Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2494

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚBE agus ESMA

C/2024/6599

IO L, 2024/2494, 25.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2494/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2494/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2494

25.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2494 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Meán Fómhair 2024

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚBE agus ESMA

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 96(3), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2023/1114 ar na húdaráis inniúla comhoibriú go dlúth leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

Ceanglaítear le hAirteagal 96(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, ceanglaítear ar údaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do ESMA agus do ÚBE chun a ndualgais a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 faoi seach.

(3)

Ba cheart faisnéis a mhalartú i scríbhinn go hiondúil. Mar sin féin, ba cheart cumarsáid ó bhéal a bheith indéanta i gcásanna iomchuí, lena n-áirítear, go háirithe, sula seolfar iarraidh i scríbhinn ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise, chun faisnéis a sholáthar maidir le hiarraidh atá ar na bacáin ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise, nó chun aon saincheist a phlé a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh sé deacair an iarraidh sin a chomhlíonadh. I gcásanna práinneacha, ba cheart é a bheith indéanta freisin iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise a chur in iúl ó bhéal, ar choinníoll nach é is cúis leis an bpráinn sin moill ar thaobh an pháirtí tíolactha.

(4)

Ba cheart faisnéis nach bhfuil ina hábhar d’iarraidh shonrach a tharchur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1114, lena n-áirítear ar bhonn deonach, i gcás ina measann an comhlacht tíolactha go bhféadfadh an fhaisnéis atá ina sheilbh a bheith úsáideach do chomhlacht eile. Agus faisnéis gan iarraidh á tarchur aige, ba cheart don chomhlacht tíolactha an fhoráil de Rialachán (AE) 2023/1114 a léiriú faoina dtarchuirfidh sé an fhaisnéis sin san fhoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn ábhartha.

(5)

Ba cheart faisnéis leordhóthanach a bheith san iarraidh faoi ábhar an chomhair nó an mhalartaithe faisnéise agus ba cheart cúiseanna na hiarrata agus comhthéacs na hiarrata a bheith san áireamh inti, ionas go mbeidh an comhlacht fála in ann an iarraidh a phróiseáil go héasca agus go héifeachtúil. Níor cheart é a bheith riachtanach do chomhlacht tíolactha na fíorais is cúis le hamhras faoi shárú ar Rialachán (AE) 2023/1114 a léiriú, fíorais a spreag an iarraidh i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a iarradh riachtanach chun go gcomhlíonfadh an comhlacht sin a dhualgais.

(6)

Leis an nós imeachta chomh maith leis na foirmeacha agus na teimpléid a úsáidtear chun faisnéis a mhalartú agus chun comhar a sholáthar, ba cheart a áirithiú go gcoimeádfar aon fhaisnéis a mhalartaítear nó a tharchuirtear faoi rún, agus go gcomhlíonfar na rialacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ESMA i ndlúthchomhar le ÚBE agus arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(8)

D’iarr ESMA comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

(9)

Ní dhearna ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná níl anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na caighdeáin sin a thabhairt isteach, ós rud é go mbeadh sé an-díréireach i ndáil le raon feidhme agus tionchar na gcaighdeán sin dá ndéanfaí amhlaidh, agus é á chur san áireamh nach ndéanfadh an Rialachán seo difear ach do na húdaráis agus do na heintitis sin agus nach ndéanfadh sé difear do rannpháirtithe sa mhargadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘modhanna leictreonacha’ trealamh leictreonach le haghaidh próiseáil (lena n-áirítear comhbhrú digiteach), stóráil agus tarchur sonraí, úsáid a bhaint as sreanga, raidió, teicneolaíochtaí optúla, nó aon mhodh leictreamaighnéadach eile lena n-áirithítear go gcoinnítear iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise ar bun le linn an tarchuir;

(2)

ciallaíonn ‘comhlacht tíolactha’ an comhlacht a chuireann fógra isteach, a iarrann faisnéis nó comhar, nó a sholáthraíonn faisnéis gan iarraidh;

(3)

ciallaíonn ‘comhlacht fála’ an comhlacht a fhaigheann fógra, iarraidh ar fhaisnéis nó ar chomhar, nó faisnéis gan iarraidh.

Airteagal 2

Pointí teagmhála

1.   Ainmneoidh gach údarás inniúil pointe teagmhála chun comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 96 de Rialachán (AE) 2023/1114.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla mionsonraí a bpointí teagmhála in iúl do ESMA agus do ÚBE faoin 27 Samhain 2024 agus coinneoidh siad ÚBE agus ESMA ar an eolas faoi aon athrú ar na mionsonraí sin.

3.   Coimeádfaidh ESMA agus ÚBE liosta de na pointí teagmhála arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 3

Modhanna cumarsáide

1.   Chun críocha comhair agus malartaithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh na húdaráis inniúla agus ESMA agus ÚBE cumarsáid i scríbhinn tríd an bpost nó trí mhodh leictreonach, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Agus na modhanna cumarsáide is iomchuí á gcinneadh acu in aon chás ar leith, tabharfaidh na húdaráis inniúla, ESMA agus ÚBE aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

breithnithe rúndachta;

(b)

an t-am is gá chun comhfhreagras a dhéanamh;

(c)

an méid ábhair atá le cur in iúl;

(d)

a éasca atá sé rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá á malartú.

3.   Áiritheofar leis na modhanna cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 iomláine, sláine agus rúndacht na faisnéise le linn í a tharchur.

Airteagal 4

Fógraí agus iarrataí ar fhaisnéis nó ar chomhar

1.   tíolacfar fógraí agus iarrataí ar fhaisnéis nó ar chomhar i scríbhinn, tríd an bpost nó trí mhodhanna leictreonacha, agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Nuair a dhéanann údarás inniúil, ESMA nó ÚBE iarraidh ar fhaisnéis nó ar chomhar de bhun Airteagal 96 de Rialachán (AE) 2023/1114, úsáidfidh siad an fhoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Seolfaidh an comhlacht tíolactha an fógra nó an iarraidh chuig an bpointe teagmhála arna ainmniú de bhun Airteagal 2.

2.   Agus iarraidh ar fhaisnéis nó ar chomhar á déanamh aige, déanfaidh an comhlacht tíolactha an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh sé aon doiciméad nó ábhar tacaíochta a mheastar is gá chun tacú leis an iarraidh sin a chur i gceangal leis an iarraidh;

(b)

féadfaidh sé, i gcásanna práinneacha, an iarraidh a dhéanamh ó bhéal, ach deimhneofar an iarraidh ó bhéal sin i scríbhinn ina dhiaidh sin gan moill mhíchuí.

Airteagal 5

Admháil go bhfuarthas fógraí agus iarrataí

1.   Seolfaidh an comhlacht fála admháil fála chuig an gcomhlacht tíolactha a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra nó iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 4 a fháil, tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II a úsáid, agus, i gcás inar féidir, sonróidh sé dáta measta freagartha.

2.   Aon uair nach féidir dáta freagartha measta a chur in iúl, sonróidh an comhlacht fála a mhinice a thabharfaidh sé an comhlacht tíolactha cothrom le dáta.

Airteagal 6

Nósanna imeachta chun iarraidh ar chomhar agus ar mhalartú faisnéise a sheoladh, a phróiseáil agus a fhreagairt

1.   Áiritheoidh an comhlacht tíolactha agus an comhlacht fála go ndéileálfar le hiarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise a luaithe is féidir. Comhoibreoidh siad chun aon deacracht a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le hiarraidh a fhorghníomhú a réiteach.

2.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht tíolactha i gceangal leis an iarraidh ar chomhar agus ar mhalartú faisnéise aon doiciméad nó ábhar tacaíochta ag gabháil leis an iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (a), agus i gcás nach mbeidh an doiciméad nó an t-ábhar tacaíochta sin i dteanga oifigiúil Bhallstát an chomhlachta fála, soláthróidh an comhlacht tíolactha aistriúchán ar an doiciméad sin nó ar an ábhar tacaíochta sin freisin, nó achoimre ar an doiciméad sin nó ar an ábhar tacaíochta sin i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.   Má iarrann an comhlacht fála aon soiléiriú maidir le fógra nó iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 4, iarrfaidh sé tuilleadh soiléirithe go pras trí aon mhodh.

4.   Freagróidh an comhlacht tíolactha go pras d’aon iarraidh ar shoiléiriú ón gcomhlacht fála.

5.   Agus freagra á thabhairt ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 4, déanfaidh an comhlacht fála an méid seo a leanas:

(a)

an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn III a úsáid;

(b)

gach beart réasúnach a dhéanamh chun an comhar nó an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar;

(c)

gníomhóidh sé gan mhoill agus ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir dul ar aghaidh go caoithiúil le haon ghníomhaíocht rialála is gá, agus castacht na hiarrata lena mbaineann á cur san áireamh, mar aon le cibé acu is gá nó nach gá tríú páirtithe a bheith rannpháirteach.

6.   I gcás inarb iomchuí, soláthróidh an comhlacht fála nuashonruithe rialta don chomhlacht tíolactha maidir le dul chun cinn iarrata atá ar feitheamh, lena n-áirítear nuashonruithe maidir leis an dáta freagartha measta athbhreithnithe.

7.   I gcás ina bhfaighidh an comhlacht fála amach faoi imthosca a bhféadfadh moill níos mó ná 10 lá oibre a bheith mar thoradh orthu maidir leis an dáta measta nó an tráthchlár freagartha, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), a chomhlíonadh, cuirfidh sé an comhlacht tíolactha ar an eolas faoi gan moill mhíchuí.

8.   I gcás ina dtugann an iarraidh údar le comhar níos dlúithe idir an comhlacht tíolactha agus an comhlacht fála nó i gcás inar marcáladh an iarraidh mar iarraidh phráinneach, tiocfaidh na comhlachtaí ar chomhaontú maidir le minicíocht agus modhanna an chomhair níos dlúithe.

Airteagal 7

Comhar gan iarraidh agus malartú faisnéise

Chun críocha aon chomhair agus aon mhalartaithe faisnéise nach bhfuil faoi réir iarraidh shonrach, lena n-áirítear aon chumarsáid ina dhiaidh sin a bhaineann leis, úsáidfidh an comhlacht tíolactha an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 8

Nósanna imeachta comhair

1.   I gcás ina n-iarrfar ar ESMA nó ÚBE faoi Airteagal 95(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 imscrúdú nó cigireacht a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi a chomhordú, féadfaidh ESMA nó ÚBE grúpa sealadach a bhunú ar bhonn ad hoc chun údaráis inniúla na mBallstát a ndéanann an t-imscrúdú nó an chigireacht sin difear dóibh a áireamh.

2.   Agus iad rannpháirteach i ngrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 1, rachaidh ESMA agus ÚBE i gcomhairle lena chéile go rialta.

Airteagal 9

Tarchur chuig ESMA nó ÚBE

Déanfar tarchur chuig ESMA de bhun Airteagal 95(6) de Rialachán (AE) 2023/1114 nó chuig ÚBE de bhun Airteagal 95(7) den Rialachán sin maidir le diúltú nó easpa gníomhaíochta laistigh de thráthchlár réasúnach i scríbhinn agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

cóip den iarraidh ar chomhar agus malartú faisnéise agus aon fhreagra a fuarthas;

(b)

na cúiseanna leis an diúltú nó an easpa gníomhaíochta a tharchur chuig ESMA nó ÚBE.

Airteagal 10

Srianta agus úsáidí ceadaithe na faisnéise

1.   Ní nochtfaidh an comhlacht fála gurb ann d’iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise de bhun Airteagal 96 de Rialachán (AE) 2023/1114 ná ábhar na hiarrata sin mura mbeidh a thoiliú sainráite tugtha ag an gcomhlacht tíolactha maidir leis an nochtadh sin. I gcás nach dtugtar an toiliú sin agus i gcás nach bhfuil sé indéanta le réasún an iarraidh a chomhlíonadh gan a nochtadh gurb ann di ná a bhfuil inti, déanfaidh an comhlacht tíolactha a iarraidh a tharraingt siar nó a chur ar fionraí go dtí go mbeidh sé in ann an toiliú sin a thabhairt maidir le nochtadh.

2.   Úsáidfidh an comhlacht tíolactha a fuair faisnéis faoi raon feidhme an Rialacháin seo, an fhaisnéis sin chun a dhualgais a chomhlíonadh agus a fheidhmeanna a fheidhmiú, agus chun na gcríoch sin amháin, nó chun comhlíonadh nó forfheidhmiú Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú, lena n-áirítear imeachtaí coiriúla, riaracháin, sibhialta nó araíonachta a thionscnamh, a sheoladh nó cúnamh a thabhairt ina leith, ar imeachtaí iad a eascraíonn as sárú ar an Rialachán sin.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún ( IO L 331, 15.12.2010, lch. 12 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


IARSCRÍBHINN I

An fhoirm le haghaidh iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

Iarraidh ar chomhar agus ar mhalartú faisnéise

Uimhir thagartha:

Dáta:

Faisnéis ghinearálta

Ó:

Ballstát:

Comhlacht Tíolactha:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

CHUIG:

Ballstát:

An Comhlacht Fála:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara,

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494) lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha don chomhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚBE agus ESMA, lorgaítear do chomhar i ndáil leis an ábhar/na hábhair a shonraítear thíos.

An cineál iarrata nó fógra

Cuir tic leis an mbosca (nó na boscaí) cuí

fógra a thabhairt do ESMA agus ÚBE faoi iarrataí ar chúnamh idir údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair de bhun Airteagal 95(4) de Rialachán (AE) 2023/1114;

iarraidh ar ESMA agus ÚBE an t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú de bhun Airteagal 95(5) de Rialachán (AE) 2023/1114;

cásanna a chur in iúl do ESMA inar diúltaíodh d’iarrataí ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise nó nár gníomhaíodh ar iarrataí ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise de bhun Airteagal 95(6) de Rialachán (AE) 2023/1114;

cásanna a chur in iúl do ÚBE inar diúltaíodh d’iarrataí ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise nó nár gníomhaíodh ar iarrataí ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise de bhun Airteagal 95(7) de Rialachán (AE) 2023/1114;

fógra a thabhairt do ESMA nó do ÚBE faoi bhearta réamhchúraim de bhun Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2023/1114;

fógra a thabhairt do ESMA faoi bhearta idirghabhála táirgí de bhun Airteagal 105(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2023/1114, le haghaidh cripteashócmhainní;

fógra a thabhairt do ÚBE faoi bhearta idirghabhála táirgí de bhun Airteagal 105(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, i gcás comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid;

faisnéis a chur in iúl do ESMA agus ÚBE maidir leis na nósanna imeachta láimhseála gearán de bhun Airteagal 108(2) de Rialachán (AE) 2023/1114;

sonraí agus faisnéis a chur in iúl do ESMA chun Clár páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thiomsú, de bhun Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2023/1114;

fógraí a thabhairt do ESMA faoi na bearta a liostaítear in Airteagal 94(1), pointe (b), (c), (f), (l), (m), (n), (o) nó (t), agus faoi aon bheart réamhchúraim phoiblí arna dhéanamh de bhun Airteagal 102, i gcomhréir le hAirteagal 109(6) de Rialachán (AE) 2023/1114;

cumarsáid a dhéanamh le ESMA chun Clár ESMA a bhunú maidir le heintitis neamhchomhlíontacha a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, de bhun Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2023/1114;

tuairisciú na bpionós riaracháin agus na mbeart riaracháin eile ag údaráis inniúla do ESMA agus ÚBE, de bhun Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2023/1114;

aon fhógra eile, aon soláthar faisnéise eile nó aon iarraidh eile ar fhaisnéis atá ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 96 de Rialachán (AE) 2023/1114.

Faisnéis faoin bhfógra nó faoi na cúiseanna atá leis an iarraidh

Baineann an fógra/an iarraidh le [roghnaigh ‘fógra’ nó ‘iarraidh’ de réir an roghnúcháin a rinneadh thuas]

[cuir isteach an tuairisc ar ábhar an fhógra nó na hiarrata, an cuspóir a bhfuil an comhar nó an malartú faisnéise á lorg ina leith nó na fíorais is bun leis an iarraidh ar imscrúdú a chomhordú agus míniú ar a chabhraí atá sé]

Sa bhreis ar

[más infheidhme, cuir isteach mionsonraí an fhógra nó na hiarrata roimhe sin chun go mbeifear in ann é a shainaithint]

Coinneofar an fhaisnéis a áirítear san fhógra/san iarraidh seo [roghnaigh an rogha cheart], faoi rún í i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla i gcomhréir le hAirteagal 100 de Rialachán (AE) 2023/1114.

Déanfaidh ESMA nó EBA aon sonra pearsanta a sholáthraítear a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA, ÚBE agus na húdaráis inniúla ábhartha go háirithe go soláthrófar gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de Chaibidil III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin sin.

Mise le meas,

[síniú]


IARSCRÍBHINN II

Foirm chun admháil a thabhairt go bhfuarthas fógra nó iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

Admháil go bhfuarthas fógra nó iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

Uimhir thagartha:

Dáta:

Ó:

An Comhlacht Fála

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

CHUIG:

Ballstát:

Comhlacht Tíolactha:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara,

Tar éis d’fhógra/d’iarraidh [cuir isteach tagairt d’fhógra/d’iarraidh], admhaímid leis seo go bhfuarthas d’fhógra/d’iarraidh ar chomhar/d’iarraidh ar fhaisnéis [roghnaigh an rogha cheart] an [cuir isteach an dáta]

□ Tá sé beartaithe ag an [gcomhlacht fála] freagra a thabhairt an/laistigh de [cuir isteach an dáta measta nó an tráthchlár measta faoina bhfuiltear ag súil go soláthrófar freagra]

□ Tá sé beartaithe ag an [gcomhlacht fála] nuashonruithe a sholáthar maidir leis an iarraidh atá ar feitheamh [cuir isteach tréimhsiúlacht na nuashonruithe atá le tabhairt]

[I gcás nach féidir leis an gcomhlacht fála dáta measta nó tráthchlár measta le haghaidh na freagartha a chur in iúl, léirigh a mhinice a nuashonróidh an comhlacht fála an comhlacht tíolactha]

□ Ní bheidh an [comhlacht fála] in ann freagra a thabhairt laistigh de na spriocdhátaí arna leagan amachag an [gcomhlacht tíolactha] ar na cúiseanna seo a leanas [sonraigh cén eisceacht/cé na heisceachtaí is infheidhme i do chás]:

[I gcás nach mbeidh an comhlacht fála in ann freagra a thabhairt laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494, tabhair cúiseanna agus dáta measta na freagartha]

Déanfaidh ESMA aon sonra pearsanta a sholáthraítear a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA, ÚBE agus na húdaráis inniúla ábhartha go háirithe go soláthrófar gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de Chaibidil III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin seo.

Mise le meas,

[síniú]


IARSCRÍBHINN III

Foirm chun freagra a thabhairt ar iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

Freagra ar iarraidh ar chomhar nó ar mhalartú faisnéise

Uimhir thagartha:

Dáta:

Ó:

Ballstát:

Comhlacht fála:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

CHUIG:

Ballstát:

Comhlacht Tíolactha:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara,

Tar éis d’iarraidh a fháil [cuir isteach tagairt don iarraidh], admhaímid leis seo go bhfuarthas d’iarraidh ar chomhar nó d’iarraidh ar fhaisnéis an [cuir isteach an dáta].

Faisnéis a bailíodh

[má bailíodh an fhaisnéis, leag amach anseo an fhaisnéis nó tabhair míniú ar an gcaoi a dtabharfar í].

Tá an fhaisnéis a sholáthraítear faoi rún agus nochtar í do [Cuir isteach ainm an chomhlachta tíolactha] de bhun [Cuir isteach an reachtaíocht earnálach is infheidhme] agus ar an mbonn go bhfanfaidh an fhaisnéis faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 agus le hAirteagal 100 de Rialachán (AE) 2023/1114.

Comhlíonfaidh [Cuir isteach ainm an chomhlachta tíolactha] ceanglais Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 i leith úsáidí incheadaithe na faisnéise sin.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag [Cuir isteach ainm an chomhlachta tíolactha] faisnéis arna soláthar sa fhreagra seo a úsáid nó a nochtadh chun críoch seachas na críocha sin a luaitear san iarraidh ach a bhaineann lena chúraimí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1114, [Cuir isteach ainm an chomhlachta tíolactha] tabharfaidh sé fógra [Cuir isteach ainm an chomhlachta fála] a bhfuil 10 lá oibre aige chun agóid a dhéanamh in aghaidh na húsáide nó an nochta sin, nó i gcás inar gá chun teorainn ama bheacht a chur in iúl faoina mbeidh sé in ann aiseolas den sórt sin a thabhairt.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag [Cuir isteach ainm an chomhlachta tíolactha] faisnéis a sholáthraítear sa fhreagra sin a úsáid nó a nochtadh chun críoch lasmuigh de raon feidhme Rialachán 2023/1114, tabharfaidh sé fógra do [Cuir isteach ainm an chomhlachta fála] agus, mura bhfuil feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 100(2) de Rialachán (AE) 2023/1114, gheobhaidh sé toiliú roimh ré ó [Cuir isteach ainm an chomhlachta fála]. I gcás ina dtoilíonn [Cuir isteach ainm an chomhlachta fála] leis an bhfaisnéis a úsáid nó a nochtadh amhlaidh, féadfaidh sé í a chur faoi réir coinníollacha áirithe.

Déanfaidh ESMA agus ÚBE aon sonraí pearsanta a sholáthraítear a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áiritheoidh ESMA, ÚBE agus na húdaráis inniúla ábhartha araon go háirithe go soláthrófar gach faisnéis ábhartha maidir le próiseáil sonraí pearsanta do na hábhair sonraí i gcomhréir le Roinn 2 ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’ de Chaibidil III ‘Cearta an ábhair sonraí’ de na Rialacháin seo.

Mise le meas,

[síniú]


IARSCRÍBHINN IV

Foirm chun malartú faisnéise gan iarraidh a sholáthar

Malartú faisnéise gan iarraidh

Uimhir thagartha:

Dáta:

Ó:

Comhlacht Tíolactha:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

CHUIG:

Ballstát:

An Comhlacht Fála:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an phointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494)

Ainm:

Teileafón:

Seoladh Ríomhphoist:

A [cuir isteach an t-ainm iomchuí], a chara,

I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494, táimid ag soláthar na faisnéise seo a leanas a chreidimid a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh chun do dhualgais a dhéanamh.

An fhaisnéis a soláthraíodh

[Leag amach mionsonraí na faisnéise a soláthraíodh, lena n-áirítear, más ábhartha, tuairisc ar aon doiciméid tacaíochta nó ar aon ábhar atá i gceangal leis seo.]

Tá an fhaisnéis a sholáthraítear faoi rún agus nochtar í do [Cuir isteach ainm an chomhlachta tíolactha] de bhun [Cuir isteach an reachtaíocht earnálach is infheidhme] agus ar an mbonn go bhfanfaidh an fhaisnéis faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 agus le hAirteagal 100 de Rialachán (AE) 2023/1114.

Urramóidh [Cuir isteach ainm an chomhlachta fála] ceanglais Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2494 maidir leis na húsáidí atá incheadaithe i leith na faisnéise sin, agus ceanglais Airteagal 101 de Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le próiseáil agus aistriú sonraí pearsanta.

Mise le meas,

[síniú]


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2494/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top