoirí.
3. Ní dhéanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí ná daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu faisnéis ón taobh istigh a scaipeadh trí na meáin shóisialta ná trí ardáin ghréasánbhunaithe i gcás nach n-áirithítear ar na meáin shóisialta nó ar an ardán gréasánbhunaithe go bhfuil an fhaisnéis ón taobh istigh inrochtana ag a úsáideoirí uile nó i gcás ina gcuirtear rochtain faoi réir módúlachtaí ar na meáin shóisialta nó ar an ardán gréasánbhunaithe lena gcuirtear srian le rochtain dá úsáideoirí.
4. Maidir le foilsiú faisnéise ón taobh istigh ar na meáin shóisialta, ar ardáin ghréasánbhunaithe, nó ar shuíomh gréasáin ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní, beidh nasc ann chuig an ráiteas i scríbhinn arna fhoilsiú ar an suíomh gréasáin ag an eisitheoir, ag an tairgeoir, nó ag an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige de bhun Airteagal 2.
5. Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí, agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu faisnéis ón taobh istigh a scaipeadh trí na meáin shóisialta nó trí ardáin ghréasánbhunaithe, dá dtagraítear i mír 2, trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha lena gcoimeádtar iomláine, ionracas agus rúndacht na faisnéise ón taobh istigh le linn an scaipthe. Luafar go soiléir in aon scaipeadh den sórt sin:
(a) |
gur faisnéis ón taobh istigh í an fhaisnéis a chuirtear in iúl; |
(b) |
céannacht an eisitheora, an tairgeora, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, agus an t-ainm dlíthiúil iomlán i gcás inarb infheidhme; |
(c) |
céannacht an duine a thugann an fógra trí ainm, sloinne, agus post an duine sin laistigh den eisitheoir, den tairgeoir, nó ainm, sloinne, agus post an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige a shonrú; |
(d) |
ábhar na faisnéise ón taobh istigh; |
(e) |
dáta agus am an scaipthe. |
Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu iomláine, ionracas agus rúndacht a áirithiú trí aon chliseadh nó aon chur isteach maidir le scaipeadh faisnéise ón taobh istigh a leigheas gan mhoill.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh meáin shóisialta ‘seirbhís líonraithe shóisialta ar líne’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ciallóidh ardáin ghréasánbhunaithe ardáin ar líne ar a mbailítear agus ar a scaiptear faisnéis agus sonraí maidir le cripteashócmhainní chun cinntí infheistíochta eolasacha a chur chun cinn, atá inrochtana ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus saor in aisce.
Airteagal 2
Faisnéis ón taobh istigh a phostáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige
1. Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádáil cripteashócmhainní á iarraidh acu faisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 87 de Rialachán (AE) 2023/1114 a phostáil ar a suíomh gréasáin i bhfoirm ráiteas in-íoslódáilte i scríbhinn. Beidh an teanga a úsáidfear sa ráiteas scríofa in-íoslódáilte chun tuairisc a thabhairt ar an bhfaisnéis ón taobh istigh soiléir, beacht agus ní bheidh sí míthreorach.
2. Maidir leis an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1:
(a) |
cuirfear ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ón taobh istigh a phostáiltear ar an suíomh gréasáin ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus saor in aisce; |
(b) |
cuirfear ar chumas úsáideoirí an fhaisnéis ón taobh istigh a aimsiú go héasca, tríd an bhfaisnéis sin a chur i roinn den suíomh gréasáin atá inaitheanta go héasca; |
(c) |
cuirfear in iúl go soiléir an dáta agus an t-am a nochtadh an fhaisnéis ón taobh istigh; |
(d) |
liostófar nochtaí na faisnéise ón taobh istigh in ord croineolaíoch; |
(e) |
cuirfear ar fáil an fhaisnéis ón taobh istigh sa teanga ina dtarraingítear suas páipéar bán na cripteashócmhainne agus, i gcás inarb indéanta, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta; |
(f) |
cuirfear deis ar fáil d’úsáideoirí air foláirimh a fháil trí ríomhphost, teachtaireacht nó mír aníos lena gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil foilsithe ann maidir le faisnéis ón taobh istigh agus lena gcuirfear rochtain thapa ar na foilsithe sin chun cinn, aon uair a fhoilseofar faisnéis ón taobh istigh. |
Airteagal 3
Fógra maidir le nochtadh moillithe faisnéise ón taobh istigh
1. Chun moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh i gcomhréir le hAirteagal 88(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, úsáidfidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu modhanna teicniúla lena n-áiritheofar inrochtaineacht, inléiteacht agus cothabháil na faisnéise uile seo a leanas i meán marthanach:
(a) |
na dátaí agus na hamanna:
|
(b) |
suíomhanna/feidhmeanna na ndaoine laistigh den eisitheoir, den tairgeoir, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige atá freagrach as an méid seo a leanas:
|
(c) |
fianaise ar chomhlíonadh tosaigh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 88(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, agus ar aon athrú ar an gcomhlíonadh sin le linn na tréimhse moille, lena n-áirítear:
|
Chun críocha na míre seo, mír 1, ciallóidh ‘meán marthanach’ aon ionstraim lena gcumasaítear stóráil faisnéise ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus lena gceadaítear atáirgeadh na faisnéise atá stóráilte gan í a athrú.
Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu fógra i scríbhinn maidir le moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh agus míniú i scríbhinn ar an moill sin a tharchur chuig an údarás inniúil trí phointe teagmhála tiomnaithe laistigh den údarás inniúil, nó arna ainmniú ag an údarás inniúil, agus úsáid á baint acu as na modhanna leictreonacha arna sonrú ag an údarás inniúil. Áireofar san fhógra sin freisin céannacht agus sonraí teagmhála an duine nó na ndaoine dá dtagraítear i mír 1(b).
Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomh gréasáin an pointe teagmhála tiomnaithe laistigh den údarás inniúil nó arna cheapadh aige agus na modhanna leictreonacha dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo. Áiritheofar leis na modhanna leictreonacha sin go gcoinneofar iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise ar bun le linn an tarchuir.
2. Áiritheofar leis na modhanna leictreonacha dá dtagraítear i mír 1 go n-áireofar an fhaisnéis seo a leanas san fhógra maidir le moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh:
(a) |
céannacht an eisitheora, an tairgeora, nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, agus an t-ainm dlíthiúil iomlán i gcás inarb infheidhme; |
(b) |
céannacht an duine a thugann an fógra, lena n-áirítear a ainm, a shloinne, agus a phost laistigh den eisitheoir, den tairgeoir, nó ainm, sloinne, agus post an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige; |
(c) |
an pointe teagmhála maidir leis an bhfógra, lena n-áirítear a sheoladh ríomhphoist gairmiúil agus a uimhir theileafóin; |
(d) |
sainaithint na faisnéise ón taobh istigh a nochtadh go poiblí a bhí faoi réir an nochta mhoillithe, lena n-áirítear teideal an ráitis nochta, an uimhir thagartha i gcás ina sanntar ceann leis an gcóras scaipthe, agus an dáta agus an t-am a nochtadh go poiblí an fhaisnéis ón taobh istigh; |
(e) |
dáta agus am an chinnidh chun moill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh; |
(f) |
feidhmeanna na ndaoine atá freagrach as an gcinneadh chun moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh. |
3. I gcás nach soláthraítear an míniú i scríbhinn ar mhoill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh ach arna iarraidh sin don údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 88(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, áiritheofar leis na modhanna leictreonacha dá dtagraítear i mír 1 go n-áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 sa mhíniú sin i scríbhinn. Áireofar san fhógra sin freisin céannacht agus sonraí teagmhála an duine nó na ndaoine dá dtagraítear i míreanna 1(b) agus 2(b) agus (e).
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
(3) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2861/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)