Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1849

Rialachán (AE) 2024/1849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta onnmhairiú, allmhairiú agus monarú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/53/2024/REV/1

IO L, 2024/1849, 10.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1849/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1849/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1849

10.7.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1849 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta onnmhairiú, allmhairiú agus monarú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 19(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bhí measúnú agus tuairisciú le déanamh ag an gCoimisiún ar an ngá atá ann don Aontas rialáil a dhéanamh ar astaíochtaí mearcair agus comhdhúl mearcair ó chréamatóiriamaí, ar a indéanta a bheadh sé úsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach san Aontas trí chéile san fhadtéarma, agus b’fhearr sin a dhéanamh faoi 2030, agus ar na sochair chomhshaoil a bhaineann le toirmeasc ar mhonarú agus onnmhairiú táirgí eile ar cuireadh mearcair leo, agus ar indéantacht an toirmisc sin, ar táirgí iad a bhfuil toirmeasc curtha ar a gcur ar mhargadh an Aontais agus ar a n-allmhairiú isteach san Aontas.

(2)

Is ceimiceán é mearcair arb ábhar imní domhanda é don chomhshaol mar gheall ar a iompar fadraoin atmaisféarach, a mharthanacht tar éis a thabhairt isteach antrapaigineach sa chomhshaol agus a chumas chun bithcharnú in éiceachórais. Tá éifeachtaí diúltacha suntasacha ag mearcair ar shláinte an duine freisin agus cuirtear é ar aghaidh ó mháithreacha go leanaí tríd an bplacaint nó trí bheathú cíche. D’fhéadfadh truailliú mearcair an chomhshaoil a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí antrapaigineacha, lena n-áirítear bainistiú neamhdhóthanach dramhaíola mearcair, créamadh nó deighilteoirí éigeantacha a chur chun feidhme go míchuí i gcleachtais fiaclóireachta.

(3)

Tar éis na conclúide ar thángthas uirthi sa tuarascáil uaidh an 17 Lúnasa 2020 maidir leis na hathbhreithnithe a cheanglaítear faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/852 maidir le húsáid mearcair i malgam fiaclóireachta agus i dtáirgí fiaclóireachta, rinne an Coimisiún togra reachtach a chur i láthair, i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, maidir le húsáid malgaim fiaclóireachta a chéimniú amach agus monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta agus lampaí áirithe ina bhfuil mearcair a thoirmeasc.

(4)

Is í an úsáid a bhaintear as táirgí ar cuireadh mearcair leo, lena n-áirítear úsáid malgaim fiaclóireachta agus lampaí ina bhfuil mearcair, an úsáid is mó atá fágtha de na húsáidí a bhaintear d’aon ghnó as mearcair san Aontas. Tá roghanna malartacha saor ó mhearcair tagtha chun bheith indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, áfach, agus tá siad ar fáil go héasca.

(5)

Is iomchuí toirmeasc a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta san Aontas, ag cur san áireamh gur dhaingnigh an tAontas agus a Bhallstáit Coinbhinsiún Minamata 2013 maidir le Mearcair (4) maidir le Mearcair (‘an Coinbhinsiún’) agus ag tabhairt faoi deara gur cheart do Pháirtithe sa Choinbhinsiún bearta a ghlacadh chun cosc ar cháiréis fiaclóireachta agus cur chun cinn na sláinte a spreagadh, agus an gá le hathbhunú fiaclóireachta a íoslaghdú ar an gcaoi sin mar bheart breise chun tacú le céimniú amach úsáide malgaim fiaclóireachta de réir a chéile, agus i bhfianaise infhaighteacht agus inacmhainneacht, agus aistriú reatha chuig, roghanna malartacha atá saor ó mhearcair i roinnt mhaith Ballstát, agus an fhéidearthacht ann fós malgam fiaclóireachta a úsáid i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair.

(6)

Agus urraim iomlán á tabhairt d’inniúlacht na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar, chun teorainn a chur leis an tionchar socheacnamaíoch a bheidh ag céimniú amach malgaim fiaclóireachta, go háirithe d’othair ar ioncam íseal, ba cheart, de mhaolú ar an gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le deireadh a chur de réir a chéile le malgam fiaclóireachta faoin dáta sin, níos mó ama a bheith ag na Ballstáit inarb í cóireáil le malgam fiaclóireachta an t-aon ábhar a aisíoctar go poiblí ar ráta 90 % ar a laghad faoin dlí náisiúnta, agus ag na Ballstáit nach féidir aisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh go fóill le haghaidh roghanna malartacha atá saor ó mhearcair ón 1 Eanáir 2025, chun teacht ar réitigh iomchuí chun a gcóras cúraim sláinte a oiriúnú agus ba cheart, dá bhrí sin, cead a thabhairt dóibh dáta céimnithe amach níos déanaí a bheith acu maidir le malgam fiaclóireachta. Ba cheart oiliúint ghairmiúil d’fhiaclóirí a bheith ag gabháil le céimniú amach malgaim fiaclóireachta, i gcás inarb iomchuí, chun oiriúnú do theicnící nua.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit a bhaineann tairbhe as an maolú ón gcéimniú amach dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith in ann malgam fiaclóireachta a úsáid i gcúinsí an-sonrach go dtí an 30 Meitheamh 2026. Dá réir sin, níor cheart allmhairiú ná monarú malgaim fiaclóireachta a thoirmeasc ach ón 1 Iúil 2026. Ón 1 Iúil 2026, áfach, níor cheart leanúint de bheith in ann malgam fiaclóireachta a allmhairiú ná a mhonarú ach amháin má tá gá le húsáid malgaim den sórt sin chun riachtanais shonracha leighis a chumhdach.

(8)

Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúnach atá le malgam fiaclóireachta a úsáid i ndáil le riachtanais shonracha leighis, ba cheart d’allmhaireoirí agus do mhonaróirí na húdaráis inniúla a chur ar an eolas gach bliain maidir leis na cainníochtaí arna n-allmhairiú nó arna monarú le haghaidh riachtanas leighis den sórt sin. Thairis sin, faoin 31 Nollaig 2029, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil gá fós leis an maolú a choinneáil ar bun maidir le malgam fiaclóireachta a úsáidtear d’othair a bhfuil riachtanais shonracha leighis acu a allmhairiú agus a mhonarú, agus infhaighteacht roghanna malartacha saor ó mhearcair do na grúpaí othar ábhartha á gcur san áireamh.

(9)

Is foinse shuntasach astaíochtaí mearcair san atmaisféar iad créamatóiriamaí agus, d’aineoinn chéimniú amach an mhalgaim fiaclóireachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, leanfaidh créamatóiriamaí de bheith ag cur le truailliú mearcair aeir, uisce agus ithreach. Is gá treoir a fhorbairt maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí agus faisnéis a bhailiú faoi na bearta a chuirtear chun feidhme ar bhonn na treorach sin sna Ballstáit, chun cosc iomchuí ar thruailliú a bhaint amach agus chun an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a mhaolú.

(10)

Tá úsáid neamhdhleathach mearcair agus comhdhúl mearcair i dtáirgí cosmaideacha fós ar siúl ar fud an domhain. Dá bhrí sin, chinn an cúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) le Cinneadh MC-5/5 faisnéis a bhailiú ó na Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis na dúshláin atá rompu chun cosc a chur ar chosmaidí a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mhonarú, a allmhairiú agus a onnmhairiú. I bhfianaise na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le mearcair agus comhdhúile mearcair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, ba cheart nochtadh agus astaíochtaí a íoslaghdú a thuilleadh a mhéid is féidir. Léirítear i dtuarascálacha le déanaí go bhfuil cuideachtaí a oibríonn san Aontas ag monarú agus ag onnmhairiú comhdhúile mearcair, a bhfuil úsáid neamhdhleathach mearcair mar thoradh orthu, go háirithe, i gcosmaidí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar na forbairtí faoin gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le céimniú amach úsáide neamhdhleathaí mearcair i dtáirgí cosmaideacha, agus faisnéis arna soláthar ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le Cinneadh MC-5/5 á cur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún, thairis sin, measúnú a dhéanamh ar na húsáidí mearcair agus comhdhúl mearcair atá fágtha, amhail úsáid mearcair i bpóiriméadracht, i dtithe solais agus i vacsaíní, chomh maith leis an ngá atá le liosta de na foinsí móra dramhaíola a leathnú, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó bearta a mholadh chun úsáidí den sórt sin a chéimniú amach agus chun onnmhairiú, allmhairiú agus monarú a rialú chun na gcríoch sin.

(11)

Tá na Ballstáit le córais bhailiúcháin chuí a áirithiú do tháirgí ar cuireadh mearcair leo i ndramhaíl neamhleictreonach agus leictreonach agus le táirgí den sórt sin a bhailiú ar leithligh agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, i gcomhréir le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(12)

Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cuirtear toirmeasc ar threalamh leictreach agus leictreonach áirithe ina bhfuil mearcair a chur ar mhargadh an Aontais agus a allmhairiú isteach san Aontas. Liostaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, inter alia, lampaí áirithe ar cuireadh mearcair leo atá díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí na dátaí a leagtar amach inti. Chuaigh an díolúine sin in éag an 13 Aibreán 2016 i gcás lampaí halafosfáite neamhlíneacha, an 24 Feabhra 2023 i gcás dlúthlampaí fluaraiseacha áirithe, agus an 24 Lúnasa 2023 i gcás lampaí fluaraiseacha líneacha chun críoch soilsithe ghinearálta. Maidir le lampaí fluaraiseacha fosfair neamhlíneacha, rachaidh an díolúine in éag an 24 Feabhra 2025. Chuaigh an díolúine i gcás formhór na lampaí (gaile) sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta a bhfuil dathinnéacs feabhsaithe leo in éag an 24 Feabhra 2023, ach do na lampaí a bhí fágtha chomh maith leis na lampaí (gaile) sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta a liostaítear in iontráil 4 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, rachaidh an díolúine in éag an 24 Feabhra 2027.

(13)

Ina theannta sin, liostaíodh lampaí líneacha fluaraiseacha áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta, d’fhonn toirmeasc a chur leo, i gCinneadh MC-4/3, a glacadh ag an gceathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, a tionóladh ón 21 Márta go dtí an 25 Márta 2022, agus socraíodh na dátaí céimnithe amach i gCinneadh MC-5/4 a glacadh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, a tionóladh ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 3 Samhain 2023. Thacaigh an tAontas leis na Cinntí sin trí bhíthin Chinntí (AE) 2022/549 (7) agus (AE) 2023/2417 ón gComhairle (8).

(14)

Ós rud é gurb iomchuí toirmeasc a chur ar onnmhairiú na lampaí ar cuireadh mearcair leo atá fágtha ón Aontas a luaithe agus is féidir agus ós rud é nach gcumhdaítear cuid de na lampaí sin faoi láthair le Cuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, ba cheart iad, chun críche comhsheasmhachta, a áireamh inti, chun toirmeasc a chur lena monarú agus lena n-onnmhairiú ó na dátaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE agus tráth nach déanaí ná na dátaí is uaillmhianaí a áirítear i gCinneadh MC-4/3. Ina theannta sin, is féidir comhthairbhí móra a bhaint amach trí onnmhairiú lampaí ar cuireadh mearcair leo a chéimniú amach a luaithe agus is féidir, ós rud é go bhfuil ábhair mhalartacha atá saor ó mhearcair níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus go gcuirfí cosc dá bhrí sin ar scaoileadh tonaí d’astaíochtaí CO2.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta san Aontas, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair.

Agus lánurraim á tabhairt d’inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sheachadadh, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír, i mBallstáit inarb é malgam fiaclóireachta an t-aon ábhar a aisíoctar go poiblí ar ráta 90 % ar a laghad faoin dlí náisiúnta d’othair nach bhfuil incháilithe d’ábhair aisíoctha eile de líonadh fiaclóireachta agus do dhaoine ar ioncam íseal a mbeidh tionchar díréireach socheacnamaíoch acu faoi dháta céimnithe amach an 1 Eanáir 2025, féadfar malgam fiaclóireachta a úsáid le haghaidh cóireáil fiaclóireachta go dtí an 30 Meitheamh 2026. Déanfaidh na Ballstáit a sholáthar agus a chur ar fáil go poiblí mínithe réasúnaithe maidir le húsáid a bhaint as an maolú seo, lena n-áirítear na bearta iomchuí atá le cur chun feidhme faoin 30 Meitheamh 2026, agus tabharfaidh siad fógra ina leith don Choimisiún faoin 31 Lúnasa 2024.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a onnmhairiú.

Ón 1 Iúil 2026, ar aghaidh, cuirfear toirmeasc ar mhalgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ligfear malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú le haghaidh na riachtanas sonrach liachta dá dtagraítear i mír 2a, an chéad fhomhír.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

‘(f)

achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo chomh maith leis an bhfaisnéis faoi na méideanna mearcair a úsáidtear le haghaidh na riachtanas sonrach leighis dá dtagraítear in Airteagal 10(2a);

(g)

faisnéis faoi na bearta a cuireadh chun feidhme ar bhonn na treorach ón gCoimisiúin maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), pointe (a).’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Faoin 31 Bealtaine i mbliain féilire ar leith, tuairisceoidh allmhaireoirí agus monaróirí malgaim fiaclóireachta dá n-údarás inniúil don bhliain féilire roimhe sin méid malgaim fiaclóireachta a d’allmhairigh siad nó a mhonaraigh siad de bhun Airteagal 10(7), an tríú fomhír.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an dáta ‘31 Nollaig 2029’ in ionad ‘31 Nollaig 2024’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Faoin 31 Nollaig 2029, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme agus tionchar na treorach, arna bhforbairt ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2025, maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí arna gcur i bhfeidhm sna Ballstáit;

(b)

an gá atá leis an díolúine ón toirmeasc ar úsáid malgaim fiaclóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2a), an chéad fhomhír, a choinneáil ar bun, agus an tionchar ar shláinte na n-othar i gcoitinne agus na n-othar atá ag brath ar líonadh malgaim á chur san áireamh, agus an gá atá leis an maolú a choinneáil ar bun maidir le malgam fiaclóireachta a allmhairiú agus a mhonarú dá dtagraítear in Airteagal 10(7), an tríú fomhír;

(c)

na forbairtí faoin gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le céimniú amach úsáide neamhdhleathaí mearcair i gcosmaidí, agus faisnéis arna soláthar ag Páirtithe sa Choinbhinsiún i gcomhréir le Cinneadh MC-5/5 ó Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tuarascáil ar chosmaidí a ullmhú á cur san áireamh;

(d)

an gá atá le húsáidí mearcair atá fós ann a chéimniú amach;

(e)

an gá atá le cur leis an liosta d’fhoinsí dramhaíola mearcair a leagtar amach in Airteagal 11;

(f)

an gá atá le cur leis an liosta de chomhdhúile mearcair a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí chlóiríd asainíde mhearcair (HgNH2Cl), mar shampla, a chur leis.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta leis na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo.’

;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C, C/2024/894, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/894/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2017/939 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).

(5)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(6)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).

(7)  Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78).

(8)  Cinneadh (AE) 2023/2417 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L, 2023/2417, 6.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2417/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 mar a leanas:

(1)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

‘3b.

Gach dlúthlampa fluaraiseach (CFL) eile chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontrálacha 3 agus 3a

31.12.2025’;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

‘4a.

Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a).

31.12.2026

4b.

Lampaí fosfair halafosfáite chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (b).

31.12.2025

4c.

Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha.

31.12.2026

4d.

Lampaí fosfair halafosfáite neamhlíneacha.

31.12.2025’;

(3)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Táirgí ar cuireadh mearcair leo

An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo

‘5a.

Lampaí (gaile) sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta le:

(a)

P ≤ 105 W is mó ná 16 mg Hg;

(b)

105 W < P ≤ 155 W is mó ná 20 mg Hg;

(c)

P > 155 W is mó ná 25 mg Hg.

31.12.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1849/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top