Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2570

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2570 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meatocsaclór

C/2024/5049

IO L, 2024/2570, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2570/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2570/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2570

27.9.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2570 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meatocsaclór

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2) (‘an Coinbhinsiún’) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (3) (‘an Prótacal’).

(2)

Tá liosta ceimiceán in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún na ceimiceáin ar an liosta a thoirmeasc nó na bearta dlíthiúla agus riaracháin is gá a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n-úsáid, lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú.

(3)

Le linn an 11ú cruinniú a bhí ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ón 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023, rinne sí cinneadh, de bhun Airteagal 8(9) den Choinbhinsiún, Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú chun meatocsaclór a áireamh san Iarscríbhinn sin gan aon díolúine shonrach. Thacaigh an tAontas le meatocsaclór a áireamh in Iarscríbhinn A gan díolúintí sonracha mar a shonraítear i gCinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle (4). Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ina bhfuil an liosta substaintí a liostaítear sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal chomh maith le substaintí nach liostaítear ach sa Choinbhinsiún, a leasú chun meatocsaclór a áireamh.

(4)

Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 san Aontas a threisiú, ba cheart teorainnluach a shocrú i ndáil le meatocsaclór a bhíonn ann mar rian-éilleán neamhbheartaithe i substaintí, i meascáin agus in earraí. Ba cheart an teorainnluach sin a shocrú ag 0,01 mg/kg, rud a chomhfhreagraíonn don uasleibhéal iarmhar le haghaidh meatocsaclóir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj.

(2)  Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004 i ndáil le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 209, 31.7.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/507/oj).

(3)  Cinneadh 2004/259/CE ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 i ndáil leis an bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 81, 19.3.2004, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/259/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2023/1006 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 11ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann leis na tograí maidir le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin (IO L 136, 24.5.2023, lch. 55http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1006/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj).


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Substaint

Uimh. CAS

Uimh. CE

Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile

‘Meatocsaclór

Le “meatocsaclór” tagraítear d’aon isiméir fhéideartha de dhémheatocsaidhéfheiniltríchlóireatán nó aon teaglaim díobh.

72-43-5

30667-99-3

76733-77-2

255065-25-9

255065-26-0

59424-81-6

1348358-72-4

agus cinn eile

200-779-9

Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag Airteagal 4(1), pointe (b), maidir le tiúchain meatocsaclóir atá cothrom le 0,01 mg/kg (0,000001 % de réir meáchain) nó faoina bhun i gcás ina bhfuil siad i substaintí, meascáin nó earraí.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2570/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top