This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2518
Council Implementing Regulation (EU) 2024/2518 of 23 September 2024 implementing Article 11 of Regulation (EU) No 377/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Guinea-Bissau
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2518 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2518 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau
ST/8548/2024/INIT
IO L, 2024/2518, 24.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2518/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2518 |
24.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2518 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2024
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle an 3 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau (1), agus go háirithe Airteagal 11(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 3 Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 377/2012. |
(2) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuine Bissau, agus measann sí gur cheart triúr a bhaint de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. FELDMAN
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2(1) agus 2(2)), scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:
‘13. |
Tchipa NA BIDON |
16. |
Idrissa DJALÓ |
21. |
Leifteanant Julio NA MAN’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2518/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)